Celia de Fréine
Gach maidin, sula ndúisím, feicim os mo chomhair iad. Ceannaithe beaga André. Mac mo dheirféar. Iad ag dul i léig. Ag éirí níos doiléire de réir mar a imíonn na seachtainí. Agus gach maidin leagaim amach plean don chuardach air. Ag roghnú cé iontu Áras na mBusanna, Stáisiún na dTraenach, an t-ospidéal, nó Ceanncheathrú na Tarrthála a ndéanfaidh mé fiosruithe faoi.
Ar dtús chroch mé fógraí ar ráillí na n-institiúidí phoiblí. Nó orthu siúd a bhí go fóill ina seasamh. Líníocht a bhí sna fógraí mar aon leis na focail: AN BHFACA TÚ AN GASÚR SEO? TÁ SÉ CEITHRE BLIANA d’AOIS. TÁ GRUAIG FHIONN AIR. SÚILE DONNA. ANDRÉ AN tAINM ATÁ AIR. Caolseans a bhí ann go bhfaca éinne é agus, má chonaic, cén chaoi a ndéanfadh siad teagmháil liom? AR MHISTE É A CHUR IN IÚL DO NA hÚDARÁIS? a bhí scríofa ag bun na bhfógraí agus cé a chuirfeadh sonraí ghasúir a bhí ar iarraidh in iúl do na húdaráis agus an oiread sin gasúr ar iarraidh? Cérbh iad na húdaráis, ar aon chaoi? Anuas air sin, ní raibh maith ar bith ionam mar ealaíontóir. Ansin rith mé as gualach.
Níorbh í mo dheirfiúr nádúrtha í Maja. Uchtaíodh í na cianta ó shin, am a mbíodh chuile shórt in ord agus in eagar, agus cónaí orainn in árasáin néata i mblocanna arda. De réir mar a chuala mé, agus muid ag fás aníos, bhí Máthair agus Athair pósta ar feadh seacht mbliana gan aon chlann orthu. Lá amháin, gan choinne, tháinig Maja ar an láthair. Níorbh eol d’éinne cá has a dtáinig sí. Dar le Mamó, gurbh iad na síogaí a d’fhág ar an tairseach í. D’áitigh na comharsana gur thréig teifeach ar a theitheadh ó chogadh i dtír eile ann í. Níor léir do cheachtar againn céard ba chóir a chreidbheáil. Ar an gcéad dul síos, níor thuig muid focail ar nós ‘teifeach’ nó ‘cogadh’. Ach ar shroisint na déaga di thug Maja leagan eile den scéal chun solais. Ní hé go raibh sise in ann aon cheo a bhain le sonraí thús a saoil a thabhairt chun chuimhne ach, toisc í bheith seiftiúil, d’éirigh léi bosca bróg cáipéisí a aimsiú faoi bhun na gclár urláir, a thug léargas ar na sonraí céanna.
Timpeall an ama sin, ba chosúil gur chuala Máthair agus Athair faoi thír ina raibh díleachtlanna lán le girseacha beaga a tréigeadh iontu. Lena gcoigilteas saoil cheannaigh siad dhá thicéad traenach agus thaistil chuig an tír sin, áit a ndearna siad ar an díleachtlann ba mhó inar roghnaigh siad an ghirseach ba ghleoite. Dar leo, thabharfadh siad an dara páiste leo dá mbeadh sé ar a n-acmhainn é sin a dhéanamh. A léitheoir, caithfidh gur ábhar iontais duit cén ról a bhí agam féin sa scéal. Le fírinne, réitigh an sonas a bhronn Maja bheag ar Mháthair an bealach domhsa agus, laistigh de bhliain, gineadh agus rugadh mé.
Toisc gur bhean chóir chráifeach í Máthair, nó gurbh é sin a thugadh sí le fios, bhíodh sé de nós aici gan idirdhealú a dhéanamh idir Maja agus mé féin. Ach lá amháin, tharraing Maja i leataobh mé agus dúirt liom, de shiosarnach:
‘Níl sé pioc féaráilte. Fuair tusa Pierrot poircealláin id’ stoca um Nollaig agus ní bhfuair mise ach babóg ghránna rubair.’
Níor chuimhin liom an Pierrot chéanna. Suim dá laghad a bhí agam féin ina leithéid. B’fhearr liom leabhar a fháil, ceann le cló beag ina raibh na mílte focal brúite isteach ar achan leathanach le go nglacfadh sé seachtain orm, ar a laghad, treabhadh tríd.
Lá eile, agus an t-aicearra tríd an gcoill á ghabháil againn, bhain sí tuisle asam, agus sula raibh mé in ann éirí, shuigh sí ar scaradh gabhail orm, a lámh ar mo scornach ag rá i gcogar:
‘Tá mé bréan de na scéalta úd a chloisteáil.’
Ní raibh mé in ann freagra a thabhairt uirthi. Ar éigean a raibh mé in ann m’anáil a tharraingt.
‘Tuigeann tú na cinn atá i gceist agam,’ ar sí ‘ina bhfágann an leasmháthair mhailíseach na dílleachtaí beaga sa choill. Is maith is eol dóibh go bhfuil fuil ríoga ag sní trína gcuislí ach go bhfuil sé de dhualgas orthu fás aníos i mbothán an ghearrthóra adhmaid is a mhná. Mar an gcéanna liomsa é. Is fíorbhanphrionsa mé agus tiocfaidh deireadh leis an chiapadh lá éicint amach anseo.’
Cé nach raibh sé ar intinn agam an méid a tharla a roinnt le Máthair, a luaithe a raibh muid thar an tairseach isteach thug sí an clábar ar chúl mo chóta faoi deara. Tar éis di mé a phriocadh, is olagón a dhéanamh faoin damáiste don chóta athláimhe a raibh a táilliúireacht déanta aici air le deireanaí, d’éirigh léi an scéal ina iomláine a stróiceadh asam. Tharraing sí isteach a hanáil go dtí gur leath a pollairí agus, lena neart uilig, scréach sí ar Maja:
‘Tuige a bhfuil tú ag iarraidh a fháil amach cérbh í do mháthair nádúrtha?’
‘Níl uaim ach freagra,’ arsa Maja.
‘Nach bhfeiceann tú a bhfuil á dhéanamh agam ar do shon?’ a scréach Máthair. ‘Do mo mharú féin le chuile shórt a bhronnadh ort. D’athair ag sclábhaíocht istigh ar urlár na monarchan ó mhaidin go hoíche. Agus is é seo an buíochas a ghabhann tú linn. Smaoinigh ar céard a tharlódh duit murach gur tháinig muid ort.’
Bhí ciúnas le brath sa tseomra ar feadh dhá nóiméad nó mar sin fad is a chaith Máthair siar cupán uisce. Ansin luigh sí isteach ar a racht in athuair:
‘Léigh mé ar an pháipéar díreach an tseachtain seo chaite faoi ghirseach a thaistil fud fad na tíre lena máthair nádúrtha a aimsiú agus, í aimsithe aici, dhún an bhean an doras ina haghaidh ag béicigh: “Nílim ag iarraidh aon cheo a chloisteáil fút, a shliocht an diabhail. Tuige, an dóigh leat, ar dhumpáil mé ar an gcéad dul síos thú, is ar cheil mé an fhianaise chomh maith is a d’fhéadfainn?” Fág a bhfuil maith go leor faoi mar atá.’
Dá mbeadh Máthair ag súil go spreagfadh a leithéid de ráiteas Maja cloí leis na rialacha, a mhalairt de thoradh a bhí ar an scéal. Ba ghirseach spleodrach í cheana féin; anois ba reibiliúnach í. Cuireadh amach as an scoil í agus, ar shroisint aois na sé bliana déag di, d’fhógair sí go raibh sí chun slí bheatha a bhaint amach ar an stáitse. Buille na tubaiste chomh fada is a bhain sé le Máthair ab ea an cinneadh sin. Ní raibh sí in ann glacadh leis go mbeadh striapach á déanamh ag Maja di féin os comhair an domhain, ainm an teaghlaigh á tharraingt tríd an phuiteach aici. Údar grinn domh féin an smaoineamh céanna agus, nuair a d’fhill Maja ar an árasán faoi lústar flústar is a bhain a cuid giúirléidí as, lig mé osna faoisimh. Bhí mo shaol tar éis éirí níos simplí: níor thóg éinne mo chuid éadaigh ar iasacht; níor dhoirt éinne Eau-de-Cologne ar mo leabhair. Bhí seilbh agam féin ar an seomra leapa beag.
Bhain mé tairbhe as an aonaránacht le staidéar a dhéanamh. Sar i bhfad fuair mé pas sna scrúduithe agus rinneadh múinteoir díom. An léitheoireacht, dul ar shiúlóidí fhada, freastal ar cheolchoirmeacha aon am a d’fhéadfainn íoc astu, a bhíodh ina gcaithimh aimsire agam. Bhí mo shaol ag cur thar maoil, mé go hiomlán sona sásta ionam féin, seachas fadhb bheag amhain: na scéalta grinn a bhíodh á roinnt ag mo chomhoibrithe faoi Maja. Achan uair a luaigh duine acu a heachtraí in amharclann bheag chúlsráide, bhí sé ar bharr mo theanga a rá: ‘Níl gaol ar bith eadrainn, bíodh a fhios agat.’
Fós féin, choinnigh Maja uirthi ag dul ar cuairt ag Máthair. Díreach agus ise ag ceapadh nach bhféadfadh cúrsaí éirí níos measa, thug Maja le fios go raibh sí torrach. Chuir Máthair iachall orm gan teagmháil a dhéanamh le Maja nó lena sliocht. Ach d’éirigh le Maja teachtaireacht a chur chugam am ar saolaíodh André agus, faoi mar a bheifeá ag súil, thug mé cuairt orthu beirt san ospidéal. Ba san ospidéal céanna a chonaic mé den uair dheireanach í ceithre bliana ina dhiaidh sin.
Le linn na ceithre bliana sin, ba mhinic a chas mé le Maja agus André. Ba ghasúr cliste é a raibh cuma shuntasach air. Cé gur luaigh mé go raibh dath fionn ar a chuid gruaige, bhí luisne dearg inti agus ní fíor go raibh dath donn ar a shúile – d’fhéadfadh siad iompú glas nó donn ag brath ar cén chaoi a raibh an solas an lonrú orthu. Ní raibh sé pioc cosúil le Maja. Seans go ndeachaigh sé lena athair.
Ó tharla an tubaiste, tá an scoil ina mbínn ag obair bánaithe. Na gasúir imithe gan tásc ná tuairisc. Na blocanna árasán leagtha nó tréigthe. Máthair, Mamó is na comharsana imithe ar shlí na fírinne.
Oíche amháin agus mé ar mo theitheadh ó chnagarnach na mbuataisí míleata, chrom mé faoi cháismint i bhfothrach tí. Agus mé faoi dheifear bhog mé painéal cruach a bhí ag clúdach fuinneoige bige faoin gcáismint. A luaithe a bhí na reibiliúnaithe imithe tharam, dhreap mé isteach in íoslach an fhothraigh. Istigh ann bhí sraith sheomraí a d’úsáidtí le fíon a stóráil tráth. Sa cheann deireanach, taobh thiar de phainéal cruach eile, tháinig mé ar mhála codlata, coinnle, bia i gcannaí. Mar a bhíodh duine éicint ag campáil ann. An cóta deannaigh ag tabhairt le fios nach mbeadh an duine sin ag filleadh.
Toisc an oiread scoileanna bánaithe, gan dé ná deatach ar na gasúir a bhíodh iontu, is iomaí duine acu a bhíonn á lorg ag a mhuintir. De réir ráflaí, aistrítear go hionad tearmainn, nó campaí i gceantair iargúlta, faoi scáth na hoíche, na gasúir fhánacha. Is féidir liom a shamhlú céard a tharlaíonn dóibh sna háiteacha úd, cé nach bhfuil mé in ann focail a leagan air. Agus b’shin an fáth a mbíonn orm neamhaird a thabhairt ar an gcuirfiú, féachaint an mbeadh André ina measc.
Bhí an t-ádh orm go dtí seo ach chuile oíche bíonn faitíos orm nach mbeidh mé chomh hámharach céanna amach anseo. Anocht thug mé trí phatról faoi deara. Stua a solais chuardaigh ag feanlasadh na sráideanna agus foscadh á lorg agam. A gcallairí ag bladhradh i dteanga nár thuig éinne. D’éirigh le chuile duine de na stroinséirí a casadh orm, a rith liom, a chuaigh ar a ghogaide in éindí liom, an stua solais a sheachaint, áfach. Níor fhiafraigh muid dá chéile cé hé nó céard é a bhí á lorg againn. Agus cé gurbh eol domh gur gadaithe cuid acu is go raibh cuid eile acu ag obair mar striapacha, ní dhearna mé breithiúnas ar dhuine ar bith acu. Tar éis domh slán a fhágáil acu, faoi mar a tharla chuile oíche go dtí seo, d’éirigh liom cor a thabhairt orthu siúd a bhí sa tóir orm. Is filleadh ar mo bhrocais.
In éindí leis an gcuardach do André glacaim le jabanna ó lá go lá. Le bia, nó le hairgead i gcóir bia, nó le rud inteacht a mhalartú ar bhia, a thuilleamh. Agus i ngeall air sin, is gá plé le daoine áirithe. Faoi mar is gá agus André á chuardach agam. Ach ní fios d’éinne cá háit a mbíonn mo thriall agus obair na hoíche curtha i gcrích agam.
I dtreo dheireadh na chéad sheachtaine tar éis don tubaiste tarlú, casadh orm cailín a mbíodh súil aithne agam uirthi. Í gléasta in éadaí suaracha gáifeacha. Gan í mórán níos óige ná mé. Sar i bhfad bhíodh sé de nós aici fanacht liom chuile mhaidin taobh leis an bhfuarán triomaithe. D’athraigh mé mo bhealach. Ag gabháil na gcúlbhóithre an mhaidin dár gcionn casadh orm fear a mbíodh i mbun obair chothabhála sa scoil.
Mo dhalta fein tá claochlú tágtha air. É níos aclaí is níos tanaí ná cheana. Scaití, bronntar an tasc céanna orainn san Ionad Oibre. Daoine, mar aon le coirp nó maoin, á lorg i measc na bhfothrach. Nó an smionagar a ghlanadh de na bóithre. Caitheann seisean an tráthnóna ag seilg is ag siortú i gcomhair pluideanna is bia dóibh siúd a bhfuil faitíos orthu bogadh amach as cibé pluais nó brocais ina bhfuil cónaí orthu.
Baineann muid sult as ár gcomhluadar. As caint is comhrá lena chéile gan aon éileamh a dhéanamh ag ceachtar againn ar an duine eile. Laethanta áirithe tugann muid cuairt ar an gcistin anraith agus ólann porainséir den leacht te glas a bhíonn á dháileadh ag na hoibrithe carthanachta. Imíonn laethanta eile nach gcastar ar a chéile muid. Tá ráite aige liom cá háit le teacht air san iamhchríoch cois abhann, má tá cúnamh uaim.
‘Tabhair gealltanas domh go mbreathnóidh tú i ndiaidh André,’ a d’impigh Maja orm.
Ag an am bhí mé ag stróiceadh mionnaí móra. Gasúr ceithre bliana d’aois an rud deireanach a bhí uaim. Chuile lá bhíodh orm breathnú i ndiaidh dhá scór díobh sa rang. Theastaigh uaim go mbeinn saor um thráthnóna. Agus ag an deireadh seachtaine. Chuile huair a raibh Maja i sáinn, bhíodh sí ag súil go nglanfadh duine eile suas ina diaidh. Ba é André an píosa deireanach i míreanna mearaí a saoil. Ach, í ag dul i léig thosaigh mé á tuigbheáil.
‘Is tú mo dheirfiúr,’ ar sí. ‘Níl agam ach thú.’
Anois is arís chuirinn ceist faoi athair an ghasúir, mé ag súil go mb’fhéidir go raibh bean nó máthair aige a mbraithfeadh gaolmhar leis an leaid óg. Agus bheireadh sí greim ar mo lámh ag rá i gcogar:
‘Tabhair gealltanas dom. Teastaíonn uaim go mbeidh a fhios aige cé hé fein agus é ag fás aníos. Teastaíonn uaim go dtógfar mar chuid dár dteaghlach é. Go n-insí tú dó fúm. Agus faoin ghrá a bhraith mé dó.’
Go drogallach, rinne mé na socruithe chuí. Fuair mé árasán ar cíos. Bhuail mé isteach chuig áiléar Maja agus bhailigh mé giuirléidí André mar aon le cibé earraí tí a d’fhéadfadh a bheith úsáideach. Faoi mar a fuair mé amach, ba bheag an baol go mbeadh. Bhí taipéisí bhalla aici gan aon línéadach leapa. Gloiní seaimpéin gan aon sáspain. D’eascain mé uirthi in athuair. Ag smaoineamh ar na tráthnónta a mbeadh orm a chaitheamh sa bhaile in éindí leis an ghasúr. Ar na siúlóidí a chaillfinn. Ná ceolchoirmeacha. Na hamanta a mbeadh sé sínte leis an bhfliú nó leis an ndeilgneach. Ar a laghad airgid a bheadh agam.
Ar deireadh, faoi mar a bhí socraithe, thug comharsan chun an ospidéil é. An teannas á bhrath aige, thosaigh sé ag pleidhcíocht is ag sleamhnú den leaba. Nuair a dhoirt sé gloine líomanáide ar an bhforchuilt bhán, arsa Maja: ‘Tóg leat anois é.’ An lá céanna síníodh na cáipéisí cuí.
Istoíche agus mé soiprithe i mo mhála codlata smaoiním siar ar na laethanta a chaitheadh muid in éindí a chéile: ar an chaoi a d’fhanadh sé liom i gclós na scoile; ar an chaoi a shiúladh muid abhaile, cuairt á tabhairt againn ar an leabharlann, nó ag stopadh ag an bhoth le haghaidh uachtar reoite ar ócáid speisialta. D’fhéadfainn a cheannaithe uilig a dhéanamh amach go soiléir tráth. San am i láthair, bíonn faitíos orm nach mbeidh sé ar mo chumas iad a thabhairt chun cuimhne amach anseo.
Scaití, díreach mar a bhraithim anois, ceapaim gur mhaith liom rún na laethanta úd a ligean le duine eile. Nó an tuairimíocht faoin toradh, a d’fhéadfadh a bheith ar chúrsaí, a roinnt leo. Scaití smaoiním ar mo chara fir. D’fhéadfainn cuireadh a thabhairt dó ar ais anseo. D’fhéadfadh muid luí le chéile is ár gcuimhní cinn a mhalartú. Ach dá ndéanfainn amhlaidh, seans go mbeadh orm brath air amach anseo. Agus cuireann an smaoineamh sin ag crith mé.
Scríobhann Celia de Fréine in iliomad seánraí i nGaeilge agus i mBéarla. Naoi gcnuasach filíochta atá foilsithe aici go dtí seo. Foilsíodh Ceannródaí a beathaisnéis de Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh in 2018 agus a scéinséir Cur i gCéill in 2019.
282
Mo Dheirfiúr Maja – Bláth na dTulach