Imram
le Róise Ní Bhaoill
á léamh ag Caoimhe Ní Chonchoille
Ní raibh pingin rua i mo phóca agus mé ag deireadh mo chamchuairte. Bhí orm a dhul i muinín an bhus oíche agus cé nach raibh mé ag tnúth leis ar dhóigh amháin ná an dóigh eile, mheas mé go leanfadh an codladh an tuirse agus gur i mo chnap codlata a bheinn chomh luath agus a shuífinn siar. Ach codladh ní tháinig nó bhí a chuid cainte i mo chuid cluas go fóill.
Bhí cuntas caillte agam ar na daoine a rinne iarracht suí i mo bhun ó thosaigh mé ag taisteal agus nuair a shuigh seisean romham sa chaifé i stáisiún na mbus, mheas mé gur fear acu sin é. Shuigh mé siar uaidh agus bheir mé greim níos daingne ar mo mhála, mé ag súil leis an tseanlíodán thruacánta chéanna a mheallfadh pingin asam, ná le hachainí doshéanta a raibh faobhar maith curtha ag an chleachtadh uirthi.
Ní raibh mé ar mo shuaimhneas nó ní raibh a fhios agam cén cleas a bhí aige. Bhain mé leabhar as mo mhála a dhéanfadh crí de chineál éigin idir mé agus é. Shuigh seisean leis ansin, é ag déanamh neamhiontais domh agus a aghaidh leis an fhuinneog mar a bheadh sé ag amharc i bhfad uaidh. Rinne mise iarracht m’iúl a choinneáil ar mo chuid léitheoireachta, ach ní raibh maith domh ann, ní raibh mé ach ag pilleadh arís agus arís eile ar an alt amháin. Ba é sin mar a shuigh muid beirt fada go leor agus gan focal as ceachtar againn. Mheas mise nach dtiocfadh am mo bhus leath luath go leor. Ach thiontaigh sé i mo threo sa deireadh agus ba é sin an uair ar rith sruth cainte leis.
‘D’athraigh sé mar sin!’ a dúirt sé, agus smeach sé an dá mhéar ar a chéile. Rith na focla leis mar a scaoilfí as béal gunna iad. ‘Ní chreidfinn ó bhéal eile é, ach bhí mise mé féin ann. Chonaic mé teacht na bhfear sin nach raibh ár dteanga ar a dtoil acu. Chonaic mé teacht an dreama nach raibh de chumann eatarthu ach tréanas a gcreidimh. Bhí mé ann nuair a tháinig an slua a raibh a ngáir amuigh agus ar leor daofa na cúpla focal. Ach ansin,’ ar seisean agus é ag amharc orm, ‘ní minic an chumarsáid mar chomrádaí ag an lámh láidir.’
Bhí sé mar a bheadh eagla air stad, mar a bheadh eagla air dá gcuirfí bac air nach bhfaigheadh sé a chuid a rá. Bhí a chuid cainte chomh fuinte sin gur rith sé liom gur chleacht sé an méid a dúirt sé. Ba dhoiligh liom a rá an raibh fianaithe a chuaigh romhamsa, nó an ag baint macalla as a chloigeann uaigneach féin a bhí sé. Rinne sé gáire dóite ansin agus dúirt sé, ‘Bhí mise mé féin réasúnta i dtús ama. Ba é an ceann seachas an croí a labhair an uair sin,’ agus leag sé a mhéar ar a cheann agus a chroí faoi seach. ‘Roimh theacht bhruithnisc na mbratach, ba mé a ba ghlóraí in éadan úsáid na bhfocal gránna sin, “pláighe” agus “tuillte”, na focla céanna a chantar le mo leithéid féin inniu. Ach creid mise nuair a deirim gur fhóir an focal “pláighe”, nach raibh focal ní b’fhearr ná é.’ Chroith sé a cheann agus dúirt sé gurbh é an dúthruaighe é gur rith an phláighe sin ar a bhaile bán féin.
Luigh a chuid súl orm. Bhí déineas súite iontu ar dhoiligh liom coinneáil leo. Baineadh an chaint díom. Chuaigh seisean i mbearnas an tosta agus d’fhiafraigh sé díom cárbh as mé. D’inis mise dó agus rinne mé an achoimre sin a rinne mé go mion minic, cuid buanna na tíre, ár n-oidhreacht ghlórmhar, iad á múnlú agus á ngiorrú de réir mar a chonaic mé an ceo ar na súile ag an té a bhí romham. Ach cheistigh seisean mé agus chan le haineolas ná le bogthuigbheáil a rinneadh é. Níor thóg sé an gnoithe fá muid ‘tarraingt le chéile’ ná dearmad a dhéanamh ar ‘amaidí an chreidimh’, oiread agus dá mba é sin an réiteach ar an uile fhadhb. Níor thóg, nó níorbh ghá dó é, nó ba aigesean a bhí an tuigbheáil agus an cleachtadh ar nádúr na cumhachta leis sin.
Tháinig an méid a dúirt sé liom ar ais chugam ina mbabhtaí. ‘Tuigeann do leithéid dáimh áite,’ ar seisean, ‘chan an uile dhuine a thuigeann sin, is ionann acu cathair amháin agus cathair eile, saor- agus síorshiúltóirí an tsaoil.’ Thost sé buille agus ní raibh mise cinnte an ag spochadh asam nó mo mhóradh a bhí sé. ‘Tuigeann tusa nach ionann cuisle chuile chathair. Tuigeann tú an muintearas agus an cine, an dúghaol a shiúlann le ham agus le haimsir, an téad nach mbriseann. Shíl mise gur thuig mé sin fosta,’ a dúirt sé agus é ag méaradradh leis ar ghrabhar siúcra a luí ar an tábla roimhe.
‘Pillfidh tusa ar do bhaile féin agus is cuma cén siúl atá déanta agat, beidh do chroí in áit cónaithe aríst. Nach méanar duit é?’ ar seisean, ‘Cronaím uaim an baile. Is fánach na rudaí a thig chun cuimhne na laetha seo, na fir ina suí amuigh ar an Aoine ag cur agus ag cúiteamh, agus ag sú tobac, ná mná ag dul i mbun a ngnoithe i neamhchead d’aon duine. Mo chomharsain ag beannú domh agus stair mo mhuintire mar ungadh ag gach beannacht beo acu sin.’
D’amharc sé orm bomaite sular shín sé siar a cheann, caol a bhráide ar ais aige mar a bheadh sé á tairgbheáil don tsaol mhór. Mhothaigh mé a chumhaidh. Bhí sí crochta ina fallaing thais air. Bhí fonn orm lámh shólásach a leagan air, ach bhí eagla orm dá ndéanfainn go mbrisfinn an geas.
‘Bhuel,’ ar seisean sa deireadh, ‘Chan rún ar bith é. Tá ord úr i réim ar bhaile s’againne, ord a chuir an eagla go smúsach sna daoine. Creid mise, nach bréag ar bith é nuair a deirim go raibh bunadh an bhaile ag siúl thart mar a bhainfí néal astu, na cloigne crom acu, oiread is dá gcuirfeadh sin as radharc namhad iad. Nár dheas an rud é?’ ar seisean de gháire sceite agus lean sé air.
‘Is maith mo chuimhne ar an lá ar chuala mé an fógra ar na callairí,’ ar sé, ‘ar an ghléasra sin nár iompair ach glaoch chun urnaí roimh a dteacht, comhartha caoin ar chasadh an lae nach raibh bagairt ariamh ann. D’ordaigh guth borb dúinn a dhul chun na hotharlainne. Theann an croí i m’ucht nó bhí eolas agam ar an áit, a bhuíochas sin do na ruathair rialta ón aer.’ Thuairisc sé gur mharaigh ruathar acu sin a aintín, agus gur san otharlann sin a tháinig sé uirthi, agus í teannta i mbraillín gheal. ‘D’aithin mé ó na biolair fola a bhreac an gile sin gurbh é an srapnal a mharaigh í. Bhí sé mar a scríobhfadh duine inteacht scéal an áir ar a corp,’ ar seisean.
Bhí fonn orm a rá leis an uair sin nach le mo thoilse a tharla a leithéid, nár deineadh é i m’ainmse, ach níor labhair mé, nó tuigeadh domh gur braon i bhfarraige é, nár leor é, gur rabharta a bhí uainn. Lean seisean leis ag caint. Dúirt sé go raibh lucht na bhféasóg rompu san otharlann an lá sin fosta, gur threoraigh gob a ngunnaí isteach i seomra iad, áit a raibh na mairbh caite suas ar tháblaí agus ar thralaithe gan urraim ná cúram.
‘Chuaigh muid ó dhuine go duine gan focal a rá,’ ar seisean. ‘Ar ámharaí an tsaoil, mheasfá gur scuaine páistí scoile muid ag triall ar ár lón. Bhog muid linn agus gan de thuar ann gur aithin fear duine de na mairbh, ach snag beag anois agus aríst inár ngluaiseacht, nó bhí ciall cheannaithe againn anois agus thuig muid cár luigh ár leas.’
Stad sé tamall ansin agus bhain sé ciarsúr as a phóca. Chuimil sé an t-éadan aige féin agus shuigh sé siar isteach sa chathaoir, é ag úthairt leis ar ruball an chiarsúir.
‘Chonaic mise uaim cloigeann ciardhubh mo charad,’ a dúirt sé. ‘Chonaic mé an peann ina phóca brollaigh mar a bhíodh i gcónaí, ach go raibh an dúch anois ag bláthú ar a ucht. Chonaic mé na súile sin a bhí lán meidhir agus fiosrachta lá agus iad anois marbh ina cheann. Chonaic mé an poll gágach os cionn na cluaise aige agus shiúil mé liom. An dtuigeann tú?’ ar seisean agus é ag amharc idir an dá shúil orm, ‘Shiúil mise liom.’
Agus cé go raibh sé ag dúil liom labhairt, bhí mo bhéal ramhar agus focal níor labhair mé. Ní raibh a fhios agam an milleán nó maithiúnas a bhí uaidh.
‘Mothaím sin anseo go fóill,’ ar seisean agus buaileann sé a ucht lena dhorn mar a bheadh sé ag déanamh gníomh dóláis. Mheas mé, agus mé ag amharc air, go raibh sé ar ais sa tseomra sin a bhí trom le boladh na fola, gur mhothaigh sé ar a theangaidh é, gur chigil sé cúl an sceadamáin aige. Lean sé leis ag trácht ar an lá sin agus níor mheas mé dá ndéanfainn iarracht go bhféadfainn bac a chur air.
‘Bhí an choimhlint ag riastradh sna putógaí againn, an choimhlint sin idir do dhuine féin a aithint agus tú féin a chosaint, an choimhlint idir an domhan mar atá agus an cur i gcéill. Fágadh muid sa riocht is nach raibh de rogha againn ach imeacht linn agus an straidhn feirge a bhí ag brúchtaigh inár lár a shlogadh d’alp. Sin agat margadh bradach na beatha,’ ar seisean go lom.
Dúirt sé nár labhair sé ar an eachtra ina láthair oibre nó gur riar an eagla a iompar, gur chaith sé an t-éideadh a bhí ón réimeas úr, a chuid brístí go díreach os cionn na murnán aige, a fhéasóg ag sileadh lena ucht. Ghoill sin go lár air, ach mhothaigh sé go raibh a chosaint san iompar sin.
Chuaigh a dhá lámh i dtreo a chuid súl agus luigh barr na méar ar na mogaill mar bheadh sé ag coinneáil rud inteacht istigh. Sa deireadh, thóg sé na lámha gur fháisc sé ina chéile faoina smigead iad. Ba é sin an uair ar fhiafraigh sé díom an raibh mo mháthair beo? Bhain sé de mo léim mé, nó cé go raibh, bhí sí ag éileamh agus bhí a fhios agam gur cheart domh a dhul ar cuairt chuici níos minice.
‘Tá mo mháthair féin lán cuideachta,’ a dúirt sé agus taibhse de gháire ar a bhéal. ‘Ar chúis inteacht, bím ag smaointiú go minic anois ar a seomra fuála, áit a bhíodh ag ceol le gáirí geala ban tráth den tsaol, seomra a rinne crí leis an gharraí inmheánach i dtigh s’againne. Ar thaobh amháin den tseomra, bhí tábla fada ar a leagfadh sí amach boltaí éadaigh. Lena thaobh sin, bhí bocsa galánta adhmaid ar a raibh sé dhrár, gach ceann acu ag broidearnaigh le seodra agus cnaipí a dhéanfadh maisiú ar chultacha ban. Nuair a bhí mé óg agus soineanta, féadaim a rá, bhraith mé agus mé ag amharc orthu ag faiteadh is ag lonrú, gurbh iad mo thaisce beag féin iad.’ Dúirt sé nach n-iarrfadh sé athrach ach suí agus amharc uirthi i mbun oibre, a cuid méar caol cumtha ag cur gach rud in ord, dathanna na mboltaí leagtha amach aici mar a bheadh tuar ceatha ann.
‘Agus shiúlfainn féin fad an tábla sin,’ ar seisean. ‘Mé ag méaradradh ar an éadach go ndéarfadh mo mháthair, “Tá súil agam go bhfuil na lámha sin glan, a mhic?” sula gcuirfeadh sí an ruaig orm le haoibh.’
Thrácht sé ar an dóigh a n-ólfadh na mná tae, iad ag ithe greimeannaí beaga agus ag comhrá a fhad agus a scaoilfeadh a mháthair cúpla slat as gach bolta éadaí go ndéanfadh bean inteacht a rogha. Bhí leabhar beag aici ina raibh miosúir, cuntas ar an dóigh ar shín nó ar chnap gach bean acu ón óige sheang go dtí an aois sheargtha. ‘Nuair a bheadh culaith réidh,’ a dúirt sé, ‘Chrochfaí i seomra na fuála é go bpillfeadh bean le toirt is brí a chur i ndéantús mo mháthara. Dá bhfeicfeadh na mná mé agus iad ag fágáil an tí i ndiaidh cuairte, bheirfeadh siad greim pluice orm agus chuirfeadh siad bonn i gcroí mo bhoise, ag rá gur dhraoi í mo mháthair. Bíodh a fhios agat go raibh mé leath i ngrá leo uilig,’ ar seisean agus é ag cuimilt a phluice.
Dúirt sé nárbh ionann an saol acu anois, go raibh sé mar bheadh an mheánaois sa mhullach orthu. ‘Maireann muid i saol ina ndéantar namhaid do dhuine ar iompú boise,’ ar seisean. ‘Nach bhfaca tú an chreach a rinneadh agus tú i do shuí ar do shócúl os comhair na teilifíse. B’fhéidir gur mhill sé an goile agat agus dhá b’fhéidir déag nár mhill, ach ba é an saol agamsa é ar feadh fada go leor. Ach, ar ndóigh, ní fhaca tusa a leath. Ní fhaca tú an corp gan cholann. Níor chuala tú an fhuaim a ghní fear nuair a bhaintear an lámh de, ná an sceon i súil mná sula ligtear cith cloch anuas uirthi. Chuaigh sé go log an ghoile againn. Fágadh muid sa dóigh is nach raibh ar ár n-iúl ach mairstean. Ba bhocht an saol é nuair nárbh fhéidir le fear a dhul i muinín an fhocail labhartha, gurbh ghá dó a dhul faoi chraiceann an fhocail leis an ní nár dúradh a aithint.’
Dúirt sé gur shíl sé go n-éireodh na daoine ina gcoinne, ach gurbh é an fhírinne é go raibh fir ar a aithne a chuaigh leo, fir a sheas leis roimhe seo ag agóid in éadan an Stáit, fir a thug le tuigbheáil dó nach ag soiscéalacht ar an uaigneas a bhí sé. ‘Chonaic mé iad ag siúl na sráide,’ ar seisean agus samhnas air, ‘iad séidte ag an stádas úr seo a bronnadh orthu. Mheas siad go raibh ómós na ndaoine a thuilleamh acu, ach ba é an imeagla a ghin é. Bhí an deilín amháin againn uilig san am, “Tiocfaidh lá a mbreithiúnais,” a déarfadh muid. “Amach anseo,” a déarfadh muid.’
Cé gur fhulaing siad an uile tharcaisne, d’inis sé domh gur chas an saol leis agus nach raibh sé de shó acu aird a chur sa rud a bhí iontach a thuilleadh. Dúirt sé go raibh tírdhreach a óige slogtha ag an áir agus nach raibh an bhrí iontu a chanstan chun beatha a thuilleadh, nár cuireadh iontas san fhoirgneamh mhantach, sna slodáin san áit ar sceith píopaí uisce, sna cáblaí ag lúbarnaigh agus drithleoga tintrí ar a ngob acu.
‘Is cuimhin liom an oíche dheireanach sin,’ a deir sé. ‘Chím go fóill an ghrian agus í méadaithe ag ceo an bhuamála, í ag déanamh a bealaigh righin réidh go hír na spéire, mar bheadh meall mór fola ann.’
Bhog mé féin ar mo chathaoir, ach arís, ní raibh a fhios agam cad é a déarfainn. Ba dhoiligh tuigbheáil cén dóigh a mairfeadh duine sa tsaol sin ina raibh an inchinn síor-fhaireach agus é ina rith ar a thréandícheall mairstean lá eile.
‘Nuair a thagaim chun an bhaile,’ a deir sé, ‘ní amharcann na mná i mo threo, ach ní cheileann a bhfuadar an faoiseamh atá orthu gur mhair mise lá eile. Tá mo chuid páistí ar an urlár agus iad ag imirt le páipéar agus bocsa criáin daite. Téim ar mo ghlúine agus chím go bhfuil an páipéar breac le pictiúireacha, agus iad trom leis an dath dubh agus dearg. Is beag nach scoilteann an croí i m’ucht, agus bheir sé dá bhfuil d’urradh i mo chorp gan beirstean ar na pictiúireacha sin agus iad a sháthadh siar i gcraos na teineadh. Ach tá sé ag téarnamh ar am luí agus ní dhéanaim ach an ghruaig a gharbhadh acu agus iad a mholadh. Druideann siad a dhá súil agus éiríonn na guailneacha acu bomaite le tréan pléisiúir.’
Nuair a d’fhoscail sé a chuid súl féin arís, labhair sé. ‘Bhí mé ceapaithe i saol seallóg agus bogbhréag anois. D’éirigh idir mé agus mo bhean, an bhean sin a raibh mé chomh doirte sin daoithe. Chuir mé an oiread sin rudaí ina leith,’ ar seisean agus a cheann á chroitheadh aige. ‘Bhí mé ramhar sa réasún agus géar sa teangaidh. Ba agamsa a bhí an ceart. Ba agam a bhí an chiall. Chaill mé foighid léithe, leis an dóigh ar fhulaing sí an saol seo mar bheadh sé dlite ag Dia dúinn. Ach ansin, cé a dhéanfadh breithiúnas uirthi? Nár chuala sí fá na smuglálaithe, fá na daoine a cailleadh ar farraige, fá thíortha bogásacha na hEorpa nach raibh iarraidh orainn iontu. Ní raibh gar domh a bheith ag caint léithe. Ní raibh bogadh le déanamh uirthi. Bhí scáil imní ar na súile sin a gcaillfí fear iontu tráth.’
Shuigh sé siar sa chathaoir agus é ag amharc síos ar a chuid lámh. ‘Rinne mé mo chuid socruithe ar an tsuaimh-neas,’ ar seisean. ‘Rinne mé an t-imram baothdhána a rinne go leor chomh maith liom. Chaith mé an phingin dheireanach agus b’éigean domh a dhul i muinín fear nárbh fhiú faic an focal ina bpluc, fir a chuir in iúl domh gurbh fhearr teitheadh maith ná drochsheasamh, gurbh fhearr éalú ná a bheith ag faire an bháis. Bhí mé ar crith i mo chraiceann agus ba é an t-iontas é gur mhair mé. Ní mian liom an scéal a righniú, tá do sháith cluinste agat fána leithéid leis seo. Má tá íomhá a tharraing suntas, chonaic tú é chomh maith le duine, an corp beag báite i mbaclainn garda mar a bheadh Pieta leathbhruite ann. Thuill sin aird. Tamalt,’ ar seisean. ‘Ach an cuimhin leat a ainm anois?’ agus d’amharc sé amach as faoina chuid súl orm.
Ba leasc liom admháil nach raibh barúil agam. Ba náir liom gur dóiche gur mheas seisean gur ag innilt ar pholaitíocht an uafáis ná ag gliúcaíocht ar thurasóireacht an bhochtanais a bhí mo leithéidse, nach raibh uainn ach scéal le breith chun an bhaile linn le haithris os cionn pionta.
‘Is mairg liom nach bhfuil mé chomh bodhar agus a bhí mé ag an chogadh tráth, sa dóigh is gurbh fhéidir liom saol seo na saoirse a fhuilstean,’ ar seisean agus thóg sé a cheann agus leag sé na súile stánaithe sin orm.
‘Bhfuil a fhios agat gur éirigh mise mar a bheadh gadaí i lár na hoíche ann. D’éirigh mé, agus d’éalaigh mé, agus ní thug mé liom iad.’ Chíonn sé go bhfuil seasamh i mo chuid súl agus b’fhéidir gurbh é sin a bhí uaidh, a náire a ligean leis an strainséir. Nuair a labharann sé arís, tá crith beag ina ghlór. ‘Tá tú á mhuirliú anois,’ ar sé, ‘ag rá leat féin an bua nó téip é, caithréim nó cailliúint?’ Ach brisimse an geas nó beireann sé orm ag seall amhairc ar m’uaireadóir. Ar an toirt, tá sé ina sheasamh agus cé go bhfuil am imeachta buailte liomsa, cuirim fiche scrios orm féin. Tá a dhroim liom anois, ach measaim gur chuala mé é ag rá de bhog-chogar, ‘Nach sin í an cheist?’ sular éalaigh sé leis amach faoin ghealach gheal sin nach raibh teitheadh uaithi.
Is as Rann na Feirste Róise Ní Bhaoill ó dhúchas agus a saol oibre caite aici i mBéal Feirste. Tá eagar curtha aici ar chnuasaigh éagsúla aistí, ar ábhar béaloidis agus ealaíon. Is údar í ar ábhar foghlama do dhaoine fásta agus do pháistí. Tá bailiúchán gearrscéalta agus filíochta idir lámha aici faoi láthair.
[…] Léigh scéal eile: Imram […]
[…] Léigh scéal eile: Imram […]
sklep
Imram – Bláth na dTulach
E-Commerce
Imram – Bláth na dTulach
ecommerce
Imram – Bláth na dTulach
sklep online
Imram – Bláth na dTulach
najlepszy sklep
Imram – Bláth na dTulach
sklep internetowy
Imram – Bláth na dTulach
cute baddie winter outfits
Imram – Bláth na dTulach
canned onions where to buy
Imram – Bláth na dTulach
best card for business travel
Imram – Bláth na dTulach
donald trump shot drink
Imram – Bláth na dTulach
car crash videos 2016
Imram – Bláth na dTulach
cursed mouse images
Imram – Bláth na dTulach
brick convention discount code
Imram – Bláth na dTulach
迷惑メールを開封したらバレる?
Imram – Bláth na dTulach
la fattoria degli animali ostia
Imram – Bláth na dTulach
what happened in the babington plot?
Imram – Bláth na dTulach
how to tell if a company is legit?
Imram – Bláth na dTulach
kemenangan signature harga
Imram – Bláth na dTulach
how far is woodbury mn from me
Imram – Bláth na dTulach
non-anonymous synonym
Imram – Bláth na dTulach
casino games list
Imram – Bláth na dTulach
memek basah dice:
Imram – Bláth na dTulach
may 30 2024 holiday
Imram – Bláth na dTulach
best travel card to use in japan
Imram – Bláth na dTulach
japan tour travel agency
Imram – Bláth na dTulach
japan anime travel guide
Imram – Bláth na dTulach
where to travel in japan in november
Imram – Bláth na dTulach
travel wifi japan
Imram – Bláth na dTulach
can malaysia travel to japan now
Imram – Bláth na dTulach
map travel japan
Imram – Bláth na dTulach
riviera travel japan reviews
Imram – Bláth na dTulach
japan travel insurance
Imram – Bláth na dTulach
best walking shoes for travel in japan
Imram – Bláth na dTulach
is it hard to travel in japan
Imram – Bláth na dTulach
international travel japan 2021
Imram – Bláth na dTulach
when can i travel to japan from uk
Imram – Bláth na dTulach