Camchuairt
le DÉIRDRE NÍ GRIANNA
á léamh ag Mairéad Dinny Ní Ghallchóir
Scéal mistéireach faoi thuras trí dhúichí deoranta, áit a gcastar le duine de sheans a thugann oscailt súl agus ábhar machnaimh don phríomhcharachtar. Tá an scéal fíorspéisiúil seo le Déirdre Ní Grianna á léamh ag an aisteoir Conallach Mairéad Dinny Ní Ghallchóir, agus ina dhiaidh, tá comhrá bríomhar leis an eagarthóir Réaltán Ní Leannáin ina spíonann siad an scéal agus fiosraíonn siad na téamaí agus an tírdhreach cultúrtha as a dtagann sé.
‘Scrios Dé ar Simon Cowell agus a mhacasamhail!’
Ba sin an méid a tháinig chun cinn chuige ar an bhealach chasta chorraitheach seo, corradh le dhá bhliain ó shin. Chonacthas do Jason san am gurbh iad Cowell, Walsh, et al. foinse na bhfadhbanna uilig a bhí ag cur as don iriseoir ar an oíche chinniúnach sin i mí na Nollag. Bhí sé ar seachrán i gceo na gcnoc, ar aistear in áit aisteach, anaithnid.
Ach ní dhéanfadh a dhath eile gnoithe don eagarthóir s’aige ach go gcaithfeadh Jason dul go dtí an Clochán Liath agus a mhór a dhéanamh d’iomaitheoir Éireannach sa bhabhta ceannais de chomórtas inteacht ar an teilifís.
De réir an eagarthóra, bhí Hoody Joe, mar a bhí aithne air i meáin an Bhéarla (seachas an Hiúdaí Seosamh a thug a thuismitheoirí air) le coirm cheoil gan choinne—mar dhea—a dhéanamh dá “lucht leanúna” ar an bhaile an oíche sin agus bhí ar Jason freastal uirthi, nó tugadh cuireadh don pháipéar teacht le scéal eisiach a fháil. Bhí rún ag an eagarthóir leathanaigh speisialta a dhéanamh mar scéal mór don oíche chinniúnach.
B’ionann sin uilig agus tús thubaiste Jason.
De réir urlabhraí, bhí an aerlíne millteanach buartha, ach ní raibh eitleán ar bith san aer in iarthar na tíre mar gheall ar an cheo agus ní fios cá huair a gcuirfí an ghnáth-sheirbhís ar fáil arís.
Mar a d’fhoghlaim an t-iriseoir de bhunadh an oirthir ina dhiaidh sin, níorbh ann d’Iarnród Éireann Thiar Thuaidh ná d’Iompar Poiblí Thiar Thuaidh féin.
Mura raibh teorainn dhocht dhaingean le caiteachas an nuachtáin agus cúrsaí eacnamaíochta na laethanta seo ag teannadh ar uasal agus íseal, d’fhéadfadh sé tiománaí a fháil. Ach níor ligeadh dó sin a dhéanamh agus ní raibh an dara suí sa bhuaile aige ach é féin a thiomáint ann.
B’fhéidir nach mbeadh an trioblóid chéanna aige dá n-imeodh sé ar an toirt ach shocair sé ar uair an chloig a chaitheamh ag déanamh staidéir ar chúlra an phopréalta reatha. D’fhág sin nár éirigh leis tús áite a fháil ar an tsruthán orla de bhoscaí miotalacha ag éalú as gnólachtaí agus as oifigí Bhaile Átha Cliath.
Chloígh sé le taobh na Poblachta den teorainn ar a bhealach aníos as Baile Átha Cliath go Sligeach sular tharraing sé ar Bhaile Dhún na nGall. Go tobann, chonaic sé soilse roimhe ar a bhealach amach as Baile Dhún na nGall. Ba chosúil go raibh ganntanas soilse sráide sa chontae seo fiú ar an bhealach mhór. Ach an uair seo, bhí dath gorm agus dearg orthu agus thomhais sé go raibh na Guards ar an bhealach roimhe. Mhínigh an garda óg dó go raibh an bealach druidte. Bhí taisme mhillteanach ann agus maraíodh daoine. Bheadh air filleadh ar Bhaile Dhún na nGall agus an bealach a leanstan go Leitir Ceanainn, arsa an garda óg, agus a bhealach a dhéanamh fríd na cnoic a fhad leis an Chlochán Liath.
Fiú ag an phointe sin, agus iomlán neamhaird déanta aige go minic ar an luasteorainn dhlíthiúil, bhí a fhios ag Jason go mbeadh obair aige a bheith in am don choirm cheoil agus Hoody Joe.
Cuireadh deireadh leis an dóchas corradh le deich míle taobh amuigh de Leitir Ceanainn nuair a d’aithin sé go raibh craiceann na cré clúdaithe le cóta trom ceo. Ba i gcoinne a thola féin a thréig sé tearmann an Tearmainn le haghaidh a thabhairt ar bhealach cnapánach na gcnoc.
De réir mar a thiomáin Jason níos doimhne sna cnoic b’amhlaidh a dhruid an ceo thart ar an charr, go dtí go raibh an t-inneall faoi thaiséadach trom taibhseach agus nach raibh i súile an innill ach dhá lasóg laga i liombó na liathachta.
Dá mbeadh eolas an bhealaigh féin aige, nuair a chlis air comhartha a fháil don Satnav, b’fhéidir go dtiocfadh sé slán.
B’amhlaidh a d’éirigh Jason ní ba bhuartha fána chruachás nó níor léir dó rud ar bith roimhe. Ba bheag nach raibh sé ábalta gaosán an chairr a fheiceáil agus ar éigean a bhí sé ag bogadh nó ní raibh a chos ach ag cuimilt ar an luasaire agus é anois ag leanúint an bhóthair beagán ar bheagán. Má bhí féin, nó ní thiocfadh leis a bheith cinnte cé acu a bhí sé ar an bhóthar nó nach raibh, nó ní raibh ceachtar den dá thaobh le feiceáil.
Bhíodh a chroí ina bhéal arís agus arís eile nuair a bhuaileadh rotha an chairr poll fadbhunaithe ar an bhóthar. Bhí sé cinnte go n-imeodh sé den bhóthar agus go mbeadh sé bunoscionn i bpáirc éigin agus i bhfostú san fhásach.
Níor chuimhin leis cá fhad a bhí sé sula dtáinig an tuar fána thairngreacht ach go raibh an scéal ní ba mheasa ná mar a shamhail sé sa chéad dul síos. Ní raibh sé an fad sin ó bhun an Eargail nuair a chuaigh sé ar seachrán, nuair a thiontaigh sé ar dheis ar chasán beag, ag fágáil slán ag an phríomhbhóthar a bhí ag sleamhnú amach roimhe ar chlé. Bhí a fhios aige go raibh sé ag dul suas cnoc. Go tobann, mhothaigh sé go raibh an carr ag dul síos agus gan smacht aige air agus ansin, chuaigh sé féin agus an carr thar a gcorp agus seoladh a intinn isteach i ndomhan an dorchadais.
Nuair a tháinig sé chuige féin, chan amháin gur chreid sé gur thit a charr agus é féin síos den bhóthar ach chreid sé, nuair a nocht neach roimhe, gur thit siad isteach i gcéad éigin eile, céad, a bhí de réir cosúlachta sé scór bliain scartha amach ón aois seo.
Nó ina seasamh roimhe bhí bean, cé gur mheas sé féin sa chéad dul síos gur cailleach nó taibhse a bhí inti, a bhí, ina bharúil, céad bliain d’aois, agus seál thart ar a béal. Bhí sí ag cromadh síos agus ag stánadh isteach air sa charr le solas lóchrainn ola seanaimseartha.
Rinne sé iarracht bogadh agus leis sin, ba chosúil dó gur phléasc achan néarcheann ina chorp trí thine, beart a thug ar a intinn filleadh ar a fásach féin. Ba mhaith an rud é nó dá bhfeicfeadh sé an cruth a bhí air nuair a tugadh chun tí é, agus é ina luí ar sheanchlár a bhí greamaithe d’asal, bheadh sé ar bharr creatha le haiféaltas.
Má chreid sé gur thaistil a charr ar nós De Lorean Mhic Chuileoige, bhí sé dearfa cinnte de nuair a ghlan scamall a mheabhrach, nó ba léir dó go raibh sé anois i mbothán gan leictreachas ar bith nó ba é an t-aon ábhar solais san áit dhá.
‘In ainm Dé ná corraigh nó déanfaidh tú níos mó dochair ná mar atá déanta cheana féin,’ a d’ordaigh guth ó áit éigin ar chlé, ach, mar gheall ar an ordú, níor thiontaigh sé i dtreo an ghutha.
Nuair a tháinig sí díreach os a chomhair, d’aithin Jason an ghnúis mar aghaidh na mná a bhí ag fuinneog an ghluaisteáin ach an iarraidh seo bhí babhla uisce ina lámh aici.
‘Caithfidh mé aire a thabhairt do d’aghaidh nó tá tú gearrtha go holc — caithfidh gur gortaíodh thú nuair a bhris an gaothscáth agus tá eagla orm go mbeidh orm greamanna nó dumb-bells a chur ar na gearrthacha sin.’
Chuaigh sí i mbun oibre agus cibé faitíos a bhí air leigheas a fháil ó bhean ón 19ú haois agus nár chuala iomrá ar pheinicillin, dar le Jason, ba ríchuma leis sa tsioc nó bhí an phian i gceannas ar a chorp agus nuair a bhronn sí táibléad air, d’fhoscail sé a bhéal, agus ghlac sé é go fonnmhar gan oiread agus focal a rá.
Shleamhnaigh sé arís chuig suan na scamallachta cé go dtearn sé iarracht duillí na súl a choinneáil in airde. Nuair a mhúscail sé arís, ba ghuth ó Dhomhnach Broc a bhí á dhúiseacht agus bhí solas an lae ann cé gur fann a bhí sé.
Caithfidh sé gur lig sé éagaoin as i ngan fhios dó féin nó tháinig bean an tí isteach cúpla soicind i ndiaidh dó múscailt.
‘Tá tú ar ais linn arís — fan go bhfeicfidh mé cén dóigh atá ort…’
Thóg sí caol a láimhe agus bhreathnaigh sí ar a huaireadóir agus í ag déanamh cuntais ar gach buille dá chroí i rith an ama.
‘Ar an drochuair, mairfidh tú tamall eile…’ a dúirt sí agus aoibh chineálta ar a béal.
Rinne Jason staidéar ar a haghaidh agus ba léir dó nach raibh sí chomh haosta agus a shíl sé i dtús báire. Ag scrúdú a dreacha, mheas sé nach raibh an bhean thar na trí scór go leith bliain d’aois agus de réir chreatlach na haghaidhe, leis na súile móra gorma loinnireacha agus an chuid den ghruaig a bhí go fóill dubh, ba spéirbhean amach agus amach í lá den tsaol.
‘Cá bhfuil mé, nó cad é an lá atá — nach mbíonn Marian Finucane ar an raidió Dé Sathairn?’ a d’fhiafraigh Jason, ag caint leis féin den mhórchuid.
‘Chuaigh an Satharn agus an Domhnach thart, a thaisce, bhí tú i do chodladh mórchuid de dheireadh na seachtaine, seo Dé Luain. An bhfuil ocras ort, nó an mothaíonn tú tinn?’
Bhí intinn Jason go fóill dírithe ar an cheolchoirm a bhí caillte aige.
‘Dé Luain … cad é a tharla?’
‘Chuaigh tú ar strae sa cheo. Nach cuimhin leat go raibh taisme agat? Fuair tú bualadh bocht nuair a d’imigh an carr den chasán sin thuas. Ní shílim gur briseadh do bhlaosc ach tá meall mór millteanach ar an chlár éadain agat. Ach b’fhurast dó sin tarlú duit ag deireadh seachtaine ar bith i mBaile Átha Cliath má tá bun na fírinne ann i leath na scéalta a léim fán áit sin.’
‘An banaltra thú?’
Thit na focla óna bhéal mar bheadh piléar ó ghunna a bualadh de thaisme agus é go fóill ag teacht chuige féin.
‘Banaltra!’ ar sise ag ligint gnúsacht aisti. ‘Dochtúir, a chroí, dochtúir. Is cosúil go bhfuil dul chun cinn i meon na bhfear le déanamh go fóill beag!’ a dúirt sí agus í ag croitheadh a cloiginn le haoibh tharcaisneach ar a béal.
‘Ar mhaith leat greim bricfeasta, tá mé ag déanamh go bhfuil sé tamall maith ó rinne tú do chuid. Beidh tú stiúgtha leis an ocras.’
Tugadh cúpla leac d’arán dó a rinne sí réidh os comhair a dhá shúl agus uibheacha a thug sí isteach ó chúl an tí. In ainneoin nach bia as an choitiantacht a bhí i gceist nó ba mhinic a d’ith sé na rudaí céanna roimhe, ach má d’ith, ní raibh siad den dóigh chéanna, bia den chineál nár bhlais sé ariamh.
Chuir an bricfeasta sin tús le comhrá léi fána saol agus ba chomhrá é a bheadh ina thionchar ar a shaol a bheag nó a mhór. Mhínigh sí dó nach raibh leictreachas sa teach an oíche sin a thug sí chun tí é, cionn is nach raibh gaoth ann leis an ghineadóir gaoithe, a thóg sí féin, a chur sa tsiúl agus b’éigean di pilleadh ar na seandóigheanna.
Le linn na maidine agus an chomhrá sin, chonacthas do Jason go raibh a saol sáite den mhórchuid sna sean-dóigheanna idir an bia a d’fhás sí féin agus an chumhacht a ghin sí le maireachtáil. B’iontach leis an dóigh a dtearn sí athchúrsáil uisce le plandaí i dtrí linn a ghlan an t-uisce, rud nach bhfaca sé ariamh ina shaol agus a chreid sé san am nach bhfeicfeadh aon duine eile arís á dhéanamh ó seo amach. Agus thóg sí féin an t-iomlán léir acu le daichead bliain anuas.
Teach gan oigheann micreathonnach, gan ghuthán, gan teilifís ach le raidió arbh éigean é a chasadh le cur sa tsiúl agus teach a mhair sa 21ú haois ach sa bheag. Ina ainneoin sin nó dá thairbhe, ba theach é a chuir dhá lámh thart ort agus a thug croí mór isteach duit.
Ach iontas na n-iontas, bhí ríomhaire aici agus chóir a bheith go raibh a dhá shúil ag preabadh ar na pluca nuair a fuair sé spléachadh air. Agus cuireadh lena dhíchreideamh nuair a fuair sé amach go raibh an t-idirlíon aici agus chóir a bheith gur thit sé i laige arís eile nuair a d’inis sí dó go raibh scéal curtha aici chuig a pháipéar nuair a bhí teacht ar an leictreachas arís le biseach ar an aimsir.
‘Chonaic mé do chárta preasa i do chasóg inné. Rinne mé staidéar ar an idirlíon fá dtaobh díot agus chuir mé scéal chuig an pháipéar. Mhínigh mé don eagarthóir go raibh taisme agat agus go bhfuil do charr gan mhaith anois agus nach bhféadfá tiomáint cibé ar bith. Táthar le duine a chur fá do choinne agus beidh sé anseo amárach. Ach beidh ort dul díreach láithreach chun na hotharlainne i Leitir Ceanainn nuair a fhágfas tú an áit seo. Tabhair gealltanas dom.’
Ard Airmide a thug sí ar an áit, nó ba é an t-ainm a bhí ag na seanfhondúirí ar an cheantar, a dúirt sí, agus finscéal aici go raibh cónaí ag an bhandia ar an chnoc os cionn an ghleanna seo, a bhí go hard sa spéir taobh leis an Eargail. Áit a bhí glanscartha amach ón phobal agus gan ann ach casán caol casta mar bhealach isteach ann. Ba é an bealach sin a ba chúis lena thaisme agus a ba chúis, b’fhéidir, le Jason an lá a ba shuimiúla le linn a sholais go dtí sin a chaitheamh.
Go dtí sin, shíl Jason nach raibh sa lucht ghlas ach scaifte a bhí glan as a meabhair a bhí i gcónaí ag dul ar aghaidh fá dheireadh an domhain. Mheas sé féin san am nach dtiocfadh le duine ar bith cuid ar bith de na sean-nósanna a chleachtadh nó bhí domhan eile ar fad ann agus saol go hiomlán difriúil leis an tseansaol. Ach bhí an bhean sin, a shíl sé san am a bhí ina heiseamláir don dream sin, beo bríomhar ar an nós sin.
Ag pilleadh dó ar an teach cúpla bliain ina dhiaidh, d’éirigh sé amach as an charr go bhfeicfeadh sé an ceantar mar is ceart den chéad uair ariamh faoi sholas geal i mí na súl buí.
Thíos faoi, chonaic sé Loch Dhún Lúiche agus Loch na Cuinge, mar bheadh craobhacha dúghorma crainn ann a leagadh sula raibh seal Phádraig ann, agus thart ar an tseanséipéal thíos faoi bhí an talamh breactha le tithe ón fharraige go leath bealaigh suas an tEargail mar a bheadh slua seangán ann agus iad ag déanamh a mbealach go barr na neide.
Chonacthas dó áilleacht na háite i lár an lae ghlé agus chóir a bheith gur thuig sé freagra na mná san am ‘gurbh fhearr uaigneas maith ná droch-chuideachta’ nuair a fuair sé amach nach raibh comharsa ar bith eile máguaird léi agus í scoite deich míle ón phobal, gan fear ná páistí ariamh aici.
I ndiaidh cúpla bomaite, chas sé agus shiúil i dtreo an tí.
Rugadh agus tógadh Déirdre Ní Grianna i mBéal Feirste, áit a bhfuil cónaí uirthi go fóill. Is scríbhneoir agus aistritheoir í. Foilsíodh cnuasach gearrscéalta léi, An Gnáthrud (1999), agus úrscéal, Eachtra (2005).
[…] Ceannaigh an leabhar Léigh scéal eile: Camchuairt […]
[…] Ceannaigh an leabhar Léigh scéal eile: Camchuairt […]
3filename
coursework history https://brainycoursework.com/
coursework writing https://courseworkninja.com/
coursework plagiarism checker https://writingacoursework.com/
coursework samples https://mycourseworkhelp.net/
coursework on a resume https://courseworkdownloads.com/
database coursework https://courseworkinfotest.com/
coursework papers https://coursework-expert.com/
coursework moderation https://teachingcoursework.com/
custom coursework https://buycoursework.org/
design and technology gcse coursework https://courseworkdomau.com/
dating single online https://freewebdating.net/
local singles in my area https://jewish-dating-online.net/
freedating https://free-dating-sites-free-personals.com/
lets-casual-dating https://sexanddatingonline.com/
best sites dating https://onlinedatingsurvey.com/
the best online dating site https://onlinedatingsuccessguide.com/
completely free dating sites https://onlinedatinghunks.com/
single senior dating sites https://datingwebsiteshopper.com/
game online woman https://allaboutdatingsites.com/
sex dating sights https://freedatinglive.com/
eu mature https://freewebdating.net/