Ar Deoraíocht
le Síle Uí Ghallchóir
á léamh ag
Caoimhe Nic Lochlainn
Bhí sé ag plúchadh sneachta an oíche Nollag seo agus bhí an ghaoth ag séideadh fríd pholl na heochrach. Chonaic mé mo mháthair ina seasamh ag amharc amach fuinneog na cisteanadh agus cuma uaigneach uirthi. Thit deor ar a grua ach sciob sí ar shiúl go gasta é. Rith mise suas chuici agus thug croí isteach di agus d’iarr mé uirthi gan a bheith ag caoineadh mar go raibh mise ag urnaí chuig Daidí sna flaithis achan oíche ó bhí an lá sin a d’fhág muid an baile agus go mbeadh a fhios ag Santa go raibh teaghlach s’againne bogtha as an oileán go tír mór. Lena chois sin, chuir mé mo litir sa phost chun an Mhoil Thuaidh chuige le mo sheoladh úr air. Tháinig aoibh an gháire ar Mhamaí agus theann sí mé lena croí.
Bhí a dhá lámh fliuch báite, ach thriomaigh sí iad ina naprún, ansin lean sí uirthi ag glanadh na bprátaí. I ndiaidh tamaill dúirt sí liom súil a choinneáil ar na coinnle a bhí lasta sna fuinneoga le treoir a thabhairt don leanbh Íosa an Oíche Nollag seo agus ansin déanamh réidh le dhul a luí.
I dtrátha am luí domhsa, tuairim a deich a chlog, chuaigh a raibh sa teach ar a nglúine a rá an phaidrín agus dúradh sin, paidrín mór fada. Dúradh urnaí ar leith do Dhaidí, do dhaoine muinteartha agus do na comharsain a bhí ar shlua na marbh. I ndiaidh an phaidrín, chuaigh cuid de bhunadh an tí chuig Aifreann an Mheán Oíche ach bhí mise róbheag go fóill, agus ní raibh cead agam a dhul.
Bhí imní mhór orm féin fá Santa, chonaic na páistí uilig ar tír mór Santa, nó sin an rud a dúirt siad cibé, ach ní fhaca mise ariamh é. Rinne mé suas m’intinn go raibh mise ag gabháil a fheiceáil Santa an Nollaig seo. Caidé an dóigh a raibh mé ag gabháil a dhéanamh seo? Tá, fanacht múscailte i rith na hoíche.
Luigh mé ansin tamall mór fada múscailte ach bhí na súile ag druid orm. Tháinig siad ar ais ón Aifreann agus d’ól siad an tae agus d’ith siad an cáca milis ach ní bhfuair mise a dhath mar shíl siad uilig go raibh mise i mo chodladh.
I ndiaidh tamaill, d’éirigh achan rud suaimhneach agus cuireadh na soilse uilig as, ach amháin an crann Nollag. Tháinig uaigneas agus cumhaidh orm i mo luí sa dorchadas agus mé ag smaoineamh ar Dhaidí. Bhí seo ina nuacht againne a bheith ábalta an crann a lasadh le soilse deasa buí agus órga. Ní raibh cumhacht leictreachais againn sa bhaile ar an oileán.
Bhí mé i mo luí ag éisteacht, ag fanacht agus ag feitheamh. Nuair a bhí néal ag titim orm, chuala mé trup éigin sa chisteanach. Thosaigh mo chroí ag preabadaigh go gasta. Thosaigh mé uilig ag crith agus bhí mé greamaithe den leaba. Ach, chaithfinn éirí — ní thiocfadh liom neamart a dhéanamh anois. Shleamhnaigh mé as an leaba chomh suaimhneach le huan, is mé ar crith le heagla.
Suas an halla liom. D’amharc mé fríd pholl na heochrach ar tús, agus ansin isteach faoin doras. Chonaic mé an toirt go soiléir. Bhí marbhsholas sa chisteanach ó shoilse an chrainn Nollag. Bhí an toirt ag bogadh thart agus mála mór leis ar a dhroim. Chonaic mé go raibh dath dearg ar a chóta agus cruit bheag air. D’fhan mé ar feadh tamaill mar stacán maide ann. Bhí fonn orm toiseacht ag screadaigh ach ní thiocfadh liom, bhí m’anáil i mbarr mo ghoib.
D’imigh an toirt as amharc. D’fhan mé tamall eile agus ansin isteach liom chun na cisteanadh go ciúin agus chonaic mé buatais mhór dhubh ag sleamhnú amach an doras. Hó hó, a dúirt sé agus é ag fágáil.
Bhí an císte milis ite agus ansin chuala mé torann taobh amuigh ar dhíon an tí.
’Bhfuil seo fíor? An bhfaca mise Santa? Bhí mian mo chroí comhlíonta. Bhí mise chomh maith leis na páistí ar tír mór anois. Rith mé mar a bheadh cú ann síos agus suas ar fud an tí agus mé ag ceol go hard agus a bhí i mo cheann.
Tá Nollaig buailte linn, tá áthas ins an spéir,
Bhí Daidí na Nollag anseo anocht,
agus chonaic mise é.
Ó, ag bualadh bos, ag bualadh bos,
ag bualadh bos go léir,
Bhí Daidí na Nollag anseo anocht,
Agus chonaic mise é.
Mhúscail mé achan duine sa teach, chas mé ar gach solas. D’fhan mé go raibh achan duine múscailte agus iad ina suí sula raibh uchtach agam na bronntanais a fhoscailt. Bhí mo stocaí bheag lán agus tuilleadh ina luí ar an urlár. Fuair mé mála scoile deas donn le dhá phóca air agus claspa beag buí; bábóg a rachadh a chodladh, le culaith ghalánta síoda; pónaí agus trap agus an úim uilig ar an phónaí, an tsrathair, an coiléar, na hamaí agus an bríste. Bhí gasúr beag sa trap agus fuip aige. Bhí mé chomh bródúil le Banríon na Sióg.
Chroith Mamaí a ceann nuair a bhí an racán uilig thart agus mé socraithe síos agus dúirt sí liom: ‘Níl tír mór chomh holc sin i ndiaidh an iomláin!’
Agus b’éigean domhsa aontú léi. Líon mo chroí le haoibhneas agus grá agus beidh cuimhne an lae sin i mo cheann go deo.
Tógadh Síle Nic Aoidh Uí Ghallchóir ar Ard na mBáinseog ar Oileán Ghabhla. Ba í an páiste deireanach a cláraíodh ar rolla Scoil Náisiúnta Ghabhla sular druideadh í. Bhí ar an teaghlach bogadh go tír mór nuair a dhruid an Roinn Oideachais an scoil. Tá sí ag obair mar Oifigeach Riaracháin le Muintearas Thír Chonaill. Tá cónaí uirthi anois ar an Ard Donn i nGaoth Dobhair lena fear céile Eoghan agus a gclann.
[…] Léigh scéal eile: Ar Deoraíocht […]