Heinrich
le GABHÁN Ó FACHTNA
á léamh ag Ciarán Mac Fheidhlimidh
In oirthuaisceart na Trasalváin, sa chuid sin de Shléibhte Cairp darb ainm Bistriţa, tá sráidbhaile ar a dtugtar Vermeş sa Rómáinis, nó, i dteanga na Sacsanach, Wermesch. Ag druidim le deireadh na 1870idí, píosa beag ar shiúl ón tsráidbhaile féin, bhí beirt deartháireacha darbh ainm Heinrich agus Roland ina gcónaí. Bhí siad ina gcuid caogaidí agus gabháltas beag acu. Ní bheadh an pictiúr cruinn dá ndéarfaí go raibh siad “neamhphósta”: bhí an clú orthu go raibh siad duairc, aiséitiúil, agus gan ach an spéis ba mharsantaí acu i gcomhluadar a gcomhChríostaithe. Ar a bharr sin, shíl bunadh na háite go raibh scal bheag ar an duine ab óige den bheirt, Heinrich. Bhí ar a dheartháir cúram a thabhairt dó, ach bhí sé de nós aige dúshaothrú a dhéanamh air ó am go ham fosta.
Ba dheacair an rud é cur síos iomlán a dhéanamh ar thréithe aiteachta Heinrich. Agus é ina fhear óg, théadh ráflaí thart gur nocht sé é féin os comhair cailíní neamhchiontacha, agus tharla sé níos mó ná uair amháin gur thug na stócaigh áitiúla greasáil dó dá bharr. Ní ba dhéanaí, mhaígh sé gur chuir sé spéis i gcúrsaí draíochta, agus é ag siúl thart faoin chontae le mála beag dubh ina raibh leabhar, slaitín agus fleasc luibheanna. Aon uair a bhí stoirm ar an bhealach, chonacthas ar thalamh ard é ag rá a chuid foirmlí in aghaidh na scamall a bhí cruinnithe os a chomhair.
Ní nárbh ionadh, agus an eolaíocht dhorcha seo á cleachtadh aige, ba mhinic a thugadh daoine íde béil dó, ag rá go raibh sé i bpáirt leis an Diabhal. Ag na hamanna sin, dhéanadh Roland, a d’fhanadh in aice leis i gcónaí, a dhícheall a mbuairt a mhaolú. Agus é sin déanta, stiúradh sé a dheartháir beag abhaile le boiseog sa chluas agus é ag rá, ‘A Heinrich, tá a fhios agat go bhfuil an aimsir thuas sna sléibhte. Nach mbeadh sé níos fearr do chuid oibre a dhéanamh ansin?’ Amhail is dá mbeadh splanc léargais i ndiaidh Heinrich a bhualadh, bhreathnaíodh sé thart go mearbhlach ar feadh bomaite, ansin sméideadh sé agus é ag rá na bhfocal, ‘Ní raibh mé ard go leor.’ Ina ainneoin sin, bhí sé blianta ina dhiaidh sular thosaigh sé ag déanamh chomhairle Roland.
Ag an phointe sin, bhí an deartháir ba shine ag suirí le bean ón tsráidbhaile in aice láimhe le cúpla mí, baintreach darbh ainm Margret a raibh mac beag aici. Ar feadh píosa, bhí an chuma ar an scéal go mbeadh pósadh ann. Ní raibh mórán roghanna ag ceachtar acu: i gcás Roland toisc go raibh sé chomh millteanach duairc sin; i gcás na baintrí, a bhí i bhfad ní b’óige, de bharr a bochtaineachta. Mar sin féin, tháinig an t-am, nuair ba léir go mbeadh ceiliúr pósta ag teacht roimh i bhfad, nuair a shíl Margret gur ghá di deireadh a chur leis an chairdeas, agus í ag tabhairt údair leis na focail shimplí, ‘Ní thig liom.’
Ar feadh tamaill, d’éirigh Roland druidte isteach ann féin, agus é ag caitheamh na dtráthnónta ag ól an Schnaps ba lofa. Go minic bhíodh sé le feiceáil sa teach ósta áitiúil ag déanamh tráchtaireacht olagónach ar a shaol. Cé nach raibh sé riamh rónéata, mar fhear, d’éirigh sé as maise de chineál ar bith a chur air féin, tháinig meath ar an ghabháltas, agus ar feadh tamaill, bhí an chuma ar an scéal go maródh sé é féin leis an ól. Ach lá amháin i mí Iúil, chomh tobann agus a thosaigh sé, sábháladh Roland ar an drabhlás. Mhionnaigh sé go n-éireodh sé as an ól, chuir sé a chroí agus a anam isteach san obair ar an cheapach, agus thosaigh Heinrich ag íoc as a chuid feirge.
Ar tús, níor thug muintir na háite rud ar bith difriúil faoi deara i gcaidreamh na ndeartháireacha. Toisc go raibh Roland in loco parentis, bhí sé ariamh de nós aige a dheartháir a bhualadh corruair, agus ní dúradh rud ar bith faoi bhuille anois is arís. I ndiaidh tamaill, áfach, thosaigh daoine ag tabhairt faoi deara go raibh Heinrich gortaithe ní ba mheasa in amanna, súil dhubh anseo, liopa fuilteach ansiúd, uair amháin gualainn bhriste, fiú.
Thosaigh an créatúr ag caitheamh a chuid laethanta scartha óna dheartháir, ní b’fhaide suas ar an tsliabh os cionn na ndarach agus na bhfeá, áit nach bhfásann ach giúiseanna. Cé go raibh imní ar dhaoine go maródh béar nó paca faolchúnna é, bhí a fhios acu fosta nach mbeadh faill aige aon dochar a dhéanamh chomh fada agus a bheadh sé thuas ansin. Bhí duine nó dhó den tuairim go dtáinig deireadh le cumann Roland mar gheall ar an dúramán de dheartháir a bhí aige, agus go raibh sé ag tnúth go mór lena leithéid de thubaiste.
Maidir le Heinrich, bhí cuma iontach sásta air. Corruair, nuair a labhair sé le daoine, thugadh sé Wettermacher air féin, is é sin, duine a bhfuil an chumhacht aige stoirmeacha toirní agus clocha sneachta a mhúscailt nó a scaipeadh ar a thoil. Fuair sé réidh leis na traipisí casta a d’úsáid sé roimhe sin; ina n-áit bhíodh tua throm ársa aige le bagairt a dhéanamh ar bharr an tsléibhe ar aon stoirm thoirní a thiocfadh an bealach sin.
Ba mhór an samhnas a chuir an gnás Págánach seo ar phobal Liútarach na háite, ach níor mhaith le mórán acu aghaidh a thabhairt ar a cheiliúraí. Cé go raibh iompar Heinrich mínormálta, bhí sé ag tarlú thuas ar an tsliabh, áit nach raibh ach cúpla caora agus a n-aoirí nó corr-shealgaire le feiceáil. Ina theannta sin, leis an tua, bheadh sé in ann é féin a chosaint ar dhuine chomh maith le béir. Aontaíodh go forleathan i sráidbhailte an cheantair go raibh daoine ar domhan nár cheart bacadh leo.
Ní mar a shíltear a bhítear, áfach. Tharla go raibh an t-ádh ag siúl leis an bhaintreach óg a dhiúltaigh do Roland ar a costas féin an samhradh dár gcionn nuair a casadh dochtúir as Vín uirthi a bhí ag baint sult as aer glan na sléibhte ar laethanta saoire. Bhí an bheirt acu geallta go gairid ina dhiaidh. Bhí an grúm, ar bhaintreach fir é féin, i ndiaidh beirt pháistí a fhágáil ina dhiaidh sa phríomh-chathair impiriúil. Agus é ag taispeáint an cur chuige praiticiúil a mbeifeá ag súil leis ó fhear leighis, roghnaigh sé brídeog a raibh clú agus cáil sa cheantar ar a grá dá páiste agus a tíos. Socraíodh go n-aontóidís a dteaghlaigh san ardchathair gan mhoill.
Sula n-aistreodh Margret ansin, áfach, bhí rud amháin le déanamh aici. Ar a lá deireanach i gceantar Wermesch, go gairid roimh éirí na gréine, tharraing sí péire buataisí téagartha uirthi féin agus le lampa ina láimh thug aghaidh ar an bhealach fhada go teach na ndeartháireacha. Chnag sí ar an doras ag an am chéanna a scairt coileach cantalach Roland.
‘Cé hé sin?’ a d’fhiafraigh guth aitheanta ón taobh istigh.
‘A Roland, Margret atá ann.’
‘Cad é tá uait, ag cur isteach orainn anseo?’
‘Lig isteach mé, agus inseoidh mé duit.’
Fosclaíodh an doras agus nocht an beau a bhí aici tráth den tsaol—más sin an focal ceart—agus é fós gléasta i léine oíche a bhí ite ag na leamhain. Sula raibh faill aige oiread agus focal eile a rá, bhrúigh sí i leataobh é agus shuigh síos ag an tábla sa chistin. Agus an pus céanna ar taispeáint aige a bhí air nuair a d’fhoscail sé an doras, agus gan oiread agus cupán bláthaí a thairiscint dá aoi, rinne seisean amhlaidh.
Chuaigh Margret go bun an angair. ‘A Roland, ba mhaith liom labhairt leat fá dtaobh de Heinrich. Mar is eol duit, is fear leighis é Dieter, an fear a bhfuil mé idir dáil agus pósadh leis. Seans nach bhfuil a fhios agat, áfach, go bhfuil sé fostaithe ag ceann de na gealtlanna is fearr agus is forásaí dá bhfuil i Vín. Tugadh faoi deara le déanaí go bhfuil an chuma ort go bhfuil níos lú foighne agat le Heinrich agus go—’
‘Cé a thug faoi deara é?’ a d’fhiafraigh Roland go borb.
‘Mé féin, agus más ceadmhach é a rá, an sráidbhaile ar fad. An rud atá á rá agam ná go mb’fhéidir le Dieter, dá mbeifeá toilteanach, áit a fháil do Heinrich ansin saor in aisce. Bheadh an tsaoirse agat brídeog a aimsiú agus—’
‘Bhuel, tá mé róshean dó sin.’
Thost Margret ar feadh soicind, óir ina croí istigh bhí a fhios aici go raibh Roland ag insint na fírinne. Níorbh é sin an t-aon fháth a raibh sí ag iarraidh an plean a bhrú chun cinn, áfach.
‘A Roland, tá sé tugtha faoi deara agam nach gcaitheann tú go maith le Heinrich na laethanta seo.’
‘Agus na bairdéirí sa Heilsmühle, an mbeidís pioc ní b’fhearr, an síleann tú?’
Bhí múisiam ar Margret a fheiceáil go raibh an fear ar dhiúltaigh sí dó ag gáire fúithi os ard, chomh croíúil sin go raibh scian ime ar an tábla ag gliogarnach.
‘Tá rud éigin eile le plé, a Roland, agus ní rud beag é. Ligeann tú dó an Diabhal a adhradh ar na creaga inár dtimpeall. Fiú mura smaoiníonn tú ar rud ar bith eile, impím ort smaoineamh ar a anam.’
‘Smaoiním ar a anam an t-am ar fad, agus sin an fáth a bhfuil mé á choinneáil anseo i measc ár mbráithre Liútaracha in áit é a sheoladh go Vín, áit a gcuirfeadh sé faoi i measc na gCaitliceach lofa.’
Ag an phointe sin, tháinig an créatúr bocht a bhí faoi chaibidil acu anuas an staighre. Agus é ag tabhairt neamh-airde ar a dheartháir agus a n-aoi, chuaigh sé go dtí an fhuinneog, d’fhoscail í, bhreathnaigh suas ar sholas bándearg na spéire agus—bhí sí cinnte de—smúr an t-aer.
Toisc gur aithin sí go raibh a cuid argóintí bréagnaithe, ní raibh an dara rogha aici ach slán a fhágáil ag Roland agus filleadh ar theach s’aici, áit a mbeadh carráiste ag teacht chun í féin agus a mac a bhailiú níos déanaí an lá sin. Agus í ag siúl abhaile, chaoin sí go searbh go mbeadh an oiread sin feirge ar fhear a raibh sí fós ceanúil air go ndiúltódh sé do phlean a dtiocfadh leis é a shábháil.
Agus a ghrá caillte aige go deo anois, thosaigh Roland ar shaol an bhaitsiléara ina anró cantalach uile arís. Cé go mbeadh fear eile ábalta sólás de chineál éigin a fháil i gcomhluadar a dhearthár, níor mhothaigh Roland ach olc, agus is é fírinne an scéil gur éirigh an drochíde a fuair an créatúr páistiúil ní ba mheasa.
Agus seans go gcríochnódh an scéal mar sin, murach aguisín tragóideach. Mí nó mar sin ina dhiaidh, nuair a bhí gálaí an fhómhair faoi lán seoil, nocht Heinrich gan choinne ag an teach ósta áitiúil. Bhí iontas an domhain ar na haíonna nuair a labhair sé, ní hamháin in abairtí iomlána, ach le deisbhéalaí nach raibh ag achan duine acu féin—cé gur cheart a lua go raibh sé mall sa lá agus a ndóthain ólta acu.
‘Chaith mé tua s’agam isteach sna scamaill, áit ar choinnigh asarlaí níos cumhachtaí ná mé féin í,’ a mhaígh sé go dána.
Chuir an comhluadar fáilte roimh an fhógra seo le hiontas nó gáire de réir a nádúir. Bhí sé cúpla bomaite níos déanaí sular dhúirt fear acu gur cheart breathnú isteach ar Roland. Fuair siad ag an tábla chéanna sa chistin é ag ar chuir sé fáilte dhrogallach roimh Margret cúpla seachtain roimhe sin. Bhí an tua go domhain i gclár a éadain, áit—mar a dheimhnigh máinlia ní ba dhéanaí—a raibh a inchinn scoilte go néata ina dhá leathsféar.
Ar an drochuair, níor chuidigh an clú a bhí ar Heinrich mar adhraitheoir an Diabhail leis nuair a tháinig sé os comhair na cúirte, agus crochadh go cuí é. Cúpla seachtain níos déanaí, le linn stoirm uafásach, bhuail tintreach iar-áit chónaithe na ndeartháireacha, agus dódh go talamh í.
Sa lá atá inniu ann, agus Heinrich imithe, cronaíonn cuid mhaith daoine é, nó bíonn na stoirmeacha cloch sneachta níos troime agus an toirneach níos measa ná a bhíodh riamh agus an bómán beo.
Rugadh Gabhán Ó Fachtna in Albain in 1974. Rinne sé staidéar ar an Ghearmáinis agus ar Léann na hÉireann ag Ollscoil Learphoill idir 1991 agus 1996. Tá cónaí air i mBéal Feirste ó 1998 i leith. Tá seacht gcnuasach gearrscéalta foilsithe aige, an ceann is déanaí acu Rúin na Seacht gCaisleán (2021).
[…] Léigh scéal eile: Heinrich […]
[…] Léigh scéal eile: Heinrich […]