
42
le RÉAMONN Ó CIARÁIN
á léamh ag Bríd Ó Gallchóir
Beo ón Chultúrlann i mBéal Feirste
Taifeadadh an t-eagrán seo de Bhláth na dTulach beo in Amharclann Mhic Cionnaith sa Chultúrlann i mBéal Feirste os comhair lucht féachana ar an 10ú Meán Fómhair 2022. Ba í an t-aisteoir aitheanta Bríd Ó Gallchóir a léigh an scéal “42” le Réamonn Ó Ciaráin. Réaltán Ní Leannáin a chur an clár i láthair.
Tugann an scéal seo le Réamonn Ó Ciarán ar thuras muid thar dhúiche réidh Chontae Ard Mhacha. Trí shúile géara an bhuachalla óig casann muid le tiománaithe cairdiúla bus, le gasúraí ráscánta scoile, le múinteoirí spreagúla agus tuismitheoirí amhrasacha. Tugann sé ar thuras muid go háit a gcaitheann gnáthdhaoine a ngnáthshaolta i dtréimhse neamhghnách ar fad; áit a nochtar laochra gan iomrá trína ngníomhartha cineáltais agus tuisceana. Turas intinne agus ama, a thaispeánann nach fios cén áit a gcríochnóidh muid suas.
Bhíodh Kenny riamh anall rud beag neirbhíseach ar bhusanna. I ndiaidh eachtra an lae sin, bhí sé go hiomlán neamhshocair orthu.
Lá Fhéile Pádraig, 1987, agus tá siad ar an bhealach abhaile ón Lorgain. Tá Scoil na Mainistreach i ndiaidh bua a fháil ar Choláiste Cholmáin i gcluiche ceannais Chorn Mhic Ruairí. Tá Kenny agus pobal iomlán na scoile agus a gcairde ag gluaisteacht ar ais chun na scoile i gconbhua busanna. Tá siad beagnach ar ais. Tá siad ar imeall an bhaile.
De phléasc tagann fuinneogaí an bhus isteach. Sceitheann smionagar gloine thart ar na paisinéirí ina chith. Tosaíonn béicíl agus caoineadh ansin. Tarraingíonn Gerry an bus isteach ar an ghualainn chrua, siúlann sé amach fríd an leathdhoras stáin agus seasann ag amharc síos an pasáiste.
‘Tá sibh ag dul a bheith ceart go leor, tá sibh ag dul a bheith ceart go leor, ní raibh iontu ach maistíní.’
Tá scanradh an uafáis ar na cailíní agus ar na gasúir. Tosaíonn siad a bhaint smidiríní gloine óna gcuid éadaigh agus amach as a gcuid gruaige le múinteoirí Scoil na Mainistreach ar a ndícheall ag cuidiú leo. Tá fuil le sonrú ar mhionghortuithe anseo is ansiúd. Tá smál fola ar an urlár agus raon bróige ar an fhuil. Tosaíonn aláraim na ndoirse éalaithe ag bualadh.
Amach an fhuinneog, tchí siad drong stócach ag éalú isteach san eastát de ruathar, iad ag gáire agus ag déanamh comharthaí nach bhfuil deas le lucht an bhus. Tchí Kenny iad. Tá a fhios aige anois den chéad uair go bhfuil daoine ann ar mhaith leo dochar a dhéanamh dó.
An lá dár gcionn, cluineann Kenny an t-inneall ag téamh istigh ar an chearnóg. Éiríonn sé neirbhíseach. Ní bheidh sé i bhfad anois go mbeidh sé féin ag dreapadh suas na céimeanna arda burgúine, a mhála mór ar a ghualainn, agus síos an pasáiste go lár an bhus. Tugann doimhneacht tráchta na mbonn ar rotha an bhus compord intinne dó i gcónaí. Is faoiseamh áirithe dó greim an bhus ar an bhealach a mhothú. Tagann sssss mór óna hiodrálaic agus úúúúis ón doras a fhosclaíonn ina dhá leath. Croitheann fráma an bhus le cumhacht agus callán an innill ag cur a mhíshuaimhnis in iúl go bhfuil air fanacht leis an tiománaí ligean dó gluaiseacht ar aghaidh arís. Ní ghlacann sé sin ach casadh rosta agus brú coise ó Gerry agus ar shiúl leo. Uimhir 42, bus Chrois Mhic Lionnáin.
Ní gá dó a bhusphas a thaispeáint. Tá a fhios ag Gerry go bhfuil ceann aige i ndiaidh beagnach seacht mbliana. Mura mbíonn sé ag stad an bhus in am fanann Gerry nó Tom, an tiománaí eile, bomaite nó dhó leis. Suíonn na gasúir mhóra gharbha ar cúl an bhus sna suíocháin chrua agus na boic is ceanndána ar fad ar an chruashuíochán fhada dhubh ag tóin an bhus, áit a bhfuil na doirse éigeandála. Tá a fhios ag Kenny go mbeidh siad ag priollaireacht roimh i bhfad. Thiocfadh le rud ar bith tarlú. Tá fuath aige ar an éiginnteacht. Beifear ag bualadh cloigne lucht tite ina gcodladh ar an fhuinneog — fuinneog an bhus a bhí ina ceannadhairt chorrach acu go dtí sin. Bíonn sé seo garbh dar le Kenny, a bheith dúisithe as do chodladh mar sin. Beifear ag fliceáil bunanna toitíní, ag sceitheadh guma coganta ar ghruaig na scoláirí óga agus ag spochadh as a chéile agus ag déanamh a mhór dóibh féin os comhair na ngirseach. Anois is arís, cuirtear gasúr suas ar an raca agus ceanglaítear iallacha a bhróige leis an ráille thuas sa dóigh is go gcaithfidh cara cuidiú leis éalú. Tharla seo do Kenny uair amháin blianta ó shin. Níor mhaith leis an mothú sin, a bheith gafa, gafa ar raca an bhus agus gach duine eile ag stánadh air.
Tiomáineann Gerry go gasta. Ní deir sé mórán agus ní ghlacann sé le hamaidí ar bith ó dhuine ar bith. Chonaic Kenny é uair amháin ag caitheamh toitín, rud a chuir ionadh air. Ní thiomáineann Tom chomh gasta agus a mhaíonn tormán an innill. Tá sé níos sine ná Gerry. Cromann sé sa chathaoir thar an roth stiúrtha, amhail is go mbíonn sé ag iarraidh cuidiú leis an bhus dul suas na cnoic. Bíonn Tom ag feadaíl i gcónaí ach múchann fuaim an bhus a chuid ceoil go dtí go gciúnaíonn an t-inneall. Bíonn focal cineálta aige do Kenny agus d’achan duine eile i gcónaí.
Tá Kenny ciúin. Líonann monabhar na cainte a chluasa. Go minic bíonn sé buartha gur airsean a bhíonn siad ag caint is ag cogarnaigh. Ag spochadh as. Bíonn an bus mar a bheadh cuisneoir ann sa gheimhreadh ach ina shorn sa tsamhradh.
Suíonn na cailíní agus na gasúir is óige sa lár agus chun tosaigh ar an bhus ar na suíocháin bhoga leathair. Bíonn corrdhuine fásta a bhfuil sé de mhí-ádh orthu coinne ospidéil a bheith acu nó rátaí le híoc acu i Halla an Bhaile in Iúr Cinn Trá ar bhus na scoile. Ábhar magaidh a bhíonn iontu go minic. Is féidir le déagóirí a bheith iontach cruálach, dar le Kenny.
Cuireann cuid de na daltaí a nglúine suas ar chúl dearg an tsuíocháin chun tosaigh agus clúdaíonn na cailíní na glúine lena mbléasair le nach mbeidh na gasúir ábalta amharc suas a gcuid sciortaí. Suíonn roinnt paisinéirí droim ar ais le bheith ábalta labhairt leis an duine ar a gcúl. Cuireann sé sin iompú goile ar Kenny. Suíonn seisean lena chairde más féidir. In amanna bíonn air obair baile a chríochnú. Déanann sin tinn é. Bíonn eagla air i gcónaí go mbeidh sé tinn ar an bhus agus go mbeidh gach duine ag stánadh air, uafás ina súile.
Nuair a bhíonn sioc ar an fhuinneog déanann Kenny ciorcal beag a dhíshioc lena anáil agus amharcann amach ar an tsaol fríd a pholl gliúcaíochta ar chúl an bhus; tithe feirme, goirt, claíocha, ballaí, droichid, postaí saighdiúirí ar na cnoic agus héileacaptair, lochanna, aibhneacha, crosa na stailce ocrais, geataí, tithe agus eastáit tithíochta. B’fhearr leis a bheith amuigh ansin áit inteacht seachas a bheith gafa ar an bhus.
Caitheann Kenny go leor ama ar bhusanna; bus na scoile, bus Ghearóid na peile agus ar an bhus chuig an linn snámha oíche Déardaoin. Bíonn an boladh céanna, dusta, sna busanna uilig seachas bus an tsnámha ar an bhealach abhaile, leis an bholadh ghéar clóirín. In amanna pléascann duine éigin bréanbhuama ar an bhus agus bíonn air masc gais a dhéanamh dá gheansaí. Tosaíonn srónacha na bpaisinéirí eile ag lúbadh ar nós coiníní agus cuireann siad a gcloigne isteach ina gcuid éadaigh.
Bíonn faoiseamh éigin ar Kenny nuair a éalaíonn sé den bhus. Bíonn teannas air ar an bhus; clástrafóibe, measann sé. Má bhíonn tú tinn bíonn tú gafa ar an bhus dar leis. Níl cead acu tú a ligint amach ar thaobh an bhóthair agus tiomáint ar aghaidh. B’fhearr leisean é sin, a bheith fágtha ansin leis féin agus an bus a bheith imithe, ná gach duine ag stánadh air agus é ag cur amach.
‘Chaill mé an bus inné,’ a deir sé le Bean Mhic Cathmhaoil, an múinteoir Béarla.
Bíonn sise iontach deas leis i gcónaí. Is maith léi gasúir na tuaithe ar chúis éigin.
‘Cad é mar a chaill tú bus, rud mór gorm é le díon bán ar cheithre roth. Ná caill arís é.’
Buaileann sí é go magúil ar an chloigeann le leabhar óna bhfuil sí ag léamh don rang. Tagann an chuimhne shona seo chuige go minic.
Uair an chloig a mhaireann an turas ó Chrois Mhic Lionnáin, uair ar maidin agus uair an chloig abhaile um thráthnóna, cúig lá na seachtaine. Maireann sé seo seacht mbliana má éiríonn leat sna scrúduithe O-leibhéil nó cúig bliana má theipeann ort.
Anois is arís, bíonn tiománaí eile ar an bhus. Tráthnóna amháin, shocraigh gasúir éigin go mbeadh sé ina smaoineamh iontach fuaimeanna ainmhithe a dhéanamh ar an bhus le cur isteach ar an tiománaí ó Iúr Cinn Trá. Ní dhéanfadh siad a leithéid ar Gerry ná ar Tom. Bheadh sé sin róchóngarach don bhaile; ag cac ar do nead féin, a dúradh le Kenny. Tosaíonn na boic mhóra le fuaimeanna caorach:
‘Bááá, bááá, báááááá…’
Ansin, eallach: ‘Múúú, múúú, múúúúú…’
Agus eich: ‘Mrrr! Mrrr! Mrrrrr!’
Roimh i bhfad bhí feirm iomlán paisinéirí páirteach sa diabhlaíocht seo, na girseacha agus na gasúir is soineanta go fiú. Stop Oilí Dubh an bus gur amharc sé siar. Ciúnas iomlán. Ar aghaidh leis píosa eile agus thosaigh na caoirigh arís:
‘Bááá, bááá, báááááá…’
Na cearca ansin: ‘be-irc, be-irc, beirc beirc beirc….’
Agus moncaí: ‘Úúúú-ááááá úúúú-ááááá.’
An moncaí, caithfidh sé, a bhris a chuid foighde. Thiomáin Oilí Dubh an bus ar ais chuig áras na mbusanna agus dhiúltaigh sé na paisinéirí sotalacha seo a thabhairt slat níos faide. Bhí muid uilig i dtrioblóid ach ní thiocfadh le múinteoirí rud ar bith a chruthú mar bhí iomlán an bhus bainteach leis an eachtra idir chailíní agus ghasúir, mheasfá. Contráilte! Chuir Oilí iomlán an lochta ar Kenny mar chonaic sé eisean ag gáire agus ag baint suilt as an spraoi.
‘Ní mise a bhí ann, a mham, chóir a bheith achan duine eile ach … ach …… ní mise,’ a dúirt sé lena mháthair.
Bhí an-díomá ar a mháthair leis — trioblóid mar seo a tharraingt chun tí agus an aois a bhí aige ag dul don amaidí sin.
Deifríonn Ellen ar shiúl ón bhus gach tráthnóna. Bíonn athair s’aici ag fanacht léi le síob a thabhairt di sa tarracóir suas chun tí ar thaobh Shliabh gCuillinn. Bíonn náire ar Ellen faoin tarracóir. Tuigeann Kenny di. Tá trua aige di. Ba mhaith léi síob i gcarr, chan i dtarracóir. Ellen bhocht.
Ní bhuaileann duine ar bith an clog mar tá a fhios ag na tiománaithe gach stop. Is riail neamhscríofa í sin nach mbuaileann tú an clog le bus 42 a stopadh. Bíonn a fhios ag Gerry agus ag Tom.
Suíonn na daltaí ó na scoileanna éagsúla le chéile; gorm agus liath Choláiste Cholmáin, dubh agus liath Scoil na Mainistreach, dúghorm Scoil na Maighdine Muire agus glas an Chroí Ró-Naofa. Bíonn a gcuid gnáthéadaí féin ar scoláirí ón Choláiste Teicneolaíochta. Téann Ellen chuig an Choláiste Teicneolaíochta. In amanna bíonn deis ag Kenny aoibh an gháire a chur ina treo agus í ag teacht nó ag imeacht den bhus. Ní thugann sí faoi deara, leath den am. Lucht an Teic an chéad dream le tuirlingt den bhus ar maidin. Tosaíonn siad ag bailiú a gcuid giuirléidí le chéile agus an bus ag dul síos Cnoc an Ospidéil ar imeall an bhaile. Chaith Kenny cúpla oíche istigh san ospidéal sin le samhnas nach raibh ag imeacht. Tháinig cúpla cara ar cuairt chuige. D’ith siad a chuid fíonchaora; iad uilig. Níor oibrigh siad amach riamh cad é a bhí taobh thiar den tsamhnas sin. Bíonn sé air go fóill anois is arís.
Eisean an t-aon duine fásta ar an bhus anois, iad ag tiomáint síos an cnoc ar Bhóthar an tSeanmhuilinn i mBéal Feirste Thuaidh. Go tobann buaileann clocha taobh an bhus agus isteach leis na fuinneogaí de thuairt. Spréann cith gloine thart ar achan duine. Déanann coscáin scréach agus stopann an bus go grod. Tosaíonn na páistí ag béicigh agus tá cuid acu ag caoineadh. Tá fuil ar mhionghortuithe. Tá scanradh ceaptha ar na haghaidheanna. Buaileann aláraim na ndoirse éalaithe ar chúl an bhus go neamhchuidiúil.
Seasann Kenny suas ina chulaith liath, tiontaíonn sé thart agus amharcann síos an pasáiste ar na páistí.
‘Tá sibh ag dul a bheith ceart go leor, tá sibh ag dul a bheith ceart go leor, níl iontu ach maistíní. Tá sibh ag dul a bheith ceart go leor.’
Agus é ag scríobh na tuairisce faoin eachtra ag stáisiún na bpóilíní scríobhann sé an t-am agus an dáta, 02.09.11, 2.42 i.n.
Smaoiníonn sé ar an uimhir sin. 42, a aois féin.
Is as Crois Mhic Lionnáin in Ard Mhacha Theas Réamonn Ó Ciaráin ó dhúchas. Tá sé ina chónaí in Áth an Mhuilinn anois. Tá breis agus cúig bliana is fiche caite aige ag obair i ngort na Gaeilge i gCúige Uladh le Gael Linn. Agus spéis as cuimse aige sna scéalta ón Rúraíocht, tá trí leabhar foilsithe aige ar Chú Chulainn. Comhbhunaitheoir é de Flash Fiction Armagh.



Hello! Quick question that’s totally off topic. Do you know how to make your site mobile friendly? My blog looks weird when viewing from my iphone. I’m trying to find a theme or plugin that might be able to resolve this problem. If you have any recommendations, please share. With thanks!