Ní Tharlóidh Sé Arís
le Seán Mac Gintidh
á léamh ag Seán Mac Corraidh
Bhí na Gardaí i bhfad ag teacht. Agus, go deimhin, nuair a chonaic mé an bheirt acu, bhí a fhios agam nach raibh siad sa teach seo roimhe sin. Duine acu i bhfad níos óige ná an duine eile agus de réir an chuma a bhí orthu ní bheadh mórán suime acu i mo chuid trioblóidí.
Faoin am seo, bhí an teach suaimhnithe beagáinín. Bhí mé féin, Áine agus Bobby amuigh sa halla agus ní raibh aon ghleo as an seomra suite. B’fhéidir gur thit néal air. Bhí an dinnéar scaipthe thart ar an urlár agus an pláta briste ina smidiríní. Boladh na nglasraí agus na n-oinniún le fáil ar fud an tí agus lorg an phláta le feiceáil go soiléir ar an mballa. An triúr againn cruinnithe go docht lena chéile sa halla beag gruama sin agus na Gardaí ag an doras.
‘Bhuel, a Bhean Uí Chearbhaill, ghlaoigh tú orainn, céard atá ort?’
An Garda ab óige, agus tuin na tuaithe ar a ghuth.
‘Céard atá orm?’ arsa mise. ‘Nach bhfuil a fhios agat go maith céard atá orm! Ní caoch atá tú, an ea? Nach bhfeiceann tú mo pháistí anseo, scanraithe, trína chéile, an bhail atá ar mo theach. Pláta briste, sicín agus glasraí caite ar an urlár sa halla, an é go síleann tú gur mar seo atá mo theachsa i gcónaí?’
‘Go réidh anois, go deas réidh, a bhean chóir. Ní raibh muide beirt sa teach seo riamh, agus tá muid anseo le cuidiú leat, más féidir linn,’ a deir an dara Garda go stuama staidéarach.
‘Tháinig an bastard sin atá ina chodladh sa seomra suite abhaile thart ar mheán oíche agus é dallta ólta. Tá sé imithe ó mheán lae, ní bheidh pingin fágtha aige anois. Bheir sé greim scornaí ormsa agus tharraing sé cic ar Áine nuair a cháinsigh muid é, agus scréach sé ar Bobby, an créatúirín, agus gan é ach naoi mbliana d’aois. Feiceann sibh céard a rinne sé lena dhinnéar.’
‘Ní hé seo an chéad am a rinne sé é seo, ná an chéad am a bhí Gardaí anseo. Céard a tharla tar éis na hócáide eile?’
‘Shuaimhnigh sé síos chuile uair eile a tháinig na Gardaí. Tá aithne aige ar chuid agaibh agus bhíodh náire air. Bíonn sé go breá nó go mbíonn cúpla punt ina phóca aige agus caithfidh sé gur ghróigh sé airgead ar na capaill inniu. Fear mór ansin é sa bpub lena phócaí lán, ag ceannach do chuile dhuine, cairde agus strainséirí, diabhal pingin de a thugann sé abhaile leis, ach an cruachás.’
‘Ní thig leat leanúint leat mar seo, gan trácht ar an stró agus an t-anró ort féin, is ag Dia amháin atá a fhios an dochar atá déanta ar do pháistí. Ba chóir duit dul ’na cúirte agus smacht a chur air.’
‘Ach bíonn sé go breá tar éis tamaill, nuair a bheas focal agaibhse leis, beidh sé go breá socair agus ní bheidh tada eile faoi.’
‘Ní bheidh … go dtí an chéad uair eile. Ach más é sin atá uait, labhróidh muid leis. Sa seomra suite atá sé, a deir tú. Foscail an doras sin, a Bhriain, go bhfeicfidh muid cén bhail atá ar an mboc seo.’
D’fhoscail an Garda óg an doras go fíorchúramach. Bhrúigh sé isteach beagáinín sa seomra suite. Stad sé go tobann. Chonaic mé é ag stánadh isteach sa seomra agus a bhéal foscailte. Bhí an Garda eile ag faire sa treo céanna thar a ghualainn.
‘Jim, Jim, an bhfeiceann tú an scian mhór atá aige. Coinnigh siar uaidh.’
‘Ná tabhair aon aird ar an scian, sin Doberman atá lena thaobh.’
Bhreathnaigh mé thar an bheirt acu. Bhí Larry scartha amach ina chathaoir, gríosach de thine sa teallach, an-teas ag teacht as an seomra. Bhí Larry, leathdhúisithe, scian fhada ina chiotóg agus greim muine aige ar Bronson, madadh s’againn, lena lámh eile. Bhí an madadh ag stánadh orainn uilig. Madadh breá, dúdhonn, craicneach, agus cé nach sílfeá é le breathnú air, faiteach. An créatúirín, ní ghortódh sé míoltóg.
Cinnte, níor shíl na Gardaí gur faiteach a bhí sé, ach fíochmhar. Chúlaigh an Garda óg amach sa halla agus dhún sé an doras go tobann.
‘Glanaigí amach as mo theach anois díreach, níor thug mise aon chead daoibh theacht isteach i mo theachsa. Má théimse amach chugaibh ach beidh a fhios agaibh é.’
Larry a bhí ann, ag búirthíl ón seomra suite.
‘Nach aige atá an bhéic láidir, do bhoicín beag suarach, níl méid jockey ann,’ an Garda ba shine, agus leathgháire air.
‘Fágaigí ansin é, in ainm Dé. Suaimhneoidh sé i gceann tamaill, nuair a imeoidh sibhse.’
Leis sin fosclaíodh doras an tseomra suite agus rith Bronson amach sa halla, Larry sna sála air. D’fhoscail duine de na Gardaí an doras thoir agus amach le Bronson sa ngairdín.
‘Amach libh as an teach seo, níl aon chead agaibh bheith anseo, níor ghlaoigh mise oraibh.’
‘Leag uait an scian. Thug do bhean cead isteach dúinn agus níl muid ag fágáil go mbeidh sí sásta.’
‘Anois, a bhuachaillín. Bí thusa i do thost. Tá aithne mhaith agam ar an gCigire thíos sa stáisiún agus cuirfidh sé sin múineadh ort. Tá mo bhean agus na páistí scanraithe agaibh, agus mo mhadadhaín amuigh ar an tsraith.’
‘Larry, a stór, caith uait an scian agus labhair go macánta leis na fir seo.’
‘Éist do chlab, bheadh gach rud socair sa teach seo anois ach go b’é gur ghlaoigh tú ar na hasail seo.’
Agus é sin á rá aige, d’fhéach sé mé a bhualadh le clabhta, ach má d’fhéach, léim an Garda óg ina mhullach agus thit an bheirt acu ar an urlár.
Is láidir an fear Larry, cé nach bhfuil ann ach stompáinín beag. Sa halla beag cúng thug sé neart le déanamh do na Gardaí sula bhfuair siad an bhua air. Leagadh bord, thit scáthán den bhalla agus bhí na páistí ag screadaíl, chomh maith liom féin, ach faoi dheireadh tharraing siad é amach sa ngarraí leo. Chomh maith le bheith láidir, tá Larry glic agus lig sé air féin go dtáinig lagar air agus thit sé ina chnap amuigh ar an tsráid. B’éigean don bheirt é a tharraingt isteach ina gcarr agus é a shíneadh ar an suíochán deiridh faoi mar a bhí sé marbh.
‘Diabhal tada ar an gcladhaire seo, seo linn é go dtí an stáisiún. Inseoidh muid duit céard a dhéanfar leis amach anseo.’
Leis sin, casadh an carr agus bhí siad imithe amach as an eastát. Chonaic mé cuid de na cuirtíní sna tithe eile sa gclós ag corradh. Bhí neart ábhar gobaireachta tugtha againn do sheanchailleacha srónacha an eastáit. Agus ní ag tabhairt ón scéal a bheadh siad ach ag cur leis! Nuair a bheadh an gobachán críochnaithe agus an scéal scaipthe bheadh otharcharr agus lán veain de Ghardaí ag an teach ar feadh uair an chloig agus fuil le feiceáil san uile áit. Tá mé cleachtach orthu le fada, faraor.
Ach sula dtosódh an raiméis sin, bhí neart le déanamh agamsa. Tháinig mé ar Bronson, é sínte thiar faoi charr agus é ar crith. Mheall mé amach é le píosa den fheoil a bhí caite ag Larry sa halla. Rith sé isteach sa teach agus chaith sé é féin taobh thiar den tolg, an créatúirín.
Ní raibh sé chomh héascaí sin na páistí a shocrú. Bhí Áine geal san aghaidh agus gan focal aisti ach í ag fáisceadh agus ag scaoileadh a cuid lámh ar feadh an ama, a súile greamaithe den urlár. Bhí Bobby bocht ag caoineadh, é chomh geal le braillín.
‘A Mhamaí ó, céard a dhéanfaidh na Gardaí le Daidí? Cén uair a thiocfaidh sé ar ais abhaile? An gcuirfidh siad Daidí i bpríosún?’
‘Ní chuirfidh, a stóirín. Ní raibh call ar bith acu é a thabhairt leo, ní raibh sé chomh dona sin. Bhí an iomarca ólta aige, sin é an méid. Dá dtugadh siad cead codlata dó bheadh sé go breá ar maidin. Rachaidh mé síos chomh fada leis an stáisiún ar maidin agus beidh sé abhaile liom sula n-éireoidh sibh. Anois, téanam isteach sa seomra suite agus beidh gloine bainne agus brioscaí againn triúr.’
Suas a chodladh a chuaigh Áine ach bhí brioscaí agus bainne ag Bobby bocht agus bhí sé socraithe go mór nuair a chuaigh sé suas an staighre. D’airigh mé é féin agus Áine ag caint ar feadh tamaill agus b’éigean domh scréach a ligean asam sular stop siad.
Ghlan mé suas an phraiseach a bhí ar fud an halla, sicín, fataí agus na hoinniúin. Bhí píosaí beaga den phláta scaipthe san uile áit. Dhírigh mé an bord agus na pictiúir ar an mballa.
Bhí mé i mo shuí sa gcistin ag ól braon tae, ag iarraidh mé féin a shocrú, nuair a d’airigh mé cnag ar an doras. Bhreathnaigh mé amach trí na cuirtíní agus chonaic mé carr na nGardaí amuigh os comhair an tí agus an bheirt ina seasamh ag an doras.
‘Sroch Dé oraibh, céard atá uaibh anois?’
‘Gabh mo leithscéal, a Bhean Uí Chearbhaill, ach caithfidh muid ráiteas scríofa a fháil uait. Tá a fhios againn go bhfuil sé ag tarraingt ar a trí a chlog ach beidh sé ag teastáil uainn. Tá an páipéarachas le déanamh againn maidir leis an méid a tharla anseo anocht agus an t-ionsaí a rinneadh ort féin agus ar do pháistí.’
‘Ráiteas, páipéarachas, imígí libh ón doras seo. Nach bhfuil mé náirithe agaibh os comhair mo chomharsan, agus mo pháistí beaga imithe a chodladh, iad ag gáiríl chaoineadh mar gheall oraibh. Ní raibh call ar bith agaibh Larry a thabhairt libh. Bheadh sé go breá suaimhneach anois ach beag sibhse. Diabhal ráiteas ná ráiteas, a fhaigheann tú uaimse anocht.’
Bhuail mé an doras amach ina n-éadan. D’airigh mé duine acu ag rá go raibh a fhios aige go maith nach mbeadh tada le rá agam. D’fhoscail mé an doras arís.
‘Ná feicim thart anseo sibh arís, a choíche. Níl ionaibh ach asail, bhí an ceart ag Larry. Bheadh sé ina chnap codlata anois dá ligeadh sibh dó. Imígí libh — go hifreann, a leibidí.’
Thiontaigh an duine a ba shine acu ach sular fhoscail sé a bhéal, bhuail mé an doras druidte arís. Bhí na páistí ag barr an staighre. Bhí Bobby ag caoineadh i gcónaí, é cromtha mar luchóigín ar an léibheann, ach bhí Áine ina seasamh agus í ag breathnú anuas go scéiniúil orm.
‘A Mhamaí, céard atá ort? Cén fáth ar ruaig tú na Gardaí, nach bhfuair Daidí greim píobáin ortsa agus nach dtug sé cic sa gceathrú domhsa? Ní hé an chéad uair é, ach oiread. Tá Bobby bocht scanraithe í gcónaí agus tá mise bréan dá chuid bealaí.’
‘Isteach leat i do sheomra agus ná cloisim thú ag labhairt faoi do Dhaidí mar sin arís go deo. A chodladh libh beirt láithreach sula dté mé suas agaibh.’
Chaith sí súil eile scéiniúil orm ach chuaigh siad beirt isteach ina seomraí.
Shín mé siar ar an tolg ach sháraigh orm codladh. Bhí mé féin agus Larry le chéile ó casadh orm é sa gceardscoil sa Naigín. Bhí bríocht ag baint leis i gcónaí, cé go raibh sé rósciobtha lena dhorn. Níor fhan sé sa scoil mar fuair sé obair le ráschúrsa Bhaile na Lobhar.
Nuair a fuair muid an teach i Stigh Lorgan, shíl mé go raibh linn. Bhí cúpla bliain aoibhinn againn ar dtús. Ach diaidh ar ndiaidh, mheall a dhlúthchairde uainn é agus thart ar aimsir na rásaí ní bheadh sé le feiceáil ar feadh cúpla lá nó seachtain, nó go raibh a bholg agus a phócaí folamh. Thug dream an ráschúrsa an bóthar dó. Bhí sé thart faoi mo chosa sa teallach ach tharraing muid le chéile arís. Ní drochdhuine é ach é fanacht ón ól agus ón gcearrbhachas.
Caithfidh sé gur thit néal orm mar scanraíodh mé nuair a d’airigh mé greadadh ar an doras arís. Shíl mé go raibh na Gardaí ar ais ach nuair a d’fhoscail mé an doras cé a bhí ann ach Larry. Bhí carr na nGardaí ag casadh os comhair an tí.
‘Gabh isteach, a stór. Is iontach gur fhág an dream sin abhaile thú.’
Agus Larry ag siúl isteach sa halla chonaic mé Áine agus Bobby ag barr an staighre ach chúlaigh siad isteach ina seomraí gan focal astu.
‘Ní sin iad na cunúis a thug leo mé, sin Garda a bhfuil seanaithne agam air. Níor thosaigh sé go dtí a sé a chlog agus ar an toirt a chonaic sé mé sa gcillín scaoil sé amach mé. Is é a thug abhaile mé.’
‘Ó, Larry, a stór, ní raibh a fhios agam go raibh sé ag tarraingt ar a seacht, is é an chaoi ar thit mé i mo chodladh ar an tolg. Caithfidh sé go bhfuil tú stiúgtha leis an ocras. An dtug siad greim féin le n-ithe duit? Cuirfidh mé síos an citeal agus an friochtán sula n-éireoidh na páistí. Inniu Dé Sathairn, ní bheidh siad ina suí go moch inniu. An bhfuil tú tuirseach, a stór?’
‘Níl mé ródhona; chodail mé ó chaith siad isteach sa gcillín mé nó gur lig an Garda sin amach mé, ach tá tart an diabhail orm. Agus íosfaidh mé greim.’
Nach aoibhinn Dia dhuit, a deirim liom féin, mise ag casadh agus ag lúbadh ar an tolg agus tusa ag codladh go sámh sa gcillín. Ach níor dhúirt mé a leithéid le Larry.
Leag mé pláta uibheacha, bagún, ispíní agus tósta amach roimhe ag an mbord chomh maith le pota mór tae. Luigh sé isteach ann gan focal as agus bhí braon tae agam féin ina chuideachta. Ní raibh aon ghoile mór orm.
Níor dhúirt sé focal nó go raibh an pláta glanta aige. Bhrúigh sé siar ón mbord, smeadar beag d’ubh ar a leiceann agus cuma bhreá shásta air.
D’airigh mé na páistí ag corradh os cionn staighre.
‘Tá cineál náire orm faoin méid a tharlaigh eadrainn aréir. Ní tharlóidh sé arís.’
As Glais in iarthar Mhaigh Eo Seán Mac Gintidh. Is de bhunadh Inis Gé é. Tá cuid mhaith blianta caite aige ag obair i Muineachán. Is aistritheoir agus léirmheastóir é. Tá gearrscéalta, scéalta splancfhicsin agus ailt foilsithe aige in irisí éagsúla.
[…] Léigh scéal eile: Ní Tharlóidh Sé Arís […]
[…] Léigh scéal eile: Ní Tharlóidh Sé Arís […]