Cócó
le MÁIRE ZEPF
á léamh ag Deirdre Learmont
Bean stuama céillí í Eibhlinn Nic Ruairí ach cuireann geáitsí místuama a comharsa brú ar an fhoighde fhadfhulangach atá aici nuair a thagann sí ’na bhaile le peata úr. Sa scéal éadromchroíoch seo ó Mháire Zepf, atá léite dúinn ag Deirdre Learmont, feictear bean i ndeireadh na péice ag seasamh go docht in aghaidh na seafóide – ach an dtéann sí rófhada leis?
Tá an locht uirthi féin, an bogán bómánta sin béal dorais. An liúdramán. An leibide. An toirt gan tairbhe. Ná habair liom go gcaithfidh mé mé féin a shuaimhniú. Tá sé rómhall dó sin anois. I bhfad rómhall. Tá fearg orm. Tá olc olc OLC orm. Tá nimh san fheoil ionam, ag spalladh agus ag dearg-lasadh cumhacht phléascach ionam. TÁ MÉ AR STEALLAÍ DEARGA MIRE!!!! Agus tá an locht go huile is go hiomlán uirthisean, an gligín. Caroline ag uimhir a 27, an ghealt ghlan a tharraing an trioblóid ar fad seo orainn. Caroline, lena guth chomh binn le hingne ag scríobadh ar chlár dubh. Caroline, a chuireann tochas neantóige faoi mo chraiceann ag smaoineamh uirthi. Caroline atá chomh bréagach sin go bhfuil éad ar Bharbie. Mothaím mo chuid cealla inchinne ag fáil bháis agus mé ag éisteacht léi. Tá an locht ar an bhobarún sin féin gur ghoid mé a madadh.
Ní raibh an ghoid pleanáilte agam. Ní an sórt sin duine mé. Nuair a d’éirigh mé ar maidin, ní raibh a fhios agam gur gadaí madaidh a bheadh ionam roimh am tae. Mise, Eibhlinn ‘shiosmaideach’ Nic Ruairí. Bean liath stuama. Bean nár ghlac riamh níos mó ná deich n-earra chuig ag scipéad deich-n-earra-nó-níos-lú ag Tesco, gan a bheith ag caint ar fhuadach. Bean chomh ciallmhar le fáiscíní páipéir agus chomh radacach le canna pónairí bácáilte. Agus duine a bhfuil dúil mhór aici sna madaí leis. Úinéir freagrach díograiseach mo mhadaidh féin—sípéir Gearmánach álainn darbh ainm Connla—a fuair bás i mí Feabhra seo caite, a bhris mo chroí is a d’fhág cneá ar m’anam nach leigheasfar choíche. Tá sé tábhachtach domh go dtuigeann tú é sin—gur bean mé a aithníonn go smior an dáimh dhomhain atá ann idir úinéir agus madadh, is nach ndéanfainn choíche rud ar bith leis an nasc dhobhriste sin a chur i mbaol.
Thosaigh an tromluí seo an lá a thug sí a ‘fionnadh-leanbh’ abhaile den chéad uair. Bhí gach duine ag gach fuinneog sa tsráid dírithe ar uimhir 27 nuair a cheangail sí cúig bhalún héiliam ar gheata an tí agus ‘babaí nua’ scríofa orthu. Os comhair an dorais, bhí bratach a dúirt ‘Céad míle fáilte don leanbh úr’. An é go raibh níos mó i bhfolach istigh faoin gheansaí sin aici ná maróg na meánaoise? Nó an raibh leanbh uchtaithe ag teacht? An gceadaítear sin do bhean shingil na laethe seo? Ach d’imigh sí sa charr agus d’fhill sí arís, ní le páiste daonna, ach le coileán beag gleoite. Brocaire donn darbh ainm Cócó. Bhí a shrón bheag dhubh le feiceáil ag gobadh amach ó bhlaincéad a bhí fáiscthe lena hucht. Chas mé mo shúil nuair a chonaic mé na maisiúcháin agus na balúin, admhaím é, ach caithfidh mé a rá go raibh mé sásta do Caroline. Is mór an lá i saol duine nuair a fhaigheann siad madadh. Agus is milis go deo na cuimhní cinn atá agam féin ar Chonnla s’agamsa mar choileán agus ar an lá a d’iompair mé an beairtín muirneach sin thar tairseach isteach den chéad uair.
I ndiaidh coimhéad ar Caroline agus an madadh nua an lá sin, d’fhoscail mé an bosca cuimhneacháin sa tseomra leapa breise den chéad uair ó d’imigh mo Chonnla uasal uaim. Thóg mé amach a bhabhla, a bhóna agus an bréagán ab fhearr leis—an ghráinneog bhog nach raibh ach súil amháin aige le fada an lá. Líon an seomra le boladh Chonnla. Amhail cochán tais faoi theas na gréine. Bhí seantaithí agam ar an bholadh sin, agus chuir sé m’anam ar a chompord. Bhí Connla ansin liom arís. Líon an seomra lena chuideachta. Agus líon mo shúile le deora. ‘Och, a Chonnla, a thaisce. Airím uaim go mór mór thú.’ Bhí leabhar dar teideal How to Train Your Puppy sa bhosca. Chuimhnigh mé ar na ceisteanna ar fad a bhí agam féin mar úinéir nua agus an sásamh a fuair mé ó fhreagraí beachta díreacha an leabhair sin ag an am. B’fhéidir go gcuideoidh sé le Caroline. Anonn liom chuig a doras mar a bheadh comharsa mhaith ann.
Chnag mé ar an doras. Chnag mé arís. Bhí guth tógtha le cluinstin taobh istigh. Chnag mé an tríú huair agus tháinig Caroline go doras, a haghaidh lasta bándearg le strus agus a cuid gruaige in aimhréidh. Bhí iompróir babaí ceangailte lena brollach aici agus Cócó, an coileán, istigh ann. Sheas muid ansin, beirt bhan lánfhásta. Ach ba leis an mhadadh bheag a labhair sí.
‘Ó, amharc, a túts, tá cuairteoir agat, a thaisce bheag.’ Bhí airde a gutha amhail is go raibh sí ag sú na mbalún héiliam.
‘Is mór an trua gur mhúscail sí thú agus tú ag glacadh scíste tráthnóna, mo bhabailín-bú-bú-beag-bídeach.’
Chaith sí féachaint fheanntach orm.
‘Ach seo muid anois, a ghleoiteoigín s’agamsa.’
Shín mé an leabhar amach romham chuici gan focal a rá. I ndáiríre, bhí eagla orm mo bhéal a fhoscailt.
‘Ó, mo chútaí-bútaí-búps. Tá bronntanas aici duit,’ arsa sise leis an mhadadh. D’amharc sí ar an leabhar athláimhe le dímheas agus rinne gáire bréagach liom.
‘Déarfaidh muid slán-slán leis an bhean-bhean,’ arsa Caroline, gan náire, ‘sula n-éiríonn tú fuar ón doras fhoscailte sin, a bhabailín mo chroí.’ Dhruid sí an doras go borb.
Rinne mé mo dhícheall neamhaird a dhéanamh orthu ina dhiaidh sin. I bhfírinne, rinne. Ach tá sé deacair nuair a chluineann tú an guth leanbaí sin sa ghairdín thar an sconsa. An ghibiris chainte gan splinc mheabhrach. Gan stad. An madadh bocht. Sin an smaoineamh a bhí gafa i m’intinn. An madadh bocht sin ag éisteacht leis an bhrilléis sin. Tá tuin chainte an ghutha iontach tábhachtach don traenáil. Nár léigh sí an chaibidil sin go fóill? Faoi údarás agus soiléireacht? Faoi athrá agus tuiscint idir ainmhí agus duine? Faoi ghuth an mháistéara? Rith sé liom nár chuala mé oiread agus Fan, Síos nó Suigh amháin óna béal. Ní raibh ann ach sruth truflaise a chuir samhnas orm.
Lá breá gréine samhraidh a bhí ann nuair a casadh orm sa pháirc iad. Níor aithin mé ar tús gur iadsan a bhí ann. Ní chuirfidh sin iontas ort, mar bhí Caroline ag brú pram linbh. Níor aithin mé í go dtí gur chuala mé an raiméis chainte dhéistineach sin óna béal, ag cur drithlíní fuachta le mo dhroim.
‘Amharc ansin, a Chócó-kins, a thaisce,’ arsa sise de ghuth meala, ‘seo chugat Eibhlinn béal dorais. An bhfuil tú ag dul heileo a rá léi mar a bheadh madadh beag maith ann?’
Bhí Cócó cromtha ina chnap sa phram. Bhí blaincéad bándearg thairis agus boinéad gréine air. Bhris mo chroí ag amharc air. Chuimhnigh mé ar Chonnla uasal—ar theannas a chuid matán agus é ag rith go haclaí sa pháirc chéanna seo. Ar a ghéaga fada lúfara is é ag rásaíocht de thruslóga móra. Chuimhnigh mé ar an dóigh ar chroith sé a eireaball nuair a chuala sé an focal siúlóid. Agus an dóigh a smúrfadh sé tóineacha na madaí eile go cairdiúil fiosrach. Sin mar ba chóir. Bhí saol Chócó ina pheaca marfach.
Bhí mé buartha faoi Chócó ó shin i leith. Lá agus oíche, smaoinigh mé ar an phríosúnach bheag béal dorais. Cén sórt céasadh nua a bhí ceaptha aici dó inniu? Cén claon-chleas nó saobhsmaoineamh a bhí beartaithe aici anois don chréatúr? Faraor, tháinig freagra na gceisteanna seo gan mhoill i bhfoirm teachtaireachta ar an fhón póca. Bhí leantóir nua agam ar Instagram. Cócó loco a bhí ann. Scrolláil mé fríd a phróifíl agus mo lámha ar crith le fearg. An madadh, é gléasta in éadaí mar bheadh bábóg ann — léine Hawaii agus spéaclaí gréine air. É ag lí uachtar reoite. #spórtagusspraoi #saolamhadaidhbháin
Nach bhfuil a fhios aici go bhfuil fiacla madaidh déanta chun rudaí a stróiceadh is a réabadh óna chéile. Feoil amh. Cnámha le feoil orthu. Cén sórt dúramáin a thugann bia milis siúcrúil mífholláin, leithéidí uachtar reoite, do mhadadh? Ní hionann madaí agus daoine. An dinnéar is ansa le madadh ná coinín lena mhuineál briste, go fóill teolaí, caite os a chomhair amach le go dtiocfadh leis é a stróiceadh as a chéile píosa ar phíosa. Tá mint-choc-chip le crotháin mhilse, tá sin againn do pháistí millte, ní do mhadaí. Agus Instagram? Tá a fhios agam nach féidir “cead” madaidh a iarraidh, ach ní gá é a náiriú os comhair an tsaoil ach oiread. Is mór an trua nach Cócó féin atá taobh thiar den insta-amaidí. Ar a laghad ansin, bheinn in ann teachtaireacht phearsanta a chur chuige. Plean tarrthála a chumadh leis. Tearmann a ofráil dó dá n-éalódh sé óna mhí-úsáideoir.
‘Ní chaithfidh tú cur suas leis seo,’ a déarfainn leis, ‘is fiú níos mó ná seo thú.’
Seachtain ó shin, bhí mé ag baint lustain sa ghairdín tosaigh nuair a thiomáin sí isteach fríd an gheata taobh liom. Amach as an charr léi agus í faoi ualach málaí siopadóir-eachta. Bhí Cócó bocht ag gobadh amach as a mála láimhe agus bandana air.
‘Lá deas,’ arsa mise leo go cairdiúil. D’amharc mé isteach i súile Chócó. Thug mé féachaint speisialta dó, tá súil agam. Ceann a thug le fios gur aithin mé a ghéarchéim. Bhí sé bolgshúileach agus bhí a theanga agus a eireaball ag croitheadh le smeachán imní. Tuigim madaí. Ní raibh an ceann seo sásta. Comharthaí soiléire don eolach go raibh a néarchóras simpiteach gníomhachtaithe. Focail mhóra, tá a fhios agam, ach mínítear seo uilig i gcaibidil a 7 de How to Train Your Puppy. Rud nár léigh sí go fóill, is léir. Madadh bocht. Rith sé liom go mbeadh aiféala as cuimse ag sinsir chlochaoiseacha an ainmhí uasail seo gur shiúil siad riamh isteach i gciorcal teolaí lasta cois tine chun greim feola a ithe, caite chucu ón chine dhaonna, dá mbeadh a fhios acu go gcríochnódh an eachtra le hiad ag caitheamh éadaí bábóige.
‘Tá breithlá ag teacht ag Cócó loco — nach bhfuil, a’ bhfuil a’ bhfuil?’ arsa Caroline leis an mhadadh. ‘Agus tá cóisir eagraithe ag Mamaí duit, nach bhfuuuuiiiil? An dtabharfaidh muid cuireadh don bhean dheas, a aingeal bheag s’agamsa? Tabharfaidh cinnte, tá an ceart agat. Nach tú atá cliste mo chócaí-lócaí-bhócaí-bhú?’
Shín Caroline clúdach chugam agus d’imigh sí isteach sa teach agus í ag bleadracht léi gan stad.
Bhí cóisir bhreithlae Chócó ann inniu. Ar a trí a chlog. Sa ghairdín. D’éist mé fríd an sconsa ar tús mar nár mhaith liom bheith páirteach sa freakshow. Óicé, maith go leor, ní ag éisteacht amháin a bhí mé. Tá bearna idir plainceanna an sconsa agus b’fhéidir go ndearna mé giota beag bídeach gliúcaíochta fríd. Nach ndéanfá féin an rud céanna? Agus dá ndéanfá, bheadh ort an scéin agus an t-uafás a bhrú fút agus gach gáire magúil a phlúchadh ar eagla go gcluinfeadh siad thú, mar a rinne mise. Bhreathnaigh mé thart ar an ghairdín. D’amharc mé ar na stiallbhratacha crochta ó na crainn, an tábla leagtha le héadach dearg agus bán agus na naipcíní breaca! (Nach bhfuil a fhios agat go bhfuil naipcín de dhíth ar mhadadh?) D’amharc mé ar an charn mhór bronntanas ar thábla eile. Agus ar dhá mhadadh déag ina suí ar chathaoireacha thart ar an tábla agus hata cóisire amaideach ar gach ceann acu.
‘Ar mhaith libh Poochie-Colada, a ghasúraí agus a chailíní?’ arsa Caroline an ghealt. ‘Beidh sibh réidh ina dhiaidh sin don cháca breithlae agus na cluichí agus an fótasheisiún — tá na ‘pup-arazzi’ anseo!’ Thosaigh sí ag gáire ar a drochjóc féin. Ag grágaíl léi ar nós caillí. Den chéad uair riamh, bhí mé buíoch nach raibh Connla álainn s’agamsa beo. Ní thiocfadh liom é a fhulaingt ag smaoineamh air, náirithe agus maslaithe ar mhaithe le siamsaíocht agus bréige mhire na mbréag-dhaoine seo. Bhuail racht feirge mé. Súnámaí feirge a chuir mo chroí ag preabadaigh agus mo lámha ar crith. Bhí orm rud éigin a dhéanamh. Troid nó teitheadh, is bhí mé réidh don chogadh. Bhí mé chun Cócó bocht a shábháilt.
Anonn liom béal dorais agus isteach thart ar an gharáiste liom go dtí an gairdín cúil. ‘A Eibhlinn,’ arsa Caroline, ‘Fáilte! Shíl an gasúirín breithlae nach raibh tú ag teacht! Nár shíl, a Chócó?’ Shíl is mo thóin, arsa mise liom féin.
‘Tá tú díreach in am don cháca!’ arsa sise ag díriú méire ar cháca ceithre shraith agus cnámh mhór ar bharr. Sáite sa chnámh, bhí pléascóg choinfití ollmhór. Bhí an dá mhadadh déag go fóill ina suí ag an tábla, na hataí cóisire claonta orthu anois amhail is go raibh na hataí féin ar meisce. Nach mór an trua nach féidir liom gach mac máthar acu a thabhairt slán ón tromluí seo, a shíl mé liom féin. Bhuail Caroline a bosa san aer chun aird an tslua a tharraingt.
‘Seo anois muid!’ arsa sise de ghuth polltach. ‘Tá sceitimíní an domhain orm go bhfuil cairde Chócó uilig anseo chun breithlá mo bhabaí a cheiliúradh!’ arsa sise agus deora lena súile. Phóg sí srón Chócó go fliuch.
‘Anois tá sé in am don cháca breithlae. An bhfuil gach duine réidh le canadh?’
Thóg sí cipín solais idir ordóg agus corrmhéar agus las sí an phléascóg coinfití ar an cháca mhilis.
Spréach. Splanc. Bladhaire. Lasrach. Loiceadh…agus………BÚM!!!!
Réab pléasc ollmhór ciúnas an ghairdín, ag scaoileadh coinfití lonrach óir go hard san aer. Scaip na madaí ón tábla, sceimhlithe, ag leagadh cathaoireacha agus ag tarraingt an t-éadach tábla leo. Bhí madaí ag tafann. Madaí ag geonaíl. Madaí ag sceamhaíl agus ag stróiceadh ar na hataí cóisire go crosta. Bhí madaí gach áit — i bhfolach faoi chathaoireacha, ar chúl an ghabhdáin bhruscair, sna ceapanna bláthanna. Agus Cócó? Cá raibh an t-íospartach beag breithlae? Bhí Cócó agamsa. Neadaithe go sábháilte i mbaclainn mo láimhe. Thiontaigh mé ar mo shála i lár an ruaille buaille agus shiúil mé liom go tearmann mo thí féin béal dorais. Bhí Cócó agam. Bhí sé agam.
Ach níor mhair an gliondar i bhfad. Tá sé a ceathair a chlog anois. Tá an fhuil ag coipeadh go fóill ionam is tá mo chroí ag greadadh i mo bhrollach. Seo anois muid, Cócó agus mé féin. Agus táimid i bponc ceart. Mise i mo ghadaí, eisean ina theifeach. Ní mar seo a shamhlaigh mé a tharrtháil. Mise, Eibhlinn ‘gráthóir madaí’ Nic Ruairí. Bhí mé ag dul a thaispeáint saol ceart madaidh dó, ar shiúl ón tsorcas ghránna sin béal dorais. Siúlóidí fada, rialacha soiléire, saoirse amuigh faoin spéir, bia ceart, agus sea, smúrthacht ar thóineacha madaí eile. Tuigim cad é atá de dhíth air. Tá forógra na madaí scríofa agam. Bhí mé ag dul a thabhairt saol an mhadaidh bháin dó, mar a bhí ag mo Chonnla féin. Ach ansin, tuigeadh domh ar an toirt nárbh fhéidir sin a dhéanamh. Seo anois muid agus ní féidir linn an teach a fhágáil. Tá eagla orm go rachaidh sé cóngarach don fhuinneog fiú. Nó go dtiocfaidh duine éigin go doras chugam. Tá faitíos orm go ndéanfaidh sé trup de chineál ar bith. Tafann, geonaíl nó sceamh. Tá muid gafa. Cad a dhéanfaidh mé? Ní féidir liom é a thabhairt ar ais chuig an ifreann mhallaithe sin. Ní fíor-rogha é sin. Bhí an tarrtháil seo riachtanach. An dtiocfadh liom an teach a dhíol, bogadh go baile eile agus saol úr a thosnú le Cócó? Ach má chuireann sí fios ar na póilíní, an mbeidh siad sa tóir orm ansin chomh maith? Beimid ar ár dteitheadh go deo! Ó bhó — idir dhá thine Bhealtaine atá muid anois. Caidé atá déanta agam? An créatúr bocht. Anois tá sé ag stánadh orm leis na súile móra sin. Nach maith go bhfuil a fhios agam féin go bhfuil praiseach déanta agam? Ach tá a fhios agat fosta go bhfuil an locht ar an dúramán sin, Caroline, nach bhfuil a fhios? Nach ise a bhrúigh mé lena dhéanamh?
Caroline. Caroline. Caroline. Murach ise bheinn anseo go sona liom féin ag ól tae is ag léamh leabhar. Murach ise bheinn fós neamhchiontach os comhair an dlí. Ise is cúis le gach rud. Í féin is a cuid amaidí leanbaí, ag ligean uirthi féin gur páiste daonna an madadh, Cócó. Tá sí chomh bómánta sin gur chreid sí go smior gur éist sé is gur mhothaigh sé is gur thuig sé mar a dhéanfadh duine. Dá dtiocfadh le Cócó labhairt, ní chuirfeadh sé lá iontais uirthi. Och, dá mbeadh caint ag Cócó d’fhéadfadh sé tabhairt amach di. An fhírinne shearbh a mhíniú di gan fiacail a chur ann.
‘A Charoline, a chara. Níl an caidreamh seo ag obair domhsa. Tá brón orm, ach ní thuigeann tú mé…’
Hé — fan bomaite beag amháin. N’fheadar … an oibreodh sin? An bhfuil sí craiceáilte go leor dó sin? Tá sí imithe leis na sióga i gceart, nach bhfuil? An mbainfidh mé triail as litir ó Chócó a chur chuici?! Mhúinfeadh sin ceacht di, nach múinfeadh? Agus ansin beidh sé sábháilte do Chócó pilleadh chuici…
A Charoline, a chara,
Faoin am seo, beidh tú do mo lorg. Sílfidh tú go bhfuil mé caillte, ach níl. An fhírinne lom ná gur fhág mé thú d’aon turas. Tá brón orm má ghortaíonn sé thú sin a chluinstin. Ní raibh mé in ann é a fhulaingt níos faide. Ní maith liom é nuair a ghléasann tú in éadaí mé. Ní maith liom bheith sa phram. Ní maith liom nuair a labhrann tú liom mar bheadh babaí beag ann. Is madadh mé agus tá sé tábhachtach agus ceart go mbíonn meas agat air sin.
Bím brónach nuair nach bhfuil seans agam súgradh le madaí eile sa pháirc. Bím náirithe go bhfuil mé i bpram amhail is gur bábóg mé. Bím faoi strus nuair a chuireann tú éadaí teanna orm. Tá mé ceaptha i ngaiste agat. Ní thig liom cónaí leatsa níos mó agus bheith dílis domh féin ag an am chéanna.
Tá a fhios agam nach bhfuil an dímheas seo d’aon ghnó. Tá do chroí san áit cheart is ní raibh dochar ar intinn agat riamh, tá a fhios agam sin. Déanann tú do mhíle dícheall. B’fhéidir nach bhfuil i gceist ach nach bhfuil a fhios agat caidé mar a mhothaím. Nó go measann tú go mbeidh dúil níos mó agam ionat má dhéanann tú na rudaí seo. Seans nach dtuigeann tú nach bhfuil uaim ach do chomhluadar, in áit áilleagáin, bronntanais agus cóisirí costasacha. Is cuma liom sa tsioc faoina leithéidí. Is leor tusa. Tusa mar dhuine daonna agus cead mo chinn agamsa bheith i mo mhadadh. Madadh ag déanamh rudaí madrúla. Ag ithe bia madrúil. Ag gluaiseacht go madrúil. Agus cuma madaidh orm. Sin é.
A Charoline, sílim go dtiocfadh liom maithiúnas a thabhairt duit, má shíleann tusa go dtiocfadh leat foghlaim faoi mhadaí agus glacadh liomsa mar atá mé.
Is mise le dóchas,
do Chócó.PS léigh an leabhar sin, How to Train Your Puppy, a thug do chomharsa béal dorais duit.
Tá 12 leabhar scríofa ag Máire Zepf, ó leabhair phictiúr do pháistí go húrscéal véarsaíochta do dhéagóirí. In 2020, bhuaigh sí duais Leabhar na Bliana ag Gradaim KPMG/CBI, duais Ghradam Réics Carló ag an Oireachtas agus duais White Ravens. Ceapadh Máire mar an chéad Chomhalta Scríbhneoireachta Páistí do Thuaisceart Éireann (2017-2019). Is Stiúrthóir Ealaíne í ar an chomhlacht ealaíon Quotidian — Word on the Street.
[…] Ceannaigh an leabhar Léigh scéal eile: Cócó […]
2classify
coursework uk https://brainycoursework.com/
help with coursework https://courseworkninja.com/
coursework on a resume https://writingacoursework.com/
coursework writing service uk https://mycourseworkhelp.net/
data analysis coursework https://courseworkdownloads.com/
coursework help https://coursework-expert.com/
coursework project https://teachingcoursework.com/
degree coursework https://buycoursework.org/
coursework sample https://courseworkdomau.com/
christiandatingforfree search https://freewebdating.net/
free dating ads https://jewish-dating-online.net/
free single dating service https://free-dating-sites-free-personals.com/
dates online for money https://sexanddatingonline.com/
best sites online dating https://onlinedatingsurvey.com/
free dating sites women https://onlinedatingsuccessguide.com/
dating for free https://onlinedatinghunks.com/
absolutely free dating site https://datingwebsiteshopper.com/
new online dating sites https://allaboutdatingsites.com/
sexy dating https://freedatinglive.com/
casual dating https://freewebdating.net/
sepornews
Cócó – Bláth na dTulach
кулінарія
Cócó – Bláth na dTulach
Barnsley escort
Cócó – Bláth na dTulach