Nanette
le DAITHÍ Ó MUIRÍ
á léamh ag
Daithí Ó Muirí
Tá droichead ar an bhaile seo agus trácht rialta anonn is anall air, ach amháin tráth áirithe den bhliain. Traidisiún é, seantraidisiún, ach idir luí na gréine Oíche Nollag agus éirí na gréine Lá Nollag, níl cead ag duine ar bith, ar chúis ar bith, dul trasna an droichid. Ní neamhchead é, chun a bheith cruinn, cosc nó toirmeasc é i ndáiríre, nó, mar a thugann muintir an bhaile air, geis, geis nach mbristear ag duine ar bith, ar chúis ar bith.
Scaoil mé mún ar an tsneachta, an ghealach agus na réaltaí os mo chionn, ansin d’ísligh mo chloigeann chun na miotóga a chur orm arís sular lean orm leis an tsiúl. De réir mar a bhí mé ag teannadh ar an droichead, thosaigh mé ag siúl níos moille, stop mé cúpla uair, bhreathnaigh i mo thimpeall, sheas tamaillín taobh thiar de chuaille agus rinne gliúcaíocht amach. An slua a bhí ag ceiliúradh i rith an lae, ag siúl trasna an droichid, ag guí beannachtaí na féile ar a chéile, ag croitheadh lámh, ag comhrá, ag gáire, bhí siad uile imithe abhaile le fada. An dream a d’fhan thart tar éis thitim na hoíche chun tine chnámh a lasadh ar achan taobh den droichead, cúpla deoch a ól, cúpla scairt a ligean trasna ar a chéile, bhí siadsan imithe leo le fada freisin, duine ar bith ní raibh le feiceáil, cé go raibh splanc nó dhó sna tinte cnámh, gríosach fós beo faoin luaithreach.
A luaithe is a bhain mé ceann an droichid amach ba léir domh go raibh duine ann, duine a raibh a lorg le feiceáil sa tsneachta anall ón taobh eile, dhá chos a shiúil a fhad le lár an droichid, ach seachas leanúint trasna ar fad, a chas ar leataobh, duine éigin a bhí suite isteach in uchtbhalla an droichid, ceilte orm ar fad, beagnach. Mar, gearrtha isteach san uchtbhalla seo ar an dá thaobh, tá suíochán beag íseal ar féidir le duine amháin suí isteach ann, brú siar sa chlúid bheag chúng seo sa chaoi nach bhfuil le feiceáil ach na cosa ag gobadh amach agus buailte le dromchla an droichid, sála an dá bhróg. Nó, sa chás seo, sála an dá bhuataise. Cineál de gharda oíche? Fear faire, cosantóir na geasa?
Seachas casadh ar ais agus imeacht liom go ciúin, shiúil mé anonn go lár an droichid, chas ar leataobh agus, tar éis glac bheag sneachta a scuabadh amach, shuigh mé isteach sa tsuíochán bheag le mo dhá bhróg ag gobadh amach, sála le dromchla an droichid, ag fanacht lena raibh le teacht ón tsuíochán bheag ar an taobh eile, glór íseal, cailín, shíl mé.
‘Céard é an bronntanas Nollag is fearr a fuair tú riamh i do shaol?’
‘Ní cuimhin liom,’ a thug mé mar fhreagra tar éis an cheist seo a mheabhrú tamall.
‘Fuair mise abhainn agus droichead le dul thar an abhainn agus bhí daoine ar an droichead ag breathnú síos ar na héisc a bhí ag dul faoin droichead. Dath buí a bhí ar an droichead agus dath gorm ar an abhainn agus dearg agus gorm ar na héisc. Céard é an bronntanas Nollag is fearr a fuair tusa riamh i do shaol?’
‘Níl a fhios agam.’
‘Fuair mise léarscáil an domhain, bhí sé mór millteach agus dath difriúil ar gach tír, ní raibh a fhios agam go raibh an oiread sin dathanna ann agus bhí línte suas agus síos agus trasna i ngach áit agus na farraigí uile, bhí siad corcra agus bán. Céard é an bronntanas Nollag is fearr a fuair tusa riamh i do shaol?’
‘Fuair mé madadh beag.’
‘Cén dath a bhí air?’
‘Dubh, sílim, agus bán.’
‘Fuair mise ginearál agus míle saighdiúir agus bhí gunna chomh mór sin acu gur theastaigh trí lá chun é a scaoileadh. Dath dearg a bhí ar an ghinearál, bándearg ar na saighdiúirí agus bhí an gunna gorm agus uaine. An bhfaca tú na soilse sa spéir?’
‘Na réaltaí?’
‘Ní hea.’
‘An ghealach?’
‘Ní hea. Cén fáth a bhfuil tú ar an droichead anocht?’
‘Siúlóid.’
‘Siúlóid Oíche Nollag ar an droichead? Ar mharaigh tú aon duine riamh?’
‘Níor mharaigh.’
‘Ar ghoid tú aon rud riamh?’
‘Rud beag, uair nó dhó.’
‘Ar inis tú bréag riamh?’
‘Cén fáth a bhfuil tusa ar an droichead anocht?’
‘Éalú ón bhaile, d’ól siad an iomarca agus tá siad ag béiceach ar a chéile agus ag troid agus ní chuardóidh siad anseo mé. Ar tháinig tú anseo chun siúl trasna an droichid agus an gheis a bhriseadh? Breathnaigh, tá tú beagnach ann, níl ach scór coiscéim nó mar sin le tógáil agat agus ní dhéanfaidh mise scéala ort, ach má bheireann na fir ort caithfidh siad isteach san abhainn thú agus ansin beidh tú báite. Cén chosúlacht a bheas ar an domhan i gceann míle bliain, meas tú?’
‘Níl tuairim agam.’
‘Tá a fhios agamsa. Breathnaigh suas.’
‘Suas?’
‘Breathnaigh suas ar an spéir.’
‘An spéir?’
‘Breathnaigh suas ar an spéir, díreach os do chionn, suas, suas, suas.’
Ní na réaltaí a bhí i gceist, ná an ghealach ach oiread, ach soilse i bhfad thuas i mbuaicphointe na spéire, soilse aisteacha ar chosúil go raibh siad ag guairdeall thart ar a chéile, go raibh siad ar crith le dathanna geala. Bhí dearg ann, bhí buí, gorm, uaine, corcra, deacair a dhéanamh amach ar spréacharnach é ó shoilse beaga ar eitleán, nó b’fhéidir trí eitleán, nó héileacaptair, balúin aimsire, satailítí. Nó réaltaí reatha ag spré anuas orm, na dathanna chomh geal sin, bándearg, dúghorm, flannbhuí, glaschorcra. Bhí scór acu ann, bhí na céadta, bhí míle solas ag glioscarnach i mo shúile ach ansin, diaidh ar ndiaidh, tháinig an rud ar fad chun cruinnis. Séard a chonaic mé i ndáiríre, an domhan mar a bheadh sé i gceann míle bliain.
An todhchaí atá i gceist agam. Ach, a deir tú, cén chaoi a bhféadfadh duine an todhchaí a fheiceáil, an rud nach mbaineann feiceáil leis, an rud nach rud é ar chor ar bith? Níl tuairim agam, ní féidir liom an rud seo a mhíniú agus ní fiú domh tabhairt faoi aon chuntas níos cruinne air, mo leithscéal. Ach tá mé cinnte faoin mhéid seo — agus mé i mo shuí sa droichead ag breathnú suas ar an spéir, deirim go bhfaca mé, nó gur tugadh léargas dom, nó gur taispeánadh dom, dearbhaím go bhfaca mé le mo shúile cinn féin an domhan mar a bheadh sé, ní hea, mar a bheas sé i gceann míle bliain. Agus ní aisling a bhí ann, ní fís, tuar, tairngreacht, ní seachmall céille é, ná iomrall cuimhne, ní hea, ní hea, ní hea, ach rud fíor.
Cén chosúlacht, mar sin, a bhí ar an domhan sa bhliain 3021 AD? Bhuel, bhí sé cosúil go leor leis an domhan sa bhliain 3021 BC. Ó thaobh daonra de, mar shampla, bhí scór go leith milliún nó mar sin ag saothrú leo, á gcosaint féin ar an aimsir, idir bhrothall is reo, ar ainmhithe ocracha, madaí alta den chuid ba mhó, agus ar a chéile, ar ndóigh, mar bhí a gcuid cogaí féin acu, cogaí beaga. Bhí cónaí ar chuid den daonra i mbailte móra le ballaí arda tiubha timpeall orthu. Bhí ceardaíocht ag cuid bheag acu seo: ealaín, scríobh, go fiú bhí leictreachas ag cuid an-bheag acu agus go fiú bhí beagán beag bídeach den tseanteicneolaíocht anseo is ansiúd. Ach bhí an scrios le feiceáil i ngach áit, réimsí móra den domhan gan rud ar bith beo ann, gan péist talúna, ribe féir; an ithir féin lán le nimh; aibhneacha, locha, farraigí gan iasc, gan bileog bháite, gan feamainn ná portán ná faocha. Agus bhí lorg na seanchathracha ollmhóra fós ann: smionagar, luaithreach, deannach; ach foirgneamh anseo is ansiúd ina sheasamh fós. I gceann acu sin tharla go bhfaca mé seomra le deasc agus ríomhaire air — cá fhad roimhe sin ó shuigh duine os a chomhair, a d’fhiafraigh mé díom féin, céad bliain, dhá chéad? Nó ocht gcéad, naoi gcéad bliain ó leagadh méar ar an mhéarchlár sin chun blúirín beag bídeach den ollchartlann uile-eolais sin a aimsiú. Stair an domhain, gach cine, gach rí, gach náisiún, litríocht i ngach teanga, ón fhilíocht is ársa go dtí an t-úrscéal is nua-aimseartha, agus eolaíocht de gach saghas, modh déanta buama núicléach, nó nimh a mhairfeadh míle bliain, go fiú modh déanta an duine féin, saineolas uile an chine dhaonna ó thús ré, múchta, ligthe i ndearmad, ar nós nárbh ann dó riamh.
Uair an chloig, dhá uair, cúig nó sé; ní fios cén t-achar a chaith mé ag breathnú suas ach gur tarraingíodh m’aird ón domhan mar a bheas — ar ais ar an domhan mar a bhí: ar mo cholainn, muineál, lámha, cosa, ar mo thóin a bhí stromptha leis an fhuacht, ar an droichead fúm agus trasna uaim i gcónaí, an duine faoi scáth leis an dá chos fós sínte amach, sála le talamh.
Ach bhí athrú ann, bhí solas nach raibh ann cheana, loinnir bhuí nach solas na gealaí é, ná clapsholas na maidine. Agus caint: glórtha ag dul in airde, beagán ar bheagán, mar a bhí le tamall anuas, shíl mé, ard go leor faoin tráth seo chun tabhairt orm mo chloigeann a ísliú chun breathnú i mo thimpeall. Chrom mé chun tosaigh beagán, a dhóthain le gliúcaíocht amach ar dheis agus ar chlé. Bhí an dá thine chnámh ar lasadh arís. Cruinnithe timpeall orthu, á dtéamh féin, cúpla buidéal ag dul ó dhuine go duine, bhí dhá shlua bheaga.
Dhá shlua bheaga a bhí glórach go maith faoi seo, ag scairteadh trasna an droichid, ag magadh, ag spochadh, ag saighdeadh a chéile. Tharraing mé isteach mo chloigeann agus, in aithris uirthi siúd trasna uaim, mo dhá chos freisin, d’fháisc le m’ucht iad, chúb siar sa tsuíocháinín, d’fhan ciúin; d’éist.
D’ardaigh na glórtha nó go raibh sé ina ghleo acu; d’ardaigh tuilleadh, tuilleadh arís nó gur léir domh go raibh glór ar leith ar achan taobh den droichead, duine a raibh ceannas tógtha aige ar an achrann mhór seo, achrann a bhí ag dul chun fiántais ar fad, más é an t-ól nó eile ba chúis leis. Fear drochbhéalach a sháraigh gach masla a chaith a chéile comhraic leis, céim ar chéim agus coiscéim ar choiscéim — mar ba léir domh gur ag teacht níos gaire dá chéile a bhí an bheirt, beagán ar bheagán, na maslaí ag dul chun oilc; bodóga, asail, muca, chuir siad a chéile i gcomparáid le gach saghas ainmhí, an dá shlua ag béiceach mar ugach dóibh: francaigh, nathracha nimhe, dreancaidí ag preabadh sa bhréantas agus araile. Faoin am ar thosaigh siad ar mhná a chéile a mhaslú, rudaí thar a bheith gránna agus thar a bheith gangaideach á rá acu, ba léir go raibh dhá cheann an droichid sroichte acu, céim ar chéim, agus ansin thosaigh siad ar pháistí a chéile, máithreacha, uncailí, a sinsear siar na glúnta, seanfhaltanas éigin nár ligeadh i ndearmad riamh.
Agus ansin bhí siad le feiceáil agam. I solas lag buí na dtinte cnámh, ar chlé agus ar dheis, beirt fhear agus doirne á mbagairt san aer rompu, á ngríosú a chéile le cuntas cuimsitheach ar an scrios a dhéanfaidís ar a chéile; sróna, súile, fiacla, murach an séasúr beannaithe, sea, murach an gheis, coiscéim ar choiscéim, craiceann, cnámha, putóga nó go raibh siad i bhfoisceacht cúig nó sé choiscéim dá chéile agus ba chosúil gur theip na focail orthu, ní raibh fanta acu ach béiceach slóchtach agus ansin bhí siad díreach os mo chomhair, stoptha agus gan ach an t-aon choiscéim amháin á scaradh óna chéile. Chaith siad nóiméad ag análú go trom, bhí scamall gaile thart orthu, ansin, le glór beag magúil, labhair an fear ar chlé. Má shíl mé nach raibh mé tugtha faoi deara acu i m’áit folaigh, ná, ar ndóigh, an lorg a d’fhág mé sa tsneachta, bhuel, bhí dul amú orm.
‘Céard a déarfá faoin bheirt sin ar achan taobh dínn?’
‘An bheirt ar achan taobh dínn? Níl inti siúd ach leathdhuine. Ach ar an taobh eile dínn, anois, scéal eile é sin.’
‘An fear thar tír isteach?’
‘An fear thar tír isteach, sea, é siúd.’
D’aithin mé ar an toirt an staid ina raibh cúrsaí, d’aithin siadsan é freisin, d’aithin nár ghá dóibh dul chun troda lena chéile ar chor ar bith anois, nár ghá ach aird a tharraingt óna n-achrann féin agus a dhíriú ar rud eile ar fad, ormsa, an fear thar tír isteach. Seanchleas ba dhual dá leithéid. Mé a bhá san abhainn tar éis drochbhualadh a thabhairt dom, shásódh sé sin iad, mé a stróiceadh i mo dhá leath agus a dhó sa dá thine chnámh, shásódh sé sin an dá shlua freisin. Chas an bheirt chun aghaidh a thabhairt orm, chlaon chun tosaigh, cloigne crochta ar leataobh beagán chun na scáthanna a ghrinniú, ar nós deimhnithe nár bhaol dóibh mé ar aon bhealach. Ansin, beagnach gualainn le gualainn, thóg siad an chéad choiscéim i mo threo. Ach an dara coiscéim níor thóg siad, mar díreach ansin cloiseadh glór.
‘Ní leathdhuine mise, breathnaígí suas!’
Le cloigne leathchasta siar thar ghuaillí, rinne an bheirt gáire beag magúil, chas timpeall tuilleadh, rinne tuilleadh gáire, chas nó go raibh siad ar aghaidh a chéile arís agus ansin, sa bhearna eatarthu, fuair mé radharc uirthi. Bhí sí tar éis éirí ón tsuíochán bheag agus seasamh amach, duine beag a bhí inti, naoi mbliana d’aois, mheas mé, nó deich, ba dheacair a dhéanamh amach mar bhí a héadan faoi scáth ag cochall an chóta, cóta a bhí rómhór di, na muinchillí rófhada ach leathlámh ardaithe san aer aici agus barr a corrmhéire ag gobadh amach chun díriú suas ar an spéir.
‘Breathnaígí suas!’
Nuair nach raibh de thoradh ar an athrá seo ach tuilleadh den gháire bheag mhagúil, thosaigh sí ag preabadh suas anuas, leathlámh in airde aici i gcónaí agus í ag scairteadh in ard a cinn.
‘Ach breathnaígí suas nó beidh sé imithe, suas, suas, suas!’
Rud a chuir gáire beag magúil ar an dá shlua freisin agus ba chosúil gur chuir sé sin drogall ar an bheirt aon aird a thabhairt uirthi ná ar a raibh ráite aici, ach tar éis dóibh súil a chaitheamh ar a chéile, ansin leathshúil ormsa, leathshúil eile uirthise agus ar bharr na corrmhéire sin, ba é an chaoi gur chroch siad cloigne suas díreach ar an spéir os a gcionn. Agus tá a fhios agamsa, ina seasamh dóibh sa spota sin i lár an droichid, go bhfaca an bheirt fhear sin an rud ceannann céanna is a chonaic mise ar ball, na soilse i dtosach, na dathanna geala i mbun gluaiseachta agus ansin gur tháinig an rud chun cruinnis dóibh, thuig siad gurbh éard a bhí ann i ndáiríre, an domhan i gceann míle bliain. Sa lagsholas ón dá thaobh, scrúdaigh mé tionchar na todhchaí orthu beirt, ar chruth na colainne, na lámha ag sileadh síos, cosa ag lúbadh, cruit ar dhroim ach cloigeann crochta suas gan chorraí, srón san aer, béal tite foscailte.
Ba ghearr go raibh an dá shlua le cloisteáil agam, ag scairteadh ar an bheirt a bhí siad, mífhoighne orthu, mearbhall, ach de réir a chéile chiúnaigh siad beagán, chiúnaigh tuilleadh go dtí nach raibh le cloisteáil ach crónán beag cainte. D’fhan an bheirt cheannairí mar a raibh siad, fós ag breathnú suas agus ba é an chaoi gur mealladh mo shúile féin suas arís, suas, suas, suas nó go bhfaca mé gach a raibh feicthe agam cheana agus tuilleadh, tuilleadh arís agus ansin, sa deireadh, tar éis tamaill nárbh fhéidir liom a thomhas ach bhí sé fada, ní raibh le feiceáil os cionn an droichid ach an spéir féin agus iarracht bheag de liathghorm na maidine.
Romham i gcónaí bhí an bheirt fhear, ach iad ag corraí anois, an tseanstuaim ar ais sna cosa agus lámha, droim dírithe agus iad ag breathnú isteach in éadan a chéile. B’fhéidir go raibh iarracht den náire le haithint agam i gcruth an bhéil, roic na baithise, polláirí ag leathnú agus ag cúngú, fliuchras ag bailiú nirt i gcúinní na súl, deoir mhór mhall réidh le sileadh síos grua — ach an bhféadfainn a leithéid a dhéanamh amach i ndorchadas na moch maidine? Ní dóigh liom é. Ach go cinnte chrom siad cloigne tamall sular bhain gach aon duine acu miotóg amháin de, chonaic mé gur shín siad an dá dheasóg amach chun breith ar a chéile i gcroílár an droichid, d’fhan i ngreim tamall maith sular scar, sular chas siad ar a sála chun siúl ar ais as radharc ormsa, ar chlé agus ar dheis. Agus ansin, sa chiúnas a lean é seo, chuala mé scairt ghiorraisc ar an dá thaobh, dhá ghlór ar leith ag rá go raibh sé in am baile, thar am. Agus, is dóigh, d’imigh a raibh fanta den dá shlua i ndiaidh na beirte, ansin ciúnas tamall, tamall maith sula raibh glór le cloisteáil, í siúd a bhí suite ar ais faoi na scáthanna trasna uaim.
‘An bhfuil a fhios ag na héisc gurb í an Nollaig í?’
‘Ní dóigh liom é.’
‘An bhfuil a fhios ag an abhainn gurb í an Nollaig í?’
‘Níl a fhios.’
‘An bhfuil a fhios ag an droichead gurb í an Nollaig í?’
‘Ní bhíonn fios ach ag rudaí beo.’
‘Ach tá fios ag na soilse sa spéir, nó bhí; bhreathnaigh tú suas, chonaic tú.’
‘Chonaic, is fíor duit.’
‘Céard é an bronntanas Nollag is fearr a fuair tú riamh i do shaol?’
‘Gunna, is dóigh.’
‘Cén dath a bhí air?’
‘Gorm, sílim, agus buí.’
‘Cén fáth ar tháinig tú anseo aréir?’
‘Spaisteoireacht.’
‘Fear thar tír isteach ag spaisteoireacht Oíche Nollag ar an droichead? Ar mharaigh tú aon duine riamh?’
‘Níor mharaigh, ach chonaic marú déanta, go leor de.’
‘Ar ghoid tú aon rud riamh?’
‘Ghoid, mo dhóthain le fanacht beo.’
‘Ar inis tú bréag riamh?’
‘Is aisteach an duine thú, mura miste leat mé a rá — céard a thugann siad ort?’
‘Nanette an t-ainm atá orm ach tugann siad leathdhuine an bhaile seo orm. Pé ar bith é, tá a fhios acu go maith nach mbrisfinn an gheis — tuigeann tú geis, an dtuigeann?’
‘Níl cead agam dul trasna an droichid, tá cosc ann, toirmeasc, teorainn.’
‘Geis é. Bris geis agus maróidh siad thú, goidfidh siad gach a bhfuil agat agus inseoidh siad bréaga móra fút agus bíonn mí-ádh ann freisin, ortsa agus ar an bhaile, ar an dá thaobh agus ar na héisc, ar an abhainn agus ar an droichead freisin, sílim.’
‘Is cosúil go bhfuil gach geis briste cheana féin, mar sin.’
‘Ní gach geis b’fhéidir, nó ní fós, b’fhéidir, ach tá sé rómhall duitse anois ar aon nós. Tá sé ina lá, nach bhfuil?’
‘Tá.’
‘An bheirt fhear sin, is fuath leo a chéile le blianta ach féach gur chroith siad lámha le chéile — cén fáth, meas tú?’
‘Níl a fhios agam.’
‘Ach tá a fhios agat, is mar go bhfaca siad an rud nach féidir a fheiceáil, mar gur bhreathnaigh siad suas agus go bhfaca siad na soilse, an domhan mar a bheas, nach ea?’
‘Sílim go raibh náire orthu, a Nanette, tar éis bheith ag achrann.’
‘Is fuath leo sin a chéile le blianta ach chroith siad lámha agus sin rud maith, nach ea?’
‘Is dóigh gurb ea.’
‘Tá a fhios acu nach n-athróidh sé gach a bhfuil le teacht, an scrios agus mar sin de, ach chroith an bheirt sin lámha le chéile agus is maith liomsa é sin. Má fheiceann gach duine an rud nach féidir a fheiceáil, b’fhéidir go dtosóidh siad ag croitheadh lámh le chéile. Tá mise chun a insint do gach duine faoi na soilse sa spéir agus faoina bhfuil le teacht agus croithfidh mé lámh le gach duine acu agus beidh mé ag gáire freisin. Agus tosóidh mé anois láithreach.’
D’éirigh sí de phreab amach as an tsuíochán chun seasamh i lár an droichid, an duine beag sa chóta sin a bhí rómhór di, ach an iarraidh seo an cochall tite siar chun a cloigeann a nochtadh, scairf mhór fhada olla casta timpeall ar a muineál, scairf eile, níos éadroime, casta timpeall ar a gialla agus mullach a cloiginn, sa chaoi nárbh fhéidir baithis, smig, cluasa ná gruaig a fheiceáil. D’éirigh mé féin, sheas i lár an droichid agus bhreathnaigh isteach ina héadan — ba léir domh ansin nach cailín naoi mbliana d’aois í ar chor ar bith, naoi mbliana is fiche b’fhéidir. Ba léir é timpeall ar na súile, sa dá leiceann, i gcúinní an bhéil, naoi mbliana is tríocha, is ceathracha, cá bhfios?
Bhain mé an mhiotóg de mo dheasóg tar éis di féin muinchille an chóta a chrapadh suas a dhóthain chun deasóg a shá amach agus ansin, i lár an droichid, i gclapsholas na maidine Lá Nollag 2021, chroith Nanette lámh liom agus í ag gáire go haerach, rud a chuir gáire orm féin, ainneoin gach drochrud a bhí feicthe agam san oíche, gan trácht ar roimhe. Ansin scar muid, d’fhill inár dtreonna féin, ach sula raibh ceann an droichid bainte amach agam, stop mé agus chas timpeall, mar bhí sí tar éis glaoch orm.
‘Brisfidh tú an gheis an chéad bhliain eile, b’fhéidir.’
‘Brisfidh, cinnte.’
‘Má bhíonn tú fós anseo. Agus má bhíonn mise fós anseo, b’fhéidir go mbrisfidh mé an gheis in éindí leat, sin má bhíonn an droichead fós ann. Agus tabharfaidh mé bronntanas liom, an bronntanas Nollag is fearr a fuair tú riamh i do shaol.’
Foilsíodh an chéad ghearrscéal le Daithí Ó Muirí in Lá sa bhliain 1993. Foilsíodh an chéad chnuasach gearrscéalta leis, Seacht Lá na Díleann, in 1998. Ina dhiaidh sin, foilsíodh Uaigheanna agus Scéalta Eile (2002), Cogaí (2002), Ceolta (2006), Ré (2012) agus Litríochtaí (2015). Is as Contae Mhuineacháin ó dhúchas dó ach tá cónaí air i gCois Fharraige na Gaillimhe le blianta.
Comments are closed, but trackbacks and pingbacks are open.