Téann carachtair an scéil seo ar thuras go hoileán mara sa tóir ar rudaí faoi leith a shamhlaíonn sé a bheith ann don turasóir tuisceanach, ach b’fhéidir gur i ngan fhios dó féin a fhaigheann sé rud éigin nach raibh sé ag súil leis. Tá an scéal Uibheacha Cásca le Séamas Mac Annaidh á léamh anseo ag Brian Danny Minnie Ó Domhnaill.
Ealaín chlúdaigh: gailturpin.art
Leag an bhean sa teach lóistín bricfeasta mór friochta síos ar an tábla romham mar a rinne sí gach maidin le seachtain anuas.
‘Deir Pat go nglanfaidh sé tráthnóna,’ a dúirt sí, nó bhí a fhios aici go raibh rún imeachta agam. ‘Ach b’fhéidir go mbeadh ort cúpla lá eile a chaitheamh linn,’ arsa sí go gealgháireach.
Bhí an bheirt Ghearmánach ag an tábla eile gealgháir-each chomh maith, go díreach mar a bhí siad inné, is an lá roimhe. B’ait liom go raibh siad ag baint an oiread sin suilt as an áit dhearóil seo. Ba léir nár chuir an drochaimsir isteach orthu fiú.
I ndiaidh domhsa seachtain a chaitheamh istigh san áit, bhí mé ag dúil leis an oileán a fhágáil ar an chéad bhád. Ach nuair a tharraing mé na cuirtíní siar ar maidin, chonaic mé go raibh ceo trom farraige ann is bhí barúil mhaith agam go raibh mé gafa san áit a raibh mé. Cad é an seachrán a tháinig orm is gur chinn mé ar laethanta saoire na Cásca a chaitheamh istigh ar oileán?
Rinne mé mo bhealach síos chuig an ché leis an scéal a fhiosrú, amhail is nach raibh a fhios agam cad é mar a bhí. Bhuail mé isteach chuig Siopa an tOileán le nuachtán a cheannach ach thuig mé a luaithe is a chonaic mé an tseilf fholamh nach mbeadh nuachtáin ar bith ar fáil inniu, a bhuíochas don cheo. Thuig mé nárbh fhiú aon cheist a chur ag an ché ach an oiread. Ní bheadh bád ar bith ag gabháil áit ar bith inniu.
Ní raibh na tábhairní ná An Bialann foscailte go fóill. Gach duine faoi gheasa ag an cheo draíochta. Bhí na madaí féin i bhfolach.
Ansin thug mé faoi deara go raibh solas ar lasadh san iarsmalann—agus ná hiarr orm a insint duit cad é mar a litrigh siad sin. Teach iascaire a bhí ann lá den tsaol ach déarfainn nach n-aithneodh Pádraig Thomáis Mac Ruairí a sheanáitreabh dá siúlfadh sé amach as na tonnta amárach, céad éigin bliain ó cailleadh é i stoirm gheimhridh. Bhí barúil rómhaith agam den tsaghas áite a bheadh ann agus b’shin an fáth a ndearna mé é a sheachaint go dtí seo.
Cuireann iarsmalanna tuaithe agus ionaid oidhreachta lagmhisneach orm. Is mó mo chuid suime sna daoine beo agus sna nósanna traidisiúnta a chleachtann siad go fóill. Nuair is gá iarsmalann a thógáil le traidisiúin phobail a chaomhnú is comhartha cinnte sin go bhfuil deireadh leo. A luaithe is a leag mé cos ar an oileán is go bhfaca mé iarsmalann romham thuig mé gur turas in aisce a bheadh agam. Ag dúil le seanchas agus le hamhráin ar an tsean-nós a chluinstin a bhí mé. Ach bhí an ceart sa mhéid a dúirt fear bailithe béaloideasa liom fadó, nár ghá gurb é an áit is iargúlta an áit is mó traidisiúin.
Tithe saoire an lucht rachmais a bhí sna tithe is fearr ar an oileán agus bhí hippies agus manaigh nua-aoiseacha ina gcónaí sna sciobóil agus sna seantithe eile. Agus sna tithe a raibh bunadh an oileáin féin fós iontu bhí an teilifís i réim.
Agus cad chuige nach mbeadh. Bhí deireadh leis an iascaireacht le cúpla glúin anois, bhí deireadh leis an obair shéasúrach in Albain agus bhí aird gach duine ar uimhreacha an Lotto. Scéalta ar bith, ceolta ar bith – ní raibh ann.
Sin an fáth a raibh mé i mo shuí go breá luath an mhaidin sin le go n-éalóinn ar an chéad bhád amach go tír mór.
Seomra mór amháin a bhí san iarsmalann. Leictreachas agus teas lárnach, ní nach ionadh, soilse dírithe ar na taispeántais agus gléas ar an bhalla leis an teocht is an taisleach a rialú ar eagla go ndéanfaí aon dochar do na seoda a bhí ar taispeáint: potaí gliomaigh, sean-eangacha, agus giotaí fánacha d’éadáil na mara.
Ar na ballaí bhí grianghrafanna dubha agus bána de bhunadh an oileáin céad bliain ó shin agus iad gléasta in éadaí lámhdhéanta, iad méadaithe go mór. Caithfidh go mbíodh scéalta agus amhráin ag na daoine seo. Bhí nótaí treoracha i mBéarla agus i bhFraincis.
Bhí an leathchuid den taispeántas dírithe ar an dúlra, ar gheolaíocht an oileáin, ar na plandaí is ar na héanacha. Scáileán teilifíse le pictiúireacha agus rian fuaime de na héanacha mara ag gardáil os cionn na gcreagacha ó bharr na háille síos go barr na dtonnta. Neadacha ar laftáin dhoshroichte na céadta troigh os cionn na farraige.
Éanacha stuáilte i gcás mór amháin. Saghsanna éagsúla faoileog ba chosúil. Agus uibheacha, ubh an dreoilín agus ubh ostraise taobh lena chéile, go bhfóire Dia orainn.
‘Cad chuige a bhfuil a leithéid sin anseo?’ a d’fhiafraigh mé den chailín a bhí ag coinneáil súil ghéar orm amhail is go raibh mé ar tí rud éigin a ghoid. Bhí mé ag dúil go gcluinfeadh sí tarcaisne i mo ghlór ach ní dóigh liom gur chuala.
‘Ba leis an tiarna talaimh Stokely an ubh sin,’ arsa sí go mórtasach. ‘Tá sé ar iasacht againn ó Iarsmalann Stair an Dúlra i mBaile Átha Cliath.’
‘The Dead Zoo,’ a dúirt mé ach lean sí uirthi.
‘Sin an áit a bhfuil an mhórchuid den bhailiúchán s’aige. Saineolaí ab ea é. Mac leis a bhí san Afraic a sheol sin ar ais chuige mar bhronntanas.’
‘Is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach,’ arsa mé go gealgháireach. ‘Tiocfaidh cuairteoirí chuig an oileán seo agus is é an t-aon chuimhne a bheas acu ar an áit go bhfaca siad ubh ostraise.’
‘Is ait an rud é ach is tusa an dara duine a dúirt sin liom. Bhí bean istigh againn an tseachtain seo caite ag cuartú eolais mar gheall ar Stokely agus a chuid uibheacha.’
‘Lucht eolaíochta is mó a bhíonn istigh anseo is dócha?’ a dúirt mé nó bhí a fhios agam nach mbeadh turasóirí cultúir ag tarraingt ar an áit ina slóite.
‘Bíonn gach saghas againn. Gnáth-thurasóirí lae iad a mbunús. Ach Meiriceánach a bhí inti seo agus bhí scéal faoi seo sa tseanchas teaghlaigh s’aici. Bhí sí ag iarraidh fáil amach an raibh bunús ar bith leis.’
‘Gur fhág an tiarna talaimh na huibheacha seo ag a shinsear ach go bhfuair an Iarsmalann Náisiúnta iad trí sheift nó dearmad éigin is dócha—sin an gnáthrud.’
‘Ba shuimiúla i bhfad ná sin é.’
‘Tá súil agam é. Nach gceapann tú go mbíonn barúlacha an-aisteach ag na Poncánaigh faoin éagóir a rinneadh ar a sinsir, iad níos áiféisí ná aon rud a bhíonn le cluinstin anseo, ar an ábhar nach mbíonn aon duine ann le cur ina gcoinne.’
‘Bhuel, caithfidh mé a rá go raibh cuma inchreidte ar an cheann seo. Mar a fheiceann tú, bhí suim mhór ag Stokely sna huibheacha. Deirtear gur thosaigh sé ag cur suime iontu nuair a bhí sé i scoil chónaithe i Sasain. Bhí suim mhór ag cuid de na gasraí thall ina leithéid is nuair a tháinig sé anseo ar saoire i rith na Cásca thug sé faoi deara go mbíodh bunadh an oileáin ag bailiú uibheacha lena n-ithe. Ansin nuair a tháinig sé in aibíocht, agus i ndiaidh dó tamall fada a chaitheamh thar lear, tháinig sé ar ais anseo agus thóg sé teach mór dó féin. Mar thiarna talaimh, ní raibh sé ródhian ar na daoine ach níor thaitin sé le bunadh an oileáin go mbeadh sé ina chónaí anseo agus an t-oileán mar láthair siamsa aige féin is a chairde saibhre. Ach ar an lámh eile, bhí daoine eile anseo a rinne go maith as, nó d’fhostaigh sé iad thart faoin teach. Bhí fear óg ina measc, Paidí Bán, fear lúfair ceanndána. Bhí Stokely breá sásta leis mar oibrí agus chaith sé go fial leis ach dá mhéid a chaith sé leis ba mhó a d’éirigh Paidí Bán míshásta. Nó de réir mar a chuaigh Paidí i dtaithí ar shaol na huasaicme is amhlaidh gur mhéadaigh an t-éad agus an fuath a mhothaigh sé i leith Stokely, rud nár aithin sé seo a bheag ná a mhór.
‘Lá amháin, tháinig ceist na n-uibheacha chun tosaigh agus mhínigh Stokely do Phaidí Bán go raibh bailiúchán mór aige, rud a chuir dubhiontas ar Phaidí nó níor thuig sé cén fáth a mbaileodh duine uibheacha mura raibh sé chun iad a ithe. Ach thug Stokely isteach sa tseomra é agus thaispeáin sé na tarraiceáin ina raibh na huibheacha uilig agus iad ina luí ar thuí agus lipéidí orthu. Anois, ní raibh léamh ná scríobh ag Paidí, ná aon tuiscint ar an eolaíocht ach an oiread. Ach ní hionann sin is a rá nach fear cliste eolach ina dhóigh féin a bhí ann. D’aithin sé láithreach go raibh roinnt uibheacha ar fáil ar an oileán nach raibh sa bhailiúchán s’aige agus dúirt sé sin leis. Bhí lúcháir ar Stokely go raibh an t-eolas seo ag Paidí Bán agus ba mhó a mheas air dá bharr. Agus ó shin ar aghaidh, ba ghnách leis an bheirt acu gabháil amach ag bailiú uibheacha le chéile.
‘Ach níor thaitin sé le Paidí bheith mar ghiolla ag an tiarna, bíodh go bhfuair sé íocaíocht mhaith uaidh, nó ní hamháin go mbíodh uibheacha á chur leis an bhailiúchán ach ba ghnách le Stokely iad a dhíol le daoine uaisle eile a raibh suim acu ina leithéid fosta.
‘Ba chontúirteach an obair é in amanna na huibheacha a bhailiú nó ba nós leis na héanacha a gcuid nead a thógáil ar bharr aille agus in áiteanna éagsúla nach mbeadh teacht orthu go héasca. In amanna, mar sin, ba ghnách le Paidí Bán gabháil síos ar rópa agus ciseán ar a uillinn aige leis na huibheacha a bhailiú.
‘Ansin lá amháin, d’fhógair sé do Stokely go raibh ubh eile ar an oileán nach raibh sa bhailiúchán aige ach go raibh na neadacha in áit a bhí thar a bheith doshroichte agus contúirteach, nó is gnách leis an ghainéad mhór dhubh Atlantach, níorbh ionann agus gainéad na hÉireann, a nead a thógáil ar an aill is crochta agus is airde ar an oileán cúpla céad troigh os cionn na farraige. Bhí na neadacha do-fheicthe ó bharr na haille, a mhínigh sé, ach bhí siad feicthe ón fharraige aige, is bhí laftán caoga troigh ón bharr is dá bhféadfadh sé é sin a bhaint amach go mbeadh sé ábalta an ciseán a líonadh leo. Rinne siad an scéal seo a phlé go mion is go minic is i ndeireadh na dála chuir Stokely chuig an tír mór le haghaidh rópa fada.
‘Chuaigh siad amach maidin bhreá agus lig Stokely Paidí síos ar an téad go dtí gur bhain sé an laftán amach. Bhí an laftán istigh faoi aghaidh na haille is ní raibh an fear thuas ar an bharr ábalta a dhath ar bith a fheiceáil. Bhí Paidí Bán breá sábháilte san áit a raibh sé ach níor thuig Stokely sin. Rinne Paidí cúpla ubh a chur sa chiseán, tharraing sé ar an rópa mar chomhartha agus rinne Stokely an ciseán agus na huibheacha a tharraingt aníos. Ansin chaith sé an rópa síos arís. Ní luaithe a rinne sé sin ná go bhfuair Paidí Bán greim air is gur thug sé tarraingt fhíochmhar dó ag dúil leis an tiarna talaimh a chaitheamh le háille. Ach bhí téagar agus meáchan sa tseanduine agus choinnigh sé a chosa. Lig Paidí scread lena chur in iúl dó go raibh sé ag luascadh amach ó aghaidh na háille os cionn na farraige, nuair a bhí a dhroim leis an aill agus an rópa a tharraingt aige le hiomlán a nirte. Lean an screadaíl agus an tarraingt ar feadh tamall fada go dtí gur aithin Paidí nach raibh aon mhaith ann nó ba dhóiche go raibh an rópa ceangailte ag Stokely le rud éigin. Mar sin de d’éirigh sé as an tarraingt agus scairtigh sé go raibh sé slán sábháilte ar an laftán arís.’
‘Theip air an tiarna talaimh a mharú, mar sin.’
‘Theip, agus ní hamháin sin, nuair a rinne Stokely é a tharraingt aníos arís chonaic Paidí go raibh an craiceann bainte dá sciatháin ag an rópa, nó rinne Stokely an rópa a casadh thart ar a lámha féin sa dóigh is nach gcaillfeadh sé an fear a bhí i mbaol. Ba ansin a thuig sé an meas a bhí ag Stokely air agus tháinig náire air. Thuig sé go raibh an tiarna talaimh sásta a shaol féin a chur i mbaol le hé a shábháil agus chuir sin náire air chomh maith. Níorbh fhada i ndiaidh sin a d’fhág sé an t-oileán is gur thug sé aghaidh ar an Oileán Úr. Sin an scéal a bhí aici.’
‘Bhuel, sin scéal a bhfuil cuma na fírinne air. Ní raibh mé ag dúil lena leithéid, caithfidh mé a rá.’
‘Agus sin agat na huibheacha agus an ciseán thall ansin.’
‘Caithfidh go raibh lúcháir ar an Phoncánach an cruthúnas sin a fháil.’
‘Leoga bhí, ach an bhfuil a fhios agat seo, ní raibh maith ar bith ann. Nó nuair a chuaigh sí leis an aill a fheiceáil d’aithin siad go raibh míréiteach sa scéal. Nó, dá n-éireodh le Paidí Bán an tiarna talaimh a chaitheamh le haill ní bheadh aon dóigh aige féin le fáil ar ais go barr na haille. Ní bheadh aon rópa aige nó a dhath. Theastódh comrádaí a bheith aige. An Poncánach mná í féin a d’aithin an deacracht sin.’
‘B’fhéidir go raibh comrádaí aige?’
‘Cad chuige nár chaith seisean an tiarna talaimh le haill mar sin? Ní raibh aon chomrádaí aige. Baothchaint a bhí sa scéal seo ar fad. Nó nuair a chuaigh mé siar ar an tuairisc a bhí aici thug mé faoi deara nár bhain Paidí Bán Nua-Eabhrac amach go dtí dhá bhliain i ndiaidh do Stokely bás nádúrtha a fháil de thaom croí. Agus nuair a rinne muid uacht Stokely a scrúdú fuair muid amach gur fhág sé cúig phunt “to my loyal servant Patrick Gallagher.” Mar sin de scéal gan aon bhunús atá ann.’
‘Nó, ní hamháin nach ndearna sé iarracht an tiarna talaimh a mharú ach gur airgead Stokely a thug go Nua-Eabhrac é. Ní iontas é gur chum sé bréag.’
Bheadh díomá ar mhórán daoine nach raibh aon bhunús leis an scéal, ach bhí mise breá sásta, nó bhí an ceart agam, ní raibh scéalta ar bith san áit dhearóil sin.
Rugadh Séamas Mac Annaidh in 1961. Tá sé úrscéal agus dhá chnuasach gearrscéalta foilsithe aige. Tá cónaí air i mBéal Cú i bhFear Manach lena bhean is a n-iníon. An iomarca ama caite aige, a deir sé féin, ar an stair áitiúil le blianta beaga anuas. Is breá leis Parkrun.
Ealaín chlúdaigh: gailturpin.art



[…] Ceannaigh an leabhar Léigh scéal eile: Uibheacha Cásca […]
2contribute
differential equations coursework https://brainycoursework.com/
coursework help https://courseworkninja.com/
do my coursework online https://writingacoursework.com/
degree coursework https://mycourseworkhelp.net/
data analysis coursework https://courseworkdownloads.com/
data analysis coursework https://courseworkinfotest.com/
coursework paper https://coursework-expert.com/
coursework plagiarism checker https://teachingcoursework.com/
coursework uk https://buycoursework.org/
courseworks help https://courseworkdomau.com/
senior dating site https://freewebdating.net/
ourtime login canada https://jewish-dating-online.net/
best websites dating https://free-dating-sites-free-personals.com/
single site web https://sexanddatingonline.com/
christian dating sites https://onlinedatingsurvey.com/
onlinelovedating https://onlinedatingsuccessguide.com/
dating sites https://onlinedatinghunks.com/
free online sex dating websites https://datingwebsiteshopper.com/
dating websites best https://allaboutdatingsites.com/
online dating online dating https://freedatinglive.com/
sepornews
Uibheacha Cásca – Bláth na dTulach
red boost tonic
Uibheacha Cásca – Bláth na dTulach