Banríon an Dóchais
le SEÁN Ó MUIREAGÁIN
á léamh ag
Dónall Mac Giolla Chóill
Nuair a chéad chonaic Liam Albert, chonaic sé é ag labhairt le bean de na cúramaithe san ionad. Shíl sé láithreach gur amadán uaibhreach a bhí ann agus go raibh éirí in airde thar na bearta ann. Shíl sé go raibh Albert ag suirí leis an bhean óg seo. Bhí a chlaonadh aige anois agus rinne sé a dhícheall Albert a sheachaint. Rud a mhair, bhuel, chóir a bheith mí iomlán.
Ba dheacair a chreidbheáil go n-éireodh an bheirt seo chomh mór le chéile le dhá cheann capaill, ach taobh istigh de mhí bhí an bheirt ag éirí fá dheifir le bualadh lena chéile achan mhaidin.
‘Gheobhaidh mé cupa tae duit, a Liam, ó tharla in áit na garaíochta mé!’
‘Tá tú ródheas, a chomrádaí, agus nach cinnte go raibh tú ag fanacht ar feadh do shaoil leis an abairt sin a úsáid,’ arsa Liam.
Bhí an bheirt acu ag suí le chéile achan lá le breis agus deich mí anois. Ag caint is ag comhrá, ag gáire agus ag spochadh as a chéile; Liam ag spochadh as Albert den chuid is mó.
‘Nár fhág tú iarthar na cathrach ariamh, a Liam?’ a d’fhiafraigh Albert an mhaidin fhuar gheimhriúil seo agus an bheirt ina suí ag amharc amach ar an fhuinneog ar fhéar mhaolghearrtha an gharraí.
‘Chaith mé seal beag thall i Londain sna seachtóidí.’
Níor thóg Liam a shúile ón radharc os a chomhair amach an fhuinneog.
‘Seal beag?’
Bhí Albert ag iarraidh comhrá a thoiseacht.
‘Sé mhí.’
‘Agus?’
‘Agus tháinig mé ’na bhaile arís.’
‘Shuigh tú thall i Londain gan dadaí a dhéanamh ar feadh sé mí agus phill tú arís. Sin é? An bhfuil tú ceart go leor, a óglaigh?’
Bhí Albert i ndiaidh an leasainm áirithe sin a ghoid ó Liam, focal a thaitin go mór leis ina nuaíocht.
‘Cad é atá ag cur caite ort ar maidin?’
‘Bhí Londain go holc, a Al, samhnasach ar fad!’ Bhí dreach Liam an-dáiríre, dreach nach bhfaca Albert ariamh.
‘Gabh mo leithscéal, a Liam, ní raibh mé ag iarraidh…’
Phléasc an gáire ar Liam.
‘Fuair mé thú an t-am sin, a Al.’
Níor fhreagair Albert ariamh don ghiorrúchán Al, go dtí an lá sin a dúirt Liam leis go raibh Albert i bhfad ró-sheanaimseartha. Thug achan duine eile Albert air go fóill.
‘Ní hea leoga, a Al. Bhí Londain ar fheabhas. Bhí an-chraic go deo agam. Ní raibh mé ach sé bliana déag agus leis an fhírinne a rá, ní raibh ann ach leithscéal éalú ó theach mo thuismitheoirí.’
‘Scaoil amach é, mar sin de, abair liom cad é a bhí ag gabháil agat thall i Londain.’
‘Bhí an mí-ádh ag rith liom sa bhaile. Fadhbanna teaghlaigh. Rinne mé cinneadh éalú. D’fhág mé Béal Feirste gan ach caoga cúig punt liom i mo phóca. Bhí cúpla col ceathrar agam thall ansin cheana féin agus le tamall roimhe sin bhí siad ag iarraidh orm a ghabháil anonn chucu. Bhí lóistín faighte acusan cheana féin, ach dúirt siad liom mo lóistín féin a aimsiú ar an chéad gabháil síos. Rud a rinne mé. D’íoc mé caoga punt as mo chaoga cúig punt ar an lóistín. Fuair mé admháil, mar a dúirt mo chol ceathracha liom a dhéanamh, le tabhairt chuig an oifig dífhostaíochta. Rinne mé éileamh ar an dole an mhaidin ina dhiaidh agus thug mé an admháil dóibh le go n-íocfadh siadsan as an lóistín. Ach dúirt mo chol cheathracha liom seic eisithe don éilitheoir a iarraidh, a rá le lucht an dole go raibh mé neirbhíseach de dheasca gadaíochta san áit.
‘D’fhan mé sa lóistín sin an chéad seachtain ar eagla go dtiocfadh duine ón dole amach. Níor tháinig, ar ndóighe. Agus nuair a shínigh mé ar an dole arís an tseachtain ina dhiaidh sin, tugadh mo chéad seic domh, i mo láimh bheag féin. Bhí liom!’
Bhí Albert fríd a chéile. ‘Ní thuigim?’
‘Tugadh luach lóistín domh isteach leis an dole! Eisiúint phearsanta, seachtó dó punt!’
‘Sea, tuigim sin. Ach cad chuige a raibh leat?’ a d’fhiafraigh Albert.
‘Ní thuigeann tú, a Al. Rud mór a bhí ann. Níor shaothraigh duine ar bith i mo theaghlach seachtó dó punt sa tseachtain ariamh roimhe, ar feadh m’eolais.’
‘Ach bhí ort caoga punt a íoc leis an lóistín. Ní raibh agat go fírinneach ach fiche dó punt.’
‘Smaointigh air, a Al. Bhog mé amach as an teach sin i ndiaidh an chéad seachtain agus isteach le mo bheirt chol ceathracha. Bhí siadsan ag roinnt tí le naonúr Éireannach eile. Ní raibh le híoc againn ach deich bpunt an duine. D’fhág sin go raibh seasca dó punt i mo phóca agam achan tseachtain. Níos mó ná a thuill m’athair ariamh.’
Ní raibh Albert róchinnte go fóill. ‘Bhí dháréag agaibh sa teach?’
Mhaolaigh Liam a dhíograis arís. ‘Bhuel, nuair a deirim teach, is é atá i gceist agam ná … seomra.’
‘Seomra?’
Má bhí Albert in amhras roimhe, bhí an dá oiread amhrais air anois.
‘Ach ba chuma,’ a dhearbhaigh Liam, ‘bhí leath acu ag obair ar feadh an lae agus nuair a d’fhág siad an teach go luath ar maidin, fuair mise leaba ansin.’
Bhí Albert ag déanamh a dhícheall gan gáire a dhéanamh. ‘Níor chraic ar bith iontach é sin, a Liam. Déarfainn féin gur a mhalairt de rud a bhí ann.’
‘Craic, a Al. Tógadh thusa i dteach breá ar imeall na cathrach seo, gan díth ar bith ort ariamh. Ach bhí mise i mo luí ar urlár i Londain ag sé bliana déag d’aois agus seasca dó punt i mo phóca agam.’
Chroith Albert a cheann. ‘Tchím. Agus tá an ceart agat, a Liam. Ní aithneoinn sin mar chraic. Gan a ghabháil ar chúl scéithe leis, shílfinn féin go raibh sé go hainnis ar fad.’
D’amharc Liam air go truacánta. ‘Nach raibh craic ar bith i do shaol agat, a Al?’
‘Chan mar sin, a Liam.’ D’ardaigh Albert a ghlór rud beag. ‘Bhí teach samhraidh againne i dTír Chonaill agus chuaigh muid ann achan bhliain. Bheinn bréagach dá n-abróinn nár bhain mé sult as. Bhain. Bhí leaba an duine againn, dála an scéil.’ Bhí miongháire ar a bhéal anois, ach d’imigh sin go gasta. ‘Fiú nuair a bhí mé ar an ollscoil, d’fhan mé sa bhaile le mo thuismitheoirí. Níor fhág mé an teach sin go dtí gur phós mé. Bhí mé seacht mbliana is fiche. Agus ansin d’fhan muid le tuismitheoirí Áine ar feadh trí bliana, go bhfuair mise post mar chuntasóir agus go leor airgid bailithe againn le héarlais a chur ar ár dteach féin. Bliain ina dhiaidh sin, bhí leanbh againn agus bliain ina dhiaidh sin, bhí leanbh eile againn.’
Stop Liam é.
‘Foc mí, man, char dhadaí beagán. Tá tú do mo mharú le do scéal tragóideach suarach nár tharlaigh faic na fríde ann. Bhí níos mó de shaol caite agamsa sna sé mhí sin i Londain ná mar a bhí agatsa ar feadh do shaoil.’
Má bhí na focail searbh, bhí aoibh ar bhéal Liam.
‘Sin an fáth a bhfuil dúil agam sna scéalta seo atá agat. Abair liom, cad é eile a tharlaigh?’
‘An rud a bhí ann,’ arsa Liam agus é a shocrú féin le scéal a inse, ‘ná gur chaith muid an t-airgead uilig ag an deireadh seachtaine. D’ól muid ár sáith, agus níos mó. Fuair muid an dole maidin Déardaoin. Ní raibh ach fiche slat idir sinn agus oifig an phoist. Bhris muid na seiceanna agus d’ith muid bricfeasta ollmhór i gcaifé beag a bhí díreach béal dorais le hoifig an phoist.’
Bhí cluas ghéar anois ar Albert agus Liam i mbun a chuid scéalaíochta. Shuigh sé gan smid as a bhéal ná gan corradh sa chathaoir.
‘Cá bith, leaindeáil muid uilig isteach sa bheár in Shepherd’s Bush, seisear againn. Seo an beár ab ansa linn. Bhí struipear ann achan tráthnóna. An bhfaca tú struipear ariamh, a Al?’
Chroith Albert a cheann.
‘Bhí na táinte piontaí ag gabháil,’ arsa Liam ag leanstan don scéal, ‘agus níor stop muid go deireadh na hoíche. Dá bhfeicfeá an crot a bhí orainn, ag caitheamh amach achan áit ar ár mbealach ’na bhaile. Mo náire anois é, ach bhí mise ábalta ocht bpionta a ól san am úd, gan mé ach sé bliana déag. Ní thiocfadh liom cúig phionta a ól anois … ara, an fhírinne ghlan, ní thiocfadh liom trí phionta a ól anois.’
Bhris Albert isteach arís. ‘Léim tú ó thús na hoíche go deireadh na hoíche. Cad é fán chuid eile, cad é fán…?’
‘An struipear?’ Phléasc Liam amach ag gáire. ‘Fuair mé arís thú, a sheanbhodaigh cháidhigh.’
Shuigh Albert siar ina chathaoir agus cotadh air arís.
‘Tóg do chroí, a Al. Ní raibh sé i gceist agam tú a náiriú. Níl ann ach píosa craic. Bhuel, tháinig an struipear amach thart ar a trí a chlog. Bhí muidne uilig ar meisce fán am seo, mé féin ach go háirithe. Bean í a bhí go mall sna tríochaidí, déarfainn. Anois, creid é nó ná creid, ach ba é seo an chéad uair ariamh a chonaic mise bean ag an aois sin i mbeagán éadaí, nó ag aois ar bith eile, leis an fhírinne a dhéanamh.’
Bhris Albert isteach arís. ‘Nach raibh náire uirthi?’
‘Cad é? Cad chuige a mbeadh náire uirthise?’
‘Bhuel, sibhse uilig ag stánadh uirthi mar sin agus ag screadaigh agus ag béicigh, tá mé ag déanamh. Bhí sé suarach agus, bhuel, gan dínit!’
‘Ormsa a bhí an náire. Agus ba léir d’achan duine é! Thoisigh achan duine acu ag magadh fúm, agus nuair a thuig an bhean an rud a bhí ag gabháil ar aghaidh, thoisigh sise ag glacadh páirt sa chraic.’
‘Cad é a dúirt sí?’
‘Níor dhúirt sí a dhath. Tháinig sí chugam gan folach a cuid náire ná náire féin uirthi gur tharraing sí isteach chuici mé. Beag nár léim mé den chathaoir le heagla agus le háibhéil. Achan uile dhuine sa bheár sin, bhuel, chuaigh siadsan in arraingeacha a gháire.’
‘Cad é a rinne tusa?’ Bhí Albert ar bís anois.
‘Rith mé amach as an bheár. Agus ní tháinig mé ar ais go raibh an bhean sin ar shiúl. Damnú, an magadh a rinneadh orm an lá sin. Bhí achan duine sa bheár ag spochadh asam gan trua ná trócaire. Daoine nach raibh inár gcuideachta; foireann an bheáir fiú. Tá daoine iontach cruálach. Ara, ní raibh mé ach sé bliana déag d’aois. Bhí orm an spochadh sin a fhulaingt go dtí gur imigh mé ar ais ’na bhaile go Béal Feirste, agus fiú ansin, bhí an scéal cluinte ag daoine.’
Bhí Albert ag briseadh a chroí ag gáire. ‘Maise, is binn liom do scéalta, a Liam. Inis ceann eile domh, le do thoil.’
‘Chan insím. Seal s’agatsa atá ann. Ní hann do nochtadh peacaí gan chúiteamh! Scaoil mise rún leatsa, anois is do shealsa é. Inis domh fá eachtra mhór i do shaol féin, a Al. Goitse, caithfidh sé gur tharlaigh rud inteacht iontach nó aisteach i do shaol?’
Go tobann, stop Albert a gháire. Shuigh sé tamall beag ag croitheadh a chinn mar chomhartha séanta. Nuair a labhair sé fá dheireadh, bhí a ghlór íslithe go maith.
‘Ní raibh eachtra ar bith mar sin agam ariamh, a Liam.’
Níor shásaigh an freagra sin Liam agus thóg sé an cheist arís. ‘A Al, a óglaigh. Tá tusa a rá liomsa nach raibh rud ar bith ariamh i do shaol féin a náirigh thú, nó a chuir aiféala ort. Rud ar bith? Ariamh?’
Bhí an chuma ar Albert go raibh sé ag machnamh go domhain. Ansin, dúirt sé i nglór níos ísle arís:
‘Bhuel, agus níor admhaigh mé seo ariamh le duine ar bith, a Liam, ach bhí fadhb fhliuchta leapa agam go dtí go raibh mé seacht mbliana d’aois.’
Tháinig an nochtadh sin aniar aduaidh ar Liam agus bhí dreach an díchreidimh ar a aghaidh. ‘Sin an rud is measa atá agat domh? Sin é? Sin an rud is measa a tharlaigh duit ariamh? An rud beag bídeach sin. In ainm Chroim, a Al. Nuair a bhí mise ag fás aníos, bhí braillíní ar foluain amach as na fuinneoga ag darna achan teach sa phobal.’
‘An fíor sin, a Liam, dairíribh?’ Ba léir gur suaitheadh Albert leis an iontas úr seo. ‘Rinne na tuismitheoirí sin ar a bpáistí féin?’
‘Rinne, agus níos measa. Níor thaispeáin tú d’aghaidh ar an tsráid go cionn seachtaine i ndiaidh do náire a bheith nochtaithe don tsaol.’
‘Is cuma liom cad é mar a bhí mo thuismitheoirí, ní dhéanfadh siad a leithéid de rud orainne go deo! Bhí sin gránna, a Liam. Suarach!’
Ba ríléir an t-ionadh ar Albert.
‘Is píosa beag den fhíorshaol atá feicthe agatsa ansin, a Al,’ arsa Liam go staidéartha. Abair seo liom, caithfidh sé gur tharlaigh rud inteacht níos measa ná sin duitse? Maise, ar tógadh thú i gcófra sa teach nó áit inteacht eile mar sin?’
Chrom Albert a cheann agus stán sé ar a chosa tamall.
‘An rud ba mheasa a tharlaigh domhsa ariamh ná gur chaill mé Áine, mo bhean.’
Chroith Liam a cheann in aonta. ‘Tuigim do chás, a Al. Mo dhalta féin, a chara.’
Bhí bearna sa chaint anois a mhair cúpla bomaite. Labhair Albert arís.
‘Nuair a chaill mé Áine, tháinig deireadh le mo shaol. An saol a bhí agam roimhe sin, cá bith. Níor thuig mé a uaigní a bhí mé, go raibh mé ag brath uirthi go hiomlán. Tá beirt mhac agam ach tá siadsan ar shiúl le fada an lá. Duine acu san Astráil agus an duine eile i Meiriceá. Má tá mé macánta liom féin, ba mhinice iad i dteagmháil lena máthair ná liomsa. Mórán mar a bhí an caidreamh idir mé féin agus m’athair. Bláth achan ghéag….’
Shuigh Liam siar. D’aithin sé go raibh an chaint seo a dhíth ar Albert.
‘Nuair a d’imigh sí ar shlí na fírinne, chaith mé bliain sa teach liom féin. Ní fhaca mé duine ar bith ach iad sin a d’fheicfinn ag an tsiopa, agus b’annamh a labhair mé le daoine. Comhrá beag anseo agus ansiúd, sin uilig, ar feadh bliana. Bhí mo shaol imithe chun sioparnaigh, achan rud bunoscionn.’
‘Och, a Al. Tá sé sin … och, a chara, tá sé sin truacánta. Gabh mo leithscéal, a dheartháir bhig, ach níor thuig mé sin. Bhí airgead agatsa agus tú ag fás aníos. Bhí teach mór agat. Ní raibh cuid ar bith de sin agam féin. Bhí oideachas agus achan rud ortsa. Is ait an mac an saol.’
‘Bhí srianta orm i gcónaí, a Liam.’
Bhí Albert rud beag tógtha anois.
‘Bhí srian na sochaí orm. Srian an chreidimh. Srian na measarthachta. Ní thiocfadh le mo leithéidse aon locht a nochtadh. Dá ndéanfainn botún ar bith, ag tarraingt míchlú ar an teaghlach, bheadh an saol ina smionagar; bheadh an chlann náirithe. Tá tusa dall ar an tsaol sin, agus an t-ádh dearg ort go bhfuil. Cinnte, bhí airgead againn. Bhí teach mór againn. Ach, ní raibh saol ar mo mhian féin agam.’
‘Suaimhnigh tú féin rud beag. Tá tú ag éirí róthógtha anois. Glac go réidh é. Tá tú anseo liomsa anois, le cara.’
D’fhan Liam tamall beag sular labhair sé arís.
‘Ní fhéadfadh sé a bheith chomh holc sin an t-am ar fad, a Al?’
D’fhreagair Albert go drogallach. ‘Ar ndóighe, tá an ceart agat.’ D’ardaigh a ghlór rud beag. ‘Bhí laetha maithe ann, ná síl nach raibh. Cuid de na laetha is fearr i mo shaol iad sin, agus bhí siad ann go minic; go háirithe agus na buachaillí óg. Bhí grá agam d’Áine, ba í mo leannán í, agus níor chaill mé sin ariamh. Fiú anois. Tá sé ina aithreachas orm le tamall anuas nár chaith mé mo shaol mar ba mhian liom. Tá daor orm anois gur chloígh mé leis an diabhal cód Caitliceach, meánaicmeach sin a choinnigh faoi chois mé. Smachtaigh sé mé ar feadh mo shaoil.’
‘Cad é ba mhian leat a dhéanamh, a Al?’
‘Níl a fhios agam.’
Má bhí Albert beagnach ag screadaigh, ba ar an dóigh íseal féinsmachtaithe sin a bhí aige a rinne sé é.
‘Sliabh a dhreapadh, nó an domhan a thaisteal, rud inteacht peacúil a dhéanamh, mar a rinne tusa,’ ar sé.
‘Éist liom, a Al. Níor shaill gan fiacha é, na rudaí sin a rinne mise le linn mo shaoil. A mhalairt ar fad. Is é an rud a tharla ná gur éalaigh mise ó theach mo thuismitheoirí. Bhí fuath agam ar an teach sin; teach lán olcais ab ea é. Nuair a bhí mé fiche, bhuail mé le Bláithín. Bhí muid pósta taobh istigh de bhliain, gan againn ach ón lámh go dtí an béal. Ábhar banaltra a bhí inti, agus mise dífhostaithe. Bhí an obair gann sna laetha sin. Uncail le Bláithín a shocraigh obair ar na busanna domh.
‘Thiontaigh Bláithín mo shaol thart. Thug sise rún diongbháilte domh sa tsaol. Ise a thug treoir domh.
‘Ní raibh clann againn, an dtuigeann tú? Bhí muid ag caint ar pháiste a uchtú, suas go dtí an lá sin a dtáinig póilín chun mo chuid oibre á mo lorg. D’iarr sé orm a theacht isteach chuig oifig mo bhainisteora. Is tú fear chéile Bhláithín Uí Dhónaill. Sin a dúirt an póilín liom. Tá drochscéal againn duit, a Uasail Uí Dhónaill. Shílfeá gur siocadh mo chuid fola. Ar an drochuair, bhain taisme de do bhean ar maidin. Leagadh í ag gabháil anonn an bóthar taobh amuigh den teach. Sílim gur thit mé i laige. Nuair a tháinig mé chugam féin arís, bhí mé sa charr leis an phóilín ar ár mbealach go dtí an otharlann. An bhfuil sí beo? Sin a d’fhiafraigh mé den phóilín óg sin. D’amharc sé orm go truamhéalach agus chroith sé a cheann. Tá eagla orm a rá, ach, níor mhair sí an taisme, a dhuine uasail. Ní raibh sí ach caoga trí. Níos mó ná tríocha bliain caite ag obair mar bhanaltra, ag sábháil beatha daoine eile, agus ní thiocfadh leo a beatha féin a shábháil.’
‘Is oth liom do chás, a Liam,’ arsa Albert leis go sollúnta.
‘Ach, a Al, sin beagnach fiche bliain ó shin anois. Níl sé chomh pianmhar agus a bhí. Agus ní bhíonn néal choíche gan ghealán.’
Bhí mearbhall i súile Albert nuair a chuala sé an ráiteas sin.
‘Díoladh amach an morgáiste agus fuair mé suim mhór ón árachas oibre lena chois. Níor mhothaigh mé aon bhuntáiste ná tairbhe ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin, mar sin féin. Ach anois agus mé sean, creidim go mbeadh Bláithín iontach sásta gur chinntigh sí saol sócúil domh i mo sheanaois.
‘Mar mhil ar an luachair, fuair mé féin pacáiste maith iomarcaíochta trí bliana ina dhiaidh sin, nuair a ghlac mé scor luath ó na busanna. Tá mé i mo shuí go te ó shin. Bhog mé isteach anseo bliain ó shin. Chronaigh mé na laetha meala sa teach le Bláithín, bhí mé uaigneach ann liom féin. Chuardaigh mé an t-ionad seandaoine is fearr acu seo dá bhfuil ann. Ba chuma fá chúrsaí airgid. Agus seo muid inár suí ag caint air anois.’
‘Tá pota maith airgid agam féin, a Liam. Níos mó ná a bhí a dhíth orm, cá bith,’ arsa Albert. ‘Gheobhaidh an bheirt mhac aon rud a bheas fágtha nuair a…’
‘Nuair a rachaidh tú ar shlí na fírinne? Go fírinneach? An gcreideann tú an stuif sin go fóill? Neamh?’
‘A chreideamh féin ag achan duine. Nach sin a d’aontaigh muid?’
‘Gabh mo leithscéal, a Al, tá an ceart agat. Ná labhraímis ar an bhás a thuilleadh. Tá cúpla bliain againn go fóill, agus tá sé beartaithe agam sult a bhaint as an chuid eile. Cad é fá chrús sa bhliain úr seo, an ceann sin a phléigh muid an lá fá dheireadh? An Diamond Princess, ón tSeapáin go Hong Kong agus achan áit san Áis eatarthu? Beidh mise ann. Tá mo thicéad agam cheana. Ar cheannaigh tú do cheannsa go fóill?’
Níor fhreagair Albert.
‘Ach, a Al, a dhuine chléibh, ná habair liom nár cheannaigh tú an ticéad sin go fóill? Seans, ag aois s’againne, nach mbeidh deis eile mar seo againn.’
‘Tá sé daor go maith a Liam. Slám maith de phuntaí!’
‘Tá tú i ndiaidh a rá go bhfuil barraíocht airgid agat. Ní thig a thabhairt leat, a Al. Caith anois é agus tú ábalta. Nár éist tú leat féin ansin, ag rá nach raibh eachtra ar bith agat ar feadh do shaoil? Bhuel, seo an deis. Beidh muid le chéile. Beidh craic againn. Thig leat a ghabháil ar mire. Tá tú sean, in ainm Chroim. Tá cead do chinn agat do rogha oilc a dhéanamh. Ná séan do ghealltanas, a Al. Dúirt tú liom go rachfá liom.’
‘Tá go maith, gheall mé sin duit agus ní mise an cineál duine sin a théann siar ar ghealltanas. Maith go leor. Ceannóidh mé an ticéad inniu.’
Lig Liam amach scread mór áthais.
‘Sin an fear. Agus creid uaimse é, mo dhíograis, beidh craic ar dóigh againn. Déan anois é, cuirfidh sé bailchríoch ceart leis an lá agus beidh codladh sámh againn anocht.’
‘Ceart go leor. Déanaimis anois é, a Liam. Is tú a chuireann ar bhealach mo leasa mé!’
‘Fan go bhfeice tú, a Al, beidh an bhliain 2020 ar an bhliain is fearr a bhí againn ariamh!’
Is as Uachtar Cluanaí do Sheán Ó Muireagáin. Scríbhneoir filíochta, amhrán, gearrscéalta agus tá sé ag tabhairt fána chéad úrscéal san am i láthair. Is duine é a bhí ariamh ag gníomhú ar son phobal na Gaeilge ar fud na tíre seo. Tá dúil mhór aige sa cheol Ghaelach.
[…] Léigh scéal eile: Banríon an Dóchais […]