San Iargúltacht
le PÁDRAIG Ó GALLACHÓIR
á léamh ag Mícheál Ó Domhnaill
Sa scéal chaolchúiseach seo le Pádraig Ó Gallchóir, tugtar spléachadh dúinn ar shaol atá ar thairseach. Teilgtear isteach i saol scoite tuaithe muid mar a theilgtear an domhan mór isteach cois teallaigh sa scéal féin.
Déanann Mícheál Ó Domhnaill an scéal a léamh dúinn anseo agus ina dhiaidh tugann sé léargas breise dúinn air i gcomhrá le Réaltán Ní Leannáin.
Bhí tine mhór mhónadh lasta agus an lampa Tilley ag crónán ar thaobh na fuinneoige. É ag caitheamh a sholas buí ar an tábla sciúrtha a bhí faoin fhuinneog. Ag lonrú ar shoithí ildaite an drisiúir agus ar aghaidh an chloig mhóir Mheiriceánaí ar bhinn an bhaic. Ag lasadh leacacha an urláir agus trusanna is creatlach an dín suas go maide mullaigh.
I dtrátha an chlapsholais, nó go gearr ina dhiaidh, tháinig na fir isteach de réir a chéile. Shuigh siad chomh deas don tine agus a lig nimh na tine daofa. Nuair a bhí siad uilig suite, bhí siad i gcruth leathchiorcail fán teallach, a n-aghaidheanna lasta dearg ó sholas na tine. Taobh istigh den leathchiorcal, bhí an madadh agus a shoc idir a dhá chois tosaigh sa luaith. Bhí an gasúr ar a chathaoir bheag féin idir na fir agus nimh na tine agus é ag éisteacht le comhrá na bhfear.
Is iomaí ábhar ar thrácht siad air ó tháinig an oíche. An aimsir gan dabht, ní bheadh tús maith le hoíche ar bith airneáil gan an aimsir á spíonadh agus á scrúdú. An méid lá fearthainne a bhí déanta aige ó tháinig an ráithe. Chomh feanntach is bhí an ghaoth ó dhul ó sholas de na hoícheanta seo. An fáinne a bhí ar an ghealach agus cad é an cineál comhartha aimsire sin…
Labhair siad ar ábhair eile fosta, ar ndóiche. An droch-luach a bhí ar olann: ní raibh ann ach gur fiú na caoirigh a lomadh, dar leofa. Bhí an comhrá chóir a bheith ráite, agus bearnaí ag teacht ann. Sna tamaill shuaimhneacha sin, ní raibh le cluinstin ach an madadh ag brionglóidí agus an clog mór ag cur thart an ama, tic anois agus toc arís.
Sa chéad lag trá eile a tháinig sa chomhrá rinne fear an tí a phíopa a dheargadh, agus nuair a bhí cúpla smailc bainte as aige, thairg sé é don duine ba dheise dó. Ba é seo Dan Rua. Bhain Dan a chúpla smailc féin as agus chuir ar aghaidh arís é.
‘Dring,’ a dúirt clog mór Mheiriceá ar bhac na tine, ag áireamh na leathuaire. Thráigh an comhrá ach oiread is dá mbeadh bualadh an chloig ag tarraingt líne faoi.
‘Tá sé ag tarraingt ar am luí,’ arsa duine de na fir.
Bhrúigh cúpla fear siar a gcuid cathaoireacha, a gcuid lámh ar a nglúine acu mar bheadh siad réidh le héirí.
‘Nach bhfuil sé chomh maith agaibh fanacht anois tamall,’ arsa fear an tí, ag éirí óna shuíochán féin.
‘Tiocfaidh an mhaidin go luath,’ arsa siad ag déanamh a mbealaigh chun an dorais.
‘Má thig féin, bíodh aici,’ arsa fear an tí, ag foscailt na comhlach is ag amharc suas as dorchadas na hoíche go gealas na spéire.
Lean na fir amach é.
Sheas siad ar leic an dorais. Bhí oíche chiúin ghealaí ann.
‘Tá spéir breá glan ann,’ arsa fear de na fir, ‘agus an bhfeiceann sibh an fáinne sin ar thagair mé de ar an ghealach?’
‘Murab é an t-am den bhliain atá ann, déarfainn go siocfadh sé anocht,’ arsa fear eile.
‘Nach iontach an rud é,’ arsa fear an tí, ‘chomh geal is atá cuid de na réaltógaí agus chomh cloíte le cuid eile.’
‘Sin mar atá an saol,’ arsa fear de na fir, ‘gach éan ariamh mar oiltear í agus an fhuiseog ins an mhónaidh.’
‘Do bharúil,’ arsa fear an tí, ‘an bhfuil a fhios ag an réaltóg mhór ghorm sin atá taobh thoir de Chruach an Airgid gur léir dúinne í?’
‘Ag Dia atá a fhios,’ arsa duine de na fir.
‘Ná fada uainn foinse an tsolais,’ arsa fear an tí leis féin i gcogar.
‘Nach air atá an bearradh fuar nuair a sheasann tú,’ arsa na fir, ag teannadh a gceirteach fána gcorp is ag lasadh a gcuid lampaí.
‘Oíche mhaith, a fheara,’ arsa fear an tí. Tháinig sé isteach ag cuimilt a lámh agus dhruid amach an doras.
‘Ar m’anam go bhfuil aer siocáin ann,’ ar seisean le Séimí, an t-aon fhear a bhí fágtha.
‘Ní bheidh siocán ar bith ag cur as do na cuilcigh adaí nuair a rachaidh siad i gcionn a chéile,’ arsa Séimí ag éirí den chathaoir agus ag cur cruth dornálaí air féin.
Rinne fear an tí gáire beag sular dhírigh sé a aird ar an ghasúr.
‘Cas air an gléas sin, a stócaigh, go mbeadh sé ag téamh.’
Ní raibh amhras ar bith ar an ghasúr cén gléas a bhí i gceist aige.
Chuaigh sé siar ’na fuinneoige cúil agus chas ceann de na cnaipí a bhí ar aghaidh an raidió mór adhmaid. Thosaigh an pláta gloine ag líonadh le solas buí mar bheadh sé ag sileadh isteach ó áit inteacht i bhfad uaidh. Choinnigh an gasúr leis ag tiontú an rotha mhóir. Bhog an lann dhearg trasna an phláta gloine chuig na hainmneacha iontacha a bhí scríofa air. Bhí sé, dar leis, cosúil le himeacht ar chineál de thuras draíochta ar fud an domhain, agus go domhantaí eile fiú, mar a bhíodh sna scéalta sí. Bhí draíocht, dar leis, sna hainmneacha iad féin, Hilversum, Köln, Leipzig, Athlone, Chicago. Áiteacha nár chuala sé iomrá ariamh orthu.
‘Cuirfear múineadh ar an Yank an iarraidh seo,’ arsa fear an tí le Séimí.
‘Tá an Yank gasta ar na cosa bíodh a fhios agat,’ arsa Séimí.
‘Tá súil agam go bhfuil sé chomh gasta ag teitheadh agus atá sé ag ionsaí,’ arsa fear an tí.
Tháinig fuaim aisteach as an raidió mar bheadh sluaite na mban sí i ngéibheann istigh ann. Thug fear an tí amharc gasta géar anonn ar cad é a bhí á dhéanamh ag an ghasúr.
D’ardaigh an fhuaim go raibh glórtha le cluinstin mar bheadh siad ag teacht as réimse inteacht neamhshaolta i bhfad i gcéin. De réir mar a bhog an gasúr an roth, bhí na canúintí agus na glórtha ag athrú. Corruair chluinfeadh sé báid mhóra ag treabhadh na farraige, fuaim a n-inneall soiléir ina chluasa, fuaim na dtonn mór le cluinstin ag briseadh rompu. Corruair eile ba chapaill a chluinfeadh sé, a gcosa ag bualadh chomh cothrom le ceol uirlise ar mhiotal an bhealaigh mhóir. Chuala sé a mhacasamhail ceoil agus daoine ag aithris i dteangacha aisteacha agus i gcanúintí anaithnide.
D’ardaigh an madadh a shoc as an ghríosaigh agus rinne cúpla glam chaointe.
‘An stadfaidh tú ag amaidíocht leis an ghléas sin, agus cur ar an áit cheart é, tá an mheán oíche dhearg ar an tsúil againn,’ arsa fear an tí go confach.
Amach as an tranglam fuaime, mar bheadh sé ag teacht chun tosaigh as clúdach ceo, bhí an tráchtaire Meiriceánach anois le cluinstin.
‘Fuist,’ arsa fear an tí.
‘Fuist,’ arsa Séimí.
‘And there goes the starting bell for the Heavyweight Championship of the World, coming to you this evening by the magic of radio from Madison Square Garden, New York City, U.S.A.’
Leis sin féin, thosaigh an clog mór os cionn na tine ag bualadh uair an mheán oíche. ‘Dring-Drong, Dring-Drong,’ arsa an clog, an fhuaim ag caitheamh macalla thart ar cheithre aird an tí.
Dhírigh an dís fhear a n-aird uirthi, agus de réir an dorchadais a bhí san aghaidh orthu ní a mbeannacht a bhí siad a mhaíomh uirthi. Ní stopfadh sí anois go raibh an dá uair déag buailte aici.
Bhí tráchtaire an raidió ag béicfí, ach má bhí féin bheadh sé chomh maith aige a bheith ina thost nó bhí lámh an uachtair ag an chlog mhór air. Rith na fir siar gur chrom siad síos agus gur chuir siad a gcuid cluas le haghaidh an raidió.
‘Cad é a dúirt sé?’ ar siad in éineacht ag amharc ar a chéile.
Stad an clog sa deireadh, a dualgas déanta aici.
Leis sin féin, tháinig an tráchtaire ar ais agus é ag dul as crann a chéile le scleondar. ‘And it’s Marciano in one minute and twenty-five seconds, and it’s goodnight, Jersey Joe,’ ar seisean ar bharr a ghutha ach a ghlór ag cúlú agus ag imeacht de réir a chéile siar sa tranglam agus sa trasnaíocht fuaime as a dtáinig sé.
D’amharc Séimí agus fear an tí ar a chéile ach níor dhúirt ceachtar acu focal. Shuigh siad dís síos go tuirsiúil ar na cathaoireacha, ach oiread is dá mba acu féin a bhí an cluiche caillte.
‘Tá sé ar shiúl,’ arsa Séimí, ‘agus ba bheag abhrais a bhí ar a thuras.’
Chas an gasúr as an raidió agus bhí suaimhneas sa teach arís. D’imigh an solas as aghaidh an phláta gloine mar bheadh sé ag sileadh siar go ham nó go háit eile. Bhí an clog mór le cluinstin ar ais ag cuntas na mbomaití léithe mar bheadh croí beo an tí ann.
Leag an madadh a shoc ar a chosa tosaigh agus d’fhill ar réimse na mbrionglóidí.
‘Scrios dearg ar an tseanchlog sin,’ arsa Séimí.
‘Sin mar a chloítear na réaltaí,’ arsa fear an tí.
Amuigh i ndorchadas na hoíche agus i ngealas na spéire, bhí an réalt mhór ghorm ag bogadh siar léithe ina ham féin os cionn Chruach an Airgid.
Rugadh Pádraig Ó Gallachóir i bPeart na hAlbana in 1947. B’as ceantar na nGleanntach dá mháthair agus as Gaoth Dobhair dá athair. Foilsíodh dhá úrscéal leis, Na Déithe Bréige (2007), agus Seachrán na Mic Uí gCorra (2008), a bhain duais Oireachtais. Foilsíodh cnuasach gearrscéalta dátheangach leis chomh maith dar teideal Porto (2011). Tá sé ina chónaí i nGaoth Dobhair.
[…] Ceannaigh an leabhar Léigh scéal eile: San Iargúltacht […]
[…] Ceannaigh an leabhar Léigh scéal eile: San Iargúltacht […]
[…] Léigh scéal eile: Ón Spéir Anuas […]
1dispatched
coursework history https://brainycoursework.com/
degree coursework https://courseworkninja.com/
coursework help https://writingacoursework.com/
cpa coursework https://mycourseworkhelp.net/
coursework uk https://courseworkdownloads.com/
coursework https://courseworkinfotest.com/
coursework history https://coursework-expert.com/
degree coursework https://teachingcoursework.com/
coursework project https://courseworkdomau.com/
single date online https://freewebdating.net/
meet women locally https://jewish-dating-online.net/
find single women https://free-dating-sites-free-personals.com/
interracial dating https://sexanddatingonline.com/
free dating sites totally free https://onlinedatingsurvey.com/
dating online site https://onlinedatingsuccessguide.com/
senior dating sites free https://onlinedatinghunks.com/
date website free https://allaboutdatingsites.com/
adult date sites https://freedatinglive.com/
best free online dating sites https://freewebdating.net/
Yupoo Glasses
San Iargúltacht – Bláth na dTulach
https://Www.Sadikov.Uz/Uz/Node/2232/Track
307 Temporary Redirect
cartier dragon sapphire bead necklace high jewelry
San Iargúltacht – Bláth na dTulach
Yupoo Hat
blog topic
yupoo
San Iargúltacht – Bláth na dTulach
when did balenciaga start doing mens clothes
San Iargúltacht – Bláth na dTulach