Téacht Slán
le PROINSIAS MAC A’ BHAIRD
á léamh ag Aodán Ó Cearbhaill
Leis an chreathán ann, bhí sé doiligh ar Lorcán a shúile a dhíriú ar na daoine a bhí thart air, na lámha a bhí á phriocadh. Níor aithin sé an áit ina raibh sé. Soilse os a chionn, bhí siad dá dhalladh, cloigne dubha daoine ag scinneadh tharstu ag caitheamh scáilí anuas air. Bhí eanglach ann, ach, in ainneoin sin, mhothaigh sé troime a chuid éadaigh ag brú anuas ar a chliabhrach agus ar a ghéaga, dá tharraingt go talamh, dá phlúchadh.
Bhíothas dá bhogadh. Chuir an longadán leis an chreathán ann, leis an chrith ghéar ina chár agus ina chnámha. Soilse gorma. Duine inteacht ag labhairt ach gan dul aige an chaint a thuigbheáil. Gile na soilse ag dul i bhfainne, a shúile ag titim chun druidte.
Gíog as ceann de na meaisíní san otharlann a mhúscail an athuair é. Agus an ceo ar a intinn ag scabadh, chonaic sé cruth a mháthara ina suí le taobh na leapa. Níor cheil an meangadh cineálta faoisimh ar a béal rian na suóg ar a pluca. Agus múscailt a mic tugtha faoi deara aici, d’éirigh an bhean chaol, chrom sí chuige agus leag póg cheana ar chlár a éadain.
Thug sé iarraidh ar labhairt ach thréig a chuid focal é. Chuimil a mháthair méara fríd a ghruaig, á shuaimhniú, ag impí air a bheith ar a shocair, scíste a ghlacadh, ach ní raibh suaimhneas le cur air. Thriail sé arís a chuid focal a chur amach.
‘Di … Diar … ma …?’
Ba leor na deora i súile a mháthara le hinsint dó go raibh Diarmaid, a dheartháir, caillte. Thiontaigh sé a chloigeann isteach ina bhabhstar lena dheora féin a cheilt, ach tháinig siad go fras.
Ina bhrionglóid chorrach an oíche sin, tháinig aghaidh Dhiarmada roimhe arís agus arís eile. Aghaidh shuáilceach, meangadh na diabhlaíochta ar a bhéal, aigeantacht nádúrtha a dhearthára ar thug sé éad di go minic. Ina thaibhreamh, shamhlaigh sé an bheirt acu ina ngasúraí óga, iad ag rith chun an chósta, dorú á ísliú acu le crúbóg a mhealladh óna aice; ansin, iad ag snámh fríd an chúr, ag iomrascáil san uisce agus ag amaidí. Bhí an saol níos aeraí, níos simplí an t-am udaí.
Sin an t-am nuair a bhí a n-athair, Cormac, beo. Bhí cion a chroí ag Lorcán ar a dhaid. Scafaire fir a bhí ann, é cineálta lách, agus gan rud ar bith a raibh dúil níos mó aige ann ná am a chaitheamh lena bheirt mhac, ag súgradh agus ag déanamh spóirt leo.
Fear farraige go smior a bhí i gCormac, a raibh a sháith de sheanchas na mara aige. Chuireadh Lorcán suim mhillteanach sna scéalta a d’insíodh sé dó féin agus do Dhiarmaid. Bhí dóigh ealaíonta scéalaíochta aige, agus bhainfeadh sé idir chorraí agus gháire as na gasúraí. Bhí scéal farraige d’achan chineál aige, maighdeana mara, laochra a ndearnadh carraigeacha díobh agus a mhúsclaíodh ón tsuan ó am go chéile le troid a chur ar naimhde, péisteanna a tharraingeodh bád go grinneall, pisreogaí agus finscéalta a bhain leis an tsaol faoi thoinn; ach, thar rud ar bith eile, bhí dúil ag Lorcán sna scéalta a d’insíodh a athair daofa fá na róntaí.
Dar lena n-athair, neacha osnádúrtha a bhí sna róntaí. Deireadh sé go mbíodh spiorad na ndaoine a cailleadh ar an fharraige beo i dtólamh iontu. Corruair, thógfadh rón cruth duine agus dhéanfadh sé teagmháil arís leo siúd a raibh aithne aige orthu tráth. Ar an ábhar sin, ar ndóigh, bhí droch-chríoch i ndán don té a dhéanfadh rón a mharú. Cá bhfios nach ag marú duine dá mhuintir féin nó comharsa leis a bhí sé. Agus bíodh is go leagfadh an t-iascaire a sheacht mallacht ar an rón a dhéanfadh craos ar na bradáin ina chuid eangach, bhí tuigbheáil chiúin ann go raibh cothú agus beatha de dhíobháil ar na mairbh fosta.
Ba chosúil le scian fríd chroí an ógánaigh é nuair a tháinig an scéal chuige gur cailleadh a athair. Sin an t-am a thréig an aigeantacht é. Deirtear go mbíonn teacht aniar maith i bpáistí ach ní hamhlaidh a bhí i gcás Lorcáin. D’éirigh sé dúnta doicheallach ann féin. Bhí an chumhaidh dá chloí agus ba dheacair dó aoibhneas a fheiceáil sa tsaol. Amuigh ar an fharraige is mó a chronaigh sé a athair. Agus fairsingeacht na mara thart air, mhothaigh sé easpa a athara agus bhí uaigneas millteanach san easpa sin.
Diarmaid, ar an lámh eile, d’éirigh leisean bealach a aimsiú le dhul i ngleic leis an tragóid. Bhí seisean croíbhriste uaigneach fosta, ar ndóigh, ach, le himeacht aimsire, d’aimsigh sé láidreacht inteacht istigh ann a thug slí dó aoibh a chur ar a bhéal agus an éadroime croí a chleachtadh an athuair, rud nach raibh Lorcán ábalta a dhéanamh.
Bliain go leith níos sine ná é a bhí Diarmaid, é ag tarraingt ar naoi mbliana déag d’aois. Taobh amuigh den ghnáth-theannas a bhíonn idir deartháireacha ó am go chéile, réitigh sé go maith lena dheartháir. Ba dhuine suáilceach dea-mhéineach é Diarmaid a raibh gean ag daoine air. Bhí dóigh shíodúil aige leis na mná agus bhí sé féin agus Carole Ní Dhálaigh ag déanamh cuideachta lena chéile le bliain anuas. Bhí Carole tarraingteach agus, san oíche, ba mhinic smaointe Lorcáin dírithe uirthi nuair a bhíodh sé ag déanamh sóláis dó féin ina uaigneas.
Éad Lorcáin, níos mó ná rud ar bith eile, ba chúis le cibé teannas beag a bhí idir é agus a dheartháir. Dálta mórchuid a mhothúchán, choinnigh sé an t-éad brúite síos go domhain ann, ach nochtfaí é ó am go chéile. Bhí sé in éad leis an réchúis a bhain lena dheartháir, leis an tsuim a bhí ag cailíní dóighiúla ann. Chonacthas dó gur tugadh Diarmaid faoi deara sula bhfacthas eisean, nár chuir daoine a oiread céanna spéise annsan is a chuir siad ina dheartháir. Bhí sé in éad leis ar an ábhar gur éirigh leis a shaol a tharraingt le chéile i ndiaidh bhás a n-athara.
Ba bheag cuimhne a bhí ag Lorcán ar ar tharla idir é agus Diarmaid ar an bhád. Amuigh ag cur potaí a bhí siad, an bheirt deartháireacha agus Tomaí Jeaic Ó Domhnaill. Ba le Tomaí an bád, fear sna tríochaidí a raibh bean agus clann óg aige. Leathbhád a raibh cuóta beag iascaireachta ag gabháil leis a bhí ann, bád a cheannaigh sé trí bliana roimhe sin agus a thug acmhainn dó a bheatha a thabhairt i dtír ar scadáin, murlais, crúbógaí agus gliomaigh. Bhí cuimhne aige ar a bheith ag caitheamh potaí thar thaobh an bháid, chuimhnigh sé go raibh gaoth bheag ann agus clabán san fharraige, ach ní rud ar bith a choinneodh iascaire sa phort. Ina dhiaidh sin, ní raibh ann ach an dorchadas. Gan ach cuimhne fhánach aige ar easaontas de chineál inteacht idir é agus Diarmaid, scairteach, brú, dorn á tharraingt.
Bhí sé dall ar an rud ba chionsiocair leis an spairn eatarthu. Rud neamhurchóideach a dúirt Diarmaid seans, jóc a scaoil Tomaí uaidh, magadh beag a chuaigh rófhada. Ach b’fhéidir arís gur éirigh an t-uaigneas agus an t-éad aníos ina rabharta gan choinne ann, é ina ghuairneán pléascach. Ghoill sé air nach raibh aige ach breac-chuimhní ar an eachtra.
An t-aon chuimhne a bhí aige ina dhiaidh sin ná an t-uisce thart air. Cén dóigh ar tharla san uisce é? Ní fhéadfadh sé a rá. Ar buaileadh isteach é? Tonn iombháite? Ar bhuail an bád líonán nó carraig a chuir dá stiúir é agus a chaith a raibh sa bhád isteach sa duibheagán? Ní raibh a fhios aige. Ba shnámhóir maith é ach bhí an bád giota maith ar shiúl ón talamh agus bhí a chuid éadaigh air. Ar éirigh leis greim a fháil ar rud inteacht a choinnigh os cionn na dtonn é? An raibh Tomaí agus Diarmaid ag streachailt taobh leis san fharraige? Bhí sé cráite ag na ceisteanna ach gan ach brat trom dorchadais ar a intinn a cheil aon fhreagra air.
Scaoileadh amach as an ospidéal é in am do thórramh Thomaí. Thángthas ar a chorpsan cóngarach do láthair na tubaiste agus bhíothas anois á chur. Bhí rópa baoi tarrthála fáiscthe thart air nuair a fuarthas é. Bhíothas ag déanamh amach go raibh an baoi in úsáid aige le fanacht os cionn an uisce agus gur shocraigh sé an rópa thart ar a chorp le nach n-imeodh sé uaidh. Ní raibh teacht ar Dhiarmaid go fóill. Bhí bádaí tarrthála agus héileacaptar ar a ndícheall á chuartú ach bhí trí lá ann ó tharla an báthadh agus bhí an dóchas go dtiocfaí air ag trá go gasta.
Shiúil na buíonta de mhuintir na háite an cósta thoir agus thiar, ar eagla gur éirigh leis teacht i dtír i gceann de na camais bheaga thart ar an chósta nó ar an tseans go bhfuair sé greim láimhe ar charraig ag bun spince. Ní raibh teacht acu air. Dhéanfaí cúpla lá eile de chuartú, ach ba é barúil na n-iascairí áitiúla ná gur shíob sruthanna láidre amach sa doimhneacht é agus go raibh sé caillte, mar a bhí a athair roimhe.
Ba bheag de sheanmóir an tsagairt, ag Aifreann an tórraimh, a chuala Lorcán. Bhí mar a bheadh dhá dhruma ann ag bualadh ina chluasa i rith na seirbhíse, gan ach focal anseo agus ansiúd á chluinstin aige. Dúradh paidreacha ar son na marbh, hiarradh ar Dhia Diarmaid a thabhairt slán, ach ní raibh ann ach dordán i gcluasa Lorcáin. Roimh i bhfad, bhí an slua ag gluaiseacht amach i ndiaidh chónair Thomaí. Thóg corrdhuine lámh Lorcáin lena croitheadh agus iad ag dul thairis, monabhar comhbhróin á ghabháil acu leisean agus lena mháthair. Bhí sé mórán mar an gcéanna sa reilig.
I ngarradh beag, caoga slat ón chladach, a bhí an reilig, agus shéid feannadh fuar gaoithe ón fharraige isteach thar an phobal a bhí cruinnithe os cionn na huaighe. Leis an fhuacht ina chroí, ba ar éigean a mhothaigh Lorcán an ghaoth pholltach, ba mhó i bhfad a aird ar na tonnta agus ar an dornán bád a bhí ag seoladh siar agus aniar ar thóir a dhearthára. Dar leis, ba cheart dó féin a bheith amuigh ansin leo.
Chuaigh Lorcán síos a fhad leis an ché an tráthnóna sin agus arís go luath an mhaidin ina dhiaidh, ach dhiúltaigh na hiascairí é a thabhairt ar bord leo. D’éirigh sé cointinneach leo. Tuige nach ligfeadh siad amach leo é? Nach a dheartháir féin a bhí ar iarraidh? Nár thuig siad gur mhaith leis cuidiú ina tharrtháil agus nach raibh daoine de dhíobháil orthu a chuideodh leis an chuartú?
Chuimhnigh sé ansin ar scéalta a athara. Bhí na mairnéalaigh seo lán pisreogaí. Bíonn a cuid féin ag an fharraige, a deireadh a athair i gcónaí. Bheadh na fir farraige seo in amhras fána mhacasamhail, fear a tháinig slán ón bháthadh; bheadh drogall orthu é a thabhairt ar bord ar eagla go dtiocfadh an fharraige i dtréan orthu, éiric á lorg aici. Gan choinne, chuir na pisreogaí agus scéalta a bhí ag a athair agus ag an ghlúin lenar bhain sé fearg air.
Nuair nach bhfuair sé duine a thabharfadh amach ar an fharraige é, chuir sé ina intinn é go ndéanfadh sé féin cuartú ar feadh an chósta. D’éirigh sé amach agus shiúil sé leis, achan dreap agus gág idir na carraigeacha á gcuartú aige. Shiúil agus chuartaigh sé cúig mhíle siar an chéad lá sin agus an lá ina dhiaidh sin thug sé fán chósta thoir. Achan uair a thiocfadh sé ar éadála, dheifreodh sé lena scrúdú ach ní bheadh rian ar bith de Dhiarmaid ann agus leanfadh sé ar aghaidh go dubhach ag déanamh a bhealaigh thar na clocha agus na creaga.
Ar ndóigh, bhí a sáith féin den éadóchas ar a mháthair. Fear agus mac caillte aici. Bhí sé ag dul deacair ar Mháirín breathnú amach uirthi, mar fharraige. Aon uair a d’ardaigh sí cloigeann le hamharc ar na tonnta ag briseadh ar an chladach, radharc a chuirfeadh aoibhneas ar dhuine eile, ní bheadh uirthi ach corraí. A leithéid de dhánacht ag an fharraige aghaidh chaoin shonasach a chur uirthi féin nuair, taobh thiar dá gnúis aoibhiúil, ba ghadaí fealltach í.
Leoga, bhí a farraige bheag féin de dheora silte ag Máirín le sé bliana anuas, ón uair a cailleadh Cormac. Fear chomh faichilleach cúramach is a bhí, fear a raibh oiread sin measa aige ar an fharraige agus urraim aige roimpi. Dúirt Mannie Edbhaird, a bhí sa bhád leis nuair a cailleadh é, gur brúcht farraige gan choinne a bhuail taobh an bháid agus a chuir Cormac dá chothrom. Agus é ag titim siar san uisce, bhuail sé a chloigeann ar an bharra iarainn a bhí crochta le taobh an bháid le potaí agus eangacha a tharraingt isteach. Fán am ar éirigh le Mannie a chosa féin a aimsiú agus Cormac a thógáil ón uisce, bhí sé rómhall, bhí an fear bocht ar lár.
Cé go raibh a croí briste, bhí beirt ghasúraí le tógáil aici agus thug sí aghaidh ar an dúshlán a bhí roimpi. Bhí díomá uirthi nuair a ba léir an rún a bhí ag a mic lorg a n-athara a leanstan. Chomhairligh sí daofa a gcloigne a dhíriú ar na leabharthaí agus post maith seascair a aimsiú daofa féin ar thalamh tirim. Ba chuma léi fán dóigh a saothródh siad a gcuid a fhad is nach ar an fharraige a bheadh siad. Ach ba dheacair an dúchas iontu a shárú agus ba mhó i bhfad an tsuim a chuir siad san iascaireacht ná in aon rud eile.
Anois bhí an dara fear caillte aici. Luigh an tocht chomh trom sin uirthi go raibh sé doiligh uirthi ar uairibh breith ar a hanáil féin. Samhlaíodh di go minic go raibh sí á bá ag ualach na cumhaidh agus nach bhfeicfeadh sí lá an tsonais go brách arís.
Thuig sí go raibh Lorcán ag fulaingt fosta agus thapaigh sí achan deis a fuair sí é a tharraingt lena hucht, a lámha a chur thart air amhail is nach scaoilfeadh sí leis go deo; ach, ar an drochuair di féin, níl sé i nádúr an stócaigh, stócach d’aois Lorcáin ach go háirithe, fanacht rófhada i mbaclainn a mháthara. Chonaic sí mar a d’imeodh sé amach achan mhaidin, mar a shiúlfadh sé an cósta ar thóir a dhearthára, mar a phillfeadh sé tráthnóna, a cheann faoi aige. Thuig sí go raibh an folús i gcroí a mic chomh mór is a bhí an poll dubh ina croí féin.
Thriail sí labhairt leis, ach ba ar éigean a bhí sí féin ábalta ciall a dhéanamh dá raibh i ndiaidh tarlú dá teaghlach, gan bheith ag iarraidh brí a aimsiú dá mac. Aon uair a rinne sí iarracht labhairt leis, ní raibh d’fhreagra uaidh ach gnúsachtaí tostacha, sméideadh cinn agus cloigeann crom. D’iarrfadh sí air fanacht sa bhaile is gan bheith ag siúl na dtráigheanna agus na gcladach, sméidfeadh sé a chloigeann, amhail is go raibh sé ag toiliú fanacht ar a shocair, ach an chéad lá eile, bheadh sé ar shiúl leis arís.
Tháinig dochtúir an teaghlaigh ar cuairt. I ndiaidh di tamall a chaitheamh ag labhairt le Lorcán, thuig sí go raibh cuidiú de dhíth ar an stócach. Neamhord strus iarthrámach a thug sí ar an doicheall agus gruaim a bhí air, ach ba bheag ciall a bhain Lorcán ná a mháthair as na focail sin.
‘I ndiaidh taisme nó tráma mór,’ a mhínigh sí, ‘tógann sé tamall ar an duine teacht chuige féin arís. Corruair, an damáiste a dhéantar don intinn, bíonn sé i bhfad níos measa ná aon díobháil choirp.’
Rinne sí coinne dó le comhairleoir. Shuigh Lorcán leis an chomhairleoir ina hoifig, d’éist sé lena raibh le rá aici, thug sé freagraí gairide ar a cuid ceisteanna ach nuair a cheistigh sí é fánar tharla lá na tragóide, d’éirigh sé tostach doicheallach an athuair. Dheimhnigh an comhairleoir fáthmheas an dochtúra. Ba leasc léi piollaí a ordú do dhuine chomh hóg leis agus shocraigh sí sraith de sheisiúin chomhairleoireachta dó chun cuidiú leis aghaidh a thabhairt ar a raibh i ndiaidh tarlú dó. Bhí an chéad cheann ar an cheann dheireanach, ní raibh a chroí ná a thoil ann.
Bhí súil ag a mháthair go gcuirfeadh an scoil rialtacht ar ais i saol Lorcáin, go dtabharfadh sí seasmhacht de chineál inteacht dó, ach níor chuir. Bhí a chairde scoile ciotach thart air. Bhí drogall orthu labhairt leis fán timpiste agus ní raibh na scileanna acu déileáil leis an ghruaim a bhí ann. Mar sin féin, rinne cuid acu iarracht cuideachta a choinneáil leis. Bhí sé doiligh, ar an ábhar gur beag dúil a bhí ag Lorcán sa spraoi ná sa ghreann agus a luaithe is a bheadh an lá scoile istigh, rachadh sé ag siúl ina aonar thíos fán chladach. Sa deireadh stad sé ag freastal ar an scoil.
Arís agus arís eile, thiocfadh Diarmaid chuige ina bhriong-lóidí ach bhí na brionglóidí céanna ag athrú. Thosaigh a shamhlaíocht ag líonadh isteach na mbearnaí ina chuimhne. Oíche amháin, taibhríodh dó gur léim sé isteach san uisce le Diarmaid a shábháil; oíche eile, ba ag troid fá Carole a bhí siad; oíche eile, tháinig Tomaí eatarthu agus iad ag bruíon agus eisean a tharraing Diarmaid siar agus isteach san uisce; oíche eile, bhí a athair san fharraige agus léim an bheirt acu isteach le tarrtháil a thabhairt air. Samhlaíodh cás eile dó achan oíche agus, i ndiaidh tamaill, d’éirigh sé deacair air difear a dhéanamh idir an fhírinne agus an tsamhlaíocht, rud a chuir tuilleadh mearbhaill air.
Roimh i bhfad, a athair is mó a thiocfadh chuige ina bhrionglóidí. Tchífeadh sé é agus chluinfeadh sé a chuid scéalta. Bheadh a athair ann agus bheadh róntaí ina chuid brionglóidí fosta. Róntaí thart ar an bhád agus é ag dul go tóin poill, róntaí thart ar a dheartháir agus é san uisce, rón dá bhroideadh i dtreo píosa adhmaid, éadála a choinneodh os cionn na dtonn é agus a thabharfadh a tharrtháil ón bháthadh. Chuimhnigh sé go ndearna spioraid na marbh cónaí sna neacha seo, é de nós acu teacht i dtarrtháil ar a ndaoine muinteartha. Sin a deireadh a athair. An raibh a athair ansin i measc na róntaí? An eisean a d’aimsigh ábhar snámhach san fharraige dá mhac? An eisean a thug slán é?
Ansin tuigeadh rud tábhachtach dó. Má bhí Diarmaid caillte, mar a bhíothas a rá, caithfidh sé go raibh a spiorad i gceann de na róntaí sin anois. Thosaigh an smaoineamh sin ag fabhrú agus ag fás ina intinn. Bhí loighic agus ciall ag baint leis, mar smaoineamh. Ba ag cur ama amú a bhí sé thíos ar an chladach ag cuartú nó ní corp báite caite le beann a bhí ina dheartháir. Bhí sé beo. Mhair sé i rith an ama i gcruth róin. Agus é ag smaoineamh agus ag machnamh air, á chur thart ina chloigeann, d’éirigh sé níos cinnte ná ariamh gur mar sin a thit cúrsaí amach. B’fhuascailt dó an tuigbheáil sin. Má bhí Diarmaid beo, bheadh sé ábalta dul chun cainte leis, thiocfadh leis an t-aighneas, cibé míthuiscint a bhí eatarthu a shocrú agus bheadh sé ábalta teacht slán ón anchás ina raibh sé.
Go gairid ina dhiaidh sin, tharla Lorcán thíos ar an tráigh ag meabhrú dó féin agus samhlaíodh dó gur chuala sé rud inteacht. D’amharc sé thart ach ní raibh duine, ainmhí ná rud ar bith a dhéanfadh trup le feiceáil aige. Caidé a bhí ann? Le siosarnach na dtonn, bhí sé doiligh tuaimeanna eile a dhéanamh amach. Shocair sé é féin agus chuir bior ar a chluasa. I ndiaidh bomaite, chuala sé arís é, búir de chineál inteacht, é íseal, chóir a bheith caillte i ngreadadh na dtonn ar an tráigh. Sheas sé. Chuala arís é. É cinnte de an t-am seo. Búirthigh. Búirthigh róin, a shíl sé. Siúd arís é, níos glóraí an t-am seo. Ní raibh dabht ar bith fá dtaobh de. Bhí a athair, bhí a dheartháir ag scairtigh air. D’éirigh corraí ann. Seo an fhaill ar a raibh sé ag fanacht, an deis a bhí de dhíobháil air achan rud a chur i gceart, teacht slán ón bhuairt agus ón chrá.
Chaith sé de a bhróga agus a gheansaí agus scaoil cnaipí a bhríste gur shiúil amach san fharraige. Chuala sé na glórthaí arís. Ní raibh siad rófhada ar shiúl, iad níos soiléire ina chluas. Shiúil sé leis go dtí a bhasta agus chrom ansin ar an tsnámh. Fríd an splaiseáil ina chluasa, chuala sé glór a dhearthára. Tá mé ag teacht, tá mé ar an bhealach chugat, fan orm, a scairt sé. Tharraing sé buillí láidre snámha a thóg amach sa doimhneacht é. Ní raibh i bhfad eile le dhul aige. Bhí an bhúirtheach níos airde ná ariamh. Chóir a bheith go raibh sé ábalta an comhrá idir a athair agus a dheartháir a chluinstin. Shnámh sé leis go dtí nach raibh fuinneamh ar bith fágtha sna sciatháin aige. Stad sé, d’amharc thart ag iarraidh a dheartháir a aimsiú. Bhí sé thart air in áit inteacht, bhí sé cinnte de sin. Scairt sé a ainm. Scairt sé ainm a athara.
Bhí fuinneamh na ngéag ídithe i Lorcán agus bhí sé ag éirí deacair air a chloigeann a choinneáil os cionn an uisce. Agus é ag dul faoi, bhí na súile foscailte aige, iad ag amharc thart go friochanta, a dheartháir a thabharfadh leis ar a dhroim é, a thabharfadh slán é, á chuartú aige. Bhí a shúile ag cuartú go dtí gur thit an dorchadas orthu.
Is as Árainn Mhór i dTír Chonaill do Phroinsias Mac a’ Bhaird. Tá idir fhilíocht agus phrós scríofa aige agus bronnadh duaiseanna ar chuid mhaith dá shaothar, ina measc duais Leabhar Gaeilge na Bliana de chuid An Post Book Awards, 2019 dá úrscéal Tairngreacht. Oibríonn sé mar mháistir scoile i Leitir Ceanainn.
[…] Léigh scéal eile: Teacht Slán […]