Díoltas na Coilleadh
le SEANÁN MAC AOIDH
á léamh ag Suzanne Uí Ghallchóir
Is í Suzanne Uí Ghallchóir atá linn san eagrán seo agus í ag léamh an scéil ‘Díoltas na Coilleadh’ le Seanán Mac Aoidh. Déanann sí féin agus Réaltán Ní Leannáin an scéal a phlé ina dhiaidh i gcomhrá bríomhar suimiúil.
Ba i ngan fhios don tsaol a mhair an Fear Beag Ribeach Rua agus mar sin ab fhearr leis é. Bhí sé ina chónaí ins an choillidh agus ins an choillidh a bhí an cró beag tí s’aige. Achan mhaidin d’éiríodh sé, níodh sé é féin agus rachadh sé amach fríd an choillidh a chruinniú sméar, cnó, úllaí agus ollmhaitheasaí eile.
Anois agus arís, nuair a bhíodh éadach de dhíobháil, dhéanadh sé culaith úr dó féin. Tharlaíodh sé sin uair gach deich mbliana nó mar sin. Shníomhadh sé léinidh dheas bhog as canach bán an tsléibhe. As an ábhar chluthar chéanna a dhéanadh sé a chuid brístí, a bhearád agus a chuid miotógaí mínmhaiseacha. Ansin, nuair a bhíodh sé chomh te teolaí le nead smólaigh ina chulaith chluimhrigh, théadh sé a fhad le seanchrann mór darach a bhí i lár na coilleadh, bhaineadh sé cúpla géag íseal den chrann, d’fheannadh sé an craiceann díofa agus le snáthaid agus snáithe, níodh sé giotaí beaga de chairt an chrainn a fhuáil le chéile. Bhí sin mar bheadh éideadh cosanta aige.
Bhí culaith chruaidh mar seo de dhíobháil air cionn is go gcaithfeadh sé chóir a bheith achan lá dena shaol ag reáchtáil fríd an choillidh go hábhailleach. Léimeadh sé ó ghéag go géag, shnámhadh sé sna haibhneacha, bhuaileadh sé ceol ar dhrumaí déanta de smutáin adhmaid agus bhíodh sé fiú amháin ag súgradh agus ag coraíocht le hainmhítí eile a bhí ina gcónaí sa choillidh.
Bhí sé iontach mór le cuid de na hainmhítí seo. Ba chairde dó an broc, an madadh rua, an gearria, na héanacha, na coiníní agus fiú amháin feithidí beaga agus cuiteogaí na créafóige. Lig siadsan dó agus lig seisean daofasan. Ach thall agus abhus, thigeadh an Fear Beag Ribeach Rua agus iad le chéile agus chaitheadh siad am fá shult, fá shuáilce agus fá phléisiúr i gcuideachta a chéile.
Ba mhinic an Fear Beag Ribeach Rua ag súgradh leis na coiníní ar fhíorimeall na coilleadh. Corruair, bhéaradh sé féin agus na coiníní rúide isteach sna cuibhrinn a bhí le taobh na coilleadh ach bhí sé i dtólamh iontach faichilleach nuair a tchíodh sé daoine fá dtaobh den áit. Corruair bheadh daoine daonna le feiceáil fríd an eallach ach an uair amháin a bhéaradh an Fear Beag Ribeach Rua fá dear go raibh siad ann, bhaineadh sé na bonnaí as agus ritheadh sé an méid a bhí ina chnámha ag déanamh ar an chlaí agus léimeadh sé isteach faoi cheann de na carraigeacha, a raibh an cuibhreann breac leo, agus shníomhadh sé a bhealach isteach idir na clocha sna claitheacha. Nó is maith a bhí a fhios aige, dá bhfeicfeadh duine daonna ar bith acu seo é, go mbeadh daor air. Ní fhaca aon duine de na daoine daonna seo an Fear Beag Ribeach Rua ariamh, ná a mhacasamhail de neach, agus dá bhfeicfeadh, bheadh a seacht sáith iontais orthu. Níl a fhios caidé a dhéanfadh siad. Cá bhfios nach bhfaigheadh siad bás in áit na mbonn le hiontas! Mar sin de, sheachain an Fear Beag Ribeach Rua iad agus chaith sé a shaol go suáilceach soineanta sámh i measc a chairde sa choillidh.
Lá de na laetha, bhí an Fear Beag Ribeach Rua ar fhíorimeall na coilleadh leis an tréad coiníní ag ábhaillí, ag bocléimnigh agus ag imirt cleas d’achan chineál. Amannaí léimeadh an Fear Beag Ribeach Rua in airde ar dhroim ceann de na coiníní agus d’fhéachadh siad an dtigeadh leo léim a ghearradh thaire mhullach na gcoiníní eile. Ar an ealaín seo léimeadh sé thaire choinín amháin, agus ansin thaire bheirt agus thaire thriúr go dtí go mbíodh an sraoillín rófhada acu le léimint níos faide.
Bhí go maith go dtí go dtug an Fear Beag Ribeach Rua fá dear, amach as ruball a shúile an t-iontas ba mhó dá bhfaca sé ariamh. Iontas a scanraigh é ina chroí agus ina chnámha. Arrachta de rud mór buí a bhí ann, é ag déanamh a bhealaigh anall ón áit a raibh na daoine daonna ina gcónaí. Ag déanamh ar an choillidh a bhí sé. Bhí cúpla fear ina seasamh fá dtaobh de agus de réir mar a bhí sé ag déanamh ar an Fhear Bheag Ribeach Rua agus na coiníní, bhí sé ag éirí níos callánaí. Ar ndóighe, san am seo, bhí na coiníní ar shiúl sna featha fásaigh agus bhí an Fear Beag Ribeach Rua i bhfolach idir na clocha sa chlaí, ag dearcadh uaidh ar an arrachta mhór choimhthíoch bhuí seo.
Ní raibh sé i bhfad go raibh an t-arrachta míofar seo ar obair. Shín lámh mhór fhada thiubh amach, a raibh crúb ar a deireadh, agus fuair sí greim dhocht ar chrann ar imeall na coilleadh. Ghearr sí in dhá leath an crann le seá a bhí suite istigh i gcrúb an bheathaigh ghránna seo. Nuair a bhí an crann gearrtha ag an arrachta, agus an grágán a bhí fágtha scaite amach ón chréafóg a raibh sí inti, chaith sé a raibh fágtha den chrann uasal i leataobh mar bheadh fuíoll béile mhóir ann. San áit a raibh an crann mór maorga cha raibh fágtha anois ach poll brocach sa talamh. Tháinig na daoine daonna isteach ansin ar lorg an arrachta agus chuaigh siad a ghearradh fá dtaobh daofa lena gcuid seánna. San am seo bhí leoraí tagtha a fhad le foireann an áir. Chuaigh na daoine daonna a chaitheamh craobhacha, neadracha agus duilleoga isteach i gcúl an leoraí agus lean an t-arrachta do réabadh na gcrann.
D’éalaigh an Fear Beag Ribeach Rua agus isteach ins an choillidh leis. Níl inse béil ar an tamhach táisc a bhí ansin roimhe. Bhí an áit uilig bunoscionn. Bhí éanacha ag eitilt isteach ó imeall na coilleadh go dtína lár agus iad ag borrchaoineadh agus ag mairgnigh fána gcuid éilíní a maraíodh go brúidiúil sna neadracha. Bhí cait chrainn, ioraí, luchógaí agus achan chineál eile ainmhí ar an tsiúl chéanna, níos doimhne isteach sa choillidh agus ar shiúl ón arrachta dhiabhalta seo agus ó dhrong an áir a bhí ag scriosadh agus ag milleadh rófa agus ina ndiaidh.
Istigh i lár na coilleadh bhí na teifigh i mullach a chéile. Bhí an t-arrachta damanta ar obair go fóill agus gan iomrá ar bith air fuarú. Bhí níos mó agus níos mó de bhaile na neach seo uilig á scriosadh sa dóigh is nach dtiocfadh cónaí a dhéanamh ann arís go brách.
Fá dheireadh tháinig an oíche agus fágadh fá shíocháin bunadh na coilleadh. Ach dá shíochánta é níor lú a gcás ná a mbuaireamh.
Cha raibh a fhios ag an Fhear Bheag Ribeach Rua ná ag duine ar bith dena chomrádaíonnaí caidé ba chóir a dhéanamh. Ach sa deireadh shocraigh siad uilig codladh na hoíche a fháil chomh maith agus a thiocfadh leofa, go mb’fhéidir go mbeadh achan tseort ceart go leor ar maidin. Shín na hainmhítí thall agus abhus agus thit siad ina gcnap codlata ina n-ainmhí agus ina n-ainmhí.
Monuar, ní bhfuair siad suaimhneas ar bith an lá tharna mhárach nó bhí an beathach gránna aingiallda sin amuigh arís ar bhéal maidine agus, leoga, ba é tormán an tseá agus buillí troma leagan na gcrann agus scairteach na n-ainmhítí a mhúscail an chuid eile de phobal na coilleadh an mhaidin scáfar dhanartha sin.
Ba é deireadh an domhain acu é.
Bhí a mbaile uilig á réabadh, a bhfaca siad ariamh ó tháinig siad ar an tsaol. Char leag mórchuid bhunadh na coilleadh cos, lapa ná crúb ariamh níos faide ná cúpla céad slat den choillidh. Bhí cuid acu ag meas, go fiú, go raibh sé chomh maith acu bás tobann a fháil agus déanamh ar an bhocsa aibhléise a bhí fá ghiota bheag den taobh thoir den choillidh. Mhuirfeadh drithleogaí an bhocsa aibhléise sin neach beo ar bith a bhainfeadh dó agus dar le cuid acu gurbh fhearr sin ná bás mall fadálach de dhíobháil foscaidh agus comrádaíonnaí na coilleadh á marú go brúidiúil thart fá dtaobh daofa.
Ba bheag ar an bhroc agus ar an charria an easbhaidh dóchais agus thoisigh siad a bhúirthigh ag iarraidh uchtach a thabhairt do na neacha eile a bhí ina gcuideachta. D’fhógair an carria go seasfadh sé an fód go bás, gur dual dó mórtas cine agus nach ligfeadh an náire dó bás a fháil sa choillidh gan troid, mar bheadh cladhaire ann. Bhí an broc le ceangal. Bhí sé ag drannadh agus ag uaillfeartaigh agus ag rá go réabfadh sé agus go stróicfeadh sé an meanach amach as bolg na ndaoine daonna a bhí ag leagan na gcrann.
Chorraigh caint seo na n-ainmhítí eile croí an Fhir Bhig Ribigh Ruaidh agus dar leis go gcaithfeadh sé rud inteacht a dhéanamh. Bhí mórán neacha eile sa chuideachta gortaithe, scanraithe, nó briste brúite brónach amach agus cha raibh troid ar bith ar a n-umhaill. Mar sin de, iad siúd a bhí ag iarraidh gníomh dána a dhéanamh, tháinig siad le chéile taobh istigh de sheanchrann lobhtha i gcoirnéal ciúin in íochtar na coilleadh agus chaith siad deireadh an lae sin ag iarraidh theacht ar sheift chliste lena gcoillidh a shábháilt.
Dúirt an carria agus an broc agus a n-ál go rachadh siad in adharca agus i ngreim fiacal leis an arrachta dhamanta agus le drong an áir. Mhol gach ainmhí sa lúb chruinnithe a n-uchtach agus a neart ach bhí siad ag mairgnigh nár leor a leithéid de ghníomh, go raibh an t-arrachta agus na daoine daonna róláidir acu agus nach raibh gar a bheith leofa.
Fhad agus a bhí an comhrá seo ar siúl bhí an Fear Beag Ribeach Rua agus an madadh rua ag cogarnaigh le chéile. De réir a chéile d’aithin a raibh sa chuideachta go raibh rud inteacht ar bun ag an bheirt sin nó bhí aoibh shásta tagtha ar an Fhear Bheag Ribeach Rua agus bhí driopás iontach le feiceáil ar an tsionnach agus í ag smaointiú ar an chleas chliste a bhí siad ag gabháil a dh’imirt ar an námhaid.
Bhí a fhios ag an Fhear Bheag Ribeach Rua fá bheacán ar leith a bhí ag fás thiar i nduibheagán dorcha íochtar na coilleadh. Beacán a bhéarfadh bás duine. Léim an Fear Beag Ribeach Rua ar chúlaibh an mhadaidh ruaidh agus chuaigh siad a mharcaíocht leofa fríd dhorchadas an fhásra go dtáinig siad chuig an áit a raibh an fás aon oíche le fáil. Bhain an Fear Beag Ribeach Rua oiread den bheacán agus a thigeadh leis, ghearr go mion ’na ghiotaí é lena scian agus sháigh an t-iomlán isteach i mála a rinne sé de chairt na beithe. Cheangail sé an mála seo le hiall thart fá mhuineál an mhadaidh ruaidh agus d’imigh siad leofa chomh tiubh géar gasta agus a tháinig leo.
Tháinig siad chuig imeall na coilleadh. Bhí an t-arrachta damanta agus an drong ar shiúl le tamalt maith, ba chosúil agus bhí oíche réabghealaí ann. Go dearfa, bhí réalta na spéire le feiceáilt go grinn soiléir agus lean siad lorg an bheathaigh bhréin fríd na cuibhrinn agus síos an bealach mór.
Cha raibh an Fear Beag Ribeach Rua ariamh chomh fada seo ar shiúl óna bhaile féin ach ba mhinic an madadh rua ag spaisteoireacht idir na tithe seo faoi choim na hoíche agus í ar lorg bídh daoithe féin agus dona hál coileán. Bhí aithne mhaith ag an tsionnach mar sin ar leagan amach na mbealaí agus na dtithe.
Ba mhaith a d’aithin sí fosta na bolaí a bhain le tithe áiride agus a raibh iontu de dhaoine daonna. B’fhurasta di lorg an arrachta mhíofair bhuí a leanstan, nó ba é a bhí cáidheach salach leis an obair a raibh sé ag gabháil di, agus d’fhág sé rian bréan ina dhiaidh ar feadh an bhealaigh cionn is go raibh an salachar ag sileadh de i rith an ama.
I ndiaidh tamalt fada siúil, tháinig an Fear Beag Ribeach Rua agus an madadh rua a fhad le foirgneamh beag íseal nach bhfaca an sionnach ariamh roimhe. Bhí an t-arrachta ina shuí go socair lena thaobh. Shleamhnaigh an madadh rua isteach go formhothaitheach ar an fhuinneog agus an Fear Beag Ribeach Rua ar a cúlaibh agus é ag coinneáil greim ar fhionnadh an tsionnaigh thart fána muineál. D’éirigh leo tuirlingt ar leic na fuinneoige gan trup a dhéanamh. Rinne siad a mbealach fríd an fhoirgneamh agus níor chorraigh siad dadaí.
Fá dheireadh, tháinig siad a fhad le dorchla. Bhí doras ceann de na seomraí ar leathadh. D’amharc siad isteach agus tchí siad na daoine daonna ina gcodladh agus achan tsrann acu. Lig an madadh rua agus an Fear Beag Ribeach Rua daofa. Charbh é sin a gcionn scríbe. Síos ar fhad an dorchla leofa ag leanstan bholadh an bhídh go dtáinig siad a fhad leis an chisteanach. Bhí an áit sciobtha scuabtha agus na soithigh uilig nite ach aon phota amháin a bhí ar an tsorn.
Pota mór domhain a bhí ann. Léim an sionnach in airde ar an chuntair, lig anuas an Fear Beag Ribeach Rua gur shiúil sé anonn chuig an phota agus gur amharc sé isteach. Caidé a bhí istigh ach feed mór na ndaoine daonna a d’íosfadh siad, is dóighe, an lá tharna mhárach. Bhí lúcháir ar an Fhear Bheag Ribeach Rua agus ar an mhadadh rua nó bhí a fhios acu ansin go dtiocfadh leo anois gníomh gaisce a dhéanamh ar son na coilleadh a bhí in aice lena gcroí. Bhain an Fear Beag Ribeach Rua an mála beag cairte de mhuineál an tsionnaigh agus dhoirt deireadh isteach sa phota. Bhain sé crathadh as tóin an mhála agus chinntigh nach rachadh grabhróg ná giobóg amú. Thóg sé an ladar agus chuaigh a shuathadh a raibh istigh sa dóigh is nach n-aithneodh súil dá dteachaidh i gcionn go raibh a dhath cearr leis.
D’éalaigh an dís fríd an fhuinneog chéanna, tharraing ar an bhaile agus chuaigh fá chónaí.
An lá tharna mhárach cha raibh athrú ar bith ar a ndóigh. Lean an t-arrachta udaí agus drong sclábhaíonnaí an áir don scrios. Bhí neacha beo na coilleadh cruinn istigh ina cheartlár agus an t-uafás agus buaireamh céanna orthu. Bhí corrainmhí acu ag iarraidh gabháil a throid agus corrcheann eile ag dúil le bás tobann gan mhoill.
I rith an ama, bhí an madadh rua agus an Fear Beag Ribeach Rua fríofa ag agairt agus ag impí orthu fanacht go fóill, misneach a ghlacadh nó, dar leo go mbeadh fuascailt i ndán daofa. Ba bheag a d’éistfeadh leo, diomaite de chorrainmhí a raibh spiorad agus spriolladh go fóill ann.
I dtrátha an mheán lae, rinne foireann seo an áir a scríste leath bealaigh fríd an mharfach, mar ba ghnách leo a dhéanamh i gcónaí, ach an iarraidh seo ní tháinig ach baicle beag ar ais óna mbaile féin le luí isteach ar an scrios arís. Bhí an t-arrachta go fóill ar obair, ag réabadh leis agus bhí na daoine daonna ag obair leo fá dtaobh de más go mall fadálach spadánta a bhí siad. Bhí rud inteacht difriúil fá dtaobh daofa, bhí siad ní ba chiúine ná ba ghnách agus bhí dreach mífholláin ag teacht orthu.
De réir a chéile stad siad ina nduine agus ina nduine. Bhí fear thall ag orla agus fear abhus ar leathghlúin. Mhoilligh an t-arrachta agus ar ball stad sé ar fad den ár. D’fhoscail comhla i dtaobh an arrachta agus thit duine de na daoine daonna amach as a bholg. Strácáil an duine bocht aniar ar an talamh, ag tarraingt na gcos ina dhiaidh, gur thit sé ar a ghlúine le taobh an arrachta mhairbh. Bhí siad lag, ag orla, giorra anála orthu agus iad i rámhaillí an bháis.
Thoisigh neacha beo na coilleadh a dhéanamh ar imeall a mbaile. Thimpeallaigh siad a raibh fágtha de dhrong an áir. Bhí an broc, an madadh rua, an carria, na luchógaí beaga, na luchógaí móra, éanacha cleiteacha na coilleadh agus feithidí de achan chineál cruinn ansin. Bhí corrdhuine daonna go fóill ag bogadaigh go truacánta thall agus abhus ach ba chuma, nó bhí a fhios ag an Fhear Bheag Ribeach Rua agus ag iomlán neacha na coilleadh go raibh an lá leo.
Bheir an broc greim lena smut géar fiaclach ar chos duine den drong mhallaithe agus thoisigh á tharraingt. Rinne an madadh rua amhlaidh. Sa bhomaite bhí gach neach acu ag baint greim as na daoine daonna a bhí i mbéal a mbáis agus á dtarraingt isteach i nduibheagán dubh íochtar na coilleadh.
Ní raibh le cluinstean sa deireadh ach corrsmid de mhonamar caointe ó lucht an áir agus iad ag tabhairt aghaidh ar a gcinniúint. Ba leis an choillidh an lá.
Is as Contae Mhuineacháin ó dhúchas do Sheanán Mac Aoidh agus tá sé anois ag obair mar Oifigeach Pleanála Teanga i dToraigh. Tá Seanán páirteach i ngníomhaíochtaí cultúir agus polaitíochta le tamall de bhlianta, an scríbhneoireacht chruthaitheach san áireamh. Tá suim mhór aige fosta sa scéalaíocht thraidisiúnta.
[…] Léigh scéal eile: Díoltas na Coilleadh […]
[…] Ceannaigh an leabhar Léigh scéal eile: Díoltas na Coilleadh […]
[…] Ceannaigh an leabhar Léigh scéal eile: Díoltas na Coilleadh […]