Oileánach
le Sam Ó Fearraigh
á léamh ag Milène Fegan
Nuair a d’imigh an tacsaí, ag déanamh a bhealaigh go gasta suas ón ché, nuair nach raibh d’fhuaim ann ach meamhlach na bhfaoileog agus siosarnach na dtonnta ar chloch, nuair nach raibh ann ach mé féin agus é, thiontaigh mé agus d’amharc ar an oileán.
Ba thuras fada a thug ann mé, ó bhaile beag Alascach go Baile Átha Cliath, siar ó thuaidh ansin fríd an oíche ar sheanbhus callánach creathánach. Ba go buíoch a thit mé ar leaba chúng an tí lóistín ach cha dtáinig aon chodladh orm. Luigh mé ann ag éisteacht le briseadh na farraige ar an chladach thíos agus d’áirigh mé é mar a bheadh sé ag feitheamh liom: an t-oileán amuigh sa dorchadas.
Anois, agus é os mo chomhair, shíl mé go raibh an t-oileán ní ba lú ná mar a chuimhnigh mé. Ní ba ghaire don tír. Charbh é an dornán creaga seo a chuir na putóga ag casadh ionam, ach a raibh ag fanacht liom ann. M’athair, a chuir ón bhaile mé. Agus Éamonn, mo dheartháir, a lig dó é a dhéanamh. A bhí marbh.
Thug mé droim leis. Cha raibh an bád farantóireachta le feiceáil go fóill. D’amharc mé ar an halla shnasta úr a bhí tógtha acu ag ceann na cé — oifig díolta ticéad agus caifé beag do na turasóirí. Druidte. Rómhall sa bhliain. D’amharc mé ar mo scáil sna fuinneoga móra, ar an fhear chruachaol ag stánadh ar ais orm, pus ar a raibh le feiceáil dá ghnúis idir an coinleach giobach agus an hata olla. Shíl mé go raibh cuma dhearg ar mo shúile, ba dhoiligh a fheiceáil sa ghloine dhorcha. Sháigh mé mo lámha níos doimhne i mo phócaí, strainc ag méadú orm.
Cha raibh mé gléasta fá choinne tórraimh. Shíl mé go dtarraingeodh culaith dhubh barraíocht airde orm — strainséir in éide bhróin — nó bhí mé ag súil go fóill nach n-aithneofaí mé. Bhí mé athraithe go mór ó d’fhág mé an baile, chan amháin ag blianta garbha ag iascach Mhuir Bheiring ach d’aon chúis. Ghnóthaigh mé go leor san obair mhaslach údaí le mo cholainn a chur ina cló ceart, cruth a d’fhreagraigh do m’intinn. Bhí a thorthaí sin le feiceáil sa scáil os mo chomhair. Shéan m’athair go raibh an darna mac aige, ach cé nach nglacfadh liomsa anois mar fhear? Dá n-aithneodh siad mé ar chor ar bith.
Maidir le m’athair, dá bhfeicfeadh sé mé, tchífeadh sé mac. Cha gcúlóinn roimhe.
Ach thosaigh an croí ag preabadh ionam nuair a chonaic mé cruth beag an bháid ag teacht isteach ón fharraige.
Bhí corraí san uisce ó stoirm na seachtaine caite agus ba mhall cúramach a tháinig an bád chun tíre. Bhí ceobhrán ann agus bhog an dornán a bhí ag bailiú ar an ché go mífhoighdeach ar a gcosa a fhad agus a bhí fear an bháid ag ceangal na rópaí. Rinne mé mo bhealach go drogallach ina dtreo. Bhí idir dhaoine áitiúla agus turasóirí ar an ché. B’fhaoiseamh é sin domh, cha mbeinnse ar an aon strainséir ag dul isteach.
Ach dar ndóigh, cha mbeinn ar scor ar bith. Chonaic mé é ag seasamh ar leataobh, gléasta i gculaith dhubh agus i gcóta mór a raibh cuma dhaor air. Thug corrdhuine srac-fhéachaint air ach má chonaic sé iad cha dtug sé aird ar bith orthu. Shiúil mé ina threo agus d’amharc sé aníos orm. Leathnaigh na súile ann, an dath ag imeacht dá ghnúis.
‘Aodán?’
‘Is ea,’ a dúirt mé. Chíor a shúile mé, baineadh siar le brath iontu.
‘Shíl mé ar feadh bomaite….’ Bhí tachtadh ina ghlór. Ghlan sé a sceadamán agus labhair aríst.
‘Tá tú chomh cosúil leis….’
Cha raibh aithne agam ar Simon ach ó ghlaoch teileafóin. D’aithin mé a ghlór, an blas tuaisceartach séimh. Cha raibh a fhios agam go raibh fear ag mo dheartháir, go raibh an claonadh sin ann fiú, go dtí gur ghlaoigh an fear céanna orm le scéal a bháis. I measc na mílte smaoineamh a shruthaigh fríd m’intinn ó shin, phill ceist amháin aríst orm. Cad chuige nár inis Éamonn domh? I ndiaidh achan rud a tharla, cad chuige nár thug sé le fios domh nár mise an t-aon lúbadóir sa treibh?
‘Mo leithscéal,’ arsa Simon agus d’amharc sé ar shiúl. Cha raibh a fhios agam cad é le rá leis. Cha raibh mo dheartháir feicthe agam leis na blianta. Rinne Simon leamhgháire teann agus chlaon a cheann.
Lean mé é i dtreo an bháid.
Cha raibh ann ach bád beag nach n-iompródh isteach ach dháréag ag an am, scipéir agus fear taca san áireamh. Shuigh mé ar haiste ag doras an chábáin, m’aghaidh leis an mhórthír. Shíl mé go rachadh Simon isteach, ach shuigh sé ar an taobh eile, ag tarraingt a chóta thairis. D’ardaigh mé mo bhóna i gcoinne na báistí, scaoil fear ar an ché na rópaí, agus chreach an t-inneall chun beochta fúinn.
Go dtí an bomaite sin, cha raibh ceangal orm nach dtiocfadh liom a bhriseadh. Thóg mé anáil nuair a thosaigh an ché ag sleamhnú ar shiúl uaim, ach thit calm orm, suaimhneas nach raibh súil agam leis. D’ainneoin na cúise, chuir an radharc gliondar orm, sléibhte nach raibh feicthe agam leis na blianta, ach nár athraigh ariamh ó shin. Chuir mé mo cheann le balla an chábáin laistiar díom agus lig don bhád mé a iompar amach ón tír.
Cha raibh a fhios agam gur chodlaigh mé gur fhoscail mé mo shúile.
Bhí an bád ag luascadh ar rollóga móra aniar, na sléibhte i bhfad níos lú anois, níos faide uaim. Chonaic mé scáth ag gluaiseacht thar an uisce, cailleach dhubh ag eitilt go híseal idir na tonnta. Lean mo shúile í gur imigh sí as radharc.
D’áirigh mé Simon do mo choimhéad. Dheargaigh sé agus thiontaigh a cheann.
‘Ní thuigim cén dóigh a dtig leat codladh agus í chomh garbh,’ ar sé.
‘Arú, níl seo garbh ar chor ar bith.’
D’fhiach mé le miongháire a dhéanamh leis, ach bhí strainc ar a bhéal. Thug mé fá deara go raibh an spéir ag éirí trom, an ghaoth aniar ag baint barra bána ón uisce. Thug mé fá deara chomh maith an dóigh a raibh sé ina shuí, droim díreach i gcoinne an bhalla, lámh fáiscthe ar ursain an chábáin.
Bhí an fear bocht scanraithe roimh an fharraige. Chonaic sé an meangadh gáire a rinne mé agus mhéadaigh an strainc air.
‘Stad sin, maith an fear.’ Ach cha raibh faobhar ar bith sna focla. Bhain a chuma chrosta gáire asam.
‘Stad, a deirim! Ní thig linn ar fad a bheith inár bhfir mhóra mhara.’ Ach bhí sé féin ag meangadh anois, a ghreim níos scaoilte ar an ursain.
‘Nár thug Éamonn isteach riamh thú?’ arsa mé, ag iarraidh tuilleadh comhrá a bhaint as. Ach d’imigh an solas óna aghaidh.
‘Níor thug.’
Thuig mé go maith is bhí aiféala orm. Char labhair Simon ar feadh bomaite fada. Ansin:
‘Chuaigh mé chun an ospidéil. Lá na timpiste. Ach bhí d’athair ann cheana.’
D’amharc sé orm.
‘Níor inis Éamonn dó ariamh. Mar gheall ar a tharla — ní bheadh a fhios ag d’athair cé a bhí ionam.’
Thráigh an chaint ann agus d’amharc sé amach thar na tonnta. Shuigh mise gan bhogadh.
Mar gheall ar a tharla … an leatsa fágtha gan rá, ach thuig mé go maith. Ach cha raibh a fhios agam cé acu a bhí i gceist aige, na blianta nimhiúla teannais nó an réabadh mór deireanach.
Bhí Éamonn sa bhaile an lá sin. Sheas sé ina staic sa chisteanach, dár gcoimhéad, a fhad agus a stróic mé féin agus m’athair achan mhaith as an ghaol eadrainn. Nuair a thug sé iarraidh mo bhualadh ba é Éamonn a léim isteach eadrainn. Do mo chosaint, a shíl mé, go dtí gur thiontaigh sé agus scread orm imeacht.
Líon mé mála agus d’fhág, m’athair ag screadaigh orm gan pilleadh feasta. Ghlac mé lena chomhairle, is char amharc mé i mo dhiaidh go dtí an oíche a dteachaidh Éamonn isteach san uisce, is shlog an fharraige an beo as.
Bhí m’intinn ag snámh — drantán an innill agus boladh an díosail, an tír mór ag foscailt amach os mo chomhair agus na beanna ag teannadh liom: chuir siad uilig Éamonn i gcuimhne domh. Bhuail cumha mhillteanach mé. Bhain sé an anáil díom.
Bhí Simon do mo choimhéad aríst. Shín sé lámh amach agus chuir ar mo lámhsa í. I ndiaidh bomaite, ghlac mé í. Chuimil mé í, thug fáscadh di, agus choinnigh greim uirthi. D’áirigh mé a shúile orm. Thiontaigh mé chuige.
‘Tá brón orm,’ ar sé. ‘Tá sé mar bheadh Éamonn féin ina shuí in aice liom.’
Chlaon mé mo cheann. Shuigh muid mar sin go dtí gur ghearr an t-inneall fúinn. Shleamhnaigh muid isteach chun an oileáin i gciúnas aisteach tobann.
Sheas mé go mífhoighdeach a fhad agus a d’iarr Simon amanna pillte ar fhir an bháid. Ghluais na paisinéirí eile tharainn, na hoileánaigh ag déanamh a mbealaigh i dtreo tithe nó carranna, na turasóirí ag siúl ní ba réidhe, ag déanamh iontais de chlocha nó bothóga bád nó cá bith cén rud é a mheall turasóirí ann.
Bhí an spéir ag glanadh tharainn, na scamallacha ag bogadaigh go gasta anseo i bhfad amach ó thír. Mhothaigh mé imní ag treamhnú i mo bholg ach bhí an baile ciúin. Ba bheag a d’athraigh sé ar chor ar bith — corrtheach athchóirithe, cúpla teach eile ag meath, agus achan rud eile a bheag nó a mhór mar a d’fhág mé é.
Ach bhí rud inteacht ag cur isteach orm. D’amharc mé thart aríst, ar na tithe ag barr na cé, an teach pobail ina shuí ar an ard bheag tharstu. Cha raibh a dhath contráilte. Bhí an áit ciúin.
Ansin thuig mé. D’amharc mé ar m’uaireadóir.
11:02
Cha raibh clog ag bualadh. Cá raibh na daoine i gclós an tí pobail? Cá raibh an t-eileatram? Thug mé coiscéim fhaiteach i dtreo an tí pobail. Ansin coiscéim eile. Ansin bhí mé ag rith, Simon ag scairtigh i mo dhiaidh.
Bhí glas ar an doras. Cha raibh a fhios agam gur cuireadh glas ar an doras sin. Bhrúigh Simon air fosta nuair a tháinig sé. Ansin leag sé clár a éadain ar an adhmad.
‘Ní thuigim,’ ar sé, tachtadh ina ghlór.
Bhí sé seachtain ón timpiste, trí lá ó thug siad Éamonn ’na bhaile. Ba í faire trí lá nós an oileáin riamh. Sin a dúradh le Simon. Sin a raibh mé féin ag súil leis.
Ach…
Dúirt siad nach raibh Éamonn rófhada san uisce. Dúirt siad gur bhuail sé a cheann ar an bhealach síos, gurbh í sin an dóigh ar bhásaigh sé.
Ach…
Bhí a leithéid cloiste agam in Alasca. B’fhaoiseamh é do mhuintir an mhairbh. Char thuig daoine cé chomh deacair agus a bhí sé fear a thógáil ón fharraige oíche gharbh. Ba dheise bás tobann a shamhlú ná streachailt fhadálach fhuar. Bhí feicthe agam an bhail a bhí ar dhaoine a tarraingíodh as uisce mar sin. Chan minic a bhíodh faire fhada acu.
Thiontaigh mé agus shiúil go drogallach i dtreo na reilige. Chonaic mé a raibh á chuartú agam ó bhinn an tí phobail: cearnóg uaine feilte i measc na n-uaigheanna. Bhí coirnéal di ag clupaideach i síorghaoth an oileáin, ag nochtadh na cré úrthochailte fúithi. Ghlaoigh mé ar Simon. Sheas muid ann ar feadh tamaill, á coimhéad. Ansin shiúil muid go balbh idir na huaigheanna.
Cha raibh leac uirthi go fóill dar ndóigh. Ach bhí cros shnasta adhmaid ina luí ar a mullach, plaic bheag le hainm agus dátaí Éamoinn fáiscthe uirthi.
Bhí bláthfhleasca ann fosta. Chreath na bláthanna plaisteacha sa ghaoth.
Lig Simon é féin go mall ar a ghlúine. Dúirt sé rud inteacht nár chuala mé. D’amharc mé ar na bláthanna bréagacha, ar an chros, ar an uaigh. Mhothaigh mé foilmhe ag foscladh i mo chliabh, meadhrán i mo cheann. Chonaic mé droim Simon ag creathadh le racht goil, ach cha dtáinig aon fhuaim as. Thiontaigh mé uaidh.
Cha raibh trá ná cladach ar thaobh thuaidh an oileáin. Thit an talamh ina bheanna síos díreach chun na farraige. Bhí carraigeacha móra ar bharr na mbeann. D’imríodh muid ann, mé féin agus Éamonn, agus muid inár ngasúir. Dhreap mé an t-ard chucu agus d’amharc síos ar na tonnta ag briseadh i bhfad fúm.
Bhí sé chomh suarach, an dóigh ar chaith muid ár saol. Éamonn cráite ag sleamhnú thart i ngan fhios dár n-athair, glas ar a chroí nach bhfosclódh Simon choíche. M’athair é féin, chomh náireach gur ghlac sé mar ionsaí achan imeacht ón ghnáth.
Agus mise, a rinne rogha ach nár chloígh léi, a d’éalaigh ach a phill agus a bhí anois chomh meallta céanna ag blas an tsalainn ar an ghaoth, ag na blátha garbha creige faoi mo chosa, pléascadh na dtonnta agus iad á scriosadh féin ar na haillte thíos — radharc, fuaim, achan ghné den tsaol a thréig mé — gur fosclaíodh cneá ionam chomh scólta dearg agus a bhí sí an chéad lá riamh.
Thuig mé d’Éamonn, dá rogha. Bhí muid uilig chomh huaigneach, an triúr againn, fáiscthe inár bpríosúin bheaga féin.
Mhothaigh mé coiscéim ar an screablach tharam. Bhí a fhios agam cé a bheadh ann. Thagadh seisean anseo chomh minic agus a thagainn féin. B’fhéidir go raibh mé ag súil leis.
Ach stop an croí ionam nuair a labhair sé.
‘Éamonn?’
An chumha ina ghlór. An dóchas gealtach fiáin. Bhrisfinn é chomh luath agus a thiontóinn, chomh luath agus a chonaic sé cén mac a bhí ann.
Coiscéim eile, agus mearbhall ina ghuth.
‘Cé atá ansin?’
Agus níos laige, ag impí.
‘A Éamoinn…’
Sheas muid ann, idir cheist agus fhreagra: dhá chloch eile de chuid an oileáin.
Scríbhneoir, file, agus drámadóir is ea Sam Ó Fearraigh, as Gort an Choirce i gContae Dhún na nGall. Tá filíocht leis foilsithe in Poblachd nam Bàrd agus in Green Carnations | Glas na Gile agus foilsíodh prós leis in Splonk. In 2020, fuair sé coimisiún chun gearrdhráma Gaeilge a scríobh don chomhdháil Ceangal | Dolen. Tá an saothar sin, Balbháin, mar aon le roinnt ábhar eile leis, le fáil ar líne.
[…] Léigh scéal eile: Oileánach […]