Pavel
le BRIGHID UÍ MHONACHÁIN
á léamh ag Ailbhe Ó Monacháin
Fá thuairim seacht mbliana d’aois a bhí Pavel. Bhí sé beag. Na daoine a bhí thart air istigh i lár an tslua ar Chearnóg Dhearg Mhoscó, bhí siad mór. Buinneog a bhí ann i gcoill dhorcha de chrainn arda. Ní raibh le feiceáil aige ach sciortaí ban agus osáin brístí fear, bróga agus buataisí agus paiste cúng spéire os a chionn.
Bhíothas ag ceiliúradh an bhua ba dhéanaí de chuid na Réabhlóide. Bhí óráid i ndiaidh óráide le cluinstin as trumpaí agus na gártha molta ag an tslua. B’fhada leis go stopfadh na hóráidí. Le gach tonn ollghairdis, tháinig oibriú agus longadán sa tslua. Le gach longadán rinneadh brúdán de chorp Phavel. Mhothaigh sé go rabhthar á phlúchadh. Ghabh sceoin é. Rug sé greim ar osán nó ar sciorta mná le nach dtitfeadh sé.
Nuair a bhí an Chearnóg beagnach bánaithe bhí clapsholas ann agus thoisigh an sneachta arís. Ach bhí feiceáil uaidh anois aige. Thuig sé go raibh sé leis féin. Tháinig na deora leis. Gan mothú ina chluasa níos mó, chuartaigh sé a hata. Fuair sé ina luí sa draoib é. Bhí Pavel fleaite. Smaoinigh sé ar a bhaile. D’aithneodh sé an teach ach ní raibh a fhios aige an bealach go dtí é.
Tháinig bean ghleoite fhad leis agus d’fhiafraigh de a ainm.
‘Pavel,’ a d’fhreagair sé.
Chrom sí agus leag lámh faoi mhiotóg ar a cheann. Bhí boladh cumhráin aisti a chuir a mháthair i gcuimhne dó.
‘Maman,’ ar seisean.
Tháinig aoibh uirthi agus dúirt sí: ‘Ní mé, a leanbh. Ní mise do mháthair. Cá bhfuil do mháthair?’
‘Tá sí marbh.’
‘Agus d’athair?’
‘Tá sé marbh.’
‘Cé a thug anseo thú?’
‘Mo leasathair. Bhí greim láimhe aige orm agus scaoil sé amach a ghreim.’
Tharraing sí a méara fríd a choirníní, rug greim láimhe air agus thug léi é. Bhí cóiste agus tiománaí ag feitheamh léi. Bhí an tiománaí ina shuí thuas go hard agus fuip ina ghlac aige. Rinne Pavel iontas de na rothaí móra agus den doras a raibh fuinneog ina leath uachtarach. Chonaic sé a scáile féin sa doras dhubh shnasta. Lean an bhean isteach sa chóiste é agus thug ordú don tiománaí. Mhair an trup trap ina chluasa nó ba choimhthíoch an fhuaim í ag gasúr nach raibh ariamh ach i gcarr sleamhnáin.
Stop an cóiste taobh amuigh d’fhoirgneamh liath ard a raibh meirg dhearg crochta dá bharr ó bhinn go binn. Bhí an teach lán de pháistí eile nach raibh athair ná máthair acu.
‘Tiocfaidh mé ar ais fá do choinne,’ arsa an bhean ghleoite.
B’fhada le Pavel gan í a theacht. Choimhéad sé go ceann i bhfad fuinneog gach cóiste a stop taobh amuigh.
I ndeireadh ama phill an bhean agus thug léi sa chóiste é.
‘Maman’ a thug sé uirthi ón lá sin amach.
Rugadh agus tógadh Brighid Uí Mhonacháin (Nic a’ tSionnaigh) i mBéal Feirste. D’aistrigh sí féin agus a fear Tomás agus a dteaghlach go Gaoth Dobhair in 1973. Bhí scéalta léi in An tUltach agus sa díolaim Go dtí an lá bán (2012). Foilsíodh a cnuasach gearrscéalta, An Teachta Dála agus scéalta eile in 2012.
[…] Léigh scéal eile: Pavel […]
where to buy alpilean weight loss
Pavel – Bláth na dTulach