An Rud Atá
i nDán Duit
le MÁIRE BURNS
á léamh ag Brian Ó Fearraigh
Scéal thar a bheith tráthúil agus réadúil é seo le Máire Burns ina nochtar an t-uaigneas agus an eagla a mhothaigh go leor daoine i rith na paindéime. Ach in ainneoin na himní, cuidíonn an phríomhcharachtair sa scéal seo linn an gáire agus blaisín maith den áiféis a aimsiú sa domhan úr ina maireann muid. Arna léamh ag an tAthair Brian Ó Fearraigh agus curtha i láthair ag Réaltán Ní Leannáin.
‘Cha dtig liom a dhath a fheiceáil,’ arsa Máire, ag síneadh a cinn i dtreo na haltóra, áit a raibh a seanchara sínte sa chónra. Bhain sí di na gloiní agus ghlan le héadach iad.
Chuir sí sonrú sa dóigh a raibh achan duine sa tséipéal spréite amach, á gcoinneáil féin scartha go maith óna chéile. Cha raibh istigh ach caoga, an sagart san áireamh. Í féin agus Róise an t-aon bheirt a bhí sa tsuíochán. Cha raibh duine ar bith ina sheasamh taobh thiar díobh, idir iad féin agus na doirse. Char aithin Máire duine ar bith. Le fírinne, cha raibh sí ábalta aon duine a fheiceáil mar ba cheart. Bhí ceo ar a cuid gloiní arís mar gheall ar an mhasc a chlúdaigh a béal agus a gaosán. Rinne sí iarracht análú síos i dtreo a muiníl. Bhí sé anásta go leor aici sin a dhéanamh. Faoi mar a bheifeá ag seinm óbó, a shíl sí. Á á, bhí sin rud beag níos fearr anois—char mhair sin i bhfad áfach. Chuir sí a méara ag bun an mhaisc lena tharraingt amach rud beag óna smigead.
‘Ná tóg an masc sin. Coinnigh ort é. Cosnóidh sé thú,’ arsa Róise go giorraisc léi. ‘Tá neart aeir ag teacht isteach trí na doirse sin cá bith. Beidh tú i gceart.’
Cha raibh de rogha ag Máire ach na gloiní a bhaint di agus análú suas i dtreo a cuid súl. Lig sí osna. Cad é mar a thiocfadh léi súil a choinneáil ar a raibh ar siúl sa teach pobail agus í chomh dall le sciathán leathair gan na gloiní!
Tháinig strainséir isteach ar dhoras theach an phobail agus thóg an téad a bhí mar chosc ar dhul isteach sa tsuíochán go díreach os a gcomhair amach. Tharraing Róise siar le teann uafáis agus labhair amach gos ard.
‘Mo leithscéal, a dhuine uasail. Ná déan sin. Níl cead suí ansin mar gheall ar an ghalar. Sin an tuige a bhfuil an téad sin ann.’
D’fhág an strainséir an téad mar a raibh sí agus d’imigh leis ar lorg áit suí i gcúinne eile den tséipéal. Lean súile na ndeirfiúracha é. Fuair sé an freagra céanna cúpla uair níos faide istigh nuair a d’fhéach sé an cleas céanna. D’amharc an bheirt deirfiúracha go feasach ar a chéile agus sméid a gceann.
‘Bhain sin an teasbhach de,’ arsa Róise. ‘Níl cotadh ar bith sa duine sin.’
‘Mise nár fhág an teach le cúig mhí anuas agus chuirfeadh amadán mar sin i mbaol mé ar mhaithe le suíochán a fháil,’ arsa Máire go crosta.
‘Ní bhíonn daoine ag smaointiú,’ a d’fhreagair a deirfiúr go brónach, ag croitheadh a cinn. ‘Níl duine ar bith againn cleachta leis an tsaol úr seo agus na rialacha a gcaithfidh muid cloí leo. Ar an drochuair tá daoine ann fosta a chreideann nach ann don víreas ar chor ar bith. Deir siadsan nach bhfuil ann ach droch-fliú.’
D’éirigh siad beirt don tSoiscéal.
‘An bhfuil Seán anseo? Níl dul agam é a aimsiú.’ Bhí na gloiní ar Mháire arís agus í ag síneadh a muiníl ag iarraidh an bhaintreach fir a fheiceáil.
‘Tá cinnte. Sin é thuas sa tsuíochán tosaigh. Tá culaith dhúghorm air. Tá sé sa tsuíochán leis féin. Níl duine ná deoraí ar na gaobhair aige.’
‘Nach é an díol trua é a bheith fágtha ina aonar anois agus Bríd bhocht ar shlí na fírinne,’ arsa Máire.
‘Is trua an toisc air é agus gan clann ar bith acu. Níl a fhios agam cad é dhéanfaidh sé ina héagmais—’ arsa a deirfiúr.
Bhain Máire croitheadh beag as a guaillí agus dúirt gos íseal, ‘M’anam go mbeidh sé ar an ghalfchúrsa óna seacht achan mhaidin amach anseo. Beidh sé ag iarraidh cúiteamh a dhéanamh ar an am a chaill sé agus cúram Bhríde air.’
Bhain an greann dóite gáire astu beirt.
Lean sí lena cuid cainte.
‘Bheadh Bríd féin sásta leis sin. Ba ghnách léi a rá i dtólamh gur sin an t-am den lá ab fhearr léi — Seán amuigh ag imirt gailf agus suaimhneas an tí aicise. An créatúr, tá a sháith gailf roimhe anois.’
‘Tá, bhal. Bhí sé riamh maith di ar a dhóigh féin. Go háirithe ó tháinig an néaltrú uirthi,’ a d’fhreagair Róise.
D’éist an bheirt bhan go cúramach le caint an tsagairt i ndiaidh an tSoiscéil. Labhair sé go caoin faoi Bhríd. Luaigh sé na gníomhartha maithe a rinne sí ó tháinig ann di. Ba léir gurbh é Seán a thug an liosta dó. Cha raibh a oiread buanna ag bean ar bith is a bhí ag Bríd. D’amharc Máire thart timpeall ar an phobal le fáil amach an raibh an oiread céanna iontais orthusan is a bhí uirthi féin. Cha dtiocfadh léi a dhath a fheiceáil mar bhí masc ar achan duine. Choinnigh sí greim ar an tsiotgháire a bhí ag éirí aníos ina goile. Bhí an sagart ag gabháil leis. Bean tí iontach, bean fuála agus cniotála den chéad scoith, bean chráifeach a deireadh cúpla paidrín sa lá—achan lá. Anois a chonaic Máire guaillí a deirféar ag croitheadh. Dóbair gur bhris an gáire ar Róise bhocht agus lena haird a tharraingt den gháire, bhain sí ciarsúr páipéir as a póca lena gaosán a shéideadh. Ansin, nuair a d’aithin sí go raibh an masc ar a haghaidh ag clúdach a gaosáin, rinne sí casacht den gháire a bhris amach uirthi.
‘Dar Dia! Bean mhaith tí?’ ar sise faoi iontas. ‘Ba é cúram an tí an dúil ab fhaide siar ar a coigeal ag Bríd. Cur amú ama a deireadh sí. Dhéanadh sí a laghad de agus a thiocfadh léi. Bhí a fhios sin ag an tsaol mhór.’
Na deora móra a bhí ag sileadh leo síos ar an mhasc, char dheora bróin iad ach deora gáire.
‘Ar mhothaigh tusa iomrá riamh uirthi i mbun fuála? Cha dtiocfadh léi snáithe a chur i snáthaid.’
‘Chan amháin sin! Ní aithneodh sí an difear idir lúb shleamhain agus lúb rigín,’ a d’fhreagair Máire. ‘Nár chuma i ndeireadh na dála. Chreid Seán riamh gur ar a ceannsa a d’éirigh is a chuaigh an ghrian faoi. Bhí sé báite inti. Bhí saol fada sona le chéile acu.’
Bhí an sagart ag cur tús leis an Ofráil. É féin a léigh guí an phobail agus char tugadh féiríní suas chuig an altóir. Shíl Máire gur Aifreann cineál saoithiúil a bhí ann. Ba mhaith an rud gur sa chónra a bhí Bríd. Bhí sí spleodrach croíúil riamh. Ní shásódh seo í.
Tráthnóna Aoine a fuair Máire an scairt ghutháin ó Sheán. D’aithin sí a ghlór ar an bhomaite gídh go raibh deich mbliana ann ó labhair siad roimhe. Cad é mar a chaill sí teagmháil leo? Ó thosaigh an aois ag teannadh orthu uilig, is dóiche. Ba le Bríd a labhraíodh sí ar an fhón ó am go chéile agus chuiridís cártaí um Nollaig. Chuimhnigh sí gur shínigh Seán cárta na bliana seo caite. Bríd a dhéanadh sin de ghnáth. Chuala Máire ina dhiaidh sin gur tháinig an néaltrú ar Bhríd. Is dóiche gurbh é sin a ba chúis leis an chaint shaoithiúil a bhí aici an t-am deireanach a labhair siad. Thuig sí láithreach nuair a chuala sí glór Sheáin go raibh Bríd marbh. Níor ghá dó é a rá.
‘Ó, a Mháire, Bríd bhocht—’
‘Ó, tá mé millteanach buartha, a Sheáin. Cá huair…?’
‘Maidin inniu. Bhí mé ina cuideachta ag rá an phaidrín di nuair a shíothlaigh sí.’ Bhris an caoineadh air.
Ní bhfuair Máire freagra ar chuid de na ceisteanna a chuir sí air. Ba chuma. Bhí sé ní ba mhó ná sásta labhairt ar a ghrá geal. Dúirt sé go raibh an néaltrú ar Bhríd.
‘Láimhseáil mé go maith í agus bhí ag éirí go maith linn sa bhaile. Bhí sí ar a suaimhneas ina baile féin. Tháinig mná isteach le cuidiú liom aire a thabhairt di. D’aithin sí chuig an deireadh mé—’
‘Fuair tú bean mhaith nuair a fuair tú Bríd. Is cuimhin liom féin an bheirt agaibh ag cuartaíocht tigh s’againne nuair a bhí mé ag fás aníos. Bhí sí riamh gealgháireach agus b’aoibhinn linn bhur dteacht chun tí. Ba ghnách léi féin agus le Mamaí a sáith suilt a bhaint as na scéalta a d’inis tú dúinn inár bpáistí. Bhí sibh maith dúinn.’
Cha raibh Máire cinnte ar chuala sé í. B’fhéidir go raibh sé ag éirí bodhar. Bhí sé dírithe ar Bhríd sna seachtainí deireanacha sin.
‘Tháinig tálach ar a lámha agus eanglach agus oighreach ar a cosa. Rud thar a bheith nimhneach a bhí ag dul in olcas.’ Shéid sé a ghaosán.
‘Coicís ó shin, cha raibh sí in ann an phian a fhulaingt ní ba mhó. Tugadh chuig an otharlann i mBéal Feirste í. Bhí cuma ar an scéal go raibh na cógaisí ag déanamh maitheasa di. Shíl muid go mbeadh sí sa bhaile i gcionn seachtaine nó dhó.’
Chuala Máire an snag ina ghlór sula dtáinig an racht caointe arís air. Shamhlaigh sí na deora goirt ag rith le súile an tseanfhir agus bhíog an trua a croí istigh. Bhí Seán i mbun cainte go fóill faoi mar ba chineál leighis ar an bhrón é an comhrá.
‘Tháinig niúmóine uirthi i ndiaidh di bheith seachtain istigh. Cha dtiocfadh leo sin a leigheas. Rinne siad a seacht ndícheall ach bhí sí rólag.’
Nuair a chuir Máire ceist cén aois a bhí Bríd, dúirt sé léi go raibh sí an aois chéanna leis féin. Ochtó a hocht.
‘Cha dtig linn bheith ag gearán. Bhí saol fada suáilceach againn beirt le chéile,’ ar seisean. ‘Beidh muid seachtó bliain pósta i mí Mheán Fómhair.’
B’fhíor dó. Is iomaí uair a chuala Máire a máthair féin ag tagairt don bhainis adaí. Ócáid mhór a chaill sí féin mar saolaíodh Máire i dtrátha an ama sin. Nuair a rinne Seán trácht ar an chairdeas a bhí idir an dá chlann, tháinig cuimhní deasa a hóige ar ais ina rabharta uirthi.
‘Beidh tú ar an tórramh. Beidh sé ann Dé Céadaoin ar a deich. Cha dtig linn a dhath a eagrú ina dhiaidh mar gheall ar an diabhal Covid-19 seo. Tá an sagart paróiste ar lorg ainmneacha agus sonraí teagmhála d’achan duine atá ag teacht — riail na deoise anois.’
Ní raibh de mhisneach ag Máire a rá leis go raibh sí féin ag clutharú agus nár fhág sí an teach le roinnt míonna. Ar an toirt chinn sí gur cheart di dul ar an tórramh. Nár maolaíodh rialacha na dianghlasála ar na mallaibh? Bheadh masc uirthi agus leacht díghalraithe léi. Bhí sí cinnte go mbeadh scaradh sóisialta i bhfeidhm ar a leithéid d’ócáid. Bhí a fhios aici nach mbeadh an chlann sásta léi. Ach bhí sí bréan de bheith cuachta istigh sa teach, gan de chuideachta aici ach a céile. Ní raibh ceachtar acu an seachtó go fóill i ndeireadh na dála.
Chuir monabhar an phobail deireadh lena cuid taibhrimh. ‘Is tríd, agus leis, agus ann a thugtar gach onóir agus glóir duitse—’ Dúirt sí na focail i gcuideachta an phobail agus d’éirigh ina seasamh don ‘Ár nAthair’.
An Chomaoineach! Cad é ba chóir di a dhéanamh? Níor mhaith léi dul róchóngarach do dhuine ar bith eile. Cad é mar a dhéanfaidís é? An mbeadh ar an phobal i láthair dul suas chun na haltóra mar a ba ghnách leo a dhéanamh roimh ré an ghalair? Cha rachadh sí. Róchontúirteach. In ainneoin a daille, chonaic sí an sagart ag cur masc air féin agus ag teacht anuas i dtreo an phobail. Nuair a tháinig sé ní ba chóngaraí, ba léir di go raibh an chailís ina láimh aige agus scáthlán plaisteach gléigeal ar a ghnúis ar bharr an mhaisc. Chroith sí a ceann nuair a rinne sé le theacht ina treo. Níor ghlac Róise Comaoineach ach oiread.
B’aisteach léi an chuma a bhí ar an tsagart, na maisc chosanta air mar aon lena éide. Cé a chreidfeadh thú dá n-abrófá leo anuraidh gur mar seo a bheadh i mbliana? Chuimhnigh sí ar na grianghraif a chonaic sí ar an idirlíon de na dochtúirí plá san Eoraip sna céadta seo caite. Shílfeá gur préacháin a bhí iontu agus na maisc ghránna ghobacha sin orthu mar chosaint. Tháinig crith beag uirthi. Thug sí faoi deara ansin nach raibh duine ar bith eile ag cur sonrú ann. ‘Is dóiche go bhfuil daoine cleachta le bheith amuigh cheana ó thóg an rialtas cuid de na srianta ar dhul amach,’ ar sise léi féin.
‘Ná bíodh rábáil ar bith amach orainn,’ arsa Róise gos íseal léi. ‘Fanfaidh muid siar go dtí an deireadh.’
Bhí an tsochraid ag teacht anuas ón altóir. Bhí an chónra á hiompar ag na hadhlacóirí agus Seán sa lár. Bhí beirt eile ag cuidiú leo.
Nuair a d’imigh na deirfiúracha as an teach pobail, bhí an chónra istigh ar chúl an eileatraim ag na hadhlacóirí. Cha raibh mórán spáis sa chlós taobh amuigh den eaglais. Chúlaigh Máire amach as bealach na ndaoine eile. Bhí sé tábhachtach gan a bheith róchóngarach do strainséir ar bith. Bhain sí di an masc agus tharraing anáil aeir úir isteach ina scamhóga. Bhí sé mar a bheadh mil ann. Bhain sí di na gloiní agus ghlan iad. Nuair a chuir sí uirthi arís iad, tháinig eagla uirthi nuair a ba léir di chomh mór is a bhí an scaifte cruinn amuigh. Chuimhnigh sí nach raibh cead ag slua mór bheith istigh ag Aifreann an adhlactha. Ba léir go raibh siad seo ag éisteacht amuigh. Sheas na deirfiúracha ar leataobh.
D’amharc Róise go géar ar a deirfiúr faoi sholas an lae ghil.
‘Tá tú iontach liath san aghaidh. Nach bhfuil tú ag fáil codladh na hoíche go fóill?’
Chuimhnigh Máire gur luaigh sí an easpa codlata lena deirfiúr ar an fhón. Bhí leisc uirthi dul a luí san oíche anois de bhrí na ndrochbhrionglóidí a scanraigh achan oíche í.
‘Níl mé ag fáil codladh sámh ar bith. Bím cráite ag tromluí achan oíche.’ Bhí cotadh uirthi. Bhí na brionglóidí seo ina n-ábhar aiféaltais aici. Níor luaigh sí ábhair an tromluí — na cinn a raibh cuimhne aici orthu agus a tháinig go minic. Bhí a fhios aici féin go raibh siad amaideach. Daoine a bhí marbh cheana ag fáil bháis arís. Bás tubaisteach gránna i dtólamh. Taismí ag a clann féin. A cairde féin ina n-arrachtaí. Crumhóga agus seangáin ag snámh ar a colainn. Uathphéisteanna agus nathracha nimhe ag bagairt ruaige uirthi.
Bhí a sáith eagla uirthi áfach nach mbeadh an saol mar a bhí go deo arís ann, fiú dá dtiocfadh na heolaithe ar vacsaín.
Bhí an slua ag maolú nuair a chuaigh siad beirt i dtreo gheataí na heaglaise. Bhí an t-eileatram ann go fóill agus Seán taobh leis. Chuir sé forrán ar Mháire nuair a chonaic sé na deirfiúracha agus tháinig ina treo. I bhfaiteadh na súl agus in ainneoin achan iarracht a rinne sí lena choinneáil amach uaithi, fuair sé greim dhá lámh uirthi. Chuach sé a cheann ina cuid gruaige le póg bhrónach a leagan ar mhullach a cinn. Char mhothaigh sí a dúirt sé. Bhí sí sioctha leis an eagla. Mhothaigh sí í féin á tarraingt siar as greim Sheáin. Róise a bhí taobh thiar di agus greim an fhir bháite aici ar chóta a deirféar, á tarraingt amach as an fhaopach.
Bhog sí amach as a bhealach.
Cha dtug Seán a dhath faoi deara. Chroith sé lámh ina treo agus é ag tiontó le labhairt le duine de na hadhlacóirí.
‘Scairtfidh mé ort i gcionn cúpla seachtain,’ na focail dheireanacha a chuala sí uaidh.
‘Fan amach uaim, a Róise. Ná gabh ’mo chóir!’
Níor ghá di labhairt. Bhí Róise ag cúlú amach uaithi dá deoin féin. Bhí sí ar buile.
‘An seanamadán! Nach dtuigeann sé an chontúirt?’ Bhí sí ar lorg leachta ina mála. ‘An bhfuil leacht díghalraithe leat, a Mháire?’
‘Tá mo chuidse sa charr. Goitse liom. Tá neart istigh i bpóirse an tséipéil. Gheobhaimid sin.’
Sular shuigh Máire isteach sa charr, chuir sí scairt ghutháin ar a fear sa bhaile. Chuirfeadh sé an tumthéitheoir ag gabháil anois agus bheadh neart uisce the ann nuair a rachadh sí isteach. D’fhanfadh sé as a bealach go mbainfeadh sí a ceirteach di lena cur san inneall níocháin. Nuair a chonaic sí a lámha ar crith, thuig sí go raibh sí suaite go maith. Ghlac sí tamall le socrú síos. Chuir sí neart leachta ar a lámha arís agus chuimil isteach sa ghruaig ar mhullach a cinn é go dtí go raibh a folt ar maos. Ansin thiomáin sí abhaile chomh gasta is a thiocfadh léi.
Ba dhoiligh di a chreidbheáil anois a amaidí a bhí sí. Dá dtiocfadh léi an clog a chur siar—
Thóg sí píosa clúimh ón bhrat urláir agus thóg an folúsghlantóir amach arís. Ghlan sí achan urlár athuair ó bhun go barr an tí. Níor thug sí faoi deara go raibh dhá bhróg chorra uirthi ná nach raibh a cuid gruaige cíortha. Bhí cluas le héisteacht uirthi ach níor bhuail fón an tí. Baineadh geit aisti nuair a chuala sí cnag ar an doras. Ag amharc amach an fhuinneog di, chonaic sí nach raibh ann ach fear as Tesco lena cuid earraí. Chroith sé lámh ina treo. Bhí sé ag teacht achan seachtain le sé mhí anuas. Nuair a d’imigh sé, thug sí na málaí isteach, ghlan achan rud le ceirtlíní Dettolagus chuir an stuif sna cófraí. Chuir sí ceist uirthi féin cad é an mhaith di é sin a dhéanamh agus an dochar déanta cheana? Cad chuige ar ordaigh sí túna? Bhí sé ar intinn aici an t-ordú a athrú ach rinne sí dearmad de. B’fhuath léi iasc agus cha raibh Colm anseo lena ithe. ‘Beidh sé anseo faoina choinne nuair a thig sé abhaile,’ a smaointigh sí gos ard: ‘MÁ thig sé abhaile —’ Bhuail eagla agus náire arís í. Mura dtiocfadh Colm abhaile — thosaigh na deora ag sileadh arís. Cha dtiocfadh léi a saol a shamhlú gan é. Í féin a ba chiontaí. Ba é sin an rud a ba mheasa. Fiú dá dtiocfadh sé fríd seo, bhí seans ann go mbeadh go leor fadhbanna sláinte aige ina dhiaidh. Chuala sí ar an nuacht go dtiocfadh leis an ghalar fadhbanna a chruthú a mhairfeadh blianta. An maithfeadh sé féin agus an chlann choíche di? Char mheas sí go maithfeadh. Cha raibh maithiúnas tuillte aici i ndiaidh a raibh déanta aici.
Bhí sí ag caint le Róise ar an fón nuair a chuala sí lomaire léana ag gabháil amuigh. Nuair a bhog sí dallóg na fuinneoige, d’aithin sí Colm Óg ag baint an fhéir sa gharradh cúil. A athair a dhéanfadh sin de ghnáth. Nuair a chonaic sé a mháthair ina seasamh ag an fhuinneog, chroith sé lámh léi agus chrom ar ais ar a chuid bainte. Char chuir sé forrán uirthi agus char tháinig loinnir ar a shúile mar a ba ghnách. Bhí sé ag baint na bhfál sceach nuair a thug sí spléachadh amach tamall ina dhiaidh sin. D’fhoscail sí an fhuinneog agus scairt air, ag tairiscint tae dó. Cha dtearn sé ach fleasc tae a thabhairt amach as a mhála lena thaispeáint di. Chúlaigh sí nuair a chonaic sí an doicheall ina chuid súl. Bhí sé mar a bheadh arraing inti. Is dóiche gur ghlac sé trua di mar dhoirt sé braon isteach sa chupa agus sheas achar maith amach ón fhuinneog le dreas comhrá a dhéanamh léi.
‘Scéal ar bith go fóill?’
‘Níl.’
‘A fhad is go gcoinníonn siad sa bharda é, tá leis. Cuir ar an eolas láithreach muid má tá sé le dul isteach san áit eile.’ Ní thiocfadh leis “aonad dianchúraim” a rá.
Bhí deora bróin ina shúile nuair a thiontaigh sé ar leataobh uaithi. Cha dtearn sé ach a cheann a chromadh nuair a dúirt sí:
‘Ó, a Choilm, tá mé iontach buartha. Dá dtiocfadh liom dul siar air…’
‘Scairt ormsa nó ar Éadaoin má thig siomptóim ar bith ort féin,’ ar seisean sular fhill sé ar a chuid oibre.
Char mhothaigh sí Colm Óg ag imeacht.
B’aisteach léi an rud a tharla di. Bhí sí lánchinnte de nach raibh an víreas ar a colainn ná ar a ceirteach i ndiaidh an chithfholctha an lá sin. Nár chuir sí na héadaí sa mheaisín níocháin chomh luath is a bhain sí di iad? Chuimhnigh sí go raibh sí scanraithe agus thar a bheith cúramach ar feadh cúpla lá. In áit a lámha a ní fiche uair sa lá, nigh sí daichead uair iad. Cha dtáinig tinneas de chineál ar bith uirthi. Cha raibh sí róbhuartha faoi Cholm mar chreid sí ina croí istigh nach dtiocfadh léi bheith ní ba chúramaí ná mar a bhí.
Seachtain i ndiaidh an tórraimh a tháinig tinneas cinn air. Chuaigh sé in olcas i rith an lae agus nuair a tháinig racht casachtaí air an oíche sin, rith sé leo beirt gurbh fhéidir go raibh an galar air. D’imigh an tinneas cinn an lá arna mhárach. Char imigh an chasachtach go cionn cúpla lá. Idir an dá linn, cha raibh oiread agus siomptóm amháin ar Mháire. Ba ghearr ina dhiaidh sin a tháinig an fiabhras agus easpa anála ar Cholm. Nuair a rinneadh an tástáil, toradh deimhneach a fuarthas orthu beirt. Cuireadh Colm san otharlann gan mhoill.
Nuair a bhuail an fón ní ba mhoille an tráthnóna sin, thóg Máire go díocasach é. Níor dhuine ón otharlann é áfach, ach Éadaoin, a hiníon le rá léi go raibh sí taobh amuigh. D’fhoscail Máire an fhuinneog le labhairt léi. Bhí cuid den strus imithe ó aghaidh a hiníne. Bhí scéala aici dá máthair. In ainneoin go ndúradh leo gan dul i dteagmháil leis an otharlann, scairt Éadaoin ar an bharda uair an chloig roimhe sin. Bhí feabhas beag i ndiaidh theacht ar a hathair ó mhaidin. Feabhas iontach beag. Cé go raibh sé luath go fóill, bhí ábhar dóchais anois ann. An rud a ba thábhachtaí ná nár éirigh sé a dhath ní ba mheasa i rith an lae. Bhí bonnóga milse léi fosta faoi choinne a máthara agus Irish News an lae sin. D’fhág sí taobh amuigh den doras iad. Den chéad uair ó bhí sí ar an tórramh, rinne Máire dinnéar ceart di féin. Char aithin sí go dtí sin go raibh sí stiúgtha leis an ocras. Níor chuimhin léi an t-am deireanach ar ith sí a dhath fiúntach. Thug sí faoi deara anocht cé chomh sean is a bhí sí. Mhothaigh sí mar sin le seachtain nó dhó anois. Níos moille an oíche sin, shuigh sí cois tine ag léamh an nuachtáin. Baineadh siar aisti nuair a léigh sí faoi líon na gcásanna úra den ghalar. Thiontaigh sí an leathanach agus léigh na fógraí báis. Lig sí cnead aisti. Bhí Seán, baintreach Bhríde luaite ann. San otharlann, an lá roimh ré.
Rugadh agus tógadh Máire Burns i mBéal Feirste i gceantar na bhFál. Tá cónaí uirthi i Sabhall, in aice le Dún Pádraig. Bhunaigh sí féin agus cúpla cara Cumann Gaelach Leath Chathail agus tá sí ina riarthóir ar an ghrúpa clúiteach Gaeilge Amháin ar na meáin shóisialta. Chaith sí cuid mhór ama i Rann na Feirste agus i dToraigh nuair a bhí sí óg agus níl aon ní ar an tsaol is fearr léi ná pilleadh orthu sin. Scríobhann sí filíocht agus prós.
[…] Ceannaigh an leabhar Léigh scéal eile: An Rud Atá i nDán Duit […]
1negotiate
design technology coursework https://courseworkninja.com/
cpa coursework https://writingacoursework.com/
coursework project https://mycourseworkhelp.net/
coursework support https://courseworkdownloads.com/
coursework info https://courseworkinfotest.com/
coursework writing uk https://teachingcoursework.com/
coursework planner https://buycoursework.org/
coursework science https://courseworkdomau.com/
dating seiten uster https://freewebdating.net/
senior dating services https://jewish-dating-online.net/
free dating sites totally free https://jewish-dating-online.net/
dating guide https://free-dating-sites-free-personals.com/
online dating site https://sexanddatingonline.com/
local dating services https://onlinedatingsurvey.com/
free online go https://onlinedatingsuccessguide.com/
40 online dating https://onlinedatinghunks.com/
dating game https://datingwebsiteshopper.com/
dating chat free https://allaboutdatingsites.com/
free dating online https://freedatinglive.com/
free gay dating sites chat https://freewebdating.net/