An Cloigeann
le SEÁN Ó DÚROIS
á léamh ag Niall Mac Eachmharcaigh
Thit a raibh sa teach ina dtost de réir a chéile agus thosaigh an tseanbhean ag labhairt ó na scáileanna. Bhí cochall dorcha ar a ceann agus gúna donn ar a colainn, agus ní raibh ach a haghaidh bhán le feiceáil sa mharbhsholas, mar a bheadh a haghaidh ar foluain leis féin sa duibhe. Bhí guth láidir aici agus labhair sí go soiléir, réidh:
‘Is minic a chuala mé é ráite gurbh é Breogán Ilcheardach an ceardaí ab oilte dá raibh riamh beo sa tír seo. Is mise Damhnait, iníon Bhreogáin, agus chonaic mise le mo shúile cinn féin neart de na rudaí éachtacha, míorúilteacha dar chruthaigh sé i mbarr a réime.
M’athair, Breogán, a dhathaigh an pictiúr d’Íosa taobh thiar den altóir in Ard Mhacha, an tseoid iontach sin a mbíonn oilithrigh ag tarraingt air ina sluaite go fóill. Chuala mé pearsa eaglaise sa teampall sin a rá gur mhinic a chonaic sé oilithrigh ag caoineadh uisce a gcinn agus iad ag stánadh ar aghaidh an tSlánaitheora. Tá sé mar a bheifeá i do sheasamh ar an Via Dolorosa in Iarúsailéim ag amharc ar an Pháis.
Agus an clog a rinne sé do mhainistir Inis Tuirc, deirtear go bhfuil fuaim an chloig sin chomh binn sin go mbíonn ainmhithe allta na foraoise ag teacht amach as a bpoill agus a bpluaiseanna le héisteacht leis, gan smaoineamh ar chontúirt ná ar chreach agus iad faoi dhraíocht ag a bhinneas.
Dá ndéanfadh Breogán éan óir, a deireadh na saoithe, bheadh sé ag eitilt agus ag ceol ar nós éin a bhfuil fuil ina chuislí agus feoil ar a chnámha. Dúirt duine amháin gur athdhéanamh Dhaedalas a bhí ann agus mhaígh duine eile go raibh na scileanna a bhí ag Goibniú agus a bheirt deartháireacha le fáil in aon duine amháin ann i bpearsa m’athar: iarann a theilgeadh, ór buí a mhúnlú agus adhmad agus eabhar agus cnámh a shní agus a ghearradh. Duine cliste, ildánach a bhí ann agus tá bród orm as beagnach gach éacht dá ndearna sé.
Agus an méid sin ráite, b’fhéidir go mbíonn iarracht den bhlaisféim agus den diamhasla ag baint leis an cheardaíocht is fearr agus is oilte dá bhfuil ann i gcónaí, mar a bheadh an duine ag iarraidh aithris a dhéanamh ar éacht an Chruthaitheora féin. Nárbh é Cormac Mac Airt, Rí Éireann, a dhiúltaigh a ghlúin a fheacadh agus lao órga na ndraoithe a adhradh? Agus nár dhúirt sé le duine de na draoithe a bhí ann gur a cheardaí féin a chruthaigh an dia óir, agus nach mbeadh sé lán chomh maith dó an ceardaí sin a adhradh in áit an lámhdhia a chum sé? Deirtear nach mbíonn saoi gan locht ná daoi gan bhua agus níor thaise do m’athair é. Dá mhéad na buanna a bhí aige, ní raibh sé saor ó locht agus an locht ba mhó a bhí airsean ná mórtas agus uabhar, mar a chluinfidh sibh ar ball beag.
Ní raibh mise ach naoi mbliana d’aois nuair a thit na heachtraí atá á ríomh agam anseo amach. Bhí mo mháthair ionúin — beannacht Dé ar a hanam — marbh le dhá bhliain san am sin. I dtús mo shaoil, bhí muid inár gcónaí in aice na farraige, an áit ar rugadh mo mháthair, ach an tráth seo, bhí muid inár gcónaí i gCluain Fíolta i lár na tíre.
Tamall i ndiaidh do mo mháthair bás a fháil, d’iarr mé ar m’athair roinnt dá chuid scileanna a theagasc domhsa ach dúirt seisean nach mbeadh sé ceart ná cóir ceardaíocht an tsaoir a theagasc do ghirseach. Bhí fearg orm ach lig mé orm gur chuma liom.
Is iomaí scéal a insítear faoi na héachtaí a rinne m’athair agus muid inár gcónaí i gCluain Fíolta. Bhí sé mór le file ansin agus rinne sé scian bheag mar bhronntanas dó, seoid a bhí maisithe le liaga lómhara agus le scragall óir. Nuair a bhronn m’athair ar an fhile é, chroith sé a cheann agus iontas ar a aghaidh. An focal a bhí ag na seanGhréagaigh ar fhile ná déantóir, ar seisean. Ach is é fírinne an scéil nach ndéanann mo leithéid ach fuaimeanna a chur le chéile ar dhóigh ghalánta agus imíonn fuaimeanna le gaoth. Dá mbeadh sé ar mo chumas é a dhéanamh, is dán den chineál seo a chumfainn féin, le miotal agus adhmad agus clocha lómhara in áit deilín luaineach focal.
Agus mé ag cuimhneamh ar an lá sin, sílim go raibh an seanfhile giota beag trom ar a cheird féin, ach rith sé liom na blianta ina dhiaidh sin nach mór le duine ar bith na tallanna a thagann go réidh leis agus nach mbíonn ceardaí ar bith, dá fheabhas é, sásta lena chuid iarrachtaí féin.
Tamall i ndiaidh an lae sin, tháinig dream óglach ó áit éigin i dtuaisceart na tíre darbh ainm Dún Luachra. Fear mór feolmhar a bhí i nduine amháin acu, fear garbh aineolach darbh ainm Ualgarg. An fear eile, Nad Froích, bhí aghaidh cineál géar air a thabharfadh luch mhór i do cheann agus bhí gruaig fhada bhealaithe ar crochadh óna bhaithis. An bheirt seo, bhí tairiscint acu do m’athair.
Gheall siad na hoirc is na hairc dó dá dtiocfadh sé lena chuid ceirde a chleachtadh i dtuath Eochaidh ach bhí a fhios agam go maith nárbh é an t-ór a mheall m’athair le glacadh leis an tairiscint, ach an t-iarratas neamhghnách a bhí acu dó. Is dócha gur chuala sibh trácht air. D’iarr siad ar m’athair teacht agus gléas speisialta a dhéanamh a chonaic a dtiarna Eochaidh in aisling, dealbh nó masc a chruthú a bheadh ábalta labhairt ar nós duine.
Dúirt mise leis nach raibh dúil ar bith agam sna teachtairí. Nuair a d’amharc mé ar Ualgarg, ní fhaca mé ach buachaill dalba gan mhúineadh a raibh aithne agam air i gCluain Fíolta, bullaí a bhaineadh sult as daoine eile a chrá. Agus maidir le Nad Froích, dúirt mé le m’athair gan muinín a bheith aige as.
“An bhfaca tú a chuid gruaige?” arsa mise. “Bhí sé cosúil leis an fheamainn a fhásann ar na carraigeacha in aice na farraige.”
Rinne m’athair gáire nuair a chuala sé sin agus d’admhaigh sé go raibh an ceart agam. Dúirt mise leis go raibh an saol go maith againn san áit a raibh muid agus gur chóir dúinn fanacht ansin, ach duine cadránta a bhí ann agus ní fhéadfaí ciall a chur air i ndiaidh dó cinneadh a dhéanamh.
Lá san fhómhar, mar sin, thug mise agus m’athair ár n-aghaidh ar an bhóthar ó thuaidh. Bhí m’athair ar a chapall breá donn, mise ar ghearrán riabhach agus bhí seanchapall láidir linn fosta a raibh earraí agus éadaí agus uirlisí ceirde m’athar i málaí leathair ar a dhroim. Cé go raibh sé fuar, lá breá a bhí ann, agus bhí blaosc an aeir chomh gorm le súil babaí.
Mar is iondúil le taistealaithe, níorbh fhada gur thit muid isteach le taistealaithe eile a bhí ag dul go hArd Mhacha.
Ar an dara lá ar an bhóthar dúinn, thosaigh duine de na taistealaithe eile, seanduine, a labhairt le m’athair agus nuair a thuig sé cé a bhí ann agus an fáth a raibh muid ag dul ó thuaidh, chroith sé a cheann go mífhoighdeach.
“Dá mba mise thusa, a dhuine, is ar ais go Cluain Fíolta a rachainn. Sin nó ar aghaidh go hArd Mhacha. Is cinnte go bhfaighfeá go leor oibre ansin agus luach do chuid saothair fosta. Ach maidir leis an bhoc sin Eochaidh, is as a mheabhair atá sé. Duine brúidiúil, droch-chroíoch.”
Ach mar a dúirt mé, níor ghlac m’athair aon cheann dá dhea-chomhairlí. Ba é a aisling féin an t-aon réalta eolais a bhí aige agus rinne sé neamhiontas de rud ar bith nach raibh ag teacht leis an aisling sin. Sin an fáth a raibh sé chomh maith sin mar cheardaí, is dócha.
Ar aghaidh linn, mar sin, trí na coillte dlútha. Bhí eagla orm cuid den am, nuair a chluininn uaill na mac tíre i gcéin nó nuair a bhíodh daoine eile ar an bhóthar romhainn. Ach níor tharla a dhath agus i ndiaidh roinnt laethanta, tharla dúinn ag gabhal sa bhóthar. Bhí an bóthar go hArd Mhacha ar thaobh na láimhe deise agus an bóthar go Dún Luachra ar thaobh na láimhe clé. Rinne an seanduine iarracht amháin eile m’athair a thabhairt chun céille ach obair in aisce a bhí ann.
Thiocfadh linn deatach a fheiceáil ó thine i ndúnfort Eochaidh roinnt mílte ar shiúl agus lean muid linn ar an bhóthar i dtreo an cholúin deataigh. Nuair a tháinig muid cóngarach go leor don dúnfort, chuala muid stoc á shéideadh agus ansin, tháinig beirt mharcach amach as an gheata. Ba é Ualgarg duine amháin acu ach níor aithin mé an duine eile.
Chuir Ualgarg agus an fear eile fáilte romhainn agus threoraigh siad muid chuig áit fhoscailte i lár an dúnfoirt. Bhí fear ina shuí ann. Bhí gruaig chatach dhubh air agus bhí rud éigin searbh, cruálach faoin dreach a bhí ar a aghaidh. Chuir sé i gcuimhne domh na scéalta a chuala mé faoi Iorua agus Píoláit, daoine eile nár chás leo ach a gcumhacht féin.
Labhair sé roinnt focal le m’athair. Bhí dhá mhí aige leis an aisling a chur i gcrích agus an cloigeann a thógáil. Níor thug sé aird ar bith ormsa agus den chéad uair riamh, bhí mé sásta a bheith iomlán dofheicthe.
Thug Ualgarg muid chuig imeall an dúnfoirt ansin, mar a raibh seancheardcha i lár na gcrann. Bhí sé foirfe.
“Cá bhfuil do chara?” arsa m’athair leis, ar nós na réidhe. “Nad Froígh?”
Rinne Ualgarg gáire.
“Eisean? Níorbh aon chara domhsa é. Dúirt tú go mbeadh dhá chloigeann de dhíth ort. Nach bhfuil an ceart agam?”
Chlaon m’athair a cheann.
“Ceann amháin agus an fheoil go fóill air agus ceann eile gan ann ach na cnámha loma.”
“Ní dóigh liom go mbeidh sé ródheacair sin a fháil duit san áit seo,” arsa Ualgarg.
Bhí rud éigin uafásach faoin straois gháire ar a bhéal agus é á rá.
Tháinig sé ar ais tamall ina dhiaidh sin agus an dá chloigeann leis. Ceann amháin acu, ní raibh ann ach na cnámha ach an ceann eile, chuir sé idir uafás agus déistin orm nuair a chonaic mé é. Bhí fuil thart ar na fiacla agus bhí na súile leathdhruidte ach san am chéanna, níor dheacair é a aithint. Bhí an ghruaig fhada bhealaithe níos cosúla le feamainn ná riamh.
“Go raibh rath ar an obair,” arsa Ualgarg. “Mura dtig leat é a dhéanamh mar is ceart, beidh tusa agus d’iníon chomh marbh le … mo chara.”
Agus leis sin, rinne sé meangadh gáire agus d’imigh sé.
B’fhéidir gur thuig m’athair go raibh drochrogha déanta aige ansin ach fear mór oibre a bhí ann, agus a luaithe agus a fuair sé na cloigne, thosaigh sé ar an obair. Ba ghnách liom sult a bhaint as bheith ag amharc ar m’athair i mbun a chuid oibre ach sa chás seo, bhí eagla orm roimh chloigeann fhear na gruaige fada. Ach ba mhó i bhfad an scanradh a bhí orm roimh an uafás a chruthaigh sé sna míonna sin.
Bhí sé de nós agamsa cuid mhór ama a chaitheamh taobh amuigh, ar shiúl ó m’athair agus na cloigne. Agus mé ag reáchtáil thart in aice le ceardcha m’athar agus teach Eochaidh, thug mé faoi deara cé chomh difriúil is a bhí an áit ghránna sin le háit ar bith eile dá raibh mé riamh ann. Bhí rud éigin fuar, crua faoi Dhún Luachra. Ní raibh focal molta ná focal grá le cluinstin áit ar bith. Ní raibh gáire le cluinstin gan cleas cruálach roimhe. Bhíodh na máithreacha mífhoighdeach brúidiúil lena mbabaithe féin, agus fiú na madaí, bhí siad seachantach, mar a bheadh siad níos cleachta le ciceanna ná le cuimiltí. Chuimhnigh mé ar rud amháin a dúirt an seanduine ar an bhealach ó thuaidh. Bíonn siad ar nós iasc, na ríochtaí. Is ón cheann anuas a bhíonn siad ag lobhadh.
Cé nár thuig mise cad é a bhí ar bun ag m’athair ag an tús, chaith seisean an chéad seachtain i nDún Luachra ag iarraidh staidéar a dhéanamh ar theanga agus scornach agus liopaí an chloiginn fheolmhair. Scrúdaigh sé an dóigh a mbogann na liopaí le fuaimeanna mar b nó m a dhéanamh. Rinne sé staidéar ar ghluaiseacht na teanga sa charball, ar na matáin a thógann na liopaí ar shiúl ó na fiacla. Agus nuair a shíl sé go raibh tuiscint cheart aige ar an dóigh a ndéantar urlabhra, thosaigh sé ar an chloigeann shaorga a thógáil.
Thóg sé muileann beag gaoithe ar an díon le cumhacht agus aer a chur ar fáil. D’oibrigh an muileann beag seo bolga a shéideadh aer isteach trí phíobán. Ansin, thosaigh sé ar theanga a dhéanamh, teanga a lúbfadh agus a chasfadh ar nós theanga an duine. Bhí líon sreang ceangailte de chodanna na teanga saorga seo agus bhí na sreanga ceangailte de chraobhacha na gcrann taobh thiar den cheardcha. Nuair a bhíodh gaoth bhreá ag séideadh, bhíodh na sreanga seo ag tarraingt na teanga anonn agus anall agus gach treo eile, ionas go mbíodh sí ag snaidhmeadh agus ag síorbhogadh. Ach níor thuig mé máistreacht m’athar ar a cheird mar is ceart go bhfaca mé an dóigh ar chruthaigh sé na liopaí as olla agus leathar. Cheangail sé iadsan ar an dóigh chéanna le sreanga a bhí ceangailte de chraobhacha amuigh agus de réir mar a bhogfadh an ghaoth na craobhacha, bhíodh na liopaí agus an teanga ag múnlú an aeir a bhí á bhrú isteach ag na bolga.
“Cad é do mheas ar an chloigeann?” ar seisean liom, nuair a bhí an chéim seo den obair curtha i gcrích aige.
“Tá sé go maith,” arsa mise. “Ach tá rud éigin ar iarraidh.”
“Nach tú atá cliste? Tá, cinnte,” ar seisean. “An difear idir b agus p, nó t agus d. Déantar an fhuaim sin anseo, sa sceadamán. Sin an chéad rud eile.”
Bhí eagla orm a rá leis go raibh mé ag labhairt ar chiall agus ar anam. Iad sin a bhí ar iarraidh, dar liom, ní téada an ghutha.
Trí seachtaine a bhí m’athair ag obair ar théada an ghutha a chruthú. Bhain sé triail as a lán ábhar agus sa deireadh, shocraigh sé ar sheanphár a ghearradh ina stiallacha agus a bhealú le blonag. Nuair a bhí sé críochnaithe, bhí sé dochreidte an difear a rinne sé. Bhí aghaidh leathair cruthaithe aige thart timpeall ar an bhlaosc agus bhí súile déanta aige as cnámh agus éabann. Bhí sé cosúil le duine ansin ach ní raibh mé cinnte a thuilleadh nach raibh anam ann. Má bhí, bhí mé cinnte gur drochsprid éigin a bhí i ndiaidh cur faoi sa ghléas sin. Chuir sé cradhscal orm. Ach gan amhras, bhí sé cosúil le duine ag labhairt.
Bhí an obair le bheith curtha i gcrích an lá dár gcionn agus bhí faoiseamh orm go raibh rud éigin chomh hiontach cruthaithe ag m’athair.
Ach an oíche sin féin, tháinig soineann. D’éirigh an ghaoth chomh lag sin nach mbogfadh sé ribe ar ruball capaill, agus de réir a chéile, thit an cloigeann ina thost. Ní raibh gíog as. Is ar éigean a bhog na beola gránna sin.
Bhí m’athair croíbhriste. D’aithin sé gur mar gheall ar a mhórtas féin a tharla an bheirt againn san fhaopach, agus bhí sé cinnte go raibh an lá deiridh ar na saolta seo ag druidim leis an bheirt againn.
“Mura n-éiríonn liom amárach,” ar seisean liom go ciúin, “mura bhfuil Eochaidh sásta lena bhfuil déanta agam anseo, beidh deireadh linn. Tá súil agam nach mbeidh an toradh chomh holc lena thuar, ach má—”
Tháinig tocht air agus ar feadh nóiméid, ní raibh sé in ann labhairt.
“Bíodh a fhios agat go bhfuil grá agam duit agus go ngoilleann sé orm gur theip mé ort. Nach raibh mé maith go leor—”
Ní raibh gus ar bith fágtha ann. Ní fhaca mé m’athair i mbun a chuid paidreacha riamh. Ach an oíche sin, chuala mé é ag paidreoireacht gan stad agus an cloigeann gránna sa tseomra ag cogarnaíl go híseal i rith an ama, mar a bheadh sé ag iarraidh na paidreacha sin a chealú agus a chur ó mhaith.
D’fhan mé gan chodladh leathchuid den oíche agus mé ag machnamh ar an dóigh a mbeadh sé an t-iarann fuar a mhothú ag gearradh trí mo scornach. Bhí mé scanraithe. Is iontach an rud é gur thit mé thart ach sa deireadh, dhruid mo shúile. Thit mé a chodladh agus monamar séimh na bpaidreacha ar bhéal m’athar. Bhí deora goirte ag glioscarnach ar a ghrua faoi sholas na tine. Sílim gur mhúscail mé am éigin ar feadh nóiméid, agus gur chuala mé m’athair ag rá liom, “Má thagann muid slán, teagascfaidh mé scileanna mo cheirde duit.”Ach nuair a chuimhnigh mé air an lá dár gcionn, shíl mé nach raibh ann ach brionglóid.
Nuair a mhúscail mé i dtrátha na camhaoire, chuala mé clagarnach na fearthainne ar an chlós agus siosarnach an duilliúir i mbilí ársa an doire amuigh, chomh maith le fuaim eile, fuaim aisteach aduain. Bhí an muileann ag obair go dian, bhí na bolga ag obair ar theann a ndíchill, agus iad ag brú an aeir trí scornach agus theanga an chloiginn.
Bhí an fhuaim chomh hard sin gur tháinig giollaí Eochaidh agus d’fhan siad ag éisteacht cóngarach do bhéal an dorais. Níorbh fhada gur nocht Ualgarg agus Eochaidh ina chuideachta fosta.
Bhí droch-chuma ar an tiarna. Bhí a aghaidh chomh bán le cailc agus bhí fáinní dorcha faoina shúile. Ach na súile céanna, bhí siad ag glioscarnach le rud éigin cosúil le saint. Shiúil sé isteach sa cheardcha, an áit a raibh m’athair. Shleamhnaigh mise isteach ina dhiaidh. Bhí eagla mo chraicinn orm ach bhí mé ag iarraidh fáil amach cad é a tharlódh.
Ach a luaithe agus a chonaic sé an cloigeann agus é ag rámhaille agus ag screadach agus ag geabaireacht leis, tháinig straois ar a bhéal agus chlaon sé a cheann go sásta. Bhí a shúile leata le hiontas. “Cad é?”ar seisean, agus chlaon sé a cheann, ag éisteacht go cúramach leis an raiméis a bhí ag teacht ón bhéal leathair. “Tuigim agus ní thuigim … Nach mór an t-iontas é? Tá éacht déanta agat, a cheardaí.”
“Go raibh maith agat, a Shoilse. Tá mé ag déanamh go bhfuil tú sásta, mar sin.”
“Tá. Gan amhras, is míorúilt é seo. Míle bliain ó inniu, beidh an scéal seo go fóill i mbéal an phobail.”
D’fhan sé faoi dhraíocht, ag éisteacht le rámhaille uafásach an chloiginn. Agus an tráthnóna sin, ligeadh do m’athair a chuid trealaimh a bhailiú le chéile, tugadh mála óir dó, agus d’imigh an bheirt againn i gcuideachta an bhullaí agus roinnt saighdiúirí. Bhí neirbhís ar m’athair agus muid ar an bhealach. Dúirt sé liom nuair a bhí mé mór go raibh eagla air go ndéanfadh siad feall orainn ach ba léir go raibh siad cleachta le horduithe a máistir a chomh-líonadh gan cheist.
“An bealach sin go hArd Mhacha, agus an bealach sin go Cluain Fíolta, ar ndóigh,” arsa Ualgarg. “An bhfuil caint ag an uafás sin, go fíor? An teanga cheart atá ann?”
“Shílfeá sin agus tú ag éisteacht leis. Ach ní fíortheanga atá ann.”
“Creideann mo mháistir gur teanga atá ann agus go bhfaighidh seisean comhairle a leasa uaidh. Tá dul amú air, mar sin?”
Chlaon m’athair a cheann.
“Á bhal, níl a fhios agam cad é an chomhairle a gheobhaidh sé ón uafás sin, ach ní dóigh liom go mbeidh aon dea-thoradh air dúinne.” D’amharc sé ormsa. “Nuair a bhaineann tú Ard Mhacha amach, abair paidir ar son m’anama, a chroí. Beidh sé de dhíth orm.”
Bhain sé smeach as a theanga agus d’imigh siad leo.
Chuaigh mise agus m’athair go hArd Mhacha agus d’fhan muid ansin roinnt blianta. Sa chéad chúpla mí ansin, rinne m’athair an pictiúr de Chríost atá ar chúl na haltóra san ardeaglais. Is minic a shíl mé gur d’aon turas a rinne sé rud éigin mar sin, rud éigin a spreagfadh gach duine dá bhfaca é le haithreachas a dhéanamh agus le dea-ghníomhartha a dhéanamh. Sílim go raibh sé ag déanamh cúitimh as an chloigeann, as an uafás a chruthaigh sé mar gheall ar a chuid mórtais.
Ach sula raibh an pictiúr sin críochnaithe aige, tháinig scéal go hArd Mhacha faoi bhás Eochaidh. De réir an tseanchais a chuala muid ina dhiaidh, chaith Eochaidh corradh le seachtain ina shuí in aice an chloiginn, ag éisteacht lena chuid rámhaille. Níor ith sé agus níor chodail sé néal an t-am sin ar fad. Bhí ráfla ann gur chaill sé a chiall ar fad ach bhí a oiread sin eagla ar gach duine roimhe nár thug duine ar bith a dhúshlán. Sa deireadh, tháinig sé amach as an cheardcha a raibh an cloigeann ann agus scairt sé ar a chuid fear. Labhair an cloigeann leis, ar seisean, agus d’inis dó go raibh Cenél Urtraighe lag, réidh lena threascairt. Ní raibh le déanamh acu ach ionsaí tobann a dhéanamh agus bheadh a raibh de chreach sa ríocht eile ina seilbh.
Rinne siad ionsaí ar Chenél Urtraighe an lá dár gcionn. Bhí a fhios ag a chuid fear nach raibh sé ag dul a bheith chomh furasta agus a shíl a máistir ach níor shamhlaigh siad riamh cé chomh deacair agus a bheadh sé. Bhí clú agus cáil ar thiarna Chenél Urtraighe as a chríonnacht agus a chaolchúis. D’aithin seisean an chontúirt ó Eochaidh agus a chuid uaillmhianta agus bhí sé ullmhaithe go maith lena theorainneacha féin a chosaint. Deargár a bhí ann. Cé go raibh cuid d’óglaigh Eochaidh dílis dó go fóill, agus cé gur sheas siadsan an fód go cróga lena chosaint, bhí cuid mhór acu a bhí bréan dá máistir agus d’imigh siadsan go gasta a luaithe agus a chonaic siad a ghéire a bheadh an troid acu. Thit an bullaí sa ghleo ansin agus cuireadh a chloigeann ar spíce ar an bhealach mhór.
D’éirigh le hEochaidh imeacht ó pháirc an chatha agus d’fhill sé ar Dhún Luachra. Bhí a raibh de sheirbhísigh san áit imithe. Chuaigh Eochaidh chuig an cheardcha. Nuair a tháinig na hóglaigh ó Chenél Urtraighe, chonaic siad Eochaidh ag argóint leis an chloigeann. Dúirt na fir sin go raibh sé mar a bheadh seisean ag labhairt agus an cloigeann ag freagairt, mar a bheadh comhrá ceart ag dul ar aghaidh. Bhí Eochaidh ar buile leis an chloigeann. Dúirt sé go raibh feall déanta aige air, gur imir sé cleas air. Shiúil tiarna Chenél Urtraighe a fhad le hEochaidh agus bhain sé an cloigeann de le haon bhuille amháin den chlaíomh. Bhí eagla ar a chuid fear roimh an chloigeann ach is minic a bhíonn críonnacht agus crógacht le fáil le chéile san aon chroí amháin. Shiúil sé a fhad leis an chloigeann agus rinne sé smidiríní de.
Ní dhearna m’athair iarracht rud ar bith mar sin a dhéanamh arís. Mhair mise agus eisean na blianta fada in Ard Mhacha. Le linn domh bheith ag teacht in aois ansin, d’fhoghlaim mé gach scil agus cleas dá raibh le teagasc ag m’athair. Mise a rinne cuid de na gléasanna ceoil is tábhachtaí agus is luachmhaire sa tír seo. Anois, tá cuid mhór cainte ag an chloigeann seo sa chúinne, nach bhfuil? Barraíocht, b’fhéidir! B’fhéidir, lá éigin amach anseo, go dtiocfaidh ceardaí a sháróidh iarrachtaí m’athar agus a dhéanfaidh cloigeann a mbeidh caint cheart, intuigthe aige. B’fhéidir go mbeidh cloigeann dá leithéid i ngach teach, ina shuí sa chúinne, ag bronnadh dea-chomhairle agus cuideachta den scoth agus scéalaíocht oilte ar lucht an tí. Cá bhfios cén sórt míorúiltí a bheas ann san am atá le teacht, i ndiaidh domhsa gach duine eile sa scéal seo a leanúint ar shlí na fírinne.’
Rugadh Seán Ó Dúrois i ndeisceart Shasana sa bhliain 1960. Chaith sé tréimhse sa tSeapáin agus d’aistrigh sé roinnt gearrscéalta le hAkutagawa Ryūnosuke go Gaeilge. Tá roinnt duaiseanna liteartha bainte aige as a chuid scríbhneoireachta, go háirithe as na scéinséirí stairiúla, Crann Smola (2001) agus Rí na gCearrbhach (2003), agus as na húrscéalta agus dánta a chum sé do pháistí. Is aistritheoir gairmiúil é. Tá cónaí air i mBéal Feirste.
[…] Ceannaigh an leabhar Léigh scéal eile: An Cloigeann […]
G2G1XBET
An Cloigeann – Bláth na dTulach
4betslot.com
An Cloigeann – Bláth na dTulach
Sloteasy168
An Cloigeann – Bláth na dTulach
betflix เว็บตรง
An Cloigeann – Bláth na dTulach
สล็อตจิลี
An Cloigeann – Bláth na dTulach
บาคาร่าออนไลน์
An Cloigeann – Bláth na dTulach
1proceeding
เว็บตรงไม่ผ่านเอเย่นต์
An Cloigeann – Bláth na dTulach
https://courseworkninja.com/
coursework writing help https://writingacoursework.com/
design and technology gcse coursework https://mycourseworkhelp.net/
coursework paper https://courseworkinfotest.com/
data analysis coursework https://coursework-expert.com/
coursework service https://teachingcoursework.com/
custom coursework writing https://buycoursework.org/
coursework masters https://courseworkdomau.com/
เว็บตรงสล็อต pg
An Cloigeann – Bláth na dTulach
single date online https://freewebdating.net/
totally free dating sites near nelson https://jewish-dating-online.net/
internet dating site https://jewish-dating-online.net/
best sites for online dating https://free-dating-sites-free-personals.com/
tinder gratis https://sexanddatingonline.com/
best adult site https://onlinedatingsurvey.com/
casual dating https://onlinedatingsuccessguide.com/
ourtime login uk https://onlinedatinghunks.com/
free dating sites for men https://datingwebsiteshopper.com/
single date online https://allaboutdatingsites.com/
best dating site online https://freedatinglive.com/
sites adult https://freewebdating.net/
slot me Bet
An Cloigeann – Bláth na dTulach
สล็อตทุกค่าย
An Cloigeann – Bláth na dTulach
สมัครสล็อต เครดิตฟรี
An Cloigeann – Bláth na dTulach
ทดลองรูเร็ต
An Cloigeann – Bláth na dTulach
ไฮโลออนไลน์
An Cloigeann – Bláth na dTulach
G2GBK8
An Cloigeann – Bláth na dTulach
เว็บตรง ฝากถอนออโต้
An Cloigeann – Bláth na dTulach
เว็บสล็อตPGไม่ผ่านเอเย่นต์
An Cloigeann – Bláth na dTulach
PG SLOT เว็บตรง
An Cloigeann – Bláth na dTulach
guystock.com
An Cloigeann – Bláth na dTulach
PG เว็บตรง
An Cloigeann – Bláth na dTulach
Rotherham Escorts and Massage services
An Cloigeann – Bláth na dTulach
Escort Agency Rotherham
An Cloigeann – Bláth na dTulach
escort Rotherham
An Cloigeann – Bláth na dTulach