Soineann
le hEITHNE NÍ GHALLCHOBHAIR
á léamh ag Sinéad de Gallaí
Scéal prósfhilíochta le hEithne Ní Ghallchobhair ina ndéanann sí ceiliúradh liriceach ar mhóimintí áthais agus dúiseachta i saol pháiste óig. Inniúchadh céadfach trí theanga agus trí fhoclaíocht ar an domhan trí shiúile shoineanta an pháiste. Arna léamh ag Sinéad de Gallaí.
Rith sí fríd an chuibhreann, cosa caola in airde. Thiontaigh na bioráin féir i dtreo an talaimh faoi lorgacha a cos, iad ag cromadh a gceann go humhal ina diaidh, ag lúbadh a muineál go hómósach. Shoilsigh drithleogaí drúchta go dealraitheach ag uair seo na glasmhaidine ach níor thug sise seo faoi deara, cailín aoibhinn na rúide, cailín aerach an reatha. Lean sí uirthi gan chás, gan chúram, an t-aer á scoilteadh, á scaipeadh aici. Lean sí uirthi go haigeanta, an drúcht á tharraingt ina diaidh. Agus shéid an ghaoth go héadrom thart uirthi, sí-shéideáin samhraidh, rí-shéideáin séasúir. Shéid an ghaoth ina siosaire go síochánta séimh, á beannú, á cuimilt, á cosaint. Agus lean sí uirthi den rith go bríomhar, breabhsánta, an ghaoth ina haingeal coimhdeachta aici, an ghaoth mar chara ceoil. Thóg sí a cosa in airde. Rith sí léi sna rí-ruimeanna, rith sí sna sí-suimeanna. Chaith siar a ceann agus d’éirigh racht gáire. Rith sí ina rua-reatha.
Ba lasair ar chlár an domhain í.
Lasair ar chlár an domhain.
Thit a folt fada fíor-fhionnbhán amach as an ribín órbhuí a bhí carnaithe thart ar a ceann go cúramach aici, an ribín órbhuí a thóg a croí achan mhaidin Aoine. Thit a folt fada fíor-fhionnbhán lena gualainn, lena droim, anáil na gaoithe ag scuabadh na ribí, an uile shifín ag rince, ag damhsa leis féin ar an uaigneas le séimh-shéideáin samhraidh, le bog-shéideáin séasúir — gur neartaigh sí mar ghaoth. Neartaigh, gur ghlac seilbh foilt ina iomlán, gur thóg, gur ardaigh, gur rug, gur fhág an fíorfholt dlúth mar a bheadh bratacha sróil ag seoladh ina diaidh, ag síobadh ar a cúl, ag lúbarnaigh leis an ghaoth. Madadh an dá ruball. D’airigh sí an siorradh gaoithe ach níor stad, níor stop, níor staon sí. Bhí an talamh mín agus cothrom agus rith sí léi go mear, ag imeacht soir siar mar a rinne riamh agus choíche. Bhí an choiscéim agus an tsaoirse léi agus bhainfeadh sí talamh méith astu.
An choiscéim agus an tsaoirse.
An choiscéim agus an tsaoirse.
Rith sí léi ina ciorcal, ina ciorcal thart ar an sconsa adhmaid dhoinn. Rith sí léi ina ciorcal, ina ciorcal le fuinneamh, le fuadar, le fonn. Thóg sí na bonnaí léi. D’ardaigh sí na glúine. Theilg sí a lámha amach roimpi i gcroí na maidine ciúine. Bhí an ghrian ag éirí le glas-mhaidin agus ghealaigh an ghrian an spéir. Bhí an ghrian ag éirí, an ceo ag dó, lonraigh drúcht an fhéir. Agus rith sí agus rith sí, ina ciorcal, ina ciorcal, cailín aoibhinn na rúide, cailín aerach an reatha. B’in mian a croí ag uair seo na glasmhaidine le sí-shéideáin samhraidh, le rí-shéideáin séasúir, an ghaoth ina haingeal coimhdeachta aici, an ghaoth mar chara ceoil. Aniar agus siar léi ar chuibhreann clainne agus í ar bharr na gaoithe cumhra. Anonn agus anall léi, na séideáin thairsti agus fúithi i bhfáinne an tsolais, i mbolg a sonais. Níor bhuail tallann riamh í dul ar shiúl i bhfad i gcéin, ba leor di i gcónaí a bheith ar eitleog ina cuibhreann féin. Ní raibh uaithi ach an rith gan dadaí roimpi ná ina diaidh.
Aniar agus siar léi, anonn agus anall.
Aniar agus siar, anonn agus anall.
Go dtí gur tháinig sí fhad le túrtóg féir. Barrchois de bhruach thall, barrchois de bhruach abhus. Titim.
Nuair a tháinig sí fhad le túrtóg féir thit sí go trupallach, trom—cailín aoibhinn na rúide seo, cailín aerach an reatha—a glúine ag greadadh in éadan an drúchta, in éadan an fheannáin thais. A lámha sínte amach roimpi: gortú, leonadh, clis. Gonc goimhiúil géar a fuair sí. Sonc nimhneach frithir. Agus d’fhan sí ina luí, smig le feag, sa chuibhreann féir gan chorradh. Ina luí gan bhrí, cosa agus bosa, a craiceann geal ar lasadh. Spréite ar an talamh ina luí ar a béal agus ar a srón. Tháinig a hanáil chuici go mí-chothrom agus líon a croí lán le brón. Ach, oiread agus deor níor shil sí, oiread agus gáir níor chaoin sí. Agus shéid an ghaoth go héadrom thart uirthi, sí-shéideáin samhraidh, rí-shéideáin séasúir. Shéid an ghaoth go síochánta séimh, á beannú, á cuimilt, á ceansú. An ghaoth ina haingeal coimhdeachta aici, an ghaoth mar chara ceoil. D’fhan sí ina luí in áit a bonn ag síorstánadh ar an drúcht. D’fhan sí ina luí gan bhogadh ar an fhéar san fhuacht. Bhí sí mar bheadh éan lag leonta ann agus na cleiteacha ar fad síos leis. Gur airigh sí an phian ina glúine, gur airigh an phian ina lámha, gur airigh an t-anó ina croí, gur airigh an t-anó ina cnámha…
D’fhan sí, d’fhan sí, d’fhan sí ina luí.
D’fhan, d’fhan, d’fhan ina luí.
Agus nuair a bhí an t-am ann agus nuair a bhí sí in inmhe agus in ábaltacht — d’éirigh sí ar a ceithre boinn, chaith sí a ceithre chnámh thart go hamscaí agus leag iomlán a meáchain ar a tóin. Thiontaigh na bioráin féir i dtreo an talaimh fúithi, iad ag cromadh a gceann go humhal, ag lúbadh a muineál go hómósach. Tharraing sí ar a citeog agus d’amharc anuas uirthi go fiosrach, fiafraitheach. D’amharc, d’fhéach, stánaigh. Bhí sí, mar lámh anois, corcra agus lag. Bhí sí, mar lámh anois, báite agus bog. Bhí an chiteog beagán ataithe san áit ar thuirling sí ar thalamh ach ní raibh ann ach sin óir shábháil an féar fuar fliuch í, is é sin le rá, an féar agus an drúcht.
Shábháil an féar í, an féar agus an drúcht.
Shábháil féar í, féar agus drúcht.
Lean sí uirthi ag amharc ar an lámh gur thriomaigh ar éadach a gúna í, gur chuimil ar bharr a stoca í, gur tharraing in airde arís í, gur amharc uirthi an athuair. Lean sí uirthi ag amharc ar an lámh. Baineadh stad aisti, goideadh preab. Ní raibh fuaim ná fothram aici, caoineadh ná gáir. Agus d’éirigh an ghaoth thart uirthi, cailín aoibhinn na rúide seo, cailín aerach an reatha, cailín lán sú, lán súlaigh, lán suáilcis, cailín nár mhaith léi achrann ná imreas. Agus í i mbláth na hóige shéid an ghaoth go héadrom thart uirthi, sí-shéideáin samhraidh, rí-shéideáin séasúir. Shéid an ghaoth go síochánta séimh, á beannú, á cuimilt, á ceansú. An ghaoth ina haingeal coimhdeachta aici, an ghaoth mar chara ceoil. Thit lámh s’aici go cuibhreann agus lean sí uirthi den amharc…
go bhfacthas di na nóiníní,
go bhfacthas di nóinín.
Chonacthas di na nóiníní, iad mar bhuíon fá shuan. Cinn bhána agus gasa cumtha, a gcroíthe buí ina rúin — ach, go tábhachtach – thuig sise gurbh ann do na croíthe iontu. Lonraigh a súile agus d’amharc thart timpeall. Ní raibh na nóiníní ar an fhialchuid, ní raibh siad gann ach oiread. Sheas siad go huasal sa ghlasmhaidin, sheas siad go buacach buaiteach, iad préamhaithe in áit a mbreithe. Mhair siad leo go haoibhneach sólásach, mhair siad leo go gliondrach meidhréiseach. Agus dhírigh sí ar cheann i ndeas dá citeog a bhí leagtha ar an fhéar. Dhírigh sí ar cheann i ndeas don lámh a bhí gortaithe go géar. Chonaic sí na peitil leochaileacha aonaracha agus iad fite fuaite le chéile mar chochaill ar chroíthe, ar anamacha na mbláthanna. Thuig sí go raibh toirchim throm orthu. Thuig sí go ligfeadh siad a scríste go dtiocfadh am an ghrian-nóin, go mbeadh sé in am acu éirí, go dteithfeadh an chréafóg iad, go meallfadh an ghrian chun saoil iad. Codladh na háilleachta, codladh an aoibhnis, ardchodladh na scéimhe. Cigiltí boga gréine a bhogfadh iad, cigiltí agus castaí an tsolais. Thug sí searc agus síorghrá daofa, a comhchompánacha féir—cailín aoibhinn seo na rúide, cailín aerach seo an reatha—agus ghéill dá céadfaí, dá conlán. Agus shéid an ghaoth go héadrom thart uirthi, sí-shéideáin samhraidh, rí-shéideáin séasúir. Shéid an ghaoth go síochánta séimh, á beannú, á cuimilt, á ceansú. An ghaoth ina haingeal coimhdeachta aici, an ghaoth mar chara ceoil. D’amharc sí anuas ar na nóiníní agus rinne dearmad ar a pian, a hanó. Nóiníní gnúisgheala na gréine, a n-áilleacht mar fhilíocht shlán ar thalamh. Sí-bhláthanna na bplandaí, banríona na gcuibhreann.
Sí-bhláthanna na bplandaí, banríona na gcuibhreann.
Sí-bhláthanna plandaí, banríona cuibhreann.
Lean an ghrian ag éirí léi, gathanna ag glioscarnach go damhsúil, ag rince go ríméadach ar thalamh. D’amharc sí féin anuas ar a citeog agus gháirigh faoi na nóiníní nár mhúscail sí lena tuirlingt. An tuirlingt thriopallach throm thar thom tiubh na titime. Agus shéid anáil fholláin úr na gaoithe thart uirthi go ciúin.
Bhog sí léi ó mhás go más, ó thaobh go taobh go rithimeach, anonn agus anall léi ag luascadh go mall, an drúcht á fliuchadh, á fuarú go craiceann, go cnámh. Ach, sin is uilig, d’fhan sí ansin suite, préamhaithe, lonnaithe ar an fhéar. Chuimil sí na glúine a thit ar thalamh, na glúine fliucha fuara. Chuimil sí lena deiseog iad, chuimil le héadach a gúna. D’amharc sí ar na boilg bheaga sna háiteanna a phreab ar fhéar. Chuimil sí lena deiseog iad, chuimil lena corrmhéar.
Chuimil sí lena deiseog iad, chuimil lena corrmhéar. Chuimil le deiseog, chuimil le corrmhéar.
Agus nuair a bhí an t-am ann agus nuair a bhí sí in inmhe agus in ábaltacht — thiontaigh ar a sliasaid le héirí nuair a chonacthas di rud inteacht ag soilsiú i ndeas di agus stad sí, stop sí, stánaigh.
An drúcht, an drúcht, an drúcht dubh draíochta, deora ina n-aonar ag lasadh chloigne na mbiorán féir. Dhírigh sí ar cheann acu agus rinne sí a seacht n-iontas. Cailín aoibhinn seo na rúide, cailín aerach an reatha. Bheoigh an drúcht faoi sholas na gréine ar glasmhaidin samhraidh. Chrom sí a ceann go talamh agus d’amharc air go géar-shúileach. Chrom sí a ceann go talamh agus d’amharc air go lúcháireach. Las a súile faoi spréacharnaí na súilíní sí. Bhuail talann áthais í, cheol a croí. Bhí sí go huile agus go hiomlán faoi gheasa ag drúcht ar shifín féir agus choimhéad sí agus bhlas sí agus rinne sí boladh an aeir. Agus shéid an ghaoth go héadrom thart uirthi, sí-shéideáin samhraidh, rí-shéideáin séasúir. Shéid an ghaoth go síochánta séimh, á beannú, á cuimilt, á ceansú. An ghaoth ina haingeal coimhdeachta aici, an ghaoth mar chara ceoil. Agus d’fhan sí ina luí ar a leataobh ag sú an drúchta draíochta.
D’fhan sí ina luí ar a leataobh ag sú an drúchta draíochta.
D’fhan ar a leataobh ag sú drúchta.
D’athraigh an solas. Lean an ghrian ag éirí léi, an ghlasmhaidin ag géilleadh don teas. Spréigh agus scuab scamaill go mear-shiúlach ag síobadh faoi fhuadar ina rás. Agus chonacthas di na scamaill ag bogadaí leo go beo, ar thurais s’acu féin, thar na sléibhte faoi cheo. Lean sí treo na scamall bog bán go ndeachaigh siad i bhfolach i bhfad uaithi. D’ardaigh a lámha agus leag ar chlár a héadain iad agus chlúdaigh sí a súile ón ghrian, á coimhéad féin, á cosaint. Agus cheol an ghaoth go ceiliúrtha agus chualathas di crónán.
Cheol an ghaoth go ceiliúrtha agus chualathas di crónán.
Cheol gaoth agus chuala crónán.
Agus í ar a sliasaid ar chuibhreann féir thug sí faoi deara cuasnóg chroíúil. D’éirigh na beachógaí ina bhfoireann suas, suas, suas san aer, iad ar thuras a gcothaithe úr-lae. Lean sí an crónán agus an dordán agus thiontaigh sí a ceann ón spéir, d’ísligh a ceann agus d’amharc ar na beachógaí go géar. Bhí an spás thart timpeall uirthi beathaíoch, bhí sé beomhar agus beathógach. Gríosú agus deargadh meanmain agus misnigh.
Mhair clú na gaoise orthu as a ngníomhartha gaile is gaisce. Rud a thuig sí. Agus níor bhog sí, ach ag amharc go haislingeach ar lucht chothaithe an domhain ag saothrú go beo, gan stad mara, trá ná mórchónaí lean siad leo. Rinne sí iontas de na heiteogaí, na dathanna ar a ndroimeanna. Rinne sí iontas de na cosa ag siúl leofa go meidhreach. Bhí na beachógaí in ard a réime ag drandán ceoil i mbun saothair, cumarsáid na mbeachóg, gan fhocal, gan bhriathar—a dálta féin—cailín aoibhinn na rúide, cailín aerach an reatha. Rinne siad a gcomhrá, bheannaigh siad dá chéile. Thóg sise suas a crónán leo, agus í i lár na féile. An cailín scléipiúil sona seo, an cailín aigeanta suairc. Cíorabúca an chomh-cheoil ar chuibhreann clainne. Cambús chomh-charad na haonintinne binne. Ansacht croí agus anama i gcaidreamh agus i gcairdeas. Agus shéid an ghaoth go héadrom thart uirthi, sí-shéideáin samhraidh, rí-shéideáin séasúir. Shéid an ghaoth go síochánta séimh, á beannú, á cuimilt, á cosaint. An ghaoth ina haingeal coimhdeachta aici, an ghaoth mar chara ceoil. Agus bheir an ghaoth greim ar an cheol gur bhronn ar na flaithis.
Eiteog agus uscar ceoil.
Eiteog agus uscar.
Ar shiúl leis na beachógaí le gaoth gur thréig a suan go buan í, gur bhog talann siúil í, gur éirigh go mall, go misniúil, gur chuimil glúine agus lámha, gur amharc fá dtaobh di, gur thóg cosa caola in airde, gur thosaigh sí ag rith. Ag rith agus ag rith ina ciofarlán ag clábar is abar, ag rith agus ag rith ina gioblóg ag gaoth is gréin. Agus thiontaigh na bioráin féir i dtreo an talaimh faoi lorgacha a cos, iad ag cromadh a gceann go humhal ina diaidh, ag lúbadh a muineál go hómósach do chailín aoibhinn na rúide, do chailín aerach an reatha. Rith sí léi ina ciorcal, ina ciorcal thart ar an sconsa adhmaid dhoinn. Rith sí léi ina ciorcal, ina ciorcal le fuinneamh, le fuadar, le fonn. Nó tháinig an rith go réidh léi gan staonadh, gan stad. Tháinig sin agus an truslógacht agus an phramsach ar fad. Agus shéid an ghaoth go héadrom thart uirthi, sí-shéideáin samhraidh, rí-shéideáin séasúir. Shéid an ghaoth go síochánta séimh, á beannú, á cuimilt, á cosaint. Agus lean sí uirthi den rith, an ghaoth ina haingeal coimhdeachta aici, an ghaoth mar chara ceoil.
Níor labhair sí, níor labhair riamh, cailín na rúide, an reatha, ach ag cantaireacht faoina hanáil go binn, ag aithris filíochta ina croí go cruinn, ag áireamh na siollaí ina hintinn go mion. Agus bhí canúint an fhéir aici, canúint an bhlátha, comh-chanúint an dúlra, canúint an chomhbhá lena rí-chumas, lena sí-chumas, lena saoi-chumas féin.
Lena rí-chumas, lena sí-chumas, lena saoi-chumas féin.
Lena rí, lena sí, lena saoi.
Is as iardheisceart Thír Chonaill Eithne Ní Ghallchobhair. Tá sí ina scríbhneoir agus ina scéalaí agus tá duaiseanna Oireachtais agus eile buaite aici sa dá cheird. Tá trí leabhar foilsithe aici do dhaoine fásta: Súil (2018), Múscail, a Ghiorria (2020) agus An Craiceann agus a Luach (2021). Tá gearrscéalta léi foilsithe in Irish Pages agus Comhar.
[…] Ceannaigh an leabhar Léigh scéal eile: Soineann […]