Sámhnas Shábha
le MÁIRE DINNY WREN
á léamh ag Carmel Ní Bhriain
á léamh ag Carmel Ní Bhriain
Ag an deasc in Áras Bhríde tá an bhanaltra Caitlín Ní Ghallchóir ag coimhéad ar an cheamara faireachais a fhad is atá sí ag scríobh a cuid nótaí. Tchíonn sí Sábha Bean Mhic Grianna ina suí i gcathaoir uilleach ina seomra leapa. Tá irisleabhar ina luí foscailte ar a glúine. Tá cupa agus pláta ar an tralaí in aice léi. Tá tábla beag taobh leis an bhalla ar a bhfuil altóir na Bealtaine. Tá íomhá den Mhaighdean Mhuire ar an altóir agus crúiscín ina bhfuil bláthanna beaga fiáine.
Ó am go ham, lasann aghaidh Shábha suas le haoibh an gháire nuair a chluineann sí coiscéimeanna agus glórtha sa phasáiste taobh amuigh dá seomra, ach ansin, nuair a théann siad thar an doras, tagann cuma dhíomách uirthi, cromann sí a ceann agus amharcann sí ar an irisleabhar atá foscailte ar an leathanach chéanna ó bhí am lóin ann.
Amharcann Sábha i dtreo na haltóra. Tógann sí a coróin Mhuire as a póca, coisriceann sí í féin agus tosaíonn sí ag urnaí. Ní bhíonn sé i bhfad go dtagann néal uirthi.
Léann Caitlín nóta go bhfuil teaghlach Shábha le cuairt a thabhairt uirthi inniu agus smaointíonn sí gurbh fhearr di a ghabháil agus cathaoir a chur ag taobh na fuinneoige agus Sábha a bhogadh ann sula dtiocfaidh an teaghlach.
Bíonn Sábha ag súil lena teaghlach ó éiríonn sí ar maidin. Tógann sé a croí nuair a fheiceann sí iad, go háirithe na garpháistí. Tá Sábha ar an chiall chéanna leis na páistí. Is maith léi a bheith ag súgradh leo agus ag éisteacht leo ag caint is ag gáirí. Ach anois, chaithfeadh sí a bheith ag amharc amach ar an fhuinneog orthu. Ní chluinfeadh sí a nglórtha. Ní bheadh sí ábalta barróg a thabhairt daofa.
Tá máthair Chaitlíne féin i dteach altranais i bPort na Bláiche le fada an lá agus í faoi léan ag an néaltrú aibithe. Níl cead ag Caitlín ná ag aon duine den teaghlach a dhul isteach ar cuairt chuici. Bhí Caitlín ag an fhuinneog cúpla lá roimhe sin ach cha dtearn a máthair iontas ar bith di agus rinne sí iarracht an cuirtín a dhruid ar an fhuinneog. Chuir sé isteach go mór ar Chaitlín nach raibh sí ábalta a dhul isteach agus a máthair a fheiceáil agus labhairt léi agus greim láimhe a fháil uirthi. Bhí sé iontach deacair a bheith ag amharc uirthi fríd an fhuinneog.
Bíonn Sábha ar a sáimhín só nuair atá sí ina suí ag amharc amach ar na cnoic agus ar na páirceanna agus ar an bhealach mhór. Bogann sí chun tosaigh sa chathaoir mar bheadh sí ag déanamh staidéar géar ar ghné inteacht den taobh tíre.
‘Ar bharr Chnoc na Naomh
is an fraoch gorm do leabaidh,
ag breathnú is ag féachaint
ar aoibhneas an domhain,’
a deir sí de ghlór caoin agus í ag amharc suas i dtreo na gcnoc. Is minic a deir Sábha línte as amhráin nó as dánta a d’fhoghlaim sí ar an scoil.
‘Caithfidh go bhfuil na fir ag obair sa chuibhreann thíos cois na habhann inniu, ní fheicim iad i bpáirc Dhónaill Óig, b’fhéidir gur ar an bhealach ’na bhaile atá siad, b’fhearr domh na prátaí a chur síos,’ a deir Sábha.
Déanann sí iarracht éirí as an chathaoir ach níl sí ábalta. Géilleann sí agus díríonn a haird ar an radharc fríd an fhuinneog arís. Tá Cnoc na Naomh le feiceáil i bhfad uaithi.
‘Acht ní chluinfidh mé feasta
na fuaimeanna deasa
bhíodh le mochtáil ar maidin
thart fá do thaobh,’
a deir Sábha i ndiaidh tamaill de ghlór díomuach.
Le teas na gréine fríd an fhuinneog tagann néal beag ar Shábha i ndiaidh tamaill. Tá Caitlín ina seasamh lena taobh agus lústar flústar uirthi nuair a fhosclaíonn Sábha a cuid súl. Tá sí ag caitheamh masc gorm.
‘A Shábha, amharc cé atá anseo ag an fhuinneog,’ a deir Caitlín.
Tchíonn Sábha go bhfuil daoine ag an fhuinneog. Fear agus bean agus cúpla páiste beag. Tá siad ag croitheadh a gcuid lámh léi. Tá siad uilig go haoibhiúil. Tá cailín beag ina seasamh ar leac na fuinneoige agus sabhaircíní ina láimh aici. Tá greim ag a hathair uirthi.
Aithníonn Sábha a mac Conall agus a bhean Eimear agus na páistí. Spréann aoibh an gháire ar a haghaidh.
‘Mo mhuintir féin, taraigí isteach,’ a deir sí ag síneadh a bata siúil i dtreo an dorais. Ach ní bhogann siad.
‘Bhuel, a Shábha, tá do theaghlach tagtha ar cuairt chugat. Amharc ar na bláthanna galánta atá leis an ghirseach bheag.’
‘Abair leo a theacht isteach,’ a deir Sábha léi.
‘Ní thig leo a theacht isteach inniu, a Shábha,’ a deir Caitlín.
‘Bhuel, rachaidh mise amach chucu,’ a deir Sábha agus í ag fáil greim ar a bata siúil agus ag déanamh iarracht éirí as an chathaoir.
‘Fan, suigh san áit a bhfuil tú, a Shábha. Níl cead ag aon duine a dhul amach as an Áras faoi láthair,’ a deir Caitlín agus í ag foscailt fuinneog bheag atá thuas go hard.
Síneann Eimear na bláthanna agus bronntanas beag eile isteach chuig Caitlín.
Tá an gasúr beag ag iarraidh bréagán úr a thaispeáint do Shábha — trucail bheag atá sé ag faoileáil anonn agus anall ar leac na fuinneoige. Tagann aoibh an gháire ar Shábha ag amharc air. Tosaíonn sí ag bualadh na fuinneoige go héadrom lena bata.
‘Bíb bíb, bíb bíb,’ a deir Sábha.
Tosaíonn a gariníon Aoibheann ag déanamh damhsa beag bailé amuigh ar an tsráid agus déanann Sábha gáire lúcháireach agus í ag amharc uirthi. Tiontaíonn sí a bata thart mar bheadh sí ag déanamh aithrise ar an rud atá Aoibheann a dhéanamh. An damhsa críochnaithe tugann Caitlín agus Sábha bualadh bos d’Aoibheann.
Ritheann Aoibheann anall go dtí an fhuinneog ansin agus leagann sí a láimh ar an fhuinneog. Bogann Caitlín cathaoir Shábha níos deise don fhuinneog agus leagann Sábha a láimh ar phána na fuinneoige áit a bhfuil lámh Aoibhinne. Déanann an gasúr beag an rud céanna. Tá dreach sona ar aghaidh Shábha nuair atá sí ag amharc ar na páistí.
I ndiaidh tamaill, déanann Conall comhartha go bhfuil siad ag imeacht. Croitheann sé féin agus Eimear a gcuid lámh. Séideann Aoibheann póg ó bharr a cuid méar chuig Sábha. Déanann Sábha mar an gcéanna léi agus leis an ghasúr bheag. Siúlann an teaghlach ar shiúl agus téann i dtreo an charrchlóis. Coinníonn Sábha ag coimhéad orthu go dtéann siad as radharc.
‘Coisreacadh Dé oraibh,’ a deir Sábha le tocht ina glór. ‘Níl a fhios agam caidé a rinne mé orthu.’
‘Ó, seo anois, a Shábha, ná bí do chuir féin trína chéile mar sin. Nach bhfuil a fhios agat go maith nach dtearn tú a dhath orthu.’
‘Ach cad chuige nach dtig siad isteach chugam?’
‘De bharr an víris — níl cead acu a theacht isteach, a Shábha.’
‘Ach níl víreas ar bith ormsa agus níl sé orthusan ach an oiread.’
‘Níl, buíochas le Dia, a Shábha, ach tá cosc ar chuairt-eoirí ar bith faoi láthair de bharr an víris, le achan duine a choinneáil slán sábháilte anseo sa teach altranais.’
‘Ach cad chuige nach ligeann sibh ’na bhaile mé? Nach mbeinn sábháilte sa bhaile?’
‘Níl aon duine ábalta bogadh isteach nó amach faoi láthair faraor, a Shábha, gheobhaidh tú ’na bhaile gan mhoill, ná bí buartha. Anois, rachaidh mise agus gheobhaidh mé cupa deas tae duit. Beidh mé ar ais ar an bhomaite.’
Tá deora i súile Chaitlíne agus í ag fágáil an tseomra. Tá sí ag smaointiú ar a máthair féin — ní raibh sé féaráilte an dóigh a raibh bac ar theaghlaigh theacht ar cuairt chuig a muintir. Chonaic Caitlín mar a ghoill sé ar Shábha agus ar na háitritheoirí eile anseo. Shocraigh sí go gcuirfeadh sí glaoch ar an teach altranais nuair a bheadh sí ar briseadh beag níos moille.
Tagann spionn níos fearr ar Shábha i ndiaidh cupa tae a ól agus Caitlín tamall comhrá a dhéanamh léi. Nuair atá sí léi féin arís, díríonn Sábha a haird ar an altóir bheag agus ar na sabhaircíní buí. Músclaíonn siad cuimhní cinn.
Dé Domhnaigh ag tús na Bealtaine a bhí ann agus d’imigh sí léi ag siúl síos i dtreo an tsráidbhaile. Ní raibh sí ach leathmhíle ón bhaile nuair a tháinig Peadar Phaidí Shorcha a fhad léi ar rothar.
‘’Bhfuil crossbar a dhíobháil ort, a Shábha?’ a dúirt sé, ‘níl cuma róchompordach ar na bróga sin!’ Agus léim sé anuas den rothar agus é ag gáirí.
Leaindeáil siad ar an tsráidbhaile agus fuair siad cúpla buidéal líomanáide agus barraí seacláide sa tsiopa.
‘An raibh tú ariamh i nGleann an Iolair?’ arsa Peadar. ‘Tá seanaintín agamsa ann agus tá mé ag dul ann le cuairt a thabhairt uirthi. Thiocfadh leat a theacht liom. Beidh arán donn agus cáca deas agus tae aici agus dá bhfeicfeá an drisiúr deas soithí atá aici.’
Bhí croí Shábha ag preabarnaigh agus í ina suí ar an bharra trasna agus bhí sí ag guí nach gcluinfeadh Peadar é.
Bhí na sabhaircíní buí ag fás go flúirseach ar dhá thaobh an bhealaigh mhóir. Ar an bhealach ar ais tráthnóna stop siad ag seandroichead a bhí ansin agus chaith siad tamall ina suí ag éisteacht le glór na habhann agus ag amharc ar an uisce ghlinniúil. Bhí solas niamhrach ag damhsa ar an uisce.
D’imigh Peadar agus phioc sé dornán de na sabhaircíní beaga buí ar bhruach na habhann agus thug sé do Shábha iad. ‘Tá siad ar an dath chéanna le do chulaith,’ a dúirt sé. Mhothaigh Sábha a haghaidh ag deargadh agus thiontaigh sí ar shiúl agus d’amharc i dtreo na gcnoc ar eagla go dtabharfadh Peadar fá dear.
Chaith siad an chuid eile den lá cois na habhann sa ghleann. Bhí sé chóir a bheith dorcha nuair a phill Sábha ’na bhaile agus ní leathshásta a bhí a muintir léi. Choinneodh sí cuimhne ar an lá sin fada go leor. Shílfeá nach raibh a dhath ar an domhan mhór ach Peadar agus í féin agus grian an tsamhraidh ag soilsiú orthu.
‘Is ní fheicfidh mé choíche
na radharcanna aoibhne
nuair tá ’n lá geal ag briseadh
ar bharr Chnoc na Naomh,’
a deir Sábha agus í ag amharc ar phictiúr dá máthair agus a hathair atá ar thábla beag taobh na leapa.
I ndiaidh am tae, tagann Caitlín isteach go seomra Shábha le deifir agus fón póca léi ina láimh.
‘A Shábha, tá do mhac Colm ar an fón.’
Suíonn an bhanaltra síos ag taobh Shábha agus coinníonn sí an fón os a comhair.
‘Caidé mar atá tú, a mháthair?’ a fhiafraíonn Colm.
‘Tá mé maith go leor, a mhic, ach go bhfuil mé istigh anseo sa home agus gurbh fhearr liom a bheith sa bhaile.’
‘Gheobhaidh tú ’na bhaile, a mháthair, ná bí buartha. Tá mé cinnte go bhfuil siad ag tabhairt aire mhaith ansin duit?’
‘An dtabharfaidh tusa ’na bhaile mé?’
‘Ach nach bhfuil mise abhus i Nua-Eabhrac, a mháthair?’
‘Rinne mé dearmad de sin. Nach tú atá i bhfad ó bhaile, a mhic, mo chroí. An mbeidh tú ’na bhaile ag an Nollaig?’
‘Beidh, le cuidiú Dé, ach tá sé rud beag luath le bheith ag smaointiú air sin, a mháthair.’
‘Cha dtig leis a bheith rófhada ar shiúl anois — chonaic mise na mummers ag an fhuinneog anseo.’
‘Na mummers féin?’
‘Bhí siad taobh amuigh agus mascanna orthu, iad ag ceol agus ag damhsa fosta. Daoine fásta agus páistí. Chluinfeá sa domhan thoir iad leis an fhuilibiliú a bhí acu.’
‘An bhfaca tú Conall agus Eimear agus na páistí inniu?’
‘Ní fhaca, cha raibh siad istigh, tá mé ag fanacht leo a theacht agus mé a thabhairt ’na bhaile.’
‘Seo, a mháthair, is fearr domhsa a bheith ag imeacht anois ach labharfaidh mé leat ar an tseachain seo chugainn. Tabhair aire duit féin.’
‘Coisreacadh Dé ort. Beidh mise ag urnaí duit.’
Cuidíonn Caitlín le Sábha ag am luí, cuidíonn sí léi a cuid éadaigh oíche a chur uirthi. Nuair atá Sábha sa leaba, cóiríonn sí an t-éadach leapa agus socraíonn sí rudaí atá ar an tábla bheag taobh na leapa. Tá pictiúir de mhuintir Shábha ansin, a máthair agus a hathair, pictiúr dena fear céile, nach maireann, agus pictiúr de na garpháistí. Is maith le Sábha a bheith ag amharc ar na pictiúir agus is minic a dhéanann sí comhrá beag leis na daoine atá sna pictiúir nuair nach bhfuil aon duine thart.
Tá leabhar beag urnaí — na paidreacha coitianta — agus coróin Mhuire Shábha faoin bhabhstar. Deir Sábha an rud céanna achan oíche:
‘Beidh mise ag gabháil ’na bhaile gan mhoill, tá mo mhuintir féin ag teacht fá mo choinne.’
Molann Caitlín léi.
‘Nach cinnte go mbeidh, a Shábha.’
Nuair atá Sábha socraithe sa leaba, fágann Caitlín í.
‘Oíche mhaith anois agus codladh sámh, a Shábha,’ a deir sí agus í ag socrú marbhsholais sa tseomra.
‘Oíche mhaith agus coisreacadh Dé ort,’ a deir Sábha.
Nuair a imíonn an bhanaltra, amharcann Sábha i dtreo na bpictiúr atá ar an tábla cois na leapa agus déanann comhartha na croise lena hordóg ina dtreo.
‘Coisreacadh Dé oraibh,’ a deir sí. Deir Sábha an phaidir a deir sí achan oíche.
Ceithre phosta faoi mo leaba,
Ceithre aingeal orthu scaipthe.
Má fhaighim bás as seo go maidin,
i bhFlaitheas Dé go raibh m’anam.
Tá carr mór buí ag fanacht le Sábha taobh amuigh den teach altranais. Colm atá á thiomáint. Fosclaíonn banaltra an doras agus suíonn Sábha isteach sa charr.
‘Tháinig tú fá mo choinne, a mhic,’ a deir Sábha le Colm.
‘Tháinig, a mháthair, tá tú ag gabháil ’na bhaile,’ a deir Colm.
‘Ag gabháil chuig mo mhuintir féin,’ a deir Sábha.
Tá an teach uilig lasta suas. Tá solas láidir taobh amuigh agus soilse agus coinnle ar lasadh sna seomraí uilig taobh istigh. Tá na comharsana agus an teaghlach uilig cruinnithe.
Téann Sábha isteach agus téann sí caol díreach a fhad lena seomra. Luíonn sí ar a leaba — tá sí tuirseach. Cluineann sí glórtha. Tá siad ag ráit an phaidrín. Titeann Sábha ina codladh. Tá sí sásta go bhfuil sí ar ais ina leaba féin. B’fhada léi go dtiocfadh an lá seo.
Tháinig duine den fhoireann ar chorp Shábha go luath ar maidin. Fuair sí bás ina codladh. Bhí a coróin Mhuire i láimh amháin aici agus pictiúr de na garpháistí sa láimh eile.
D’fhág sochraid Shábha an teach altranais an tráthnóna sin agus bhí foireann Áras Bhríde ina seasamh i líne taobh amuigh. Bhí siad uilig brónach agus iad ag fágáil slán le Sábha.
‘Tá Sábha ar shiúl ’na bhaile ag a muintir féin anois,’ a dúirt bean de na banaltraí.
‘Go ndéanaí Dia trócaire ar a hanam uasal. Fuair sí an rud a bhí uaithe sa deireadh,’ a d’fhreagair an bhanaltra Caitlín Ní Ghallchóir agus na deora léi.
Le cois abhainn na Cláidí, faoi scáth na hEaragaile i dTír
Chonaill atá cónaí ar Mháire Dinny Wren, áit a mbíonn sí
ag scríobh filíochta agus gearrscéalta. Tá dhá bhailiúchán
filíochta aici, Ó Bhile go Bile (2011) agus Tine Ghealáin
(2019). Foilsíodh ceithre ghearrscéal dá cuid sa
chnuasach gearrscéalta Go dtí an lá bán (2012) agus
in 2016 foilsíodh a cnuasach iomlán féin de ghearrscéalta,
Go mbeinnse choíche saor.
[…] Ceannaigh an leabhar Léigh scéal eile: Sámhnas Shábha […]
[…] Ceannaigh an leabhar Léigh scéal eile: Sámhnas Shábha […]
[…] Ceannaigh an leabhar Léigh scéal eile: Sámhnas Shábha […]
3viruses
do my coursework https://brainycoursework.com/
buy coursework online https://courseworkninja.com/
coursework writing help https://writingacoursework.com/
coursework research https://mycourseworkhelp.net/
coursework sample https://courseworkdownloads.com/
coursework help https://courseworkinfotest.com/
coursework resources https://coursework-expert.com/
coursework writing uk https://teachingcoursework.com/
coursework help https://buycoursework.org/
coursework info https://courseworkdomau.com/
100% inspektion https://freewebdating.net/
the best online dating site https://jewish-dating-online.net/
dating free online https://jewish-dating-online.net/
local singles https://free-dating-sites-free-personals.com/
lets-casual-dating https://sexanddatingonline.com/
freeadultdating https://onlinedatingsurvey.com/
dating sites adult https://onlinedatingsuccessguide.com/
lightdatings life https://onlinedatinghunks.com/
plenty of fish login https://datingwebsiteshopper.com/
online dating 50 https://allaboutdatingsites.com/
online dating plus 50 https://freedatinglive.com/
text hot naked singles https://freewebdating.net/