Maeirí
le RÉALTÁN NÍ LEANNÁIN
á léamh ag Joe Ó Dónaill
‘Bhí sibh ag súil le mo scairt, a Ghardaí?’
Stán an Sáirsint de Brún san oifig phoiblí i Stáisiún Garda Bhaile na gCoimhthíoch ar an duine néata ar an scáileán. Léine, carbhat agus seaicéad a chaitheamh aige.
‘Erich Kimmel, ó Interpol? Chuir mé scéal go mbeinn i dteagmháil. Mar gheall ar líomhaintí ó Hans Fleischer sa Ghearmáin go dtearn Maeirí Fleischer bagairt air.’
‘Cé?’ arsa an Sáirsint de Brún.
‘Maeirí Fleischer. A iarbhean chéile. Ina cónaí ar an bhaile s’agaibh.’
‘Sin Maeirí Pháidí Eoin,’ a dúirt garda eile ón taobh eile den oifig. ‘Tá sí ina cónaí in Áras na Seandaoine, cúpla doras síos ó mo mham féin.’
‘Á. Bhal, a Erich Kimmel, caidé go díreach atá curtha i leith Mhaeirí Pháid—Maeirí Fleischer?’
‘Maíonn Hans Fleischer, a hiarfhear céile, go dtearn sí bagairt air. Tá siad scartha le dhá scór bliain. Cónaíonn seisean in Áras do Sheandaoine chomh maith, ar imeall München.’
Tháinig an garda eile trasna chucu, ag croitheadh a cinn.
‘Maeirí? Ach tá sí beagnach naocha. Caidé faoi Dhia a rinne sí?’
‘Naocha a dó. Chuir sí cónair chuige. Glacann seisean leis gur bagairt atá ann.’
D’amharc an bheirt ghardaí ar an Ghearmánach dháiríre chneasta seo agus rinne siad beirt iarracht an gáire a choinneáil siar.
‘Cónair.’
‘Cónair.’ Thall sa Ghearmáin, roinn Erich nótaí faoin chás ar an scáileán. ‘Cónair saileoige, dea-fhite, dea-chumtha agus é mór go leor agus in oiriúint don éilitheoir. Le líneáil cadáis. De dhearadh inbhuanaithe agus de dhéantús atá cineálta don timpeallacht ó acmhainní in-athnuaite. Cuireadh an chónair ó theach saoire folamh i mbaile fearainn i Liatroim ar an tríú lá de Mheitheamh. Comhlacht príobháideach cúiréara a d’iompair an chónair chuig an Ghearmáin. Ghlac siad le hairgead tirim, agus níl aon chuimhne acu ar an duine a thug an chónair daofa sa tír seo, mar bhí sé folaithe i mbosca cairtchláir. Dúirt an fógra iompórtála gur táirge ceardaíochta a bhí ann.’
D’amharc an Gearmánach ar na Gardaí agus lean sé leis an tuairisc de ghlanmheabhair.
‘Bhí bláthanna fite trí na slata nuair a seoladh é, is cosúil, ach bhí siad feoite críon faoin am ar fosclaíodh an beart sa Ghearmáin. Nóiníní. Bhain an chónair an tÁras i München amach ar an tséú lá déag de mhí Iúil.’ Dhruid sé a leabhar nótaí agus ar sé de thuin leithscéalach: ‘Cuireadh moill ar an phost de dheasca Cóibhide. Tá pictiúr againn den chónair.’
Stán an bheirt ghardaí i dTír Chonaill ar an scáileán.
‘Glacann an tUasal Fleischer leis gur ag guí a bháis air a bhí sí leis an chónair seo. Mar gheall ar a naimhdeas don fhorbairt thionsclaíoch a bhí ag titim amach sa Ghearmáin, chinn an tUasal Fleischer saol eile a bhaint amach dó féin taobh amuigh de chríocha na Gearmáine sna naoi déag seascaidí. Bhog an tUasal Fleischer go hÉirinn corradh is seasca bliain ó shin le saol nua, nádúrtha a chruthú dó féin faoin tuath, tuath nach raibh millte ag ceimicí ná ag an tionsclaíocht. Phós sé Maeirí Ní Ghallchóir. Scar siad óna chéile, áfach, daichead bliain ó shin go hachrannach, díospóideach. Ní raibh clann ar bith acu. Bhog sé ar ais chuig a cheantar dúchais sa Ghearmáin agus tá sé ansin ó shin. Deir sé nach raibh aon teagmháil aige lena iarbhean chéile ó d’fhág sé an tír sin.’
‘Beidh orainn labhairt léi, mar sin. Ach, a dhuine uasail, Maeirí Pháidí Eoin? Ag bagairt ar dhuine eile?’
‘Is cuma cén aois í, tá ceisteanna le cur.’
Lig an Sáirsint de Brún osna. Ansin, ar sí:
‘Tá Gaeilge mhaith agat.’
‘Bhain mé céim amach sa Ghaeilge ar an ollscoil—Ludwig-Ruprecht-Universität in München. D’fhreastail mé ar choláiste samhraidh do mhic léinn fásta i nDún na nGall ar feadh roinnt blianta.’
‘Bullaí fir thú féin. Chuir tú obair mhór isteach ann,’ a dúirt an Garda de Brún.
Mhúch sí an ceangal ar an scáileán agus d’amharc anonn ar a comrádaí, an Garda Sproule.
‘Naocha a dó?’
‘Déarfainn go bhfuil sin ceart. Ach ní thiocfadh le rud ar bith a bheith san amaidí seo faoi bhagairt, do bharúil?’
‘Diomaite de go bhfuil sí ag iarraidh taom croí a thabhairt dó.’
Bhuail an Garda de Brún isteach chuig Áras na Seandaoine an mhaidin dár gcionn.
Thiomáin sí suas an cabhsa chuig Áras Bhrídín. Chonaic an sáirsint go leor cuirtíní ag bogadh sna fuinneoga. Roinnt eile a d’fhan dorcha, gan borradh. Oidhreacht na Cóibhide, a chuimhnigh sí. Fágadh gan chuairteoirí, gan chairde na daoine a chónaigh ann le linn dianghlasála. Bhí an t-ádh leo sa cheantar seo — níor chaill siad oiread is duine amháin mar gheall ar Chóibhid. Ach d’fhág sé a rian orthu. Iad siúd a tháinig tríd le hintinn shlán bhí siad anois sa tóir ar achan uile dhuine a leag cos thar an tairseach, ag éileamh craic is cuideachta. Iad siúd a chaill dóchas, d’fhan siad ina seomraí.
Mhínigh an Sáirsint de Brún fáth a cuairte leis an stiúrthóir ina hoifig, gan mórán eolais a sceitheadh léi. Fiosrú faoi bheart a chuir sí chun na mór-roinne, a dúirt sí léi. Ní raibh, ní raibh fadhb ar bith ann, díreach go raibh ceist ag an Áras Seandaoine thall sa Ghearmáin faoi cad chuige ar cuireadh an chónair.
Bhain an focal sin geit bheag as an stiúrthóir. Ach níor dhúirt an Sáirsint de Brún ach: ‘Cúpla ceist le cur, sin an méid. Ba mhór liom an seans labhairt léi. Ní bheidh mé i bhfad.’
‘Cinnte, ach beidh orm a bheith i gcuideachta leat. Níor mhaith liom go gcuirfeá scanradh uirthi.’
Lámha glanta, masc ar a haghaidh, lean sí an stiúrthóir síos an pasáiste glas leis an lino glas chuig an Zón Glas. Bhí dath éagsúil ar na ballaí ag achan sé sheomra leapa. Bhí na Zóin daite le dathanna ar leith le cuidiú leo siúd nach raibh an chuimhne rómhaith acu, glas, buí, dearg, gorm, corcra agus oráiste. Bhí Maeirí i Seomra Glas-3.
‘Fan istigh ansin, sa tseomra suite glas,’ a dúirt an stiúrthóir léi. ‘Tógfaidh mé Maeirí amach chugat.’
Bhí boladh bídh san aer — bheadh lón ar fáil roimh i bhfad. Tháinig Maeirí isteach chuici i gcuideachta an Stiúrthóra, seanbhean agus mála mór de chadáis breacáin ar rothaí —tralaí siopadóireachta—á tharraingt ina diaidh aici.
‘Ná habair rud ar bith léi fán tralaí,’ arsa an Stiúrthóir de ghuth íseal. ‘Bíonn sé léi achan áit le bliain anuas. Níl istigh ann ach cúpla pluid.’
Os ard, dúirt an Stiúrthóir:
‘A Mhaeirí, tá an Garda seo ag iarraidh labhairt leat fá bheart. Deir sí gur chuir tú rud inteacht chuig Hans sa Ghearmáin. An cuimhin leat Hans?’
Thosaigh súile na seanmhná ag faiteadh go gasta ar feadh cúpla soicind.
‘Hans? An bhfuil sé marbh?’
‘Níl, a Mhaeirí. Ach fuair sé bronntanas agus deir sé gur tusa a chur chuige é.’
‘An chónair? Chuir, cinnte. Bhí Hans riamh tugtha don dúlra a chaomhnú, bhí sé glas sula raibh an focal sin ann, fiú, agus a fhad is a bhí an t-am agam le linn dianghlasála shíl mé go ndéanfadh sé bronntanas deas dó. Beidh sé in innimh é a úsáid nuair a thiocfas an t-am. Níl muid ag gabháil in óige, a Gharda.’
Bhí a guth bog séimh, agus bhí a haghaidh, frámaithe ag gruaig thanaí liath, ag preabadaigh ó Gharda go Stiúrthóir agus ar ais mar a bheadh éan ag cuartú bídh.
‘Caidé mar a fuair tú sonraí an chúiréara, a bhean uasal?’
Thosaigh lámha na seanmhná ag filleadh ar a chéile. Thóg sí loicéad a bhí thart ar a muineál ina dhá lámh agus thosaigh sí á chuimilt arís is arís eile. Bhris a guth agus í ag freagairt.
‘Níl a fhios — sé sin, ní cuimhin liom—’
Bhris an Stiúrthóir isteach nuair a chonaic sí chomh corraithe leis an tseanbhean.
‘A Gharda, fágfaimid mar sin é. Tá sé in am ag Maeirí a ghabháil síos chuig a dinnéar. Fágaimis í.’
Shiúil an Garda amach as an Áras gan toradh, gan freagra. Shuigh sí ar ais isteach sa charr.
Bhí an Garda Sproule ag fanacht uirthi sa stáisiún.
‘Bhal? An raibh ciall ar bith le baint as Maeirí? Bíonn a hintinn thuas seal, thíos seal, bíodh a fhios agat. Buailim isteach chuici nuair atá mé ag tabhairt cuairte ar mo mháthair féin. Bíonn sí go breá, in amannaí, ach in amannaí eile—’
D’aontaigh an Sáirsint nach raibh mórán eile a bhí siad ag gabháil a fháil amach as an tseanbhean.
‘Deir an Stiúrthóir nach raibh ann ach caitheamh aimsire le linn na dianghlasála. A leithéid de chaitheamh aimsire!’ arsa an Garda de Brún. ‘Cé a mhúin na scileanna sin di?’
‘An múinteoir ceardaíochta. Áine Ní Bhaoill. Déanann mo mháthair féin crosóga Bhríde léi achan bhliain.’
Bhuail an Garda de Brún amach chuig na cnoic i ndiaidh lóin le cuairt a thabhairt ar an chaoladóir. Bhí teach Áine Ní Bhaoill neadaithe go hard i measc na gcrann ar thaobh malacha, ag amharc síos ar an bhaile mhór. Bhuail sí an cloigín lámhdhéanta práis a bhí ar crochadh taobh leis an doras.
Ealaíontóir a bhí in Áine. Thug sí ceardlanna do na seandaoine, ranganna ealaíne do pháistí an cheantair, agus dhíol sí a cuid táirgí ceardaíochta féin leis an ionad turasóireachta ar an bhaile mhór.
‘An ligeann tú do na seandaoine a rogha táirge a dhéanamh leis na slata saileoige?’ a d’iarr an Garda.
‘Iarraim orthu tarraingt ar a bhfuinneamh inmheánach,’ a d’fhreagair an t-ealaíontóir, mearbhall uirthi go raibh garda ag a doras ag fiafraí fána ceardlanna san Áras. Ach bhí sí breá sásta muga tae a thabhairt don chuairteoir, agus comhrá a dhéanamh léi. Is beag cuairteoir a tháinig chun tí le tamall anuas, ó thús na paindéime.
‘Tá cuid de na seandaoine gur breá leo bascóidí beaga a dhéanamh dá gcuid garpháistí. Tá cuid eile a bhfuil an-suim go deo acu i gcultúr dúchasach s’againn féin, agus déanann siad táirgí a bhí sna tithe nuair a bhí siad óg ach nach bhfuil rian orthu anois — cléibh, bascóidí, crosóga Bhríde agus a leithéid.’
‘Agus cónracha?’
Leath béal an ealaíontóra. Chroith sí a ceann nuair a chuala sí go raibh cónair déanta ag Maeirí Pháidí Eoin agus curtha anonn chun na Gearmáine aici.
‘Ach, bascóidí is mó a rinne mise leo. Níor iarr duine ar bith orm fán dóigh le cónair a dhéanamh as slata saileoige. Ní bheadh sé ar eolas agam, fiú, gan a ghabháil i mbun taighde ar an idirlíon fá choinne treoracha le ceann a dhéanamh.’
Thaispeáin an Garda grianghrafanna den chónair don ealaíontóir.
‘Obair an-néata ar fad atá ansin. An bhfeiceann tú na coirnéil? Tá na slata lúbtha go maith. Chreidfinn gurb í Maeirí a rinne é sin. Tá dea-lámh aici don chineál sin oibre.’
‘Ach cé a chuidigh léi? Tusa?’
‘Nach raibh mé faoi dhianghlasáil cosúil le achan mhac máthara eile sa tír? Ní raibh cead agamsa ná ag duine ar bith eile cos a chur thar an tairseach sin ar feadh trí mhí. Lá amháin, bhí mé istigh leo ag stiúrú caoladóireachta. An chéad lá eile, bhí mé amuigh, i mo theach féin don tréimhse sin. Chuala mé ó chairde liom ann, cúramóirí, go raibh na seandaoine ag gabháil ar daoraí. Bhí an áit ar mire glan craiceáilte go dtí go raibh cead againn a theacht isteach arís, agus fiú anois tá a lorg le feiceáil. Tá seanfhear amháin san áit sin a bhí go breá roimh an dianghlasáil. Anois tá sé ag déanamh plátaí breithlae sa rang potadóireachta dá chuid páistí.’
‘Níl a dhath cearr leis sin.’
‘Níl páistí ar bith aige.’
D’amharc an t-ealaíontóir ar na grianghrafanna arís.
‘Chuir sí go leor ama isteach sa táirge seo. Agus bhí go leor slat de dhíth lena dhéanamh. Shíl mé gur chaith siad na slata breise amach, ní raibh ceann ar bith fágtha i mo sheomra stoic san Áras nuair a bhuail mé isteach i rith an tsamhraidh le seiceáil. Rinne siad go leor a chaitheamh amach ar mhaithe le sláinte agus sábháilteacht. Shíl mé féin ag an am gur mhór an trua iad ag gabháil amú, tá lúcháir orm gur bhain duine inteacht leas astu.’
‘An mbeadh sé de chumas ag Maeirí a leithéid a dhéanamh gan treoracha?’
‘Caithfidh mé a admháil, tá lámh an-mhaith aici ar an chaoladóireacht, ach … cónair. Níl a fhios agam.’
Shuigh sí ansin go ciúin, ag machnamh, a muga ina láimh aici.
‘D’imigh na slata saileoige an-ghasta, caithfidh mé a rá. Ach bhí an tÁras ag íoc astu agus ní raibh siadsan róbhuartha fán chostas.’
D’fhág an Sáirsint de Brún slán ag an ealaíontóir agus phill sí ar an stáisiún.
‘Níl a fhios agam faoi Dhia cén dóigh a bhfuair an tseanbhean sin an chónair anonn chun na Gearmáine,’ ar sise leis an Gharda Sproule.
‘Nach cuma cén dóigh a bhfuair sí an diabhal rud trasna chuige. An cheist lárnach ná, an dóigh leat go raibh sí ag guí a bháis?’
‘A leithéid d’amaidí. Ní raibh ann ach rud inteacht le déanamh le linn dhianghlasáil na Cóibhide. Sin sin. Cás druidte. Cuirfidh mé ríomhphost anonn chun na Gearmáine. T ticeáilte agus I poncaithe daofa siúd anois.’
Bhí an Garda Sproule ag bualadh isteach chuig a máthair i Seomra Glas-6 an Domhnach dár gcionn. D’fhág sí barra seacláide ar an tábla cois leapa di. Chíor sí a cuid gruaige di, mar a dhéantaí agus an tseanbhean óg. Labhair sí léi go séimh, ag inse nuaíocht na clainne di, bíodh is nár chuimhin leis an tseanbhean cérbh iad na daoine a raibh sí ag caint orthu. Chuimil sí lámha a máthara le cumhrán deas a thaitin léi.
Ar a bealach amach, thug sí spléachadh isteach i Seomra Glas-3.
‘A Mhaeirí, tá tú leat féin. Mór an trua é sin.’
‘Ní thagann duine ar bith ’mo chóir fán aimsir seo ach tú féin, a Mhairéad. Duine ná deoraí.’
‘Bhal, tá mé anseo leat anois. Seo dhuit, tá bronntanas agam duit.’
D’fhág sí mála liocrais ar an tábla cois leapa.
‘Nach maith mar is cuimhin leat na milseáin is fearr liom. Maith an ghirseach.’
‘Maith an bhean thú féin, a Mhaeirí. Choinnigh tú rún s’againn ón gharda eile sin a tháinig anseo níos luaithe an tseachtain seo. Bhí tú as pabhar maith. Níor lig tú a dhath ort.’
‘Nár inis tú domh a ligint orm go raibh mé dúlálaí? Bíonn an saol istigh anseo níos fusa má ligim orm anois is arís. Thig liom mo rogha rud a rá le daoine. Tá sé iontach.’
‘Shíl an garda eile sin gurbh amhlaidh a bhí d’intinn ar strae, cinnte. Ní thiocfaidh sí a chur ceisteanna ort fá Hans arís.’
‘Fuair sé an chónair?’
‘Fuair. Bhí a chroí amuigh ar a bhéal leis an eagla nuair a fuair sé an chónair, a dúirt siad sa tuairisc oifigiúil.’
Rinne Maeirí scolgháire íseal.
‘Míle buíochas as an chónair a chur chuige ar mo shon, a Mhairéad. Fuair mé an lámh in uachtar air sa deireadh. É féin is a shaol glan, simplí. Chuir mé an oiread sin ama amú leis an leibide sin. Eisean an duine atá dúlálaí. Eisean ag ní a chuid drárs sa doirteal mar nach ligfeadh sé leictreachas sa teach, ag iarraidh ormsa amhlaidh a dhéanamh. Gan teilí, gan chuisneoir, gan rud ar bith. Fuair mé mo sháith de, sa deireadh, agus chiceáil mé amach é. Bhal, beidh sé curtha sa chré sa chónair dheas ghlas sin anois, más mian leis é. A luaithe agus is féidir.’
‘Fáilte romhat, a Mhaeirí. Tháinig mé ar an chomhlacht cúiréara sin ar an idirlíon. An-áisiúil ar fad. Seoladh mícheart ó theach folamh thíos faoin tír, agus gan ar an bhille luchta ach gur slata saileoige ceardaíochta a bhí sa bhosca. Rud a bhí fíor, ar bhealach.’
Thóg Maeirí an loicéad a bhí thart fána muineál agus d’fhoscail sí é, ag tógáil amach eochair bheag bhídeach a bhí istigh ann.
‘Agus nach maith mar a d’aimsigh tú an both sin ar chúl an tí lena chur i bhfolach ann, a Mhairéad. Is breá liom an ciúnas istigh ansin. Is rud luachmhar é ciúnas in áit mar seo. Thiocfadh liom mo shaol ar fad a chaitheamh ann.’
‘Bí cúramach gan barraíocht ama a chaitheamh ann, a Mhaeirí, nó tuigfidh siad go bhfuil tú i bhfolach áit inteacht.’
‘Cinnte, cinnte. Ná bí buartha.’
Chrom an garda óg síos chuig cluas na seanmhná.
‘A Mhaeirí, an bhfuil an ceann eile réidh go fóill? An ceann do mo ex féin?’
Is as Béal Feirste ó dhúchas do Réaltán Ní Leannáin. Tá ceithre leabhar foilsithe aici, Turas Ailse (2011), Dílis (2015), Cití na gCártaí (2019) agus Inní (2021). Tá dráma raidió léi léirithe ag Raidió na Life, An Cor Nach gCastar. Tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois.
[…] Léigh scéal eile: Maeirí […]