Mo Dheirfiúr Maja
le Celia de Fréine
á léamh ag Áine Ní Dhíoraí
Achan mhaidin, sula músclaím, feicim os mo chomhair iad. Saintréithe beaga André. Mac mo dheirféar. Iad ag dul i léig. Ag éirí níos doiléire de réir mar a imíonn na seachtainí. Agus achan mhaidin leagaim amach plean don chuartú air. Ag roghnú cé iontu Áras na mBusanna, Stáisiún na Traenach, an t-ospidéal, nó Ceanncheathrú na Tarrthála a ndéanfaidh mé fiosruithe faoi.
Ar tús, chroch mé fógraí ar ráillí na n-institiúidí poiblí. Nó orthu siúd a bhí go fóill ina seasamh. Líníocht a bhí sna fógraí mar aon leis na focail: AN bhFACA TÚ AN GASÚR SEO? TÁ SÉ CEITHRE BLIANA d’AOIS. TÁ GRUAIG FHIONN AIR. SÚILE DONNA. ANDRÉ AN tAINM ATÁ AIR. Caolseans a bhí ann go bhfaca duine ar bith é agus, má chonaic, cén dóigh a ndéanfadh siad teagmháil liom? AR MHISTE É A CHUR IN IÚL DO NA hÚDARÁIS? a bhí scríofa ag bun na bhfógraí agus cé a chuirfeadh sonraí gasúir a bhí ar iarraidh in iúl do na húdaráis agus an oiread sin páistí ar iarraidh? Cérbh iad na húdaráis, ar scor ar bith? Anuas air sin, ní raibh maith ar bith ionam mar ealaíontóir. Ansin rith mé as gualach.
Níorbh í mo dheirfiúr nádúrtha í Maja. Uchtaíodh í na cianta ó shin, am a mbíodh achan rud in ord agus in eagar, agus cónaí orainn in árasáin néata i mblocanna arda. De réir mar a chuala mé, agus muid ag fás aníos, bhí Máthair agus Athair pósta ar feadh seacht mbliana gan aon chlann orthu. Lá amháin, gan choinne, tháinig Maja ar an láthair. Níorbh eol do dhuine ar bith cá has a dtáinig sí. Dar le Mamó, gurbh iad na sióga a d’fhág ar an tairseach í. D’áitigh na comharsana gur thréig teifeach ar a theitheadh ó chogadh i dtír eile ann í. Níor léir do cheachtar againn cad é ba chóir a chreidbheáil. Ar an chéad dul síos, níor thuig muid focail ar nós ‘teifeach’ nó ‘cogadh’. Ach ar shroichint na ndéaga di thug Maja leagan eile den scéal chun solais. Ní hé go raibh sise ábalta rud ar bith a bhain le sonraí thús a saoil a thabhairt chun cuimhne ach, toisc í a bheith seiftiúil, d’éirigh léi bocsa bróg cáipéisí a aimsiú faoi bhun na gclár urláir, a thug léargas ar na sonraí céanna.
Thart fán am sin, ba chosúil gur chuala Máthair agus Athair faoi thír ina raibh dílleachtlanna lán le girseacha beaga a tréigeadh iontu. Lena gcoigilteas saoil cheannaigh siad dhá thicéad traenach agus thaistil chuig an tír sin, áit a dtearn siad ar an dílleachtlann ba mhó inar roghnaigh siad an ghirseach ba ghleoite. Dar leo, thabharfadh siad an dara páiste leo dá mbeadh sé ar a n-acmhainn é sin a dhéanamh. A léitheoir, caithfidh gur ábhar iontais duit cén ról a bhí agam féin sa scéal. Le fírinne, réitigh an sonas a bhronn Maja bheag ar Mháthair an bealach domhsa agus laistigh de bhliain gineadh agus rugadh mé.
Toisc gur bhean chóir chráifeach í Máthair, nó gurbh é sin a thugadh sí le fios, bhíodh sé de nós aici gan idirdhealú a dhéanamh idir Maja agus mé féin. Ach lá amháin, tharraing Maja i leataobh mé agus dúirt liom, de shiosarnach:
‘Níl sé pioc féaráilte. Fuair tusa Pierrot poircealláin i do stoca don Nollaig agus ní bhfuair mise ach bábóg ghránna rubair.’
Níor chuimhin liom an Pierrot céanna. Suim dá laghad a bhí agam féin ina leithéid. B’fhearr liom leabhar a fháil, ceann le cló beag ina raibh na mílte focal brúite isteach ar achan leathanach le go nglacfadh sé seachtain orm, ar a laghad, treabhadh fríd.
Lá eile, agus an t-aicearra fríd an choill á ghabháil againn, bhain sí tuisle asam, agus sula raibh mé in ann éirí, shuigh sí ar scaradh gabhail orm, a lámh ar mo scornach, ag rá i gcogar:
‘Tá mé bréan de na scéalta úd a chluinstin.’
Ní raibh gléas orm freagra a thabhairt uirthi. Ar éigean a raibh mé in ann m’anáil a tharraingt.
‘Tuigeann tú na cinn atá i gceist agam,’ ar sí, ‘ina bhfágann an leasmháthair mhailíseach na dílleachtaí beaga sa choill. Is maith is eol daofa go bhfuil fuil ríoga ag sní trína gcuislí ach go bhfuil sé de dhualgas orthu fás aníos i mbothán an ghearrthóra adhmaid is a mhná. Mar an gcéanna liomsa é. Is fíor-bhanphrionsa mé agus tiocfaidh deireadh leis an chiapadh lá inteacht amach anseo.’
Cé nach raibh sé ar intinn agam an méid a tharla a roinnt le Máthair, a luaithe a bhí muid thar an tairseach isteach thug sí an clábar ar chúl mo chóta faoi deara. I ndiaidh di mé a phriocadh, is olagón a dhéanamh faoin damáiste don bhall éadaigh athláimhe a raibh a táilliúireacht déanta aici air le deireanaí, d’éirigh léi an scéal ina iomláine a stróic-eadh asam. Tharraing sí isteach a hanáil go dtí gur leath a polláirí agus, lena neart uilig, scréach sí ar Maja:
‘Tuige a bhfuil tú ag iarraidh a fháil amach cérbh í do mháthair nádúrtha?’
‘Níl uaim ach freagra,’ arsa Maja.
‘Nach bhfeiceann tú a bhfuil á dhéanamh agam ar do shon?’ a scréach Máthair. ‘Do mo mharú féin le achan sórt a bhronnadh ort. D’athair ag sclábhaíocht istigh ar urlár na monarchan ó mhaidin go hoíche. Agus is é seo an buíochas a ghabhann tú linn. Smaointigh ar cad a tharlódh duit murach gur tháinig muid ort.’
Bhí ciúnas le brath sa tseomra ar feadh dhá bhomaite nó mar sin fad is a chaith Máthair siar cupán uisce. Ansin luigh sí isteach ar a racht an athuair:
‘Léigh mé ar an pháipéar díreach an tseachtain seo caite faoi ghirseach a thaistil fud fad na tíre lena máthair nádúrtha a aimsiú agus, í aimsithe aici, dhún an bhean an doras ina haghaidh ag béicigh: “Níl mé ag iarraidh rud ar bith a chluinstin fá dtaobh díot, a shliocht an diabhail. Tuige, an dóigh leat, ar dhumpáil mé ar an chéad dul síos thú, is ar cheil mé an fhianaise chomh maith is a d’fhéadfainn?” Fág a bhfuil maith go leor faoi mar atá.’
Dá mbeadh Máthair ag súil go spreagfadh a leithéid de ráiteas Maja cloí leis na rialacha, a mhalairt de thoradh a bhí ar an scéal. Ba ghirseach spleodrach í cheana féin; anois ba reibiliúnach í. Cuireadh amach as an scoil í agus, ar shroichint aois na sé bliana déag di, d’fhógair sí go raibh sí le slí bheatha a bhaint amach ar an stáitse. Buille na tubaiste chomh fada is a bhain sé le Máthair ab ea an cinneadh sin. Ní raibh sí ábalta glacadh leis go mbeadh striapach á déanamh ag Maja di féin os comhair an domhain, ainm an teaghlaigh á tharraingt fríd an chlábar aici. Údar grinn domh féin an smaointiú céanna, agus, nuair a d’fhill Maja ar an árasán faoi lústar flústar is bhain a cuid giuirléidí as, lig mé osna faoisimh. Bhí mo shaol i ndiaidh éirí níos simplí: níor thóg duine ar bith mo chuid éadaigh ar iasacht; níor dhoirt duine ar bith Eau-de-Cologne ar mo leabhair. Bhí seilbh agam féin ar an tseomra leapa beag.
Bhain mé tairbhe as an aonaránacht le staidéar a dhéanamh. Roimh i bhfad fuair mé pas sna scrúduithe agus rinneadh múinteoir díom. An léitheoireacht, dul ar shiúlóidí fada, freastal ar cheolchoirmeacha am ar bith a mbeinn ábalta íoc astu, a bhíodh ina gcaithimh aimsire agam. Bhí mo shaol ag cur thar maoil, mé go hiomlán sona sásta ionam féin, diomaite d’fhadhb bheag amháin: na scéalta grinn a bhíodh á roinnt ag mo chomhoibrithe faoi Maja. Achan uair a luaigh duine acu a heachtraí in amharclann bheag chúlsráide, bhí sé ar bharr mo theanga a rá: ‘Níl gaol ar bith eadrainn, bíodh a fhios agat.’
Go fóill féin, choinnigh Maja uirthi ag dul ar cuairt ag Máthair. Díreach agus ise ag déanamh nach bhféadfadh cúrsaí éirí níos measa, thug Maja le fios go raibh sí torrach. Chuir Máthair iachall orm gan teagmháil a dhéanamh le Maja ná lena sliocht. Ach d’éirigh le Maja teachtaireacht a chur chugam am ar saolaíodh André agus, faoi mar a bheifeá ag súil, thug mé cuairt orthu beirt san ospidéal. Ba san ospidéal chéanna a chonaic mé den uair dheireanach í ceithre bliana ina dhiaidh sin.
Le linn na gceithre bliana sin, ba mhinic a chas mé le Maja agus André. Ba ghasúr cliste é a raibh cuma shuntasach air. Cé gur luaigh mé go raibh dath fionn ar a chuid gruaige, bhí luisne dhearg inti agus ní fíor go raibh dath donn ar a shúile — d’fhéadfadh siad iompú glas nó donn ag brath ar cén dóigh a raibh an solas ag lonrú orthu. Ní raibh sé pioc cosúil le Maja. Seans go dteachaidh sé lena athair.
Ó tharla an tubaiste, tá an scoil ina mbínn ag obair bánaithe. Na páistí imithe gan tásc ná tuairisc. Na blocanna árasán leagtha nó tréigthe. Máthair, Mamó is na comharsana imithe ar shlí na fírinne.
Oíche amháin agus mé ar mo theitheadh ó chnagarnach na mbuataisí míleata, chrom mé faoi cháismint i bhfothrach tí. Agus mé faoi dheifre, bhog mé painéal cruach a bhí ag clúdadh fuinneog bheag faoin cháismint. A luaithe a bhí na reibiliúnaithe imithe tharam, dhreap mé isteach in íoslach an fhothraigh. Istigh ann bhí sraith seomraí a d’úsáidtí le fíon a stóráil tráth. Sa cheann dheireanach, taobh thiar de phainéal cruach eile, tháinig mé ar mhála codlata, coinnle, bia i gcannaí. Mar a bhíodh duine inteacht ag campáil ann. An cóta deannaigh ag tabhairt le fios nach mbeadh an duine sin ag pilleadh.
Toisc an oiread scoileanna bánaithe, gan dé ná deatach ar na páistí a bhíodh iontu, is iomaí duine acu a bhíonn á lorg ag a mhuintir. De réir ráflaí, aistrítear go hionad tearmainn, nó campaí i gceantair iargúlta na páistí fánacha, faoi scáth na hoíche. Is féidir liom a shamhlú cad é a tharlaíonn daofa sna háiteacha úd, cé nach bhfuil mé ábalta focail a leagan air. Agus sin an tuige a mbíonn orm neamhaird a thabhairt ar an chuirfiú, le feiceáil an mbeadh André ina measc.
Bhí an t-ádh orm go dtí seo ach achan oíche bíonn faitíos orm nach mbeidh mé chomh hámharach céanna amach anseo. Anocht thug mé trí phatról faoi deara. Stua a solais chuardaigh ag feanlasadh na sráideanna agus foscadh á lorg agam. A gcallairí ag bladhradh i dteanga nár thuig duine ná deoraí. D’éirigh le achan duine de na strainséirí a casadh orm, a rith liom, a chuaigh ar a ghogaide i gcuideachta liom, an stua solais a sheachaint, áfach. Níor fhiafraigh muid dá chéile cé hé nó cad é a bhí á lorg againn. Agus cé gurbh eol domh gur gadaithe cuid acu is go raibh cuid eile acu ag obair mar striapacha, ní dhearna mé breithiúnas ar dhuine ar bith acu. I ndiaidh domh slán a fhágáil acu, faoi mar a tharla achan oíche go dtí seo, d’éirigh liom cor a thabhairt orthu siúd a bhí sa tóir orm agus filleadh ar mo bhrocais.
Chomh maith leis an chuartú ar André, glacaim le jabanna ó lá go lá. Le bia, nó le hairgead i gcomhair bídh, nó le rud inteacht a mhalartú ar bhia, a thuilleamh. Agus i ngeall air sin, is gá plé le daoine áirithe faoi mar is gá agus André á chuartú agam. Ach ní fios do dhuine ar bith cá háit a mbíonn mo thriall agus obair na hoíche curtha i gcrích agam.
I dtreo dheireadh na chéad seachtaine i ndiaidh don tubaiste tarlú, casadh orm cailín a mbíodh súilaithne agam uirthi. Í gléasta in éadaí suaracha gáifeacha. Gan í mórán níos óige ná mé. Roimh i bhfad bhíodh sé de nós aici fanacht liom achan mhaidin taobh leis an fhuarán thriomaithe. D’athraigh mé mo bhealach. Ag gabháil na gcúlbhóithre an mhaidin dár gcionn casadh orm fear a bhíodh i mbun obair chothabhála sa scoil.
Mo dhalta féin, tá claochlú tagtha air. É níos aclaí is níos tanaí ná cheana. In amanna, bronntar an tasc céanna orainn san Ionad Oibre, áit a gcuirtear ag spailpínteacht neach ar bith a thiontaíonn suas. Ag cuartú coirp nó maoin i measc na bhfothrach, nó an smionagar a ghlanadh de na bóithre an obair a bhíonn ar fáil go hiondúil. Caitheann seisean an tráthnóna ag seilg is ag siortú i gcomhair pluideanna is bídh daofa siúd a bhfuil faitíos orthu bogadh amach as cibé pluais nó brocais ina bhfuil cónaí orthu.
Baineann muid sult as ár gcomhluadar, as caint is comhrá lena chéile gan aon éileamh a dhéanamh ag ceachtar againn ar an duine eile. Laethanta áirithe tugann muid cuairt ar an chistin anraith agus ólann porainséar den leacht the ghlas a bhíonn á dháileadh ag na hoibrithe carthanachta. Imíonn laethanta eile nach gcastar ar a chéile muid. Tá ráite aige liom cá háit le teacht air san iamhchríoch cois abhann, má tá cúnamh uaim.
‘Tabhair gealltanas domh go mbreathnóidh tú i ndiaidh André,’ a d’impigh Maja orm.
Ag an am, bhí mé ag stróiceadh mionnaí móra. Gasúr ceithre bliana d’aois an rud deireanach a bhí uaim. Achan lá bhíodh orm breathnú i ndiaidh dhá scór daofa sa rang. Bhí mé ag iarraidh go mbeinn saor fá thráthnóna agus ag an deireadh seachtaine. Achan uair a raibh Maja i sáinn, bhíodh sí ag súil go nglanfadh duine eile suas ina diaidh. Ba é André an píosa deireanach i míreanna mearaí a saoil. Ach, í ag dul i léig, thosaigh mé á tuigbheáil.
‘Is tú mo dheirfiúr,’ ar sí. ‘Níl agam ach thú.’
Anois is arís chuirinn ceist faoi athair an ghasúir, mé ag súil go mb’fhéidir go raibh bean nó máthair aige a bhraithfeadh gaolmhar leis an leaid óg. Agus bheireadh sí greim ar mo lámh ag rá i gcogar:
‘Tabhair gealltanas domh. Tá mé ag iarraidh go mbeidh a fhios aige cé hé féin agus é ag fás aníos. Tá mé ag iarraidh go dtógfar mar chuid dár dteaghlach é. Go n-insí tú dó fúm. Agus faoin ghrá a bhí agam dó.’
Go doicheallach, rinne mé na socruithe cuí. Fuair mé árasán ar cíos. Bhuail mé isteach chuig áiléar Maja agus bhailigh mé giuirléidí André mar aon le cibé earraí tí a d’fhéadfadh a bheith úsáideach. Faoi mar a fuair mé amach, ba bheag an baol go bhféadfaí úsáid ar bith a bhaint as ceann ar bith acu. Bhí taipéisí balla aici gan aon línéadach leapa. Gloiní seaimpéin gan aon sáspain. D’eascain mé uirthi an athuair. Ag smaointiú ar na tráthnónta a mbeadh orm a chaitheamh sa bhaile i gcuideachta leis an ghasúr. Ar na siúlóidí a chaillfinn. Na ceolchoirmeacha. Na hamanta a mbeadh sé sínte leis an fhliú nó leis an deilgneach. Ar a laghad airgead a bheadh agam.
Ar deireadh, faoi mar a bhí socraithe, thug comharsa chun an ospidéil é. An teannas á bhrath aige, thosaigh sé ag pleidhcíocht is ag sleamhnú den leaba. Nuair a dhoirt sé gloine líomanáide ar an fhorchuilt bhán, arsa Maja: ‘Tóg leat anois é.’ An lá céanna síníodh na cáipéisí cuí.
Istoíche agus mé soiprithe i mo mhála codlata smaointím siar ar na laethanta a chaitheadh muid lena chéile; ar an dóigh a bhfanadh sé liom i gclós na scoile; ar an dóigh a siúladh muid abhaile, cuairt á thabhairt againn ar an leabharlann, nó ag stopadh ag an bhoth le haghaidh uachtar reoite ar ócáid speisialta. D’fhéadfainn a shaintréithe uilig a dhéanamh amach go soiléir tráth. San am i láthair, bíonn faitíos orm nach mbeidh sé ar mo chumas iad a thabhairt chun cuimhne amach anseo.
Anois is arís, sílim gur mhaith liom rún na laethanta úd a ligean le duine eile. Nó an tuairimíocht faoin toradh a d’fhéadfadh a bheith ar chúrsaí a roinnt leo. Amanna, smaointím ar mo chara fir. D’fhéadfainn cuireadh a thabhairt dó ar ais anseo. D’fhéadfadh muid luí le chéile is ár gcuimhní cinn a mhalartú. Ach dá ndéanfainn amhlaidh, seans go mbeadh orm brath air amach anseo. Agus cuireann an smaointiú sin ar crith mé.
Is file, drámadóir agus scríbhneoir scripte í Celia de Fréine a scríobhann i nGaeilge agus i mBéarla. Naoi gcnuasach filíochta atá foilsithe aici go dtí seo. Foilsíodh Ceannródaí, a beathaisnéis faoi Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh, in 2018 agus a scéinséir Cur i gCéill in 2019.
282
Mo Dheirfiúr Maja – Bláth na dTulach
login rgo303
Mo Dheirfiúr Maja – Bláth na dTulach
rgo303
Mo Dheirfiúr Maja – Bláth na dTulach
https://www.fiatinstrumentclusterrepair.co.uk/
Mo Dheirfiúr Maja – Bláth na dTulach
qqdewa daftar
Mo Dheirfiúr Maja – Bláth na dTulach