An Bhearna
le hEoghan Mac Giolla Bhríde
á léamh ag Fionntán de Brún
Ní maith le Ben trup — ná achrann. Ní maith leis nuair a bhíonn a athair ag scairtí air nó ag tabhairt amach dó. Is fearr leis suaimhneas. Suíonn sé ina sheomra ag sú isteach an tsuaimhnis go dtí go mbíonn achan rud séimh agus in ord arís. Amanna suíonn sé sa dorchadas ag dul fríd rudaí ina cheann, gan chorradh, gan streachailt, gan achrann ar bith. Déanann sé a dhícheall daoine a shásamh a oiread agus a thig leis ach déanann sé go leor botún agus éiríonn leis fearg a chur orthu mar sin féin, go speisialta a athair. Ní thuigeann a athair é. Níor thuig ariamh. Ach le gairid thoisigh a athair ag cur suime ann go húr agus ag iarraidh é a tharraingt amach as féin, mar a deir sé féin. Le bliain anuas, bhí a athair ag caitheamh níos mó ama sa bhaile agus b’ionann is go dtug sé fá dear Ben den chéad uair ó bhí sé ina pháiste bheag. Roghnaigh sé Ben mar bheadh ceann eile dá chuid tionscnamh ann.
‘Cá tuige nach dtig leis a bheith cosúil le achan duine eile,’ a déarfadh a athair le máthair Ben os a chomhair. ‘Tá sé millte agat. Sin an rud atá contráilte leis. Barraíocht den pheataíocht. Bainfidh mise amach as é.’
Thugadh an t-athair leis ar oibreacha é thart fán fheirm bheag agus dhéanadh sé a dhícheall Ben a tharraingt isteach sna rudaí a bhí sé a dhéanamh. Mholadh sé Ben agus réitigh siad go measartha le chéile ar an chuid is mó. Corrlá bhíodh a athair mífhoighdeach leis ach corrlá d’fhágadh siad an obair gan choinne agus shuíodh siad sa charr go ciúin ag ithe uachtar reoite agus ag amharc amach ar na hoileáin. Níor thóg a athair a lámh ariamh leis, ach bheadh focal gairgeach aige leis thall is abhus. B’fhearr le Ben an bos sa leathcheann ná an clip i mbun na cluaise, a bheadh mar bhagairt ag a athair, in áit na híde béil, ach chuirfeadh sé suas leis agus lá arna mhárach bheadh dearmad déanta d’achasán ar bith a bhí eatarthu. I ndiaidh deireadh, ba é a athair é agus aigesean ab fhearr a bhí a fhios. Chuir dúthracht agus díograis a athara iontas air, fiú agus é ag streachailt le hobair amaideach nach raibh bun ná barr leis, leanfadh a athair leis go mbeadh an obair críochnaithe aige. Chuireadh sé mionnaí móra leis an obair agus níor thuig Ben cá tuige a leanfadh sé den obair má bhí sé chomh dubh ina héadan. Chuir Ben suim sa chréafóg agus sna plandaí. Bhí dúil aige sa dóigh ar athraigh an chréafóg dhubh go hathfhód donn agus ansin go griothal bán nuair a bheadh a athair ag tochailt poill le cuaille geata a chur go domhain sa talamh ann nó le crann úr a chur. Bhain sé sult as a bheith amuigh faoin aer, ina sheasamh san fhearthainn ag amharc ar a athair ag obair. D’iompródh sé na hacraí dó agus bhí sé maith leis an bharra rotha. Bhí a fhios aige cá raibh cuid mhaith de na huirlisí crochta sa scioból agus bhí sé ábalta a dhul agus á bhfáil nuair a d’iarradh a athair air é. Ach amanna bheadh ar a athair a theacht agus cuidiú leis iad a chuartú. Bhíodh Ben ina sheasamh ag amharc ar an uisce ag rith anuas taobh an sciobóil nó ina shuí ag imirt cluiche ar a fhón, dearmad déanta den timireacht. Chuirtí an fón i ngéibheann nuair a tharlódh sé sin, go dtí go dtabharfadh a mháthair ar ais dó tráthnóna é. Chluineadh sé iad ag argáil thíos staighre agus amanna luíodh sé ar an urlár ina sheomra leapa, a chluas leis an urlár adhmaid. Ní thuigfeadh sé caidé a bhí siad a rá ach d’éisteadh sé go gcluinfeadh sé an raibh uair na cinniúna tagtha nó an raibh foighde a athara briste sa deireadh.
‘Caithfear é a chur ar shiúl,’ a chuala sé a athair ag rá, oíche amháin. ‘Tá scoltacha cónaithe a fhóireann don chineál sin stócaigh.’
‘A Bhriain, cha dtig linn—an bhfuil tú ag éisteacht liom?’
‘Níl sé gabháil a theacht go dtí a dhath a choíche muna ndéana muid rud inteacht,’ a dúirt a athair.
‘Tabhair faill dó. Tiocfaidh sé. Níl ann ach gasúr.’
‘Tá sé sé bliana déag d’aois. Bhí an baile fágtha agamsa fán am sin agus mé ag saothrú thall in Albain.’
‘Tá an saol athraithe. Tá a fhios agat go maith nach dtiocfaí gasúr mar sin a chur amach sa tsaol atá inniu ann.’
‘Cha dtearn sé a dhath amháin ormsa.’
Lá arna mhárach thug a athair amach é arís le cuidiú leis thart fán fheirm. Rudaí beaga a bhí le cóiriú thall is abhus agus ó tharla an geimhreadh a bheith buailte orthu agus an féar agus an lustan ina luí marbh, shocraigh an t-athair giota de chlaí ard a thit i rith an tsamhraidh a atógáil. I ndiaidh am dinnéara, thóg siad leo cró-iarann agus piocóid agus barra fada scafalra a d’úsáideadh siad mar luamhán agus chuaigh siad i mbun oibre.
‘Tá a fhios agat cén dóigh a n-oibríonn luamhán?’ a dúirt sé le Ben. Chroith Ben a cheann, a dhá láimh síos lena thaobh. ‘Ní bheidh sé i bhfad go bhfeice tú, mar sin.’
Bhí na clocha uilig le spréadh a chéaduair agus sheas Ben ag coimhéad ar a athair ag tógáil anuas na gcloch is lú agus á bhfágáil ar an bhóthar cloiche. Bhí a dhá láimh ina phócaí ag Ben mar go raibh an fuacht polltach ag cur eanglach ina mhéara. Níor thuig sé i gceart caidé a bhí le déanamh agus bhí sé sásta seasamh ansin ag amharc ar a athair go dtabharfadh a athair treoir dó.
‘An bhfuil tú ag gabháil a sheasamh ansin le do dhá láimh sna pócaí agat?’
‘Tá,’ a dúirt Ben.
‘Bain do dhá láimh amach as na pócaí.’
Bhain Ben amach a lámha agus chuir síos lena thaobh iad.
‘Anois, beir greim ar an chloch sin agus caith thall ansin í.’
Rinne Ben a dhícheall an chloch a thógáil ach bhí an chloch trom.
‘Úsáid do dhá láimh, an dóigh ar dhúirt mé leat. Bulaí fir.’
Bheir Ben ar an chloch lena dhá láimh agus chaith uaidh ar an talamh í. Chuir sé a lámh ar ais sna pócaí.
‘Sín anall an cró-iarann sin chugam.’
Níor thuig Ben caidé a bhí sa chró-iarann ach thóg sé an barra scafalra agus thug sé anonn chuig a athair é.
‘Caidé sin?’
Chrom Ben a cheann.
‘In ainm Dé, agus ná bris mo chuid foighde.’
Chuaigh an t-athair anonn agus fuair sé féin an cró-iarann.
Bhí ceithre chloch mhóra tite anuas ón chlaí agus bheadh orthu iad a thógáil ar ais suas ina n-áit agus na clocha a ba lú a thógáil suas thart orthu arís. Leis an chró-iarann agus an luamhán bheadh siad ábalta iad a thógáil giota ar ghiota, ceann ar cheann, go mbeadh an bhearna druidte agus an claí ina cheart arís. D’úsáid siad na clocha móra a bhí ar an talamh mar ardán leis an chéad chloch mhór a chur suas. Chuirfeadh an t-athair an luamhán san áit cheart agus ní raibh ar Ben ach an luamhán a choinneáil ansin a fhad agus a bhogfadh an t-athair an chloch orlach beag ag an am go suífeadh sí go deas ina háit mar bheadh sí déanta fá choinne na hócáide.
Fuair siad an chéad chloch ina seasamh agus shuigh sí go deas ina háit sa chlaí.
‘Anois go bhfaighidh muid an chloch seo suas ar bharr an chinn eile,’ arsa an t-athair. Chrom sé síos agus bheir greim ar choirnéal den chloch. Sheas Ben ag amharc ar a athair ag streachailt leis an chloch. Bhí dúil ag Ben sa bholadh ruibhe a tháinig ó na clocha ag bualadh ar a chéile agus boladh na créafóige á nochtadh faoi na creagacha.
‘’Bhfuil tú gabháil a sheasamh ansin?’
D’amharc Ben ar a athair ag amharc aníos air.
‘Beir greim ar an choirnéal sin agus tóg.’
Chrom Ben ach ní raibh imeall ar bith a dtiocfadh leis breith air. Bhí an chloch sleamhain agus níor thuig sé cá tuige nach dtiocfadh leo fanacht go dtiocfadh lá deas tirim, nuair a thriomódh teas na gréine na clocha. Mhothaigh sé an t-eanglach ag teacht ar ais ina mhéara. Chrom a athair agus d’éirigh leis an chloch a bhogadh cúpla orlach é féin.
Dhírigh an t-athair a dhroim. ‘Dhéanfaidh mise fear asatsa go fóill,’ a dúirt sé.
Chuir Ben a lámha ar ais ina phócaí agus chuimil sé a mhéara ar a mhásaí istigh ina phócaí.
Dhing an t-athair an cró-iarann faoin chloch agus thóg sé coirnéal na cloiche. ‘Cuir isteach an luamhán go gasta.’
D’amharc Ben air. Bhí na féitheoga ag éirí ar mhuineál a athara. Bhí ceo bog fliuch ag crochadh thar an chuibhreann agus thar an bhaile uilig, rud a chuir cuma dhúnta ghruama ar an áit. Bhí gach rud liath. Bhí na clocha liath, bhí an spéir liath, bhí an fonn a bhí air féin liath. Bhí aghaidh agus gruaig a athara liath. Mhothaigh sé a ladhra fliucha istigh ina bhróga.
B’éigean don athair an chloch a ligint síos arís. Fuair sé an luamhán agus chuir sé i lámha a mhic é. ‘Anois, nuair a thógaimse an chloch, cuir thusa an luamhán isteach faoi, sa dóigh is go gcoinneoidh sé an chloch a fhad agus a fhaighimse greim eile faoin chloch.’
Bhog an t-athair an chloch leis an chró-iarann agus leis an lámh eile chuir sé isteach an luamhán. Fuair sé Ben le greim a choinneáil ar an luamhán ansin go bhfuair sé leaba úr don chró-iarann. Giota ar ghiota, d’éirigh leo an chloch mhór eibhir a chur suas in airde ar an chéad chloch; a thacú le clocha beaga siar fúithi. Sheas siad siar ag amharc ar an chloch thoirteach throm ina suí go corrach. Bhí solas an lae ag imeacht ón spéir agus bhí an ceo ag titim mar dhrúcht.
Thoisigh siad ar an tríú cloch mhór agus le righneas agus ceanntréine an athara, d’éirigh leo í a chur ina suí ar bharr an dá chloch eile. Bhí an cró-iarann go fóill faoin chloch, á coinneáil idir dhá cheann na meá.
‘Anois an ceann deireanach seo a fháil suas ar bharr,’ arsa an t-athair.
Lig Ben osna agus d’amharc a athair air.
‘Níl tú ag iarraidh é a dhéanamh, an sin an rud atá contráilte leat?’
‘Níl,’ a deir Ben.
Chaill an t-athair a chuid foighde agus tharraing sé amach an cró-iarann as faoin chloch. Bhog an chloch agus luasc sí ar a taobh. Shín an t-athair amach a lámh le greim a fháil ar an chlaí ach baineadh dá chothrom é. Thit an t-athair siar agus bheir sé greim ar an chloch mhór le taca a fháil. Tharraing sé an chloch mhór anuas ina mhullach. Thit an chloch de phreab amháin agus tháinig na clocha eile anuas ina cuideachta. Lig an t-athair béic agus chuala Ben an anáil ag imeacht as le meáchan na gcloch. Sheas Ben ansin gan focal as. Níor mhothaigh sé aon rud. Chrom sé a cheann agus thoisigh sé a chrith. Dhreap Ben thar an bhearna agus thar a athair agus isteach sa pháirc. Shiúil sé suas i dtreo an tí. Chuaigh sé isteach sa teach agus suas an staighre leis go dtína sheomra leapa. Dhruid sé an doras ina dhiaidh agus shuigh sé ar an urlár. Tharraing sé air a bhlaincéad agus thoisigh sé a luascadh anonn is anall go mall. Ní raibh a fhios aige caidé ar cheart dó a dhéanamh. Dhruid sé a shúile go teann. Rinne sé iarracht gach rud a ghlanadh óna cheann, gach trup agus gach achrann, agus nuair a d’fhoscail sé a shúile arís, bhí an seomra dorcha agus gach rud ciúin.
Is gearrscéalaí agus scriptscríbhneoir é Eoghan Mac Giolla Bhríde as Gaoth Dobhair. Foilsíodh a thríú cnuasach gearrscéalta, Cnámh, in 2020 ar bronnadh duais Leabhar Gaeilge na Bliana air ag An Post Irish Book Awards 2020. Ba chomhscríbhneoir é ar na scannáin Song of Granite (2017) agus Silence (2012).
[…] Léigh scéal eile: An Bhearna […]