Skip to content

Éan

Dubhán Ó Longáin

É fós ar crith, d’ardaigh Pól an ciarsúr chuig a aghaidh agus bholaigh sé a raibh ann go domhain. Lig an déagóir don ábhar cumhra a scamhóga a líonadh agus chuimil sé thart ar a bhléin go mall chun an mothú a fhadú a oiread agus ab fhéidir. D’éist sé ar feadh soicind. Nuair nár chuala sé aon tormán ach an teilifís thíos staighre, as leis go ciúin chuig an tseomra folctha, áit ar nigh sé a bhod, ar scaoil sé a mhún agus ar shruthlaigh sé an leithreas (an ciarsúr leis). Phill sé ar a sheomra agus ghlan sé stair an ríomhaire.

‘Clár fán Serengeti,’ a dúirt athair Phóil leis, nuair a chuaigh sé síos staighre agus isteach sa tseomra suí, á cheistiú faoin chlár a bhí ar siúl.

‘Ba bheag nach ndearna mé dearmad go gcuireann tú fút anseo!’ a chuir a mháthair leis an chomhrá.

Shuigh Pól ar an tolg, a athair ar a chlé, a mháthair ar an chathaoir sa choirneáil, agus thosaigh sé ag amharc ar an chlár. Níorbh fhada gur chuala sé ping an ghutháin. Chaoch sé a shúil i dtreo a mháthara agus luigh sé siar píosa, ag tiontú i dtreo a thuismitheoirí go mbeadh an scáileán ceilte.

Gráinne: Hiya, X. An dtig leat cuidiú liom leis an obair bhaile?? Is réalta thú xxxx

Pól: Hiya xxx. Caidé mar atá? Fadhb ar bith xx Rud ar bith duitse 😉 Cén t-ábhar? Xxxxxxx

Gráinne: Thig liom brath ort i gcónaí, babe. Bitheolaíocht Xx

Pól: Chríochnaigh mé é tamall ó shin. Cuirfidh mé pictiúr de chugat.

Gráinne: Babe X

Léim Pól go gasta a fhad lena sheomra. Chlaon Ruairí ruball a shúile i dtreo Clare, miongháire orthu beirt mar gheall ar iompar an déagóra.

Ní raibh de nós ag Pól a chuid oibre a roinnt le duine ar bith. Bhí sé tostach le daoine nach cairde maithe leis iad. Is minic a rinne sé an obair bhaile a roinnt le Gráinne, ámh. Ghlac sé grianghraf den obair ar struchtúr cealla go gasta. Chuir sé iad ar aghaidh chuici láithreach. Thoisigh Pól ag smaointiú ar an chailín a shuigh taobh leis ina rang Béarla. Chuir sé ruball leis na pictiúir.

B’fhusa an teasta sóisearach anuraidh, nárbh fhusa? Xxx

Tháinig athrú ar chomharthaíocht na haipe agus thuig Pól gur léigh Gráinne a theachtaireacht. Níor tháinig aon fhreagra. Thuig sé a mheancóg – róghasta arís.

Tháinig cineál aisteach feirge air, fearg nár thuig sé ina hiomlán go fóill. Bhí a fhios aige go raibh sé ar fáil go rófhurasta do Ghráinne, go mbeadh suim níos mó aici ann dá bhfanfadh sé tamall. Thuig sé seo uilig mar ní seo an chéad uair a tharla sé: chuimhnigh sé ar oíche Luain na seachtaine seo caite agus an obair bhaile Béarla. Bhí a fhios aige nach raibh dúil cheart aici ann ach bhí seisean dúnta i ngrá, dar leis. Rith sé leis gurb é sin an chéad oíche dó gabháil i sólás an ríomhaire sa dóigh nua—agus teacht aige ar an tsuíomh cheart, eisean a bhí i gceannas.

Thoisigh sé ag smaointiú go domhain ar an oíche sin. An tseachtain seo caite a bhí ann, oíche Luain. Níor tháinig aon fhreagra i ndiaidh dó aiste inteacht ar fhilíocht a chur chuici agus sheol sé rud inteacht amaideach chuici. Tháinig freagra isteach.

    Tnx a mil. An-ghnaitheach g2g

Shocraigh sé gan aon teachtaireacht eile a chur chuici an oíche sin. Náire air, chuaigh sé ar líne agus d’amharc ar leathanach Ghráinne. Chonaic sé go raibh ciorcal glas in aice lena hainm. Bhí sí ar líne.

Is dócha go raibh sí logáilte isteach ach nach raibh sí gníomhach air. Bhí Pól i ndiaidh go leor a dhéanamh di, más é nach raibh sí gnaitheach (mar a dúirt sí) labharfadh sí leis—amharc ar na teachtaireachtaí uilig, x amháin ar a laghad in achan cheann acu ach amháin nuair a dúirt sí go raibh sí gnaitheach.

D’athnuaigh sé an leathanach baile agus chonaic sé pictiúr nua de Ghráinne, a bhí díreach i ndiaidh féinphic a uaslódáil. Thug like dó láithreach agus rinne trácht (‘looking good’) a bhí amaideach.

Níor fhreagair sí é nó níor thug sí aon like dá thrácht ach rinne cúpla cara léi – James, a bhí sa rang leis – a chlibeáil. ‘Liomsa <3’ a scríobh James agus thug Gráinne croí mar fhreagra láithreach.

An fhearg a bhí air, an teas ina fhuil. Rinne mar ba nós leis le tamall, chuaigh sé ar an ríomhaire agus chuig an tsuíomh a raibh clú air i measc a chairde. Rinne sé iarracht aisteoir cosúil le Gráinne a fháil, rud nach raibh deacair—bhí gruaig fhionn ar roinnt mhaith de na sluts seo (mar a chuir teidil na bhfíseán síos orthu) agus bhí roinnt mhaith acu siúd ar comh-airde le Gráinne—agus níorbh fhada go raibh sé i mbun gnó.

D’fhoscail sé físeán agus rinne sé iarracht a racht a scaoileadh ach bhí fadhb ann. Bhí an bhean seo ag liú le háthas agus pléisiúr. Ní raibh sin tuillte ag Gráinne. Ba cheart di íoc as an fhulaingt a chuir sí air. Phill ar na catagóirí, rough sex roghnaithe, cuardach fríd rough punishment agus punished teen, agus bhí leis. Ní raibh sa tsaol seo dó ach sreang na gcluasán a bhogadh ar shiúl anois is arís.

Na mothúcháin chéanna air anocht, seachtain ina dhiaidh, chuaigh sé ar líne arís. Bhí na físeáin den tsórt sin anois ar a leathanach baile, Recommended for you, ach ní raibh sé in ann teacht ar aon cheann a bhí láidir go leor. Punish bitch a roghnaigh sé agus shamhlaigh sé Gráinne in áit na mná os a chomhair. Go fíochmhar a tharraing sé air féin don dara huair an oíche sin agus go fíochmhar a tháinig an babhta chun cinn, maslaí nach dtiocfadh a rá os ard á scairteadh ina cheann.

Phill sé in athuair ar an tseomra suí, pian bheag air mar gheall ar a chraiceann a bheith briste teann. An clár faisnéise fós ar siúl, shuigh sé arís ar dheis a athar agus chlaon a cheann i dtreo a mháthar. ‘Nach bhfaigheann tusa aon say fán méid atá air?’

It speaks,’ a dúirt a athair, ‘Clare, faigh an ceamara, tá clár faisnéise dár gcuid féin againn.’ Lig a mháthair gáire agus thiontaigh Pól a cheann ar dheis ag díriú ar an teilifís, ag cinntiú gan ligint dó féin amharc ar dhuine acu sna súilibh. Níor bhog sé a shúile ón chlár agus leon ag snámh go mall i dtreo roinnt fianna. Gasailí a bhí iontu ó cheart is dócha, a bhí ag ól ag poll inteacht uisce in oirthear na hAfraice.

Nach deas an chumhacht atá ag an leon seo, smacht aige ar a shaol? Rinne sé a bhealach go suite siúráilte i dtreo a chreiche, i ngan fhios iomlán dóibh. Chuir Pól a chos chlé trasna thar an cheann eile agus d’amharc go ciúin. D’ardaigh gasail amháin a cheann, ceol gasta ag an lucht eagarthóireachta, agus thoisigh siad uilig ag rith.

Rómhall a bhí siad. Ba léir go raibh an leon le ceann amháin de na gasail ar an imeall a cheapadh. ‘Níor thuig mé go raibh an oiread sin de dhúil agat in ainmhithe,’ a dúirt a mháthair le Pól. Cheap an leon an ghasail agus thit sí marbh, greim mhuiníl ag an leon uirthi. Ní raibh rud ar bith ar an tsaol seo a ghlacfadh uaidh a chreach. Níor thuig Pól luas agus doimhneacht a anála go dtí sin.

Dúirt Pól go raibh sé ag gabháil a luí agus d’fhág an seomra, ag gabháil thart ar an tolg an dóigh amscaí agus ag cur suime sna pictiúirí ar an bhalla. Ní bréag é go raibh tuirse air ach ní dhéanfadh sé aon chodladh sa dóigh a raibh sé. Chuir cumhacht an leoin ar seachrán é. Shuigh sé arís ag an ríomhaire, cluasáin isteach, bondage. Ní raibh maith go leor. Hogtied, níos fearr. Thosaigh sé, ag smaointiú faoin chumhacht a bheadh aige, Gráinne faoina smacht. Ach ní leor é. Anal crying teen. Sásamh. Codladh.

Ní raibh mórán as an ghnách ar scoil an lá ina dhiaidh. Bhí cóisir le bheith ann ag an deireadh seachtaine—bhí duine sa rang le bheith 17 ar an Domhnach, an chéad lá de Mhí na Bealtaine mar a tharla. Ní cóisir cheart í, dar ndóigh, ní raibh i gceist i ndáiríribh ach go raibh leath an ranga ag gabháil amach. Ar nós bailte eile ar fud na hÉireann, ní raibh aon fhadhb san áit seo gabháil amach don oíche agus tú 17.

Mhothaigh Pól bocht teannas idir na cosa, ámh. Trí huaire a stróic sé an t-asal go garbh aréir. Is léir go raibh rud inteacht aisteach le sonrú sa dóigh a raibh sé ag siúl nó luaigh cara leis é ar a mbealach amach chun lóin.

‘Ní hé gur imir tú go maith ag corpoideachas an tseachtain seo, cibé. Dhéanfadh mo sheanmháthair níos fearr. Agus fuair sí bás anuraidh.’

Agus, dar ndóigh, lig na gasúraí liú astu.

Thug Pól fá dear, ámh, go raibh beirt in aice leo, beirt a bhí sa rang leo, iad lámh i láimh, James agus Gráinne.

Bhí sé cleachtaithe leis an chineál seo de mhagadh a dhéanann a chairde uilig le chéile ach cuireadh Pól as riocht mar gheall go raibh Gráinne ann.

Fuck off, Doherty. Níl leathbharúil agat cá bhfuil an cúl, fiú,’ a thug Pól ar ais dó.

‘D’aimsigh tusa an cúl barraíocht aréir, Paulie. Sin atá ag cur as ort agus tú ag siúl. Sé nó seacht d’uaire ag tarraingt ar an asal, sin an fhadhb.’

Liú gáire eile, James agus Gráinne, a bhí taobh leo, istigh ann, fosta.

Ní raibh Pól in ann seo a sheasamh ar chor ar bith. ‘Caidé atá greannmhar? An bhfuil sibhse páirteach sa chomhrá?’

Thiontaigh James thart. Buachaill breá a bhí ann, cairdiúil go leor, nach raibh róchliste ach a raibh bua na peile aige. Ba léir an fhearg ina shúilibh ach rug Gráinne air—ní raibh sí ag iarraidh go gcluinfeadh James faoin ghiota bheag suiríochta a dhéanadh sí le Pól le freagraí a fháil.

‘Caidé atá ort?’ a dúirt James go scigiúil, ‘Feargach liomsa agus le mo chailín? Nach measann tú go bhfuil sí looking good inniu.’

Bhí Pól i bponc. Ní raibh freagraí aige. Bhí a stuaim caillte aige agus ní raibh dóigh le teacht amach as seo go maith.

‘Seans go bhfuil sise ach ní hamhlaidh duitse!’

Thug seo an deis do James an buille marfach a thabhairt do Phól. Thiontaigh sé i dtreo Ghráinne,

‘Nach bhfuil cuma mhaith orm, baby?’

Caidé a bhí le rá aici?

‘Tá cinnte, babe.’

‘Cé air a bhfuil cuma níos fearr, baby, mise nó Pól?’

‘Tusa. dar ndóigh, babe, ach lean ar aghaidh. Ní fiú seo.’

As leo ach ní gan amharc scigiúil magúil ó James ar Phól agus ceann brónach tuisceanach ó Ghráinne. Ghoill siad beirt air.

Ba ghruama a chaith Pól an chuid eile den lá, ag sleamhnú idir fearg agus brón. Fearg mar gheall ar an obair uilig a chuir sé chuici, brón nach mbeadh cúiteamh aige, fearg nach mbeadh an cúiteamh a thuill sé aige. Díomá ann féin nár éirigh ní b’fhearr leis san argáil, racht nuair a chuimhnigh sé ar an gháire. Thuig sé ann féin go raibh an fhearg ag fáil an láimh in uachtar.

Fearg fós air, chuaigh sé ag siúl i ndiaidh na scoile. Bhí dúil ag a theaghlach sa nádúr, ag a athair ach go háirithe. Na cuimhní is fearr óna óige, bhain siad le bheith ag spaisteoireacht i gcoillte agus i sléibhte lena thuismitheoirí agus a dheirfiúr. Anois agus iad beirt níos sine, í ar shiúl chun na hollscoile, b’annamh daofa aon rud a dhéanamh mar theaghlach níos mó. Ach bhí sé ag iarraidh pilleadh inniu ar an choill, gan an fhearg seo.

Ní raibh an choill ach deich mbomaite nó mar sin ar shiúl ón scoil, agus bhí sé ann sular mhothaigh sé an t-am ag gabháil isteach. Bhuail sé cic fíochmhar do chloch ar fhoscailt agus dhruidim an gheata nua dó, an ceann a chuir an chomhairle contae ag an bhealach isteach anuraidh. Agus ar aghaidh leis. Bhí an choill seo taobh le feirmeacha agus, mar gheall air sin, ní raibh ar dhuine siúl go rófhada go dtí nach mbeadh rian daonnachta thart ort. Rinne sé a mhachnamh ar an mhéid a tharla agus é ag siúl. Fear eile! Cén dóigh a raibh sí in ann sin a dhéanamh air? Ach bhí a dhóigh aige le cúiteamh a fháil. Oíche Shathairn a bheadh an chóisir. Déarfadh sé léi go stopfadh sé ag cur ábhar chuici—is liúdramán é James, ní bheadh seisean in ann cuidiú léi, agus ní chuideodh aon duine eile le cailín a raibh buachaill aici—agus bheadh uirthi impí air. Bheadh uirthi gabháil ar a glúine agus impí air. Thabharfadh sé uirthi gabháil ar a glúine agus impí air. Thabharfadh sé uirthi gabháil amach leis, Thabharfadh sé uirthi a bhod a chur ina béal.

Mhothaigh sé anois an bod céanna ag éirí crua.

Chuir sé a lámh ar a bhléin thar a bhristí agus lean sé ar aghaidh ag smaointiú. Bheadh sé garbh léi, ach bheadh grá aici air sin – a bhod ag a scornach agus gan uaithi ach a shíol. Thabharfadh sé uirthi cheatáil ar James go minic agus beidh grá ag an slut air – í ina whore aige.

Fuair sé greim láimhe ar chrann roimhe a bhí measartha tanaí agus thoisigh sé á chrith. Chuir sé lán a nirt ann, é ag scairteadh agus ag tabhairt mallachtaí ar an tsaol. Tháinig sé ar ais chuige féin nuair a thit rud taobh leis. Éan a bhí ann, éan óg.

Ba léir gur bhain an titim go leor den éan, bhí sé ag caoineadh (más é sin an focal, ach rinne sé cúis do Phól), ag caoineadh go híseal agus go mall fadálach. D’amharc Pól anuas ar an éan, an t-éan seo a bhí faoina smacht. Ní raibh Pól ann níos mó.

Bhí slat de chraoibhín taobh leis a thóg cibé rud a bhí i gceannas ar chorp Phóil. Bhrúigh sé ar chorp an éin leis an tslat, lámh amháin ag brú go mall, lámh eile istigh sna brístí. Chiúnaigh an t-éan. D’éag.

Chaith Pól an tslat ar an talamh, níor chríochnaigh sé ach d’fhág an láthair i dtreo an bhóthair.

Bhí áthas air nár chríochnaigh cúpla bomaite ina dhiaidh sin—agus é leathbhealaigh ar ais, cé a casadh air ach Gráinne. ‘Éist, a Phóil,’ ar sise, go duiniúil a shíl sé. ‘Tá brón orm faoin mhéid a tharla inniu… Is duine deas thú agus is maith liom thú. Just, ní mar sin.’ Thug sí aghaidh Phóil fá dear. ‘An bhfuil tú i gceart?’

‘Tá, agus go raibh maith agat. Níl ann ach gur aimsigh mé éan thuas ar an chosán agus tá sé gortaithe go dona. Níor shíl mé go mbeinn in ann duine a fháil gasta go leor ach seans, má théann muid beirt ar ais, go mbeidh muid in ann é a chlúdach le mo gheansaí agus é a fháil chuig an tréidlia.’

‘Dar ndóigh,’ a dúirt Gráinne, deifir ina guth, an guth duiniúil sin, ‘Cá háit?’

‘Thall anseo, taispeánfaidh mé duit anois.’ Shiúil sí ar aghaidh go gasta agus d’amharc Pól uirthi. Tháinig miongháire ar a bhéal.


Is file, scríbhneoir, múinteoir Gaeilge agus taighdeoir PhD é an Conallach Dubhán Ó Longáin (é anois ina chónaí i nDoire). Tá filíocht agus léirmheastóireacht foilsithe aige sna príomhirisí Gaeilge. Is mar fhile is mó a bhfuil aithne air agus foilsíodh a chéad chnuasach, IDEO Locator, i 2020. 

Comments are closed, but trackbacks and pingbacks are open.