Deireadh
le hAntain Mac Lochlainn
á léamh ag Aodh Mac Ruairí
Uaill fhada a cluineadh os cionn Ghleann Sheáin, oíche chrua sheaca agus corrán gealaí ar an spéir. Mac tíre baineann a thóg an uaill, mar ba ghnás léi ariamh dá mbíodh sí scartha ón chonairt agus cuidiú nó cuideachta a cineáil de dhíth uirthi. D’ardaigh sí a soc arís gur chuir sí an darna glam aisti — siolla ceol caointe a d’fhan ar an aer, dar leat, tamall i ndiaidh daoithe a ceann a ísliú faoi thost.
Ní raibh neach ar bith — ó choinín go carrfhia — dár chuala an ghairm nach ndeachaigh a chroí a bhualadh ina chliabh is nár theann ní ba dhlúithe lena chomhchréatúirí. Fiú na hainmhithe óga, nár mhothaigh ariamh scairt an mhic tíre, d’inis a ndúchas daofa nach tuar sonais é, ach oiread le brioscarnach tine sa choill nó boladh daoine daonna.
Ba chlos do chluasa daoine an uaill sin fosta — beirt a bhí ina suí thart ar thine i réiteach sa choill. Ba iad sin Dónall Ballach, a bhí ina shealgaire mac tíre, le cois gairmeacha eile, agus Mánas Beag, a bhí ar fostú aige. I gcionn a thrí bliana déag a bhí Mánas agus dúil chráite aige i gceird a mháistéara a fhoghlaim. Ag dúil le duais a bhí Dónall — cúig phunta airgid ó Shasanaigh Dhoire ar chloigeann mac tíre fireann, agus dhá phunta ar chloigeann coileáin. Bhí luach trí phunta dhéag de chloigne aige i mála dearg a bhí ar an talamh fá fhad láimhe uaidh. An baineannach amháin a d’éalaigh.
Fad is a bhí sí sin ag glaoch, mhair Mánas ag éisteacht agus a chloigeann ar leathmhaing aige. Tháinig dreach smaointeach air — an liobar íochtarach druidte go teann ar an liobar uachtarach, amhail is go raibh sé míshásta nuair nach raibh ag éirí leis cruacheist a fhuascailt as a stuaim féin.
‘An dtiocfadh le fear an trup sin a dhéanamh?’ ar seisean faoi dheireadh.
Duine grusach a bhí i nDónall an uair ab fhearr a bhí sé, agus bhí lá fada coscrach curtha isteach aige ó nocht an ghrian ar an spéir maidin an lae sin. Chonaic sé an cú seilge deiridh dá raibh aige ina luí marbh ar an chnoc agus a sceadamán réabtha ag mac tíre fireann a sheas an fód agus a chosnaigh an t-ál. Níor thug sé de fhreagra ar chaint an ghasúir ach seileog a chaitheamh sa tine. Ach bhí Mánas ag stánadh air i gcónaí agus mhairfeadh sé mar sin go dtí go mbeadh freagra aige nó go mbuailfí smitín air, nó ba mhinic a chuir a chuid ceastóireachta a mháistir thar a shnáithe.
‘Nach dtuirseoidh tú choíche de na ceisteanna?’ arsa Dónall. ‘Agus cad é an mhaith a dhéanfadh sé do Chríostaí a leithéid d’uallfairt a chur as?’
Chroith Mánas a ghuailneacha. ‘A oiread seo,’ a dúirt sé, gan a fhios aige go rómhaith cad é an mhaith a dhéanfadh sé.
‘A oiread seo … tá sise ag glaoch ar mhic tíre na dúiche, ag iarraidh iad a theacht faoina déin. Má ghlaonn muidne uirthise ina canúint féin, nach amhlaidh a thiocfaidh sí chugainne, sa dóigh is nach mbeidh againn le dul sa tóir uirthi amárach?’
‘Canúint!’ arsa Dónall agus d’éirigh ina sheasamh. Le dua a d’ardaigh sé a sheancholainn ón talamh, agus bhí pian ina ghlúin dheas a bhí ag méadú ar a dhrochaoibh. ‘Canúint! Dar ndóigh, ní peata d’éan gallda atá inti le go dtiocfadh leat urlabhra a theagasc di.’
Chuaigh sé a shiortú i mála eile a bhí caite ar chraobh íseal aige, gur bhain amach toirtín aráin agus giota cáis chrua — deireadh an lóin bóthair. Chuir sé Mánas chun an tsrutháin fá dhéin deoch uisce, ní cionn is go raibh tart air ach díreach le bomaite suaimhnis a bheith aige. Dheamhan mórán ocrais a bhí air ach oiread; bhéarfadh sé an bia don té a rachadh sé ar sochar dó, don duine óg.
In ainneoin a thuirse, bhí a fhios aige nach gcodlódh sé néal, ach ina dhiaidh sin is uile ní raibh fonn comhrá ar bith air. Óir is beag ní a dhéanadh Dónall le fonn san am. Luach sé phunta a bhí ar cheann an bhaineannaigh úd a bhí á fógairt féin amuigh ar an airdeacht, sé phunta a bheadh fóinteach aige ina laethanta liatha. Ach ligfeadh sé a ceann léi. Ar maidin le spéarthaí an lae, bhéarfadh Dónall Ballach a aghaidh ar Dhún Geimhin, ní ag ceannacht conairt úr ach ag iarraidh cead cónaí i dteach a dheirfiúra a bhí pósta ar scológ ann. B’fhéidir go mbeadh gnoithe ag fear an tí le Mánas.
Ní raibh an gasúr i bhfad gur phill sé. Ba mhaith leis a thabhairt le fios nár ní ar bith aige a bheith leis féin i measc na gcrann dorcha, ach bhí a mhalairt de bhrí le baint as a choiscéim dheifreach agus a chuid feadalaí gan cheol. Ní raibh focal as fad is a bhí sé ag cognadh an aráin. An té a bheadh ag coimhéad ar a ghnúis bheag chruinn agus í lasta i solas na tine, déarfadh sé gur ghasúr beag meabhrach a bhí ann. Chuimhnigh Dónall ar an tseanfhocal — féadann amadán cuma chríonna a bheith air, fad is nach ndeir sé a dhath. Ach b’éagórach dó é nó ní amadán a bhí i Mánas. Is é rud nach raibh a fhios aige an dóigh le cúrsaí an tsaoil a scagadh. B’fhéidir go raibh Dónall mar sin lá, ach má bhí, ní raibh cuimhne aige air.
‘Seo,’ arsa Dónall agus shín dorn druidte i dtreo a chuibhreannaigh óig. D’fhoscail sé amach a chuid méar gur nocht an bronntanas i gcroí a bhoise.
Is é a bhí ann fiacail mac tíre, d’fhiacail fhada bhánbhuí, í feistithe i mbarr ornáideach airgid a raibh slabhra curtha trí pholl ann.
‘Tá sin á chaitheamh faoi mo léinidh agam ón uair a chuaigh mé leis an cheird seo,’ arsa Dónall. ‘I bhfad siar.’
D’aithin Mánas an rud a bhí ann; dhearc sé go minic í le linn dá mháistir a bheith á fholcadh féin. Ón chéad uair a leag sé súil uirthi, ba mhaith leis aige féin í, ach ní mar áilleagán. Is ea, bhí barr airgid air a bhí maisiúil ach fiacail faolchú a bhí ann i gcónaí — fiacail a réab agus a sháigh agus a chuaigh i bhfeoil, fiacail a stoitheadh as cloigeann mac tíre.
Agus thuig an gasúr gur suaitheantas ceirde a bhí ann fosta; ní raibh sealgaire ó Chorcaigh go Málainn nach raibh a leithéid faoina mhuineál aige. Ba mar gheall air sin nár sciob sé an bronntanas as láimh a mháistéara chomh tiubh géar agus a síneadh chuige é. Cad chuige a dtabharfadh Dónall Ballach a dhintiúirí uaidh mar sin?
D’aithin Dónall an mhoill a bhí ar a ghiolla, agus bhain míbhrí as. Bhí cloigeann an ghasúir lán pisreog. ‘An fíor,’ a d’fhiafraigh sé lá, ‘an fíor go ndéantar balbhán de dhuine nuair a tchí sé mac tíre?’ An té a bhfuil titeamas air, ní thiocfadh taom creatha air dá gcuirfí cumhdach de chraicne faolchú air — chreid sé sin agus rudaí eile a bhí ní b’iontaí ná a chéile. D’fhéachadh Dónall le ciall a chur ann ach níor luaithe a bhréagnaíodh sé pisreog amháin ná go mbíodh tuilleadh amaidí á spalpadh ag an ghasúr. ‘Deirtear go dtéann an Diabhal i riocht mac tíre in amanna,’ a dúirt sé, lá, agus d’amharc ar a mháistir go bhfeicfeadh sé cad é a déarfadh sé leis sin.
‘Déanaim amach,’ arsa Dónall, ‘go mb’fhearr dó dul thart i gcraiceann duine — an cine is gaire gaol dó.’
Sin mar a bhíonn an caidreamh idir Mac an Duine agus Clann na Coilleadh: ainbhios agus eagla.
‘Tabhair thusa leat an fhiacail sin agus cuir thart ar do mhuineál í,’ arsa Dónall. ‘B’fhéidir go mbeadh sí níos ádhúla duitse ná mar a bhí domhsa. Agus mura mbeidh, féadann tú í a dhíol.’
‘Cha ndíolaim,’ arsa Mánas agus thóg an bronntanas as láimh a mháistéara. Fós féin, níor chuir sé timpeall a mhuiníl í.
‘Ní raibh mé mórán níos sine ná tusa nuair a rinne mé an chéad mharú sin,’ arsa Dónall — rud nach raibh fíor ach a bhí ina thosach maith ar scéal. Cá bith buanna a bhí ag Dónall ní raibh bua na scéalaíochta orthu. Ba dhoiligh dó a chúrsaí féin a chur in alt a chéile go slachtmhar — cad chuige a ndearna sé seo nó siúd ná fiú amháin cén t-ord inar thit eachtraí a shaoil amach. Dar leis, bhí a sheal ar an tsaol seo mar a bheadh brionglóid meisceora ann — thiocfadh leis cuid di a thabhairt chun cuimhne ach ba é a dhúshlán meabhair ar bith a bhaint aisti. Rinne sé casacht.
‘Bhí an cogadh ann an t-am sin. Cogadh Chromail.’
Stad sé. Focal trom a bhí san ainm sin, Cromail. An diabhal i mbréagriocht duine.
Labhair Mánas, le nach bhfágfadh Dónall Ballach scéal eile fós gan chríochnú.
‘Dúirt tú ariamh gur rud millteanach an cogadh.’
‘Agus b’fhíor domh é,’ arsa Dónall. Ba mhinic a chuireadh sé an brathladh sin ar Mhánas, ar eagla go mbeadh sé chomh glas agus go rachadh sé le saighdiúireacht. Dúirt sé sin in ainneoin fios a bheith aige go bhfuil rudaí níos measa ná cogadh ann. Tá dóchas i ngáir chatha. Tá fothram na beatha sa chomhrac. Ba é an ciúnas i ndiaidh an chogaidh a d’fhág ualach buan uaignis ar chroí Dhónaill. Na cuibhrinn gan siosarnach speile, na dílleachtaí costarnochta ag plódú na mbóithre agus eisean ina measc — ógánach a tógadh go fiúntach ina bhonn-le-bóthar feasta.
‘Dhá rud nach raibh gann in Éirinn an t-am sin,’ arsa Dónall, ‘coirp gan adhlacadh agus madaí allta.’
B’iontach leis chomh gonta, bríomhar leis an abairt a bhí ráite aige, agus chomh fíor léi. B’fhéidir go dtiocfadh leis an chuid seo dá scéal a inse go healaíonta.
‘Agus mic tíre,’ arsa Mánas, coinnle ar a shúile.
‘Féadann tú a bheith cinnte de. An dtuigeann tú, an t-am a bhí ann — roimhe sin, tá mé a rá — ní raibh siad fairsing sa tír. Tháinig an cogadh ansin agus cé a bhí ann le cúl a choinneáil orthu? D’éirigh siad líonmhar. D’éirigh siad dána. Och! Na rudaí a chonaic mé. Go maithe Dia domh é.’
Bhí sé i ndiaidh dul in abar sa scéal agus bhí Mánas ag amharc air agus é faoi cheist. B’fhurast dó a chreidbheáil go bhfaca an seanduine rudaí a bhí gránna, ach cad chuige a raibh seisean ag iarraidh maithiúnais ar Dhia? Níor fhiú dó míniú a iarraidh; bhí Dónall ina thost arís agus dreach air a bhí idir a bheith cloíte agus feargach.
Dá mbeadh deis a labhartha ag an tseanduine, d’inseodh sé cad é an sásamh a bhí air nuair a scoith sé an cloigeann dá chéad mhac tíre, sásamh fiata a bhí cosúil le díoltas. Díoltas ar shaighdiúirí agus ar mharcaigh. Díoltas as an chlaochlú a tháinig ar an tsaol. Dá dtiocfadh an chaint go réidh chuige, déarfadh sé nár bhain sé a oiread céanna sásaimh as an darna marú ná as an tríú marú ná as marú ar bith dá raibh déanta aige i bhFeadha Ard Mhacha nó i measc chnoic Mhuintir Luinigh. Dá ligfeadh an náire dó, d’admhódh sé nach raibh slí bheatha le tabhairt aige do Mhánas — nár léir dó féin mar a bhí na coillte á leagan agus na háiteanna folaigh á scrios? Agus cad é an mhaith a bheith ag aithris ar ghairm an mhic tíre nuair ba ghearr nach mbeadh a leithéid sa tír?
Mar sin féin, b’eol dó ceann amháin a bheith ann — céile an fhireannaigh a d’fhág sé ina chonablach lom dícheannta. Máthair an áil a raibh a gcloigne beaga istigh i mála droma aige. Ach oiread le Dónall, ní raibh sí ag dúil le tarrtháil. An uaill sin a thóg sí, ní raibh dóchas ar bith inti. Caoineadh uilig a bhí inti agus, b’fhéidir, ceist.
‘Sea,’ arsa Dónall, mar a déarfadh fear ar tháinig léaró tuisceana chuige. Sheas sé, réitigh a sceadamán agus thóg a shúile in airde. Lig sé uaill as. D’aithneodh Mánas féin gur fear a rinne an chéad iarracht, ach tháinig an darna huaill ó áit ní b’uaigní i gcroí Dhónaill — scairt fhada a chuir deann tríd. D’éist an gasúr agus d’amharc ar a mháistir, ag iarraidh a dhéanamh amach cad é mar a bhí ag éirí leis a leithéid d’fhoghar éagsamhalta a chur as féin. Ba ghairid gur thuig sé nach raibh ealaín ar bith ann ach díreach do racht a ligean. Sheas sé le taobh an duine eile agus lig uaill as agus ceann eile agus ceann eile fós go dtí nach raibh ina cheann ach fuacht agus ocras agus scairteach.
Mhair an bheirt acu mar sin go ndeachaigh a ndúil in éag.
As Cúil Raithin d’Antain Mac Lochlainn, atá ag cur faoi i mBaile Átha Cliath. Aistritheoir agus scríbhneoir ficsin. Údar téacsleabhar agus ábhair foghlama eile. Ina measc sin, tá www.ceimaraghaidh.ie, acmhainn d’fhoghlaimeoirí a bhfuil suim acu i nGaeilge Uladh. Eagarthóir an tsuímh acmhainní www.aistear.ie
[…] Léigh scéal eile: Deireadh […]
[…] Léigh scéal eile: Deireadh […]