Skip to content

Eolas

Bláth na dTulach

DÍOLAIM ULTACH

Is bailiúchán gearrscéalta comhaimseartha é Bláth na dTulach, le scéalta ó scríbhneoirí as gach cearn de Chúige Uladh, curtha le chéile ag Réaltán Ní Leannáin. Tá an leabhar ar fáil sna siopaí leabhar agus ón tsuíomh www.eabhloid.com. Beidh na scéalta á bhfoilsiú go digiteach ar an tsuíomh idirlín seo de réir a chéile agus cuirfear scéal amháin suas gach mí. Craolfar eagrán úr den phodchraoladh Bláth na dTulach gach mí ina dtugann Réaltán Ní Leannáin cuireadh d’aoi speisialta scéal a léamh ón chnuasach agus comhrá a bheith acu faoin scéal ina dhiaidh.

Tá an podchraoladh Bláth na dTulach le cluinstin ar an tsuíomh seo agus ar na hardáin phodchraolta go léir mar Spotify, Spreaker, Apple Podcasts, Deezer, Podcast Addict, Podchaser agus JioSaavn.

Ba í an aidhm a bhí againn le Bláth na dTulach nó gearrscéalta comhaimseartha Ultacha a bhailiú le chéile ó scoith na scríbhneoirí gearrscéalta ó gach cearn de Chúige Uladh agus na scéalta a chur ar fáil don phobal ar bhealaigh a bhí furast a aimsiú agus furast a léamh. Bhí muid ag iarraidh go mbeadh téacs na scéalta curtha ar fáil go soléite don léitheoir agus go mbeadh an léitheoir ábalta éisteacht leis na scéalta léite go soiléir ag sár-léitheoirí. 

An Leabhar: Bláth na dTulach

Na Scríbhneoirí:

Antain Mac Lochlainn, Brighid Uí Mhonacháin, Celia de Fréine, Daithí Ó Muirí, Danny Brown, Déirdre Ní Grianna, Dubhán Ó Longáin, Eithne Ní Ghallchobhair, Eoghan Mac Giolla Bhríde, Gabhán Ó Fachtna, Iarla Mac Aodha Bhuí, Máire Burns, Máire Dinny Wren, Máire Zepf, Máirín Uí Fhearraigh, Michelle Nic Pháidín, Pádraig Ó Gallchobhair, Proinsias Mac a’ Bhaird, Réaltán Ní Leannáin, Réamonn Ó Ciaráin, Róise Ní Bhaoill, Sam Ó Fearraigh, Séamus Mac Annaidh, Seán Mac Gintidh, Seán Ó Dúrois, Seán Ó Muireagáin, Seanán Mac Aoidh agus Síle Nic Aoidh Uí Ghallchóir.

Na hEagarthóirí:

Réaltán Ní Leannáin, Eoghan Mac Giolla Bhríde agus Mícheál Ó Domhnaill.

Dearadh leabhair agus leagan amach:

Caomhán Ó Scolaí.

An Chéad Chló © Éabhlóid 2021.

An Dara Cló © Éabhlóid 2023.

An Podchraoladh: Bláth na dTulach

Curtha i láthair ag Réaltán Ní Leannáin.

Na léitheoirí: Suzanne Ní Ghallchóir, Aodán Ó Cearbhaill, Marina Nic Giolla Bhríde, Carmel Ní Bhriain, Mairéad Dinny Ní Ghallchóir, Deidre Learmont, Sineád de Gallaí, Niall Mac Eachmarcaigh, An tAth. Brian Ó Fearraigh, Póilín Nic Géidigh, Brian Danny Minnie Ó Domhnaill, Bríd Ó Gallchóir, Mícheál Ó Domhnaill, Joe Lena Ó Dónaill, Siuán Ní Mhaonaigh, Aodh Mac Ruairí, Ciarán Mac Fheidhlimidh, Dónall Ó Cnáimhsí, Ailbhe Ó Monacháin, Áine Ní Dhíoraí, Caoimhe Ní Chonchoille, Seán Mac Corraidh, Caoimhe Ní Chathail, Milene Fegan, Fionntán de Brún, Caoimhe Nic Lochlainn, Dónal Mac Giolla Chóill agus Dáithí Ó Muirí.

Eagarthóirí fuaime: Eoghan Mac Giolla Bhríde agus Eoghan Ó Lorcáin.

Taifeadta i Stiúideo Cuisle Ceoil, Dobhar, Gaoth Dobhair, i Stiúideó na Life, Baile Átha Cliath agus i Stiúideó Raidió Fáilte i mBéal Feirste. Taifeadadh an t-eagrán ‘Beo sa Chultúrlann’ in Amharclann Mhic Cionnaith i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste.

Ceol: Ketsa © 2024.

© Éabhlóid 2024.

Tá Éabhlóid buíoch d’Fhoras na Gaeilge as tacaíocht airgeadais a chur ar fáil.

Tá Éabhlóid buíoch den Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán as tacaíocht airgeadais a chur ar fáil faoin Scéim um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann  2022 agus 2023.